Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir le himoibreoirí modúlacha beaga ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal194 de,
–ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
–ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras an 12Nollaig2015 (Comhaontú Pháras),
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16Márta2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin(AE)168/2013, (AE)2018/858, 2018/1724 agus (AE)2019/1020 (),
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16Márta2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (),
–ag féachaint do Threoir (AE)2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5Meitheamh2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir2012/27/AE(1), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5Meitheamh2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(2), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,
–ag féachaint do Threoir2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23DeireadhFómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(3), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5Meitheamh2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir2005/89/CE(4),
–ag féachaint do Rialachán(AE)2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18Meitheamh2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán(AE)2019/2088(5) (Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht).
–ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE)2019/856 ón gCoimisiún an 26Feabhra2019 lena bhforlíontar Treoir2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht(6),
–ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE)2022/1214 ón gCoimisiún an 9Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE)2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE)2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin(7) (Gníomh Tarmligthe Comhlántach maidir leis an Aeráid),
–ag féachaint do Threoir2009/71/Euratom an 25Meitheamh2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha(8), arna leasú le Treoir2014/87/Euratom ón gComhairle an 8Iúil2014(9);
–ag féachaint do Threoir2011/70/Euratom ón gComhairle an 19Iúil2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí(10),
–ag féachaint do Threoir2013/59/Euratom ón gComhairle an 5Nollaig2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom(11),
–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1Feabhra2023 dar teideal ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’ (),
–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18Bealtaine2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’ (),
–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10Márta2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12Bealtaine2017 dar teideal Nuclear Illustrative Programme presented under Article 40 of the Euratom Treaty - Críochnaitheach [Clár Léiriúcháin Núicléach arna thíolacadh faoi Airteagal40 de Chonradh Euratom - Final] (), chomh maith leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi,
–ag féachaint do rún uaithi an 19Bealtaine2021 ar straitéis Eorpach maidir le comhtháthú córas fuinnimh(12),
–ag féachaint do rún uaithi an 10Iúil2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh(13),
–ag féachaint do rún uaithi an 14Márta2019 maidir leis an athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(14),
–ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an11Nollaig2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (),
–ag féachaint do rún uaithi an 15Eanáir2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(15),
–ag féachaint do rún uaithi an 15Nollaig2015 maidir le Dul i dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach(16),
–ag féachaint do chonclúidí ó Fhóram Eorpach um Fhuinneamh Núicléach,
–ag féachaint do ráiteas comhpháirteach na Comhghuaillíochta Núicléiche an 16Bealtaine2023,
–ag féachaint don togra le haghaidh comhpháirtíocht Eorpach um imoibreoirí modúlacha beaga, a d’eascair as an gcéad cheardlann de chuid AE maidir le himoibreoirí modúlacha beaga, a d’eagraigh an Coimisiún an 29Meitheamh2021,
–ag féachaint do chruinniú comhchéime ardleibhéil an Choimisiúin maidir le fuinneamh núicléach a tionóladh an 15Márta2022,
–ag féachaint don dearbhú ón gCoimisiún an 4Aibreán2023 dar teideal EU Small Modular Reactors (SMRs) 2030: Research & Innovation, Education & Training [Imoibreoirí Modúlacha Beaga AE (SMRanna) 2030: Taighde & Nuálaíocht, Oideachas agus Oiliúint],
–ag féachaint do thuarascáil Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid an Choimisiún an 9Deireadh Fómhair2019 dar teideal Benchmarking of nuclear technical requirements against WENRA safety reference levels, EU regulatory framework and IAEA standards [Tagarmharcáil ceanglas teicniúil núicléach i gcoinne leibhéil tagartha sábháilteachta an Chomhlachais Eorpaigh Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach, chreat rialála an Aontais agus chaighdeáin IAEA](17),
–ag féachaint do Chlár Oibre Euratom 2023-2025 maidir le taighde agus oiliúint núicléach,
–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (9‑0408/2023),
A.de bhrí gur páirtí é AE i gComhaontú Pháras agus go bhfuil gealltanas tugtha aige glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
B.de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú 30% ar an éileamh domhanda ar fhuinneamh faoi 2040, dar le Cás Beartas Nua na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh; de bhrí go bhféadfadh méadú faoi dhó teacht ar an éileamh ar leictreachas faoi 2060 dar le ‘Cásanna Domhanda Fuinnimh’ na Comhairle Domhanda Fuinnimh;
C.de bhrí go mbeidh ar AE aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaitheach ar leictreachas;
D.de bhrí, de réir an Choimisiúin, nach mór do AE a tháirgeadh leictreachais a dhúbailt chun earnálacha amhail téamh, fuarú agus iompar a leictriú i bhfianaise an aistrithe ghlais;
E.de bhrí nach mór do AE a rioscaí féin maidir le spleáchas seachtrach a mhaolú i dtéarmaí soláthairtí fuinnimh, lena n-áirítear soláthar breosla do ghléasraí cumhachta núicléiche;
F.de bhrí nach mór do AE a neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt, feabhas a chur ar a athléimneacht sa slabhra soláthair agus leibhéal neamhthuilleamaíochta a bhaint amach, go háirithe ós rud é go bhfuil leochaileachtaí na hEorpa sna réimsí sin léirithe le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
G.de bhrí nach mór do mheascán fuinnimh AE agus margadh leictreachais AE a bheidh ann amach anseo foinsí in-athnuaite fuinnimh atá seasmhach agus iontaofa agus cumhacht saor ó charbón a áirithiú do thionscail agus do shaoránaigh AE;
H.de bhrí gur teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha é fuinneamh núicléach nach n-eascraíonn truailliú aeir aisti agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé d’acmhainn ag SMRanna rannchuidiú le spriocanna aeráide agus comhshaoil AE a bhaint amach;
I.de bhrí gur féidir le fuinneamh núicléach rannchuidiú le feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh san Eoraip agus go háirithe sna Ballstáit a roghnaíonn é a úsáid, ós rud é go bhfuil costas sách íseal ag baint lena bhreosla agus lena oibriúcháin agus gur féidir leis bonnualach cobhsaí agus iontaofa soláthair leictreachais a sholáthar, rud atá cruthaithe;
J.de bhrí gur cheart do AE féachaint tuilleadh ar an ngaol idir déine na húsáide talún ag leictreachais agus astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré ina shamhaltú córais fuinnimh agus a thionchar ar úsáid talún;
K.de bhrí go bhféadfadh forbairtí nuálacha in SMRanna agus in imoibreoirí modúlacha ardfhorbartha (AMRanna) bealach féideartha a chur ar fáil chun cuspóirí fuinnimh agus aeráide AE a bhaint amach, cé bhfuil tuilleadh iniúchta le déanamh ar na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le SMRanna i dtaobh táirgeadh leictreachais agus cobhsaíocht eangaí, teas do phróisis thionsclaíocha, téamh agus fuarú ceantair, giniúint hidrigine agus díshalannú uisce;
L.de bhrí gur féidir SMRanna a shainiú mar imoibreoirí núicléacha i raon cumhachta idir 10 agus 300MW de ghnáth, arna ndearadh lena dtógáil i monarchana i bhfoirm mhodúlach chaighdeánaithe;
M.de bhrí go bhfuil go leor de na buntáistí a bhaineann le SMRanna nasctha go bunúsach le cineál a ndearaidh (beag agus modúlach): dearaí lárnacha, sábháilteacht bhunúsach, fardail lárnacha níos ísle, modúlú feabhsaithe, cumas monaraíochta feabhsaithe agus solúbthacht fheabhsaithe; de bhrí gur féidir le SMRanna coigilteas a dhéanamh i dtaobh costais agus am tógála agus gur féidir iad a chur in úsáid de réir a chéile chun an t-éileamh fuinnimh atá ag dul i méid a mheaitseáil;
N.de bhrí go bhféadfadh idirphléití sonracha aeráide agus fuinnimh maidir le SMRanna dea-chleachtais agus réitigh a chur chun cinn, deiseanna nua gnó agus comhoibrithe a thabhairt isteach agus cabhrú leis na Ballstáit bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chur chun feidhme a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu; de bhrí gur féidir leis na hidirphléití sin rannchuidiú le samhail ghnó SMR a fhorbairt tuilleadh agus réitigh a chur i láthair chun an tionscal a dhícharbónú;
O.de bhrí gur cheart iarrachtaí breise AE a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar rannchuiduithe SMRanna amach anseo le slándáil an tsoláthair leictreachais in AE, i bhfianaise a n-acmhainneachtaí bonnualaigh solúbtha;
P.de bhrí go bhféadfadh SMRanna infheistíocht caipitil tosaigh níos ísle, inscálaitheacht níos mó agus solúbthacht láithreánaithe a chur ar fáil do shuíomhanna nach bhfuil in ann freastal d’imoibreoirí atá níos traidisiúnta agus níos mó, agus anois go bhfuil an acmhainneacht acu gnéithe sábháilteachta agus slándála a fheabhsú, aiseolas a fháil ó imoibreoirí móra cumhachta atá ann cheana, dramhaíl a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe agus amhainneacht i leith na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais fuaraithe agus breoslaí núíosacha a úsáid;
Q.de bhrí gur féidir le himscaradh SMRanna cuidiú le fás eacnamaíoch a spreagadh, poist a chruthú agus rannchuidiú le hiomaíochas domhanda AE sa réimse teicneolaíochta sin atá ag forbairt go tapa, rud a fhágann gur ilchríoch tharraingteach í an Eoraip le haghaidh infheistíochtaí san earnáil sin;
R.de bhrí go bhfuil iomaitheoirí agus comhpháirtithe trádála AE ag infheistiú go mór sa bhaile agus thar lear chun ceannaireacht a fháil in SMRanna den chéad ghlúin eile; de bhrí go bhféadfadh tuilleadh infheistíochta i dtaighde agus i bhforbairt SMRanna a bheith cinntitheach do thionscal núicléach na hEorpa ceannaireacht dhomhanda a fháil ar ais agus go bhfuil gá le réamhphleanáil ina leith;
S.de bhrí go bhfuil spéis mhéadaitheach ann SMRanna a imscaradh in AE agus, dá bhrí sin, gur cheart rannpháirtíocht iomlán gníomhaithe timthrialla breosla a mheas ó chéimeanna luatha na dtionscadal a d’fhéadfadh a bheith ann;
T.de bhrí gur dhíol sásaimh don Choimisiún, sa dearbhú uaidh an 4Aibreán2023 maidir le SMRanna AE 2030, iarrachtaí comhoibríocha thionscal núicléach agus phobal eolaíochta na hEorpa chun an sprioc choiteann a bhaint amach maidir le geilleagar nua-aimseartha, acmhainntíosach agus iomaíoch agus gur aithin sé gur féidir ról tábhachtach a bheith ag fuinneamh núicléach, agus go háirithe SMRanna, fiú ról a théann níos faide ná táirgeadh leictreachais, go háirithe má bhíonn réitigh deartha rathúla mar thoradh ar na cistí arna ngealladh don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht i leith SMRanna;
U.de bhrí, de réir ráiteas comhpháirteach na Comhghuaillíochta Núicléiche an 16Bealtaine2023, go bhféadfadh cumhacht núicléach suas le 150GW de thoilleadh suiteáilte a sholáthar do AE faoi 2050, rud a d’fhéadfadh cur, go díreach agus go hindíreach, le 450000 post in AE sna 30 bliain amach romhainn, lena n-áirítear 200000 oibrí ardoilte;
V.de bhrí gur chuir an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil gá le saineolas maidir le cosaint núicléach agus radaíochta ar fud na mBallstát chun sábháilteacht, slándáil agus cosaint gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a áirithiú, lena n-áirítear SMRanna, feidhmeanna tionsclaíocha agus leighis agus tionscnaimh spástaiscéalaíochta;
1.á chur in iúl gur geal léi an dearbhú ón gCoimisiún maidir le SMRanna AE 2030, ina leagtar béim ar ról an taighde, na nuálaíochta, an oideachais agus na hoiliúna i sábháilteacht SMRanna in AE agus gur gá do gach earnáil rannchuidiú le claochlú gheilleagar AE chun aeráidneodracht, slándáil fuinnimh agus uathriail straitéiseach a bhaint amach;
2.ag aithint gur gá an ghéarchéim aeráide a réiteach; á chreidiúint gur cheart do AE díriú ar raon iomlán na réiteach astaíochtaí glan-nialasacha chun na deiseanna atá aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 a mhéadú, chomh maith lena chumas táirgthe fuinnimh a éagsúlú chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú;
3.á chur i bhfios go láidir gur gá féachaint ar acmhainneacht SMRanna maidir le soláthar leictreachais iontaofa, inacmhainne agus ar éileamh a chur ar fáil do AE, leis an gcumas féideartha bonnualach daingean leictreachais, teasa agus gaile atá glan a chur ar fáil don tionscal agus do theaghlaigh, lena n-áirítear, b’fhéidir, stáisiúin chumhachta ghualbhreoslaithe a iarfheistiú; á thabhairt chun suntais gur gá leanúint den taighde agus den fhorbairt in SMRanna chun sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht na dteicneolaíochtaí sin a áirithiú;
4.á iarraidh go bhforbrófaí straitéis chuimsitheach chun SMRanna a imscaradh in AE, agus riachtanais agus cúinsí sonracha na réigiún éagsúil á gcur san áireamh, lena n-áirítear limistéir iargúlta agus limistéir atá tearc i ndaonra agus earnálacha eacnamaíocha éagsúla; á chreidiúint gur cheart go réiteodh straitéis den sórt sin an bealach chun treoirlínte soiléire a bhunú maidir le pleanáil, ceadú agus amlínte, rialáil agus sábháilteacht;
5.ag aithint na dtionchar socheacnamaíoch a eascraíonn as imscaradh SMRanna ó thaobh poist ardcháilithe agus cuideachtaí ard-bhreisluacha a chruthaítear in AE;
6.ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit feasacht agus tuiscint an phobail a ardú maidir leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le SMRanna agus próisis chinnteoireachta thrédhearcacha agus chuimsitheacha a áirithiú sa réimse sin;
AE mar mhargadh a d’fhéadfadh a bheith suntasach do SMRanna
7.ag aithint shlabhra soláthair breosla núicléach na hEorpa mar shócmhainn straitéiseach agus ag aithint an róil thábhachtaigh a bheidh aige i dtaobh tacú le forbairt na chéad ghlúine eile de theicneolaíocht imoibritheora;
8.ag moladh iniúchadh a dhéanamh ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as SMRanna le haghaidh táirgeadh hidrigine ísealcharbóin, lena húsáid go díreach sa tionsclaíocht agus chun breoslaí sintéiseacha inbhuanaithe a tháirgeadh; á mheabhrú go bhfuil gá le méideanna ollmhóra de thoilleadh nua leictreachais chun go n-áiritheofar an scála táirgthe hidrigine a bhfuiltear ag dréim leis agus is gá chun tionscal na hEorpa a dhícharbónú, i bhfianaise an mhéadaithe dhomhanda atá tuartha ar an éileamh ar hidrigin;
9.ag aithint an róil a d’fhéadfadh a bheith ag SMRanna maidir le táirgeadh teasa agus gaile do phróisis thionsclaíocha, go háirithe i dtionscail ar deacair iad a mhaolú;
10.á mholadh go ndéanfaí iniúchadh ar acmhainneacht SMRanna maidir le téamh agus fuarú ceantair i gcás nach bhfuil foinsí fuinnimh ghlain eile ar fáil; á mheabhrú gurb ionann téamh agus fuarú agus thart ar leath d’ídiú fuinnimh iomlán AE, agus go gcumhdaítear an chuid is mó de sin le breoslaí iontaise faoi láthair; ag aithint go bhféadfadh SMRanna teas astaíochtaí nialasacha agus teochta ísle a sholáthar do na córais téimh ceantair; ag tabhairt dá haire gur féidir SMRanna a dhearadh chun teas amháin a tháirgeadh agus gur féidir, dá bhrí sin, iad a oibriú ag teochtaí agus brú níos ísle;
11.ag aithint na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint as SMRanna le haghaidh díshalannú uisce atá iomaíoch agus inbhuanaithe;
12.ag aithint an luacha a d’fhéadfadh a bheith ag SMRanna chun táirgeadh leictreach a mhéadú agus chun cobhsaíocht eangaí a fheabhsú;
Rás domhanda maidir le ceannaireacht sa mhargadh SMR a bheidh ann amach anseo
13.ag cur béim ar an bhfíoras, go dtí seo, nach bhfuil SMRanna oibríochtúil ach sa Rúis agus sa tSín, ach go bhfuil níos mó ná 80 dearadh SMR ag céimeanna éagsúla forbartha agus imscartha i 18 dtír faoi láthair; á chur i bhfáth gur cheart do AE a cheannaireacht theicneolaíoch a choinneáil sa mhargadh SMR a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an iomaíocht maidir le SMRanna dian agus go bhfuil go leor tionscnamh seolta cheana féin;
14.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ag fuinneamh núicléach, sna tíortha sin a úsáideann é, maidir leis an gcóras fuinnimh foriomlán a chothromú, spleáchas ar thíortha nach bhfuil in AE a theorannú agus slándáil fuinnimh agus praghsanna cobhsaí fuinnimh a bhaint amach;
15.ag aithint go bhfuil ardleibhéal saineolais agus taithí ag AE cheana féin ar theicneolaíochtaí núicléacha ar féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le SMRanna a fhorbairt agus a imscaradh; ag tabhairt dá haire go mbeidh gá le tuilleadh oiriúnaithe don timthriall breosla, agus é mar aidhm dheiridh slabhra soláthair a fhorbairt do tháirgeadh SMR a d’fhéadfadh an chuid is mó den bhreisluach a ghiniúint laistigh den Eoraip;
16.á áitiú go bhféadfadh SMRanna deiseanna tionsclaíocha breise a chruthú lasmuigh den earnáil núicléach thraidisiúnta agus go bhféadfadh siad peirspictíochtaí a oscailt do ghníomhaithe nua chun dul isteach sa slabhra soláthair núicléach agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas AE a neartú i raon earnálacha eacnamaíocha;
17.ag aithint go mbraitheann méid a rannchuidíonn SMRanna le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa go mór ar logánú a slabhra luacha laistigh de chríoch na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go neartóidh slabhra luacha atá bunaithe in AE na scileanna agus an fios gnó maidir leis an teicneolaíocht sin freisin; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tosaíocht Eorpach ann i soláthairtí poiblí amach anseo a bhaineann le SMRanna;
Comhpháirtíocht maidir le SMRanna
18.ag aithint go bhfuil líon méadaitheach na mBallstát ag machnamh ar an bhfuinneamh núicléach dá meascán fuinnimh, agus, dá bhrí sin, gur gá iarrachtaí a chomhordú, agus ag tabhairt dá haire an deis atá ag na Ballstáit sin SMR Eorpach a fhorbairt go comhpháirteach;
19.á chur in iúl gur geal léi cruthú comhpháirtíochta Eorpaí maidir le SMRanna, mar a thugtar uirthi, i bhfoirm scéim chomhoibrithe ina bhfuil geallsealbhóirí tionsclaíocha, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, custaiméirí leasmhara, rialtóirí Eorpacha agus an Coimisiún rannpháirteach;
20.ag tabhairt dá haire gur iarr an Chomhghuaillíocht Núicléach ar an gCoimisiún tacú go gníomhach leis an réamh-chomhpháirtíocht maidir le SMRanna agus í a chlaochlú ina comhpháirtíocht iomlán;
Creat beartais agus rialála oiriúnaithe: neodracht na teicneolaíochta
21.ag aithint gurb é bunchoinníoll d’fhorbairt SMRanna in AE ná a áirithiú go mbeidh beartas fabhrach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, chomh maith le creat rialála cobhsaí fadtéarmach, i bhfeidhm, ina mbreathnaítear ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain éagsúla agus ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna maidir le sábháilteacht núicléach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le creat dlíthiúil intuartha lena soláthrófar cinnteacht d’infheisteoirí ar feadh saolré SMRanna;
22.ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon mhargadh aontaithe ann faoi láthair do SMRanna, i bhfianaise na n-íogaireachtaí náisiúnta a bhaineann le teicneolaíocht an fhuinnimh núicléach agus i bhfianaise gur mian le go leor tíortha a dtionscail féin a chur chun cinn; ag aithint go mbeadh gá le creat ceadúnúcháin caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun go mbainfeadh SMRanna tairbhe as barainneachtaí scála a d’fhéadfadh a bheith ann;
23.ag aithint go bhfuil gá le sásraí iomchuí conarthacha agus airgeadais a chur chun feidhme, amhail conarthaí déthaobhacha fadtéarmacha agus conarthaí difríochta, chun intuarthacht fhadtéarmach na margaí fuinnimh a sholáthar agus chun infheistíochtaí in SMRanna amach anseo a chothú;
24.á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis thionsclaíoch shonrach de chuid AE a sheoladh le haghaidh SMRanna, lena n-áireofar béim ar nósanna imeachta éifeachtúla um cheadú agus ar rochtain ar mhaoiniú agus ar shlabhraí soláthair cobhsaí, d’fhonn imscaradh teicneolaíochtaí SMR intíre a chumasú agus feasacht ar SMRanna a ardú;
25.ag aithint an ghá atá le leochaileacht na gcóras teicneolaíochta faisnéise a chosaint, ar córais iad a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeoidh SMRanna, i bhfianaise an riosca a bhaineann le cibirionsaithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an chibearshlándáil a mheas mar chuid bhunúsach den tslándáil núicléach fhoriomlán;
Comhtháthú agus imscaradh margaidh
26.ag cur béim ar a thábhachtaí atá réamhaíocht réamhghníomhach, nuálaíocht agus oiriúnú chun ionchais dearthóirí SMR a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le timthriall breosla agus bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear obair ullmhúcháin chun ullmhacht oibríochtúil na gceanglas sonrach maidir le timthriall breosla tosaigh a áirithiú roimh SMRanna a imscaradh;
27.ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cinntí maidir le saincheisteanna tosaigh agus saincheisteanna cúil a dhéanamh go luath sa chéim forbartha, le rannpháirtíocht ghníomhach thionscal na timthrialla breosla chun coincheapa nua a bharrfheabhsú agus a bhailíochtú, agus béim á leagan ar chostais oibriúcháin saolré agus ar shlándáil fhadtéarmach an tsoláthair, chomh maith le cláir bainistithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil an rannpháirtíocht luath sin de ghníomhaithe timthrialla breosla ríthábhachtach chun imscaradh tráchtála níos éasca agus níos tapa SMRanna a chumasú;
28.ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh tacaíocht shoiléir ó údaráis phoiblí chun iomaíochas slabhra soláthair SMR a ráthú bunriachtanach chun a chur ar chumas soláthraithe seirbhíse dearcadh fadtéarmach a ghlacadh agus dlús a chur lena dtionscadail chun an deis a thapú sa mhargadh;ag cur béim ar an ngá atá le nósanna imeachta tapa um cheadú nuair a bheidh SMRanna réidh don mhargadh; ag spreagadh an Choimisiúin breithniú a dhéanamh ar bhealaí le dlús a chur leis na próisis um cheadú chun SMRanna a chur i bhfeidhm;
Córais cheadúnúcháin SMR a chomhchuibhiú
29.ag cur béim ar an bhfíoras gurb é táirgeadh srathach an phríomhthoisc ratha SMRanna, rud a chuirfeadh ar chumas monaróirí a bpróisis a fheabhsú agus costais agus an t-am táirgeachta a laghdú;
30.á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcomhar idir rialtóirí náisiúnta sábháilteachta núicléiche chun próiseas réamhcheadúnúcháin agus caighdeánú dearaí SMR a chomhchuibhiú bunaithe ar mheasúnuithe sábháilteachta a nglactar go coitianta leo; ag aithint go bhfuil dearaí caighdeánacha de shamhlacha SMR ina réamhriachtanas chun iad a imscaradh go rathúil ar scála tráchtála agus nach mór dóibh cineálacha éagsúla cur chuige rialála ar fud Bhallstáit AE a shárú;
31.á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh idirnáisiúnta chun dearaí sonracha SMR a fhorbairt; á áitiú gur féidir le hathbhreithnithe comhpháirteacha ar dhearadh SMR dlús a chur leis an bpróiseas ceadúnúcháin gan sábháilteacht agus slándáil núicléach a chur i mbaol;
32.a iarraidh ar an gCoimisiún ról réamhghníomhach a ghlacadh maidir le ‘comhghuaillíochtaí rialála’ a bhunú agus tacú leo i measc na mBallstát, i gcás inar gá i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta; á mheas go mbeadh sé ar cheann de na cuspóirí leibhéal níos mó coibhéise a áirithiú i nósanna imeachta ceadúnúcháin SMR;
33.á mholadh do chomhlachtaí rialála agus d’údaráis náisiúnta leanúint de na dálaí a chruthú chun próiseas ceadúnúcháin SMRanna a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú ar fud an Aontais; á chreidiúint go bhfuil sé chun leasa straitéisigh AE rialtóirí náisiúnta a spreagadh chun próisis cheadúnúcháin atá cuimsitheach ó thaobh na teicneolaíochta de, feidhmíochtbhunaithe agus eolasach ar riosca a ghlacadh, ar próisis iad ar féidir leo measúnuithe sábháilteachta a chuíchóiriú, ualaí rialála a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú, costais a laghdú agus nuálaíocht a éascú;
Tacaíocht airgeadais do tháirgeadh intíre SMRanna
34.ag aithint gur gá na roghanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú agus a shainaithint go leordhóthanach chun táirgeadh agus uas-scálú SMR san Eoraip a mhaoiniú agus chun tacú leis an slabhra soláthair gaolmhar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na foinsí cistiúcháin atá ar fáil chun SMRanna a úsáid agus, má mheastar gur gá, plean a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chistiúcháin;
35.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil costais arda chaipitil ag baint le táirgeadh intíre SMRanna a d’fhéadfadh go leor luamháin amhail infheistíochtaí príobháideacha, fóirdheontais náisiúnta, cistí Eorpacha agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a éascú; ag tabhairt dá haire go gceanglófaí leis sin ar BEI a bheartas iasachta fuinnimh a ailíniú le tacsanomaíocht AE chun tacú go hiomlán le hinfheistíocht i dtáirgeadh SMR;
36.á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfadh na Ballstáit aon chiste incháilithe nó an Ciste um Aistriú Cóir a úsáid chun taighde agus forbairt SMRanna a mhaoiniú;
37.ag aithint gur gá teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe agus comhleá núicléach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí thimthriall an bhreosla núicléach, a chur san áireamh i liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, mar atá incháilithe faoi láthair do thacaíocht faoin Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) agus a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi ionstraimí comhchosúla amach anseo;
38.á chur in iúl gur geal léi go maoinítear cheana féin le clár taighde agus oiliúna Euratom tionscadail taighde a bhaineann le sábháilteacht agus ceadúnú teicneolaíochtaí SMR agus AMR; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le cistiú níos comhordaithe agus níos dírithe más mian leis an Aontas Eorpach leanúint de bheith iomaíoch agus tionscal SMR á fhorbairt, lena n-áirítear feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola agus ar acmhainní breosla a athchúrsáil;
39.á mholadh go ndéanfaí breithniú ar rochtain chuimsitheach SMRanna ar chistiú AE lasmuigh de scéimeanna cistiúcháin Euratom;
40.á iarraidh go mbunófaí struchtúr Eorpach tiomnaithe do SMRanna, amhail comhghnóthas nua nó comhghuaillíocht thionsclaíoch do SMRanna, nó go gcruthófaí Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne go sonrach do SMRanna, a d’fhéadfadh díriú ar chlár taispeána imoibreora ardfhorbartha a fhorbairt;
41.á mheas go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais Eorpach chun staidéir indéantachta a sheoladh le haghaidh SMRanna; á chreidiúint go bhféadfadh forbairt tionscail nuaghinte SMR in AE a bheith tairbhiúil dá chuspóirí fostaíochta trí chruthú post agus cúrsaí oiliúna ardcháilíochta a chothú agus trí athsciliú nó uas-sciliú oibrithe a éascú;
42.á chur in iúl gur cúis bhuartha di buiséad foriomlán do SMRanna i gcomparáid leis na fóirdheontais flaithiúla a thugann comhpháirtithe eacnamaíocha agus iomaitheoirí, go háirithe an tSín, an Rúis agus SAM;
Oiriúnú slabhra an tsoláthair agus timthrialla breosla
43.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil slabhra soláthair láidir, cumasach agus iontaofa atá bunaithe san Aontas Eorpach ríthábhachtach chun go n-éireoidh le táirgeadh SMRanna; á mheabhrú go bhfuil AE fós ag brath ar úráiniam allmhairithe, lena mbaineann rioscaí bunúsacha dá cheannasacht straitéiseach agus dá shlándáil soláthair;
44.á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar fhorbairt SMRanna mar gheall ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa slabhra soláthair agus oiriúnú dá réir sin;
45.ag aithint a thábhachtaí atá sé na príomhdhúshláin a shainaithint maidir leis an slabhra luacha a chur in oiriúint do shaintréithe sonracha SMRanna i gcomparáid le himoibreoirí móra agus an gá atá le comhairliúcháin le gach gníomhaí poiblí agus príobháildeach sa mhargadh fuinnimh;
46.ag aithint na hoiriúnuithe is gá sa timthriall breosla chun SMRanna a sholáthar agus na riachtanais infheistíochta le haghaidh saoráidí breise;
47.ag spreagadh iarrachtaí thionscal na hEorpa chun soláthar cineálacha nua breoslaí a d’fhéadfadh a bheith riachtanach do roinnt SMRanna a dhaingniú;
48.ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an deis chun trealamh caighdeánaithe agus comhpháirteanna ardchaighdeáin de ghrád tráchtála tionsclaíoch a áireamh laistigh de dhearaí SMR rannchuidiú go mór le barrfheabhsú an tslabhra soláthair, agus ar an gcaoi sin dlús a chur le hamanna formheasa;
Nuálaíocht, taighde agus forbairt
49.ag aithint gur gá treochlár cuimsitheach taighde agus forbartha (T&F) a shainiú lena gcomhlíonfar ionchais an mhargaidh agus ceanglais sábháilteachta araon agus, ina theannta sin, an bonneagar turgnamhach is gá chun an treochlár sin a chur chun feidhme a shainaithint, in éineacht leis na cláir oiliúna agus oideachais is gá;
50.á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhphobal Euratom, i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), ag oscailt bonneagair thaighde AE agus ag tacú le rochtain ar bhonneagair taighde núicléach uathúla san Eoraip;
51.á áitiú go bhfuil sé ríthábhachtach, chun na caighdeáin sábháilteachta agus cosanta radaíochta is airde a choinneáil, an gá atá le turgnaimh, tástáil agus cáiliú breoslaí, ábhar agus teicneolaíochtaí núíosacha a choinneáil ar feadh shaolré iomlán SMRanna ardfhorbartha, le hoiliúint agus le fothú acmhainneachta an duine, le heolas a scaipeadh agus leis an mbearna idir taighde agus tionscal a dhúnadh;
52.á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh an chláir Fís Eorpach agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach lena ngabhann tairbhí nua i monarú suimitheach, i dteicneolaíochtaí digiteacha, sa róbataic agus san intleacht shaorga agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na sineirgí sin idir Clár Euratom agus cláir eile de chuid an Aontais a bhaint amach go hiomlán;
53.á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndíreofaí le T&F ní hamháin ar riachtanais na chéad ghlúine d’imoibreoirí uisce éadrom SMR, a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh siad nasctha leis an eangach leictreachais faoi thús na 2030idí, ach gur cheart tacaíocht bhreise a thabhairt freisin do chineálacha imoibreoirí den cheathrú glúin, ar a dtugtar AMRanna;
54.á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní méadaithe AE do T&F in SMRanna, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tionchair dhearfacha shocheacnamaíocha don Aontas;
Scileanna
55.ag aithint gur gá an oiliúint atá ann cheana i bpríomhscileanna tógála núicléiche a bheachtú feadh an tslabhra luacha agus iad a mheaitseáil le ceanglais ar leith SMRanna, agus ag an am céanna a áirithiú go gcuirfear cosc ar ghanntanais scileanna ar fud an tionscail núicléach i gcoitinne, go háirithe maidir le scileanna a bhfuil éileamh ard orthu;
56.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá pleanáil straitéiseach don lucht saothair, ar cheart di a bheith réamhbhreathnaitheach agus inoiriúnaithe, agus aird á tabhairt ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht ar cheanglais scileanna chun SMRanna a imscaradh sa slabhra soláthair i gcoitinne;
Díchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola
57.ag aithint na rialacha seanbhunaithe atá ann cheana maidir le freagracht úinéirí gléasraí cumhachta núicléiche agus sealbhóirí ceadúnais as dramhaíl radaighníomhach a láimhseáil, a stóráil agus a dhiúscairt go sábháilte, agus as breosla núicléach spíonta a bhainistiú;
58.á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí dramhaíl a íoslaghdú i dteicneolaíochtaí nua SMR, go háirithe trí thoirt agus radatocsaineacht dramhaíola a laghdú; ag tacú leis na hiarrachtaí T&F is déanaí maidir le bainistiú, athchúrsáil agus athúsáid dramhaíola núicléiche; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá athúsáid do chobhsaíocht an tsoláthair;
59.á iarraidh go mbunófaí straitéis shonrach maidir le timthriall an bhreosla núicléach a dhúnadh bunaithe ar thacaíocht ó fhorbróirí teicneolaíochta nuálaí;
60.ag tabhairt dá haire, de réir JRC, maidir le dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil agus breosla spíonta, go bhfuil comhdhearcadh ginearálta ann i measc na bpobal eolaíoch, teicneolaíoch agus rialála gurb í an diúscairt deiridh i stórtha doimhne geolaíocha an réiteach indéanta is éifeachtaí agus is sábháilte, lena bhféadfar a áirithiú nach ndéanfar aon díobháil shuntasach do shaol an duine ná don chomhshaol don tréimhse ama is gá; ag aithint go bhfuil go leor dul chun cinn déanta ag roinnt Ballstát maidir lena saoráidí náisiúnta diúscartha geolaíocha doimhne a chur chun feidhme, a bhfuiltear ag súil go dtosóidh siad ag feidhmiú laistigh de na deich mbliana seo;
Cuntasacht agus tuairisciú
61.á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt SMRanna; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht sa tuarascáil sin ar mhiondealú geografach an chistithe, ar líon na bpost a cruthaíodh agus ar athruithe ar sholáthar agus éileamh, agus go ndéanfaí measúnú ar na costais athraitheacha a bhaineann le himscaradh SMRanna, ar fhorbairt bhonneagair thiomnaithe SMR, agus ar chomhar trasnáisiúnta sa réimse sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart meastóireacht a dhéanamh sa tuarascáil freisin ar indéantacht theicniúil, ceadúnú, suíomh, maoiniú, slabhra soláthair, bearta sábháilteachta, rannpháirtíocht agus dul chun cinn breosla imoibreoirí éagsúla SMR; á chreidiúint, ar deireadh, gur cheart scrúdú a dhéanamh sa tuarascáil ar bhacainní rialála ar ghlacadh teicneolaíochtaí SMR agus bearta a mholadh chun na dúshláin sin a mhaolú;
62.á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic go fonnmhar le forbairt thionscadail SMR agus go háirithe creat dlíthiúil a ullmhú maidir leis an rogha theicneolaíoch sin, trí fhéachaint arís ar chreataí ceadúnúcháin agus trí chomhchuibhiú a dhéanamh orthu, agus gnéithe dlíthiúla eile;
63.á iarraidh ar na Ballstáit a bhfuil suim mhór acu i bhfuinneamh núicléach agus SMRanna tiomantas airgeadais agus rialála a léiriú chun rannchuidiú le forbairt rathúil SMRanna san Aontas Eorpach, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ar cheart dó féachaint le forbairtí sa réimse sin a chur chun cinn;
o oo
64.á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún agus chuig na Ballstáit.