ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ( – )
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagal14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
–ag féachaint d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
–ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(1),
–ag féachaint don rún uaithi an 7 Feabhra 2018 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(2),
–ag féachaint do rún reachtach uaithi an 3Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin(3) (‘rún reachtach an 3 Bealtaine 2022 maidir le hathchóiriú ar dhlí toghcháin na hEorpa’),
–ag féachaint don Chód Dea-Chleachtais maidir le hÁbhair Thoghcháin Choimisiún na Veinéise de Chomhairle na Eorpa,
–ag féachaint do Rialacha46, 54 agus 90 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0214/2023),
A.de bhrí nach mór go n-urramaítear i gcomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(2), an chéad fhomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), eadhon nach rachaidh líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go mbeidh an ionadaíocht comhréireach go céimlaghdaitheach, go mbeidh íosmhéid de sheisear comhaltaí ann do gach Ballstát, agus nach leithdháilfear níos mó ná sé shuíochán is nócha ar aon Bhallstát;
B.dé bhrí go bhfuil an ceart tionscnaimh ag Parlaimint na hEorpa maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa,
C.de bhrí go ndearbhaítear in Airteagal 14(2) CAE go bhfuil Parlaimint na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do shaoránaigh an Aontais;
D.de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 10 CAE, inter alia, go bhfuil oibriú an Aontais le bheith fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch, agus go n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa;
E.de bhrí go moltar i rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le hathchóiriú ar dhlí toghcháin na hEorpa toghlach uile-Aontais a bhunú;
F.de bhrí gur gá an Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a bheith leasaithe chun toghlach ionchasach uile-Aontais a bheith ann a bhunú,
G.de bhrí go dtagann cinneadh maidir le líon na suíochán do thoghlach ionchasach uile-Aontais faoi shainchúram cinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa bunaithe ar Airteagal 14(2) CAE, agus go bhfuil na forálacha is gá chun é a bhunú bunaithe ar Airteagal 223(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
H.de bhrí nach raibh leithdháileadh na suíochán i measc na mBallstát sna téarmaí reachtacha reatha agus roimhe seo mar thoradh ar bhuanchóras ríofa, ach ar chaibidlíochtaí polaitiúla; de bhrí, mar thoradh air sin, nach gcomhlíonann an modh leithdháilte suíochán atá ann faoi láthair ar na Ballstáit prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí go huathoibríoch; de bhrí go n-áiritheofaí le buansásra ríofa lena léireofaí na figiúirí daonra i mBallstáit an Aontais go gcomhlíonfaí an prionsabal sin amach anseo;
I.de bhrí nach mór an Cinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a bheith réidh in am trátha roimh an lá vótaíochta chun gur féidir leis na Ballstáit na forálacha dlí is gá a achtú chun na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a eagrú do théarma parlaiminteach 2024-2029;
1.á thabhairt dá haire nach bhfuil feidhm ag an leithdháileadh suíochán mar atá faoi láthair, arna bhunú i gCinneadh (AE) 2018/937, ach maidir le téarma parlaiminteach 2019-2024; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá gan mhoill le cinneadh nua maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa do théarma parlaiminteach 2024-2029;
2.á aithint go measann roinnt de na Ballstáit gur gá an córas vótála sa Chomhairle a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa;
3.á chur i bhfios nach bhfuil an 28 suíochán bhreise le haghaidh Feisirí a thoghtar i dtoghlach uile-Aontais le bunú go héifeachtach, i gcomhréir lena togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle atá i gceangal leis an rún reachtach uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le hathchóiriú ar dhlí toghcháin na hEorpa, ach amháin tar éis na dtoghchán tar éis theacht i bhfeidhm dhlí toghcháin na hEorpa athbhreithnithe, mar aon leis na forálacha is gá don toghlach uile-Aontais;
4.á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá amach anseo le buanchóras, bunaithe ar fhoirmle shoiléir mhatamaiticiúil, lena leithdháilfí suíocháin Pharlaimint na hEorpa ar bhealach oibiachtúil, cothrom, marthanach agus trédhearcach, agus prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2018/937 á urramú; á mheas nach bhfuil sé indéanta ag an gcéim seo, ó thaobh na polaitíochta de, go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa buanchóras den sórt sin a mholadh agus tuilleadh plé ag teastáil air agus gur cheart é a thabhairt isteach tamall maith roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla a chuid oibre ar bhuanchóras den sórt sin a atosú, laistigh den reachtas sin, lena n-áirítear féachaint an bhféadfaí Eurostat a bheith rannpháirteach;
5.á mheas go mbeadh aon mhoill bhreise ar obair na Comhairle maidir le dlí toghcháin na hEorpa a mhodhnú contrártha le prionsabal an chomhair dhílis mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE ós rud é go meastar go mbeidh tionchar ag an gcinneadh ón gComhairle ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a comhdhéanamh;
6.á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis an gcinneadh maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa a bheith glactha ag an gComhairle Eorpach ionas gur féidir leis na Ballstáit, in am trátha, na forálacha náisiúnta riachtanacha a achtú chun a chur ar a gcumas na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a eagrú do théarma parlaiminteach 2024-2029; á chur i bhfáth go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomanta, dá bhrí sin, leanúint ar aghaidh go tapa leis an nós imeachta maidir le toiliú, de mheon an chomhair dhílis fhrithpháirtigh;
7.ag glacadh an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa atá i gceangal leis seo agus ag cur faoi bhráid na gComhairle Eorpaí é, ar bhonn a cirt tionscnaimh a leagtar síos in Airteagal 14(2) CAE; á chur i bhfios nach bhféadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ach amháin le toiliú Pharlaimint na hEorpa, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle Eorpach í a chur ar an eolas láithreach má tá sé ar intinn aici imeacht ón togra arna thíolacadh, agus faoin gcaoi a ndéanfadh sí amhlaidh;
8.á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo mar aon leis an togra atá i gceangal leis seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,
Ag féachaint don togra ó Pharlaimint na hEorpa(1),
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa(2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leagtar síos le hAirteagal14(2), an chéad fhomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach(CAE) na critéir maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, eadhon nach bhfuil líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais le dul thar seacht gcéad caoga, móide antUachtarán, go bhfuil anionadaíocht le bheith comhréireach go céimlaghdaitheach, agus go bhfuil íosmhéid de sheisear comhaltaí le bheith ann do gach Ballstát, agus nach bhfuil níos mó ná sé shuíochán is nócha le leithdháileadh ar aon Bhallstát.
(2)Foráiltear le hAirteagal 10 CAE, inter alia, go bhfuil oibriú anAontais le fothú ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaíonn a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach os comhair abParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, do na Ballstáit saChomhairle.
(3)Tá feidhm ag Airteagal 14(2) CAE, dá bhrí sin, faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálachamaidir le cinnteoireacht sa Chomhairle.
(4)Ba cheart líon iomchuí ionadaithe i bParlaimint na hEorpa atá le toghadh i dtoghlach uile-Aontais a leagan síos faoi réir ghlacadh an bhunúis dlí don toghlach sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal1
Agus Airteagal14(2) CAE á chur i bhfeidhm, urramófar na prionsabail seo a leanas:
–ní rachaidh líon iomlán na suíochán i bParlaimint na hEorpa thar 750, móide an tUachtarán,
–beidh leithdháileadh na suíochán ar na Ballstáit comhréireach go céimlaghdaitheach le híostairseach de 6 shuíochán agus le huastairseach de 96 shuíochán in aghaidh an Bhallstáit agus léireoidh sé chomh gar agus is féidir méideanna dhaonraí na mBallstát faoi seach,
–sainmhínítear comhréireacht chéimlaghdaithe mar a leanas: an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéantar slánú suas nó síos go dtí an tslánuimhir is gaire, athróidh sé de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Feisire de Pharlaimint nahEorpa arb as Ballstát dó nó di ina bhfuil níos mó daoine ionadaíocht do líon níos mó saoránach ná gachFeisire de Pharlaimint nahEorpa arb as Ballstát dó nó di ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó anteideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige i bParlaimint na hEorpa más airde an daonra saBhallstát sin.
Airteagal2
Ríomhann an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát ar bhonn na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh.1260/2013 óPharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3).
Airteagal3
1.Déantar líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghtar i ngach Ballstát do théarma parlaiminteach 2019-2024 a shocrú mar a leanas:
an Bheilg
21
an Bhulgáir
17
Poblacht na Seice
21
an Danmhairg
15
an Ghearmáin
96
an Eastóin
7
É
14
an Ghréig
21
an Spáinn
61
an Fhrainc
79
an Chróit
12
an Iodáil
76
an Chipir
6
an Laitvia
9
an Liotuáin
11
Lucsamburg
6
an Ungáir
21
áٲ
6
an Ísiltír
31
an Ostair
20
an Pholainn
52
an Phortaingéil
21
an Rómáin
33
an tSlóivéin
9
an tSlóvaic
15
an Fhionlainn
15
an tSualainn
21
2.Chomh maith le líon na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghtar i ngach Ballstát mar a leagtar amach i mír 1, agus faoi réir theacht i bhfeidhm Rialacháin ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin, lena ndéantar foráil maidir le toghlach uile-Aontais a bhunú, toghtar 28 ionadaí i bParlaimint na hEorpa i dtoghlach uile-Aontais sna chéad toghcháin i ndiaidh na himeachta sin, dá bhforáiltear sa Rialachán sin.
Airteagal4
Fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2029-2034, cuirfidh Parlaimint na hEorpa faoibhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) CAE, togra le haghaidh leithdháileadh nuashonraithe suíochán i bParlaimint na hEorpa.
Airteagal5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Rialachán (AE)Uimh.1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Samhain2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IOL330,10.12.2013,lch.39).