Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir leis an meabhairshláinte ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagal168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an7 Meitheamh2023 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (),
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh.282/2014(1),
–ag féachaint do Rialachán(AE)2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh.1290/2013 agus (AE) Uimh.1291/2013(2),
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 maidir leis an reachtaíocht ghinearálta chógaisíochta atá ann cheana a athbhreithniú agus a ionadú,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30Meitheamh2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh.401/2009 agus (AE)2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(3),
–ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(4),
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)(5),
–ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir leis an meabhairshláinte i saol digiteach na hoibre(6),
–ag féachaint do rún uaithi an 21Eanáir2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail(7),
–ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le creat straitéiseach nua de chuid an Aontais maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020 (lena n-áirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athghluaisne)(8),
–ag féachaint don fhaisnéisiú dar teideal ‘ѱáԳٱ agus an phaindéim’, arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí Iúil 2021,
–ag féachaint do rún uaithi an 12 Iúil 2023 maidir le paindéim COVID-19: ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí don todhchaí(9),
–ag féachaint do rún uaithi an 10Iúil2020 maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais i ndiaidh COVID-19(10),
–ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2016(11),
–ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas Inscne(12),
–ag féachaint do rún uaithi an 14 Feabhra 2019 maidir le cearta daoine idirghnéasacha(13),
–ag féachaint don rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal83(1) CFAE(14),
–ag féachaint do rún uaithi an 20 Aibreán 2023 maidir le díchoiriúlú uilíoch na homaighnéasachta i bhfianaise na bhforbairtí a tharla le déanaí in Uganda(15),
–ag féachaint do rún uaithi an 16Feabhra2022 maidir leis an Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach agus chomhordaithe(16),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3Feabhra2021 dar teideal ‘Europe’s Beating Cancer Plan’ [Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac] (),
–ag féachaint don tionscnamh ón gCoimisiún dar teideal 'Níos Sláintiúla le Chéile – Tionscnamh an Aontais madair le Galair Neamhtheagmhálacha' a seoladh i mí na Nollag 2021,
–ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram(17),
–ag féachaint do theachtaireacht an 7Meán Fómhair2022 ón gCoimisiun maidir leis an straitéis cúraim Eorpach (),
–ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le geilleagar na folláine, ina n-iarrtar straitéis chuimsitheach mheabhairshláinte an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Chomhaontú Eorpach 2008 um ѱáԳٱ agus um Fholláine, a glacadh ag comhdháil ardleibhéil an Aontais dar teideal ‘Le chéile ar mhaithe le ѱáԳٱ agus Folláine’ sa Bhruiséil an 13 Meitheamh 2008,
–ag féachaint do Pháipéar Uaine ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2005 dar teideal ‘Improving mental health of the population - Towards a strategy on mental health for the European Union’ [Ag cur feabhas ar mheabhairshláinte an phobail – I dtreo straitéis maidir le meabhairshláinte don Aontas Eorpach] (),
–ag féachaint do thuarascáil mhí na Nollag 2015 ón nGníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le ѱáԳٱ agus Folláine dar teideal ‘ѱáԳٱ i ngach beartas — Anailís staide agus moltaí le haghaidh gníomhaíochta’,
–ag féachaint do Lá Domhanda ѱáԳٱ na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), 2023, arb é is téama dó ‘Is ceart uilíoch an duine í an mheabhairshláinte’,
–ag féachaint don chreat Eorpach le haghaidh gníomhaíochta ó EDS maidir leis an meabhairshláinte do 2021-2025,
–ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (EU-OSHA) an 7 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal ‘ѱáԳٱ a chur chun cinn san ionad oibre — tuarascáil dea-chleachtais’,
–ag féachaint do Chreat Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le ѱáԳٱ agus Folláine, a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2016,
–ag féachaint do thuarascáil 2022 ó ECFE agus ón gCoimisiún dar teideal ‘Sracfhéachaint ar an tsláinte: An Eoraip 2022: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh’,
–ag féachaint do liosta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) de ghalair cheirde, arna athbhreithniú in 2010,
–ag féachaint d'Achoimre beartais 2022 ó EDS agus EIS dar teideal ‘ѱáԳٱ ag an obair: achoimre beartais',
–ag féachaint do Mholadh (AE) 2022/2337 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 maidir leis an sceideal Eorpach ar ghalair cheirde(18),
–ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 dar teideal 'Straitéis Dhomhanda Sláinte an Aontais: ‘Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan atá ag Athrú’ (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24Márta2021 dar teideal ‘EU strategy on the rights of the child’ [Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta an linbh] (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Deacáid Dhigiteach do Leanaí agus don Óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+)’ (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (),
–ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2006,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis Chomhionannais LGBTIQ 2020-2025' (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025’ (),
–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0367/2023),
A.de bhrí go sainíonn EDS an mheabhairshláinte mar ‘staid folláine intinne lena gcuirtear ar chumas daoine dul i ngleic le strus an tsaoil, a gcumas a bhaint amach, foghlaim go maith agus oibriú go maith, agus rannchuidiú lena bpobal’; de bhrí go n-áirítear le riochtaí meabhairshláinte, riochtaí meabhairshláinte agus míchumais shíceasóisialta, chomh maith le stáit mheabhracha eile a bhaineann le hanacair shuntasach, lagú i bhfeidhmiú, nó riosca féindhíobhála;
B.de bhrí gur ceart uilíoch an duine í an mheabhairshláinte agus gur réamhriachtanas ríthábhachtach í í a chur chun cinn chun go mbeidh rath ar fhorbairt phearsanta, phobail agus shocheacnamaíoch;
C.de bhrí gur dlúthchuid den tsláinte í an mheabhairshláinte agus go bhfuil sí bunriachtanach d’fholláine daoine aonair agus do shochaithe agus gur réamhchoinníoll í do shochaí chuimsitheach agus fheidhmiúil; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, paireacht a bheith ag an meabhairshláinte leis an tsláinte fhisiciúil; de bhrí, mar gheall ar idirnascadh na meabhairshláinte agus na sláinte coirp, go bhfuil riosca básmhaireachta anabaí i bhfad níos airde ann do dhaoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, lena n-áirítear ó riochtaí sláinte fisiciúla nach dtugtar aghaidh orthu;
D.de bhrí go measann EDS go bhfuil os cionn 150 milliún duine(19) san Eoraip ag maireachtáil le riocht meabhairshláinte agus nach mór glacadh leis go bhfuil leibhéal áirithe tearcdhiagnóise ann; de bhrí gurb iad riochtaí meabhairshláinte an phríomhchúis le blianta a mhairtear faoi mhíchumas agus gurb é an cúigiú príomhchúis le bhlianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de (NCDanna) san Aontas agus iad sa dara háit i measc na NCDanna is coitianta; de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil riochtaí meabhairshláinte i bhfad níos forleithne i measc na mban ar an iomlán; de bhrí gur neamhoird mheabhracha agus iompraíochta is cúis le thart ar 4%(20) de na básanna uile san Aontas;
E.de bhrí go bhfuil meabhairshláinte agus folláine an daonra ríthábhachtach don duine aonair; de bhrí gur féidir le drochshláinte mheabhrach caillteanas táirgiúlachta aonair agus gnó a bheith mar thoradh uirthi agus rannpháirtíocht laghdaithe an lucht saothair agus ualaí airgeadais a chur ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail agus gur féidir iarmhairtí eacnamaíocha ollmhóra a bheith ag baint leo, arb ionann iad agus níos mó ná 4% d’OTI an Aontais (EUR 600 billiún) in aghaidh na bliana(21); de bhrí gur minic gur mó costais indíreacha eile ná costais dhíreacha, amhail caiteachas ar chúram sláinte, agus go bhfuil fianaise mhéadaitheach ann gur féidir le cur chun cinn na dea-mheabhairshláinte agus cosc ar riochtaí meabhairshláinte a bheith costéifeachtúil agus cost-éifeachtúil;
F.de bhrí, de réir EDS, go bhfuil dálaí socheacnamaíocha, amhail fostaíocht, tacaíocht shóisialta, leibhéil oideachais agus an timpeallacht fhisiciúil, i measc na dtosca is suntasaí a bhfuil tionchar acu ar stádas meabhairshláinte an duine aonair;
G.de bhrí go mbíonn tionchar difriúil ag neamhionannais struchtúracha eacnamaíocha agus shóisialta ag brath ar an ngrúpa daonra; de bhrí nach mór do gach beartas meabhairshláinte poiblí a bheith an-íogair do phobail atá leochaileach ó thaobh an gheilleagair de chun cosaint chomhionann a áirithiú do gach saoránach;
H.de bhrí go gcuireann an bhochtaineacht, an neamhionannas sóisialta agus an t-idirdhealú daoine i staid leochaileach agus go bhféadfadh siad meon teirce a spreagadh, as a n-eascraíonn braistintí diana imní, a chuireann le timthriall na bochtaineachta agus a mhéadaíonn an baol go mbeidh riochtaí meabhracha ann;
I.de bhrí gur féidir, trí dhíriú ar chosc agus ar dhul i ngleic leis na deitéarmanaint mheabhairshláinte sin, rannchuidiú leis an mbéim a aistriú ó idirghabhálacha déanacha agus costasacha agus cuidiú le feabhas a chur ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine;
J.de bhrí go bhfuil gá le cur chuige ‘na meabhairshláinte i ngach beartas’ (MHiAP) chun aghaidh a thabhairt ar riochtaí meabhairshláinte arb é is aidhm dó tuiscint chuimsitheach a fháil ar dheitéarmanaint éagsúla na meabhairshláinte trí lionsa idirearnála, chun na tionchair ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar shochaithe a chosc agus a mhaolú;
K.de bhrí gurb é atá i bhfaireachas eipidéimeolaíoch bailiú, anailísiú, léirmhíniú agus scaipeadh córasach agus leanúnach sonraí sláinte agus faisnéise a bhaineann le tarlú, dáileadh agus deitéarmanaint galar nó riochtaí sláinte laistigh de dhaonra; de bhrí gurb é príomhchuspóir an fhaireachais faireachán a dhéanamh ar stádas sláinte daonra, ráigeanna nó patrúin neamhghnácha galair a bhrath, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht idirghabhálacha sláinte poiblí agus bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht sláinte poiblí;
L.de bhrí gur aithníodh níos mó agus níos mó le blianta beaga anuas go bhfuil géarghá le feasacht agus tuiscint níos fearr agus níos leithne ar mheabhairshláinte agus le gníomhaíocht éifeachtach chun drochshláinte mheabhrach a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi, ach go bhfuil litearthacht mheabhairshláinte fós an-íseal i gcomparáid le litearthacht sláinte fisiciúla, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar an gclaonadh cabhair a lorg;
M.de bhrí go bhfuil samhail(22),(23) an phobail dírithe ar an othar, arb é a phríomhghné ról na n-othar agus a dteaghlach i bplé agus i bpleanáil an líonra cúraim sláinte; de bhrí, de réir pharaidím an chúraim phobail, gur tosaíocht é othair a chumhachtú ionas go mbeidh siad ina ngníomhairí gníomhacha cinntí maidir lena meabhairshláinte féin, ó chosc go cóireáil; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach leas a bhaint as taithí agus eolas úsáideoirí agus a dtimpeallacht chun seirbhísí cúraim sláinte a phleanáil agus a fhorbairt;
N.de bhrí gur cur chuige iomlánaíoch i leith an chúraim sláinte é an t-oideasú sóisialta, lena ndéantar cúram comhtháite pobalbhunaithe a chur chun cinn tuilleadh agus lena n-éascaítear díleigheasú; de bhrí gur féidir a áireamh ar an oideasú sóisialta, i measc seirbhísí eile, tacaíocht don mheabhairshláinte, don chuimsiú sóisialta agus do chomhairle airgeadais agus tithíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí lena gcuirtear gníomhaíocht choirp agus féinléiriú cruthaitheach chun cinn;
O.de bhrí, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil bacainní ann maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte agus go bhfuil tacaíocht neamhleor nó gann, as a n-eascraíonn táillí breise, amanna feithimh fada, ganntanais gairmithe meabhairshláinte, stiogmatú agus cruthú tuilleadh idirdhealaithe agus éagothromaíochtaí socheacnamaíocha;
P.de bhrí go bhfuil costais neamh-in-aisíoctha do sheirbhísí cúraim sláinte ina mbacainn airgeadais do dhaoine a bhfuil riochtaí sláinte orthu, agus go maolaíonn cumhdach sláinte uilíoch srianta eacnamaíocha maidir le cosc, diagnóisiú, tacaíocht agus athshlánú;
Q.de bhrí go bhfuil na réigiúin is forimeallaí an-leochaileach i bhfianaise na deacrachta a bhaineann le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte an-difreáilte, agus go mbeidh an staid ag dul in olcas sna blianta amach romhainn mar gheall ar éifeachtaí an athraithe aeráide, ós rud é go mbeidh cabhair ghearrthéarmach i mbaol agus cur isteach ar sholáthar na réigiún sin (le tosca lena n-áirítear athruithe tíreolaíochta cósta agus leibhéil na farraige atá ag ardú, ganntanas fionnuisce, teagmhais adhaimsire, tréimhsí teochta níos airde, triomaigh, dóiteáin dhiana agus patrúin bháistí athraithe);
R.de bhrí gur spreag agus gur chuir paindéim COVID-19 le riochtaí meabhairshláinte, amhail imní agus dúlagar; de bhrí go bhfuil iarmhairtí phaindéim COVID-19 ag dul in olcas tuilleadh mar gheall ar chomhthéacs reatha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, na géarchéime socheacnamaíche agus na géarchéime aeráide, dúlra agus truaillithe;
S.de bhrí go bhfuil baint ag neamhdheimhneacht post, fostaíocht shealadach agus dálaí oibre neamhleora le droch-mheabhairshláinte agus le dífhostaíocht, mar atá neamhláithreacht agus láithreacht(24), agus go dtuairiscíonn EU-OSHA go measann 45% de dhaoine fostaithe go bhfuil strus agus tosca riosca eile, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don fholláine mheabhrach, i láthair go coitianta ina n-ionad oibre;
T.de bhrí go dtugann EU-OSHA chun suntais, ar mhaithe le dea-shláinte mheabhrach, go bhfuil sé tábhachtach conas a eagraítear obair agus conas a fheidhmíonn caidrimh idirphearsanta sa timpeallacht oibre, ag lua tosca amhail strus a bhaineann leis an obair, traochadh, foréigean, bulaíocht agus gnéaschiapadh san ionad oibre, tuirse, ualaí síceolaíocha agus éilimh mhothúchánacha mar thosca a bhfuil tionchar diúltach acu;
U.de bhrí go bhfuil nasc idir riochtaí meabhairshláinte agus tosca riosca san ionad oibre agus go n-áirítear iad i liosta EIS de ghalair cheirde;
V.de bhrí gur minic gur lú seans go bhfostófar daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu agus go méadaítear an baol go mbeidh drochfheidhmíocht acadúil agus deiseanna fostaíochta níos déanaí sa saol mar thoradh ar riochtaí meabhairshláinte sa luath-óige agus sna déaga;
W.de bhrí go bhfuil ról níos suntasaí ag an digiteáil sa tsochaí nua-aimseartha sa saol pearsanta agus sa saol gairmiúil araon, agus gur féidir é a ghiaráil chun tacú le tacaíocht mheabhairshláinte agus idirghabhálacha fianaisebhunaithe a mhéadú, ach gur féidir léi tionchar diúltach a imirt ar mheabhairshláinte an duine aonair;
X.de bhrí gur féidir tairbhí suntasacha a bheith ag an teicneolaíocht dhigiteach maidir le limistéir iargúlta a nascadh agus maidir le modhanna tacaíochta síceolaíochta inrochtana agus inacmhainne a chur ar fáil, ach, ag an am céanna, go mbaineann riosca do riochtaí meabhairshláinte agus leithlisiú sóisialta le teicneolaíochtaí digiteacha amhail feidhmchláir mhóibíleacha agus líonraí na meán sóisialta; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag úsáid na teicneolaíochta digití sin, go háirithe ró-úsáid, ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha meabhairshláinte a bheith ag baint le húsáid na meán sóisialta agus líonraí digiteacha agus nochtadh don chibearbhulaíocht, don pornagrafaíocht, d’íomhánna gnéasaithe agus d’íomhánna foréigneacha agus do chearrbhachas, trolláil anaithnid, ábhar ina bhfuil srianta ar aiste bia agus caighdeáin áilleachta nach féidir a bhaint amach/neamhshláintiúla, go háirithe do leanaí, do dhéagóirí agus do dhaoine óga(25),(26); de bhrí go bhfuil íospartaigh na cibearbhulaíochta i mbaol níos airde dúlagar agus idéú féinmharaithe;
Y.de bhrí go bhfuil naoi milliún déagóir (idir 10 mbliana agus 19 mbliana d’aois) san Eoraip a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, agus gur imní agus dúlagar is cúis le níos mó ná leath de na cásanna sin; de bhrí go léirítear i staidéir go dtosaíonn 34,6% de na riochtaí meabhairshláinte ar fad faoi 14 bliana d’aois agus 62,5% faoi 25 bliana d’aois; de bhrí go bhfuil neamhoird mheabhrach ar 19 % de bhuachaillí Eorpacha idir 15 agus 19 mbliana d’aois, chomh maith le breis agus 16 % de chailíní atá ar chomhaois, ach nach bhfaigheann 70% de leanaí agus de dhéagóirí a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu idirghabhálacha iomchuí ag aois sách luath(27);
Z.de bhrí gurb é bás de bharr féinmharaithe nó féindíobhála d’aon ghnó an dara cúis is mó báis in ógánaigh (15-19 mbliana d’aois)(28) in Iarthar na hEorpa, go háirithe i mbuachaillí, agus go bhfaightear amach go bhfuil sé i bhfad níos airde ná i measc daoine fásta;
AA.de bhrí go dtugtar le fios i staidéir go léiríonn cuid mhór de na mic léinn go bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, chomh maith le scileanna sóisialta laghdaithe agus cumais mhothúchánacha(29);
AB.de bhrí go bhfuil leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga neamhchosanta níos mó agus níos mó ar bhrú agus ar ionchais arda ón tsochaí agus go bhfuil tionchar ag imní orthu a eascraíonn as bagairtí domhanda, amhail paindéim COVID-19, an éigeandáil aeráide, coinbhleachtaí, éiginnteacht agus tosca eile;
AC.de bhrí go bhfuil nasc láidir idir droch-mheabhairshláinte agus bulaíocht, a bhfuil iarmhairtí díobhálacha breise aige, a mbíonn strus níos airde, imní agus siomptóim dhiúltacha eile meabhairshláinte i leanaí, i ndéagóirí agus i ndaoine óga mar thoradh air, agus iarmhairtí díobhálacha aige sin san aosacht;
AD.de bhrí, mar thoradh ar leibhéil ísle idirghníomhaíochtaí sóisialta agus teaghlaigh le linn na hóige, go mbíonn torthaí meabhairshláinte níos boichte i measc daoine fásta óga, a leanann ar aghaidh le linn aosachta;
AE.de bhrí go meastar san Aontas Eorpach gurb é EUR 50 billiún luach bliantúil na meabhairshláinte a chailltear i leanaí agus i ndaoine óga(30);
AF.de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag síceolaithe san oideachas trí fhreastal ar mheabhairshláinte ghinearálta na scoile nó na saoráide, trí oideachas sláinte éifeachtach a chur chun cinn, trí thorthaí foghlama a fheabhsú, trí leanaí a choinneáil sábháilte, trí luathfhágáil na scoile agus droch-disciplín a chosc, trí choinbhleachtaí idir piaraí, mic léinn agus a múinteoirí agus idir baill foirne eile a bhainistiú, trí scileanna a chur chun cinn thar dhisciplíní éagsúla, trí thorthaí foghlama daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus daltaí ó mhionlaigh eitneacha a chomhtháthú agus a fheabhsú, comhionannas inscne a chur chun cinn, caomhnóirí a thabhairt níos gaire don scoil, meabhairshláinte múinteoirí a fheabhsú, agus oiliúint a chur ar bhaill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc araon;
AG.de bhrí gurb ionann an bhearna phá idir na hinscní ar an meán san Aontas Eorpach agus 13%(31), rud a dhéanann difear níos diúltaí do mhná ná d’fhir, agus go háirithe do theaghlaigh aontuismitheora;
AH.de bhrí go bhfuil an ráta básmhaireachta ó neamhoird itheacháin níos airde ná na riochtaí meabhairshláinte eile go léir, a dhéanann difear, den chuid is mó, do chailíní agus do mhná óga agus a mbíonn tionchar aige ní hamháin ar a sláinte fhisiciúil ach as a n-eascraíonn, i measc nithe eile, féinmheas níos ísle, neamhord imní ginearálta, neamhord imní shóisialta, dúlagar, féindíobháil d’aon ghnó agus féinmharú;
AI.de bhrí go bhfuil mná torracha, mná a raibh leanbh acu le déanaí agus mná a d’fhulaing eipeasóid trámach níos soghabhálaí do na tionchair shíceolaíocha a bhíonn ag géarchéimeanna sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla (32),(33); de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag cúraimí teaghlaigh agus freagrachtaí cúraim leanaí ar mheabhairshláinte na mban, mar a léirítear san fhoilseachán ‘Headway 2023 – Mental Health Index’, ina dtuairiscítear go mbíonn 44% de mhná a bhfuil leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois acu ag streachailt le freagrachtaí sa teaghlach, i gcomparáid le 20% d’fhir;
AJ.de bhrí, de réir EDS, gur fadhb sláinte poiblí anois é foréigean in aghaidh na mban, a bhfuil cion eipidéime ag baint leis, ós rud é, mar shampla, gur fhulaing bean amháin as gach triúr san Aontas foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach, rud a d’fhág go raibh stádas meabhairshláinte níos boichte, strus níos airde agus riochtaí meabhairshláinte ann;
AK.de bhrí gur féidir le seirbhísí sláinte náisiúnta na mBallstát éagsúil níos mó a dhéanamh chun tacú le mná a fhulaingíonn foréigean fisiciúil nó mí-úsáid ghnéasach, agus nach mór dóibh an méid sin a dhéanamh; de bhrí gur feiniméan inscne-shonrach í an gháinneáil ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach san Aontas a mbíonn tionchar aici den chuid is mó ar mhná(34);
AL.de bhrí go bhfuil an fuath, an t-idirdhealú agus an foréigean i gcoinne phobal LGBTQIA+, go háirithe déagóirí, ag dul i méid agus, dá bhrí sin, go bhfuil riochtaí móra meabhairshláinte mar thoradh orthu, go háirithe i measc déagóirí, agus go bhfuil torthaí buana amhail dúnbhású, bás trí fhéindochar d’aon ghnó nó féinmharú mar thoradh air, rud a fhágann go mbíonn anacair mhionlaigh chomhchoiteann i measc an phobail;
AM.de bhrí go bhfuil baol níos mó ann go bhforbróidh pobal LGBTQIA+ siomptóim agus iompraíochtaí neamhoird itheacháin(35);
AN.de bhrí gur bréageolaíocht iad idirghabhálacha a mhaíonn gur ‘teiripí’ iad ar threoshuíomh gnéasach, ar fhéiniúlacht inscne nó ar léiriú inscne duine aonair agus go gcuireann siad le stiogmatú agus le droch-mheabhairshláinte laistigh de phobal LGBTQIA+(36);
AO.de bhrí go bhfuil baint ag uaigneas agus leithlisiú sóisialta i ndaoine fásta scothaosta le néaltrú agus le torthaí díobhálacha sláinte fisiciúla agus meabhrach, lena n-áirítear neamhoird a bhaineann le substaintí, féinmharú, droch-nósanna maireachtála, dúlagar mór agus imní;
AP.de bhrí go mbíonn cásanna díobhálacha roimh imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe a chuireann le tráma síceolaíoch agus le riochtaí meabhairshláinte eile;
AQ.de bhrí, maidir le substaintí dleathacha agus aindleathacha araon, caiféin, cannabas, alcól, siabhraiginí, ionanálaigh, ópóidigh, támhacháin, hiopnóisigh agus coscairí imní, spreagthaigh, nicitín, tobac(37) agus substaintí eile, agus iompraíochtaí (cearrbhachas, rólongadh, andúil teilifíse agus andúil ar an idirlíon, i measc nithe eile(38)), d’fhéadfadh andúil iompraíochta a bheith mar thoradh orthu, nó neamhoird a bhaineann le substaintí, a bhfuil comhghaol mór acu le riochtaí eile meabhairshláinte;
AR.de bhrí gur dócha go bhfaighidh roinnt daoine ó ghrúpaí leochaileacha cúram i suíomhanna institiúideacha, áit ar féidir iad a leithlisiú ón bpobal níos leithne, agus/nó iallach a chur orthu maireachtáil le chéile, agus go bhféadfadh sé nach mbeadh smacht leordhóthanach acu ar a saol agus ar na cinntí a dhéanann difear dóibh, agus i gcás inar féidir tosaíocht a bheith ag ceanglais na heagraíochta féin ar riachtanais aonair na gcónaitheoirí;
AS.de bhrí gur feiniméan é tras-institiúidiú, a bhaineann le hothair a aistríonn ó institiúid amháin go hinstitiúid eile, tar éis institiúidí síciatracha a dhúnadh(39);
AT.de bhrí go bhfuil príosúnaigh agus daoine atá á gcoinneáil ag údaráis phoiblí i gcoitinne ag fulaingt ó ghaibhniú agus leithlisiú agus go bhfuil níos mó ná aon trian de na daoine i bpríosún ag fulaingt ó riochtaí meabhairshláinte de chineálacha éagsúla; de bhrí go dtuairiscíonn príosún amháin as gach cúigear san Eoraip plódú;
AU.de bhrí gurb é féinmharú an séú príomhchúis bháis is mó i measc an daonra ina iomláine san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe(40) agus an ceathrú cúis bháis i measc daoine óga; de bhrí gur táscaire é an ráta básmhaireachta féinmharaithe sa Phlean Gníomhaíochta Cuimsitheach ѱáԳٱ 2013-2030 de chuid EDS, agus gurb é sprioc 3.4 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe laghdú aon trian a dhéanamh faoi 2030, ar bhásmhaireacht anabaí ó ghalair neamhtheagmhálacha trí chosc agus cóireáil agus an mheabhairshláinte agus an fholláine a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil rátaí féinmharaithe atá caighdeánaithe ó thaobh aoise de i réigiún na hEorpa ag laghdú le himeacht na mblianta, ach gurb í an Eoraip fós an réigiún ina bhfuil an dara ráta is airde ar fud an domhain(41), agus leitheadúlacht níos airde i measc na bhfear; de bhrí, de réir staidéir a rinne EDS le déanaí, go mbíonn droch-chaighdeán sonraí ar fáil maidir le féinmharú agus iarrachtaí féinmharaithe araon mar thoradh ar an stiogma sóisialta, an t-ábhar toirmiscthe maidir le féinmharú a phlé go hoscailte agus droch-infhaighteacht sonraí;
AV.de bhrí gur minic a bhíonn galair theagmhálacha, amhail VEID, heipitíteas víreasach, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus galair eile, ina gcúis le stiogmatú agus lagú meabhairshláinte do dhaoine aonair;
AW.de bhrí gur féidir le galair neamhtheagmhálacha tionchar mór a imirt ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine agus gur minic a chuireann na dúshláin a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha a bhainistiú le strus, dúlagar, imní agus iompar féinmharaithe agus go bhfuil siad níos follasaí i ndaonra an linbh agus na hóige, go háirithe iad siúd a bhfuil pian ainsealach orthu(42);
AX.de bhrí gur mó an seans go mbeidh siomptóim a bhaineann le riocht meabhairshláinte ar dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu (amhail giúmar íseal, imní nó ídiú mothúchánach, a mbíonn smaointe nó rún féinmharfach mar thoradh orthu uaireanta) ná an pobal i gcoitinne;
AY.de bhrí gur féidir le galair neamhtheagmhálacha tarlú i gcomhar le riochtaí fisiciúla ainsealacha gaolmhara agus tionchar suntasach a imirt ar mheabhairshláinte daoine;
AZ.de bhrí go mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar bhacainní iomadúla sa saol laethúil, lena n-áirítear stiogma, leithlisiú, idirdhealú, neamhláithreacht, easpa inrochtaineachta, tréigean agus easpa tacaíochta sóisialta, as a n-eascraíonn strus mór meabhairshláinte, imní, dúlagar, bás trí fhéindíobháil nó féinmharú d’aon ghnó;
BA.de bhrí go bhfuil ról suntasach ag riochtaí meabhairshláinte maidir le so-ghabhálacht i leith galair neamhtheagmhálacha a mhéadú(43); de bhrí gur de chineál timthriallach í an idirghníomhaíocht sin agus gur féidir léi riosca NCD a mhéadú ina dhiaidh sin;
Aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint mheabhairshláinte
Riochtaí meabhairshláinte a chosc agus meabhairshláinte do chách a chur chun cinn, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha sa tsochaí
1.á thabhairt chun suntais go bhféadfadh strusairí meabhracha éagsúla agus tosca riosca éagsúla a bheith i ndán do gach duine ag céimeanna éagsúla dá saol, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go mbeidh riochtaí meabhairshláinte níos déine nó fiú ainsealacha ann; á chur i bhfáth gur féidir le haon duine, tráth ar bith ina saol, a bheith níos soghabhálaí i leith na meabhairshláinte níos measa agus, dá bhrí sin, a bheith i staid leochaileach; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur féidir le duine a bheith ina bhall d’ilghrúpaí leochaileacha ag an am céanna, rud a chuireann béim ar a thábhachtaí atá cur chuige trasnach;
2.á chur i bhfios go láidir go bhfuil an mheabhairshláinte agus an fholláine á múnlú ag meascán d’fhachtóirí socheacnamaíocha, comhshaoil, bitheolaíocha agus géiniteacha; á thabhairt chun suntais, thairis sin, na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag eispéiris dhíobhálacha le linn na hóige ar thús riochtaí meabhairshláinte(44);
3.á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuiscint chríochnúil ar dheitéarmanaint éagsúla na meabhairshláinte chun aghaidh a thabhairt ar riochtaí meabhairshláinte agus go bhfuil gá le cur chuige idirearnálach chun na tionchair ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar shochaithe a chosc agus a mhaolú trí chur chuige ‘an mheabhairshláinte i ngach beartas’ (MHiAP)(45) agus trí chomhar nuálach idir earnáil an chúraim sláinte agus earnálacha ábhartha eile, lena n-áirítear seirbhísí sóisialta, tithíocht, fostaíocht agus oideachas(46); á chreidiúint gur cheart go mbeadh feidhm ag cur chuige MHiAP maidir le gach leibhéal beartais agus gach earnáil;
4.á aithint go raibh tionchar dhomhain mharthanach ag paindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte, a chuir riochtaí a bhí ann cheana in olcas agus ag cur lena leitheadúlacht, agus tionchar díréireach aige sin ar ghrúpaí áirithe sa tsochaí, amhail mná, daoine faoi mhíchumas, leanaí, déagóirí agus daoine óga, daoine scothaosta, daoine atá lagaithe maidir le himdhíonacht, a gcúramóirí agus grúpaí daoine a bhfuil teagmháil shóisialta theoranta acu;
5.á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar fós ag éifeachtaí carnacha géarchéimeanna eacnamaíocha, sóisialta, sláinte agus comhshaoil i ndiaidh a chéile, díghrádú na ndálaí maireachtála agus na ndálaí eacnamaíocha ar an tsochaí; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, gur gá dul i ngleic le neamhionannais shóisialta, leis an mbochtaineacht agus leis an idirdhealú chomh maith le cearta sóisialta agus saothair, rochtain ar chultúr agus timpeallacht shláintiúil a ráthú; á chur i bhfios go láidir tionchar na dtosca comhshaoil ar an meabhairshláinte agus ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar strusairí comhshaoil, amhail truailliú agus an t-athrú aeráide, agus straitéisí meabhairshláinte á bhforbairt;
6.á aithint a thábhachtaí atá tosca cosantacha meabhairshláinte agus cur chun cinn gníomhach na hathléimneachta agus na dea-shláinte meabhrach, lena n-áirítear trí shochaí fheidhmiúil, seirbhísí sláinte agus sóisialta, bia agus tithíocht shláintiúil inacmhainne, ioncam leordhóthanach, agus rochtain ar spásanna poiblí sábháilte (amhail spásanna glasa), súgradh agus gníomhaíochtaí cultúrtha agus fisiciúla a chur chun cinn;
7.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil riochtaí meabhairshláinte ina spreagadh suntasach don fhéinmharú agus go n-aithníonn EDS gur tosaíocht don tsláinte phoiblí é féinmharú; á chur i bhfáth go bhfuil féinmharú inchoiscthe agus go bhfuil idirghabhálacha éifeachtacha ann;
8.á aithint go bhfuil idirnaisc casta idir an tsláinte choirp agus an mheabhairshláinte agus á aithint go bhfuil stiogma agus idirdhealú meabhairshláinte fós forleathan sa tsochaí, rud a fhágann go ndéantar neamhaird ar an meabhairshláinte i gcomparáid leis an tsláinte fhisiciúil, rud a imríonn tionchar ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht an chúraim sláinte mheabhrach agus ar leithdháileadh cistí ar sheirbhísí meabhairshláinte; á thabhairt dá haire gurb iad riochtaí meabhairshláinte an phríomhchúis(47) le blianta de shaol sláintiúil a chailltear mar gheall ar mhíchumas san Aontas agus gur dóchúla go bhfaighidh daoine a diagnóisítear go bhfuil riochtaí tromchúiseacha meabhairshláinte agus riochtaí ainsealacha gaolmhara orthu bás roimh am agus go mbeidh cáilíocht saoil, soghluaisteacht agus rannpháirtíocht shóisialta laghdaithe acu ar feadh a saolré; á chur i bhfáth go mbíonn leitheadúlacht níos airde comhghalrachtaí fisiciúla agus ilghalrachtaí ann do dhaoine a bhfuil dianriochtaí meabhairshláinte orthu, rud a iarrann go ndéanfaí cúram a sholáthar ar bhealach comhtháite agus iomlánaíoch ina gcuirtear san áireamh a riachtanais mheabhracha agus a riachtanais sláinte fisiciúla araon;
9.ag spreagadh cur chuige saolré i leith na meabhairshláinte, le hinfheistíocht níos mó i seirbhísí do gach céim den saol agus do thimpeallachtaí a thacaíonn le daoine scothaosta; á thabhairt dá haire, thairis sin, a thábhachtaí atá straitéis AE chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí meabhairshláinte na n-athruithe déimeagrafacha sa daonra; á mheas, chun an mhinicíocht agus na neamhionannais a laghdú ó thaobh an baol riochtaí meabhairshláinte a fháil, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar bearta chun feabhas a chur ar dhálaí an tsaoil laethúil, ag tosú roimh bhreith agus ag dul ar aghaidh go dtí an luath-óige, an mheán-óige agus an ógántacht, le linn foirmiú teaghlaigh agus saol oibre, agus go dtí an tseanaois, agus peirspictíocht saolré a ghlacadh lena n-aithnítear gur féidir leis na tionchair a oibríonn ag gach céim den saol difear a dhéanamh don mheabhairshláinte;
10.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige bithsíceasóisialta i leith na meabhairshláinte agus a thábhachtaí atá beartais shóisialta lena dtéitear i ngleic le tosca riosca don eisiamh sóisialta, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don bhochtaineacht, don easpa dídine, do neamhoird úsáide substainte, don dífhostaíocht agus do leochaileachtaí eacnamaíocha, don idirdhealú, don fhorbhásacht agus do na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le dírialáil mhargadh an tsaothair, chun riochtaí meabhairshláinte a chosc agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leo;
11.á thabhairt chun suntais gur cheart, le hidirghabhálacha, aghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta agus fostaíochta láithreacha agus a bheidh ann amach anseo, agus timpeallacht a chruthú atá fabhrach don fholláine fhoriomlán agus don athléimneacht mheabhairshláinte;
12.á iarraidh, thairis sin, go gcuirfeadh na Ballstáit feabhas ar an rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte do phobail leochaileacha agus do ghrúpaí a bhfuil riochtaí leighis áirithe orthu, ós rud é go bhfuil éagsúlacht agus éagothromaíochtaí ann; á chur i bhfios go láidir an leochaileacht mhéadaithe i leith riochtaí meabhairshláinte i ngrúpaí sonracha mar thoradh ar na dúshláin uathúla atá roimh gach grúpa, rud a d’fhéadfadh cur le riochtaí meabhairshláinte; ag tathant ar na Ballstáit riachtanais na bpobal leochaileach agus ardriosca a mheas agus dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí sláinte atá fréamhaithe i mbacainní dlíthiúla, teorainneacha eacnamaíocha, dúshláin teanga agus chultúrtha agus cleachtais idirdhealaitheacha;
13.á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit cur chuige comhréireach uilíochais a chur i bhfeidhm, le tacaíocht spriocdhírithe dóibh siúd a bhféadfadh gá a bheith acu leis tráth ar bith ina saol;
14.á iarraidh go dtacódh an Coimisiún le forbairt uirlisí fothaithe acmhainneachta agus cumhachtaithe, amhail sraith straitéisí meabhairshláinte agus folláine do phobail leochaileacha, chun go mbeidh rath ar ghrúpaí leochaileacha ina bpobail;
Leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga
15.á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tairbhiúil ag gníomhaíocht choirp, ag gluaiseacht agus ag imirt maidir le meabhairshláinte dhearfach a thiomáint agus a mhúscailt, go háirithe i leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga;
16.á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé meabhairshláinte leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga a chosaint agus a thábhachtaí atá sé luathbhrath agus idirghabháil a dhéanamh, chomh maith le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus daoine óga, go háirithe i dtimpeallacht na scoile agus an teaghlaigh, ós rud é gurb é sin a chinneann forbairt phearsanta san aosacht den chuid is mó;
17.ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, na deacrachtaí atá ag dul i méid agus an timpeallacht dhúshlánach atá roimh leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga mar gheall ar phaindéim COVID-19, an ghéarchéim fuinnimh, cogadh agus coinbhleacht, éagobhsaíocht eacnamaíoch agus iomaíochas post, deacracht rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne agus an ghéarchéim phráinneach aeráide, dúlra agus truaillithe; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an líon ard Eorpach óg atá 10-19 mbliana d’aois agus a diagnóisíodh go bhfuil riocht meabhairshláinte orthu agus go bhfuil rátaí féinmharaithe sa ghrúpa sin an-ard, go háirithe i measc déagóirí fireanna(48); ag aithint acmhainneacht na n-athruithe sochaíocha chun tionchar marthanach a fhágáil ar mheabhairshláinte na hóige agus ar a n-ionchais shochaíocha;
18.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá córais tacaíochta do leanaí i scoileanna agus lasmuigh de scoileanna, lena n-áirítear trí eagraíochtaí cultúrtha, eagraíochtaí óige agus clubanna spóirt; á thabhairt dá haire go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag imní aeráide atá ag dul i méid ar fholláine mheabhrach leanaí, déagóirí agus daoine óga agus á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfadh na Ballstáit aghaidh ar an riosca sin agus go gcuirfí an meabhairshláinte san áireamh i soláthar cúraim sláinte, le tionscnaimh amhail cláir forbartha athléimneachta a fhorbairt lena dtugtar aghaidh ar imní agus tráma a bhaineann leis an aeráid;
19.á chur i bhfáth go méadaíonn nochtadh daoine óga do shubstaintí sícighníomhacha, go háirithe iad siúd a bhfuil neart ard acu, leis an mbaol go bhforbróidh siad neamhoird shíocóiseacha(49), amhail scitsifréine, agus neamhoird dúlagaracha, le torthaí ainsealacha agus míchumasacha le linn na forbartha agus saol an duine fásta, amhail tionchair dhiúltacha ar a bhfeidhmiú cognaíoch agus sóisialta agus riosca méadaithe an fhéinmharaithe;
20.á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfadh an Coimisiún agus na Ballstáit tosaíocht don mheabhairshláinte agus don fholláine i measc leanaí agus daoine óga trí riochtaí meabhairshláinte a aithint mar cheann de na hábhair imní sláinte is suntasaí don ghrúpa déimeagrafach sin;
21.á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh an Coimisiún tuilleadh rialála a imscrúdú agus an creat dlíthiúil atá ann cheana a chomhlánú chun beartais a dhréachtú ar leibhéal an Aontais i bhfabhar leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga a chosaint, agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán;
22.ag spreagadh na mBallstát beartais a fhorbairt lena dtugtar tús áite do mheabhairshláinte leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga trí sheirbhísí cosanta leanaí a neartú, agus ar an gcaoi sin riochtaí meabhairshláinte agus féinmharú a chosc, agus trí rochtain a chur ar fáil ar sheirbhísí meabhairshláinte ar chostas íseal nó saor in aisce a bhfuil castacht riaracháin íosta ag baint leo; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh cúram leanaí in institiúidí stáit ina rogha dheiridh agus gur cheart do na Ballstáit díriú ar chúram coisctheach; á mholadh go ndéanfaí acmhainní a leithdháileadh chun oiliúint a chur ar chúramóirí agus ar bhaill foirne in institiúidí stáit agus á mholadh go soláthrófaí measúnuithe leanúnacha meabhairshláinte agus tacaíocht do leanaí le linn a gcuid ama i gcúram stáit, agus béim á leagan ar phleananna cóireála aonair agus ar bhearta leantacha rialta; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí i gcúram stáit ar sheirbhísí meabhairshláinte, comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha uile (lena n-áirítear síceolaithe leanaí, síciatraithe, oibrithe sóisialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha), sainphrótacail mheasúnaithe meabhairshláinte a bhunú chun riochtaí meabhairshláinte atá ann cheana a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu agus iad a tharchur chuig gairmithe meabhairshláinte iomchuí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá leanúnachas cúraim do leanaí atá ag aistriú ó chúram stáit agus á chur i bhfios go láidir gur gá lánpháirtiú sa tsochaí ar mhaithe le meabhairshláinte fhadtéarmach mhaith;
پٱá
23.á aithint go bhfuil tairbhí agus rioscaí ag baint le teicneolaíochtaí digiteacha, ó nascacht agus rochtain mhéadaithe ar fhaisnéis go andúil dhigiteach a d’fhéadfadh a bheith ann agus laghdú ar fhíor-idirghníomhaíochtaí;
24.á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag cosc a chur ar riochtaí meabhairshláinte laistigh d’ardáin dhigiteacha agus á iarraidh go dtreiseofaí ardáin tacaíochta, éisteachta agus foláirimh d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus ghnéasaigh;
25.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha(50) a chur chun feidhme go hiomlán chun aon fhuath agus ciapadh ar líne a chosc, a chomhrac agus a sheachaint, go háirithe do dhaoine leochaileacha, amhail mná agus daoine óga;
26.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an bhearna dhigiteach a dhúnadh chun neamhionannais mhéadaitheacha a sheachaint, go háirithe i leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga;
27.á iarraidh go gcabhródh an Coimisiún leis na Ballstáit an straitéis maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí a chur chun feidhme agus leanaí a chosaint sa saol digiteach, mar an príomhrialtóir d’ardáin an-mhór ar líne agus d’innill chuardaigh an-mhór ar líne faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus bogadh i dtreo spás digiteach níos sábháilte agus níos sláintiúla do chách trí chóineasú aníos a ráthú agus na tagarmharcanna is airde agus is sábháilte a leagan síos;
28.á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé go ndearna paindéim COVID-19 na bearnaí oideachais agus digiteacha a bhfuil tionchar acu ar dheiseanna saoil leanaí a dhoimhniú, chomh maith lena sláinte fhisiciúil agus mheabhrach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú cúramach a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann le digitiú an oideachais ar mheabhairshláinte leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga, mar in ainneoin na dtairbhí a bhaineann leis, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fadhbanna sóisialta agus iompraíochta, mar aon le saincheisteanna sláinte eile, amhail iompraíochtaí codlata neamhghníomhacha agus neamhrialta; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról tábhachtach ag an oideachas maidir le bulaíocht agus cibearbhulaíocht a chosc ar scoil; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le taighde eolaíoch maidir le húsáid shábháilte na teicneolaíochta digití ag leanaí agus déagóirí agus ar na modhanna is éifeachtaí chun ualach na riochtaí meabhairshláinte a laghdú sa daonra sin;
Inscne
29.á aithint go bhfuil ról lárnach ag an inscne maidir le heispéiris mheabhairshláinte a mhúnlú, as a n-eascraíonn éagothromaíochtaí i leitheadúlacht, cineálacha neamhoird agus rochtain ar chúram sláinte meabhrach; á mheas gur minic a chomhghaolaítear foréigean, strus agus timpeallachtaí tocsaineacha le riochtaí meabhairshláinte i ngach inscne agus an chaoi nach ndéantar iarracht cabhair a lorg le haghaidh riochtaí meabhairshláinte; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le neamhionannais inscne;
30.á mheas go bhfuil ról suntasach fós ag an mbearna phá idir na hinscní i gcumas na mban tosaíocht a thabhairt dá meabhairshláinte féin agus folláine a chur chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit an Treoir maidir le pá comhionann as obair chomhionann a chur chun feidhme go pras(51);
31.á chur i bhfios go láidir go léirítear i staidéir go bhfuil stádas meabhairshláinte na mban, go háirithe cailíní, ag dul in olcas ar ráta scanrúil, gan na cumais, an t-eolas ná na struchtúir leordhóthanacha a bheith ag sochaithe chun iad a chur chun cinn, a chosc nó chun cabhrú leo go gairmiúil sna luathchéimeanna; á aithint gur féidir le meabhairshláinte na mban tionchar a imirt ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na nglúnta atá le teacht mar thoradh ar níos mó freagrachta á ghlacadh ag mná as cúram leanaí a chur ar fáil;
32.á thabhairt chun suntais go bhféadfadh dúlagar iarthuismidh a bheith ag mná tar éis breith clainne, chomh maith leis an stiogma gaolmhar, rud a d’fhéadfadh easpa tacaíochta a bheith mar thoradh air; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rochtain ar sheirbhísí sláinte atáirgthe agus gnéis a áirithiú, chomh maith le cearta máithreachais agus atharthachta a choimirciú;
33.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an neamhionannas inscne agus leis an bhforéigean in aghaidh na mban; ag cur béim ar an tionchar díréireach atá ag foréigean páirtí dlúthchaidrimh, arna shainmhíniú mar fhoréigean fisiciúil, foréigean gnéasach, stalcaireacht nó ionsaí síceolaíoch (lena n-áirítear gníomhartha comhéigneacha) ag páirtí reatha nó iarpháirtí dlúthchaidrimh(52), ar mheabhairshláinte na mban; á thabhairt chun suntais, thairis sin, an anacair shíceolaíoch bhreise a eascraíonn as iarmhairtí fisiciúla agus atáirgthe an ionsaithe;
34.á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) daingnithe fós ag sé Bhallstát de chuid an Aontais (an Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóvaic)(53) agus ag tathant orthu é sin a dhéanamh; á iarraidh go ndíreodh na Ballstáit ar dhul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe, go háirithe foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, ós rud é gur féidir le foréigean inscnebhunaithe tráma ar feadh an tsaoil a tharraingt;
35.ag cáineadh cleachtais chiorraithe ball giniúna ban, ós rud é go bhféadfadh tráma síceolaíochta, imní, sómatú, dúlagar, strus iar-thrámach agus riochtaí meabhairshláinte eile a bheith mar thoradh orthu;
36.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an teacht i dtír ghnéasaigh agus na gáinneála trí thacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta agus an idirdhealaithe;
LGBTQIA+
37.ag cáineadh choiriúlú na homaighnéasachta agus chur chun feidhme chriosanna saor ó LGBTQIA+ chomh maith le ‘teiripí’ tiontaithe, ós rud é go gcuireann siad le riochtaí meabhairshláinte agus gur sárú ar chearta an duine iad;
38.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chun feidhme leanúnach Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais LADTI 2020-2025 agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit aitheantas dlíthiúil inscne a áirithiú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus inrochtana;
39.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le measúnuithe cuimsitheacha ar phobal LGBTQIA+ sa litríocht agus sa taighde ar neamhoird itheacháin, atá dírithe ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht a bhfuil féiniúlachtaí trasnacha acu;
40.á iarraidh, thairis sin, go rachadh an tAontas agus na Ballstáit i ngleic leis an bhfuathchaint ar líne, go háirithe an fhuathchaint atá dírithe ar mhionlaigh eitneacha agus ar dhaoine a ndéantar idirdhealú ciníoch orthu, ar phobal LGBTQIA+ agus ar ghrúpaí leochaileacha eile;
Obair agus an t-ionad oibre
41.á aithint go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag an ionad oibre maidir le dea-mheabhairshláinte a éascú agus á aithint gur féidir le dálaí oibre sláintiúla tionchar dearfach a bheith acu ar an tsláinte choirp agus ar an meabhairshláinte, ar an bhfolláine agus ar tháirgiúlacht;
42.ag tathant ar na Ballstáit riachtanais shonracha cúraim shíceolaíoch na n-oibrithe a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu trí ionstraimí tiomnaithe atá saincheaptha dá riachtanais shainiúla, lena n-áirítear trí leigheas ceirde;
43.á mheas go bhfuil oibrithe seirbhíse bunriachtanacha, oideachas, sláinte, slándáil agus sealoibrithe faoi réir ualaí struis níos airde, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le traochadh agus rátaí féinmharaithe díréireacha; á chreidiúint gur cheart aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí bheartais agus idirghabhálacha spriocdhírithe ó thaobh cosc chun a meabhairshláinte agus a bhfolláine agus a chur chun cinn;
44.á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar mór ag nochtadh do ghalair ar dhea-bhail an lucht saothair cúraim sláinte agus cúramóirí araon, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le cúram a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúnamh de dhíth orthu;
45.á mheabhrú go raibh gairmithe cúraim sláinte ar an líne tosaigh le linn phaindéim COVID-19 agus go raibh tionchar suntasach ar a meabhairshláinte féin, agus á thabhairt chun suntais gur gá an leochaileacht bhreise sin a mheas agus aghaidh a thabhairt uirthi; á iarraidh go mbeadh rochtain éasca ag gairmithe cúraim sláinte agus oibrithe bunriachtanacha ar sheirbhísí tacaíochta meabhairshláinte toisc gur príomhghné den chóras cúraim sláinte iad;
46.á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde ar thionchar na teilea-oibre, as ar eascair, i gcásanna áirithe, leithlisiú níos mó i measc oibrithe, an iomarca ama ar scáileáin, riosca méadaithe maidir le ham oibre, infhaighteacht bhuan agus easpa cothromaíocht oibre is saoil;
47.á mheas gur féidir le hoibrithe aghaidh a thabhairt ar chásanna struis, amhail an ceanglas scileanna iomadúla a fháil, an brú méadaitheach chun táirgeadh a mhéadú, ciorruithe tuarastail agus pá íseal, éiginnteacht agus fostaíocht fhorbhásach, laethanta oibre agus uaireanta oibre fada agus neamhrialta agus imní maidir le dífhostaíocht, foréigean agus ciapadh ag an obair a d’fhéadfadh a bheith ann, agus dá bhrí sin go bhfuil baol níos mó ann go bhforbróidh siad riochtaí meabhairshláinte; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cearta saothair a ráthú agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le neamhdheimhneacht post, agus á mholadh, dá bhrí sin, go mbeadh beartais ann lena dtacaítear le dea-shláinte san ionad oibre agus lena gcuirtear stíl mhaireachtála chothrom agus cultúr glactha chun cinn;
48.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tionscnamh reachtach a mholadh, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir le rioscaí síceasóisialta agus folláine ag an obair a bhainistiú, lena n-áirítear ar líne, chun rioscaí síceasóisialta san ionad oibre a chosc go héifeachtach, oiliúint a chur ar fáil do bhainistíocht agus d’oibrithe, measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar dhul chun cinn agus feabhas a chur ar an timpeallacht oibre; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, thairis sin, treoir a chur ar aghaidh lena gcuirfear chun feidhme clár oibre 2022-2024 na gcomhpháirtithe sóisialta trastionscail Eorpacha maidir leis an teilea-obair agus an ceart chun dícheangail;
49.á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go mbíonn rátaí arda eisiaimh san ionad oibre mar thoradh ar na dúshláin san ionad oibre atá os comhair a lán daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh chun tacú le rochtain agus filleadh ar an obair do dhaoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, lena n-áirítear cleachtais oibre níos solúbtha, chun laghdú ar fhachtóirí riosca síceasóisialta díobhálacha ag an obair a chur chun cinn agus chun ceart na n-oibrithe ar an leibhéal céanna cosanta a ráthú, gan beann ar a stádas agus ar an áit a bhfuil cónaí orthu agus ina n-oibríonn siad; ag tathant ar na Ballstáit, ar deireadh, bearta a dhéanamh chun meabhairshláinte agus folláine oibrithe a fheabhsú trí chearta oibrithe a urramú agus tús áite a thabhairt dóibh, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith agus sochair shóisialta;
50.á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun cleachtais oibre sholúbtha a chur ar fáil lena dtacófar le fostaithe a fhulaingíonn galar, pian fhisiciúil nó mhothúchánach, strus nó géarchéimeanna sláinte eile;
Tinnis ainsealacha, galair neamhtheagmhálacha agus galair theagmhálacha
51.á thabhairt chun suntais gur minic a dhéantar comhghaolú idir timpeallachtaí sóisialta, riochtaí meabhairshláinte agus riochtaí ainsealacha agus comhghalarachtaí fisiceacha; á aithint gur mó seans go mbeidh riochtaí meabhairshláinte ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil galair ainsealacha orthu agus go bhfulaingeoidh siad rátaí níos airde eisiaimh san ionad oibre; á chur i bhfios go láidir gur minic a bhíonn sláinte fhisiciúil i bhfad níos measa agus baol méadaithe NCDanna, amhail ailse agus galair chardashoithíocha, a chuireann le hionchas saoil níos ísle ag daoine atá thíos le riochtaí meabhairshláinte agus riochtaí ainsealacha gaolmhara araon;
52.á chur i bhfáth go bhfuil daoine a bhfuil galair ainsealacha neamhtheagmhálacha orthu, ar minic pian bhuan nó míchumas buan mar shaintréith acu, an-leochaileach maidir le riochtaí meabhairshláinte a fháil; á chur in iúl gur geal léi gur iarr na Náisiúin Aontaithe go bhforbrófaí cláir éifeachtacha chun meabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta a chur chun cinn do dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu; á iarraidh go dtabharfadh an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh go leormhaith ar an tionchar atá ag galair neamhtheagmhálacha agus ag galair ainsealacha agus míchumais eile i mbeartais agus i gcláir ar mheabhairshláinte agus ar fhéinmharú a chosc;
53.á mheas go bhfuil sé tábhachtach idirghabhálacha síceasóisialta a chomhtháthú chun tacú le hothair a bhfuil iarmhairtí síceolaíocha VEID acu agus chun tacú le seirbhísí VEID i gcomhréir le moltaí EDS(54); á thabhairt dá haire go bhfuil tionchar diúltach tríd is tríd ag coiriúlú VEID ar fholláine na ndaoine atá ag maireachtáil le VEID, staid atá níos measa do dhaoine a bhféadfadh cineálacha trasnacha imeallaithe a bheith os a gcomhair; ag cáineadh, dá bhrí sin, idirdhealú VEID ar aon leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal reachtach, agus ag tathant ar na Ballstáit deireadh a chur leis na cleachtais sin gan mhoill, lena n-áirítear cleachtais a chuireann bac ar rochtain ar sheirbhísí sláinte;
54.á aithint gur minic a bhíonn daoine, a úsáideann substaintí andúileacha, dleathacha nó aindleathacha, faoi riochtaí comhghalraithe meabhairshláinte go minic, le leibhéil níos déine; á thabhairt dá haire go mbaineann ábharthacht chomhghalracht úsáid substaintí agus riochtaí meabhairshláinte ní hamháin lena leitheadúlacht ard, ach freisin lena bainistiú deacair agus lena ceangal le drochthorthaí dóibh siúd a ndéantar difear dóibh; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit úsáid substaintí agus iompraíochtaí andúileacha dleathacha nó aindleathacha a bhrath agus a chosc;
Daoine scothaosta
55.á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht, i gcomhthéacs sochaí atá ag dul in aois, ar na rioscaí a bhaineann le riochtaí meabhairshláinte i ndaoine scothaosta, lena n-áirítear leithlisiú agus stiogmatú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le mí-úsáid, faillí agus deacrachtaí maidir le déileáil le dúlagar agus neamhoird eile; ag tabhairt dá haire freisin an ról atá ag an méadú ar an gcostas maireachtála agus ar an ngéarchéim fuinnimh, dálaí maireachtála atá ag dul in olcas, atá níos measa mar gheall ar phinsin ísle i ngrúpaí áirithe den daonra, caillteanas tacaíochta sóisialta ó theaghlaigh agus ó chairde, agus na galair fhisiceacha nó néarsíceolaíocha atá ag tarlú;
56.á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil rátaí féinmharaithe ard i measc daoine scothaosta(55), agus á chreidiúint, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach rannpháirtíocht ghníomhach daoine scothaosta i saol an phobail, rochtain inacmhainne agus chomhionann ar chúram sláinte, chomh maith le struchtúir tacaíochta poiblí, cúram pobail, agus bonneagar atá feistithe le speisialtóirí meabhairshláinte a chur chun cinn;
57.á aithint go bhfuil an néaltrú ag dul i méid agus na hiarmhairtí diúltacha meabhairshláinte a bhaineann leis (lena n-áirítear maidir le cúramóirí neamhfhoirmiúla), chomh maith leis an raon fachtóirí riosca inmhodhnaithe agus a gcineál coisctheach agus á iarraidh, dá bhrí sin, go gcabhródh an Coimisiún leis na Ballstáit an Plean Gníomhaíochta Domhanda maidir le Néaltrú arna fhormhuiniú a chur chun feidhme, in éineacht leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit pleananna náisiúnta néaltraithe a fhorbairt chun fáthmheas luath, tacaíocht agus cúram a leathnú do dhaoine fásta a bhfuil néaltrú orthu;
Grúpaí leochaileacha eile
58. I bhfianaise an chomhlachta taighde idirnáisiúnta atá ag dul i méid agus an t-aitheantas méadaithe atá á thabhairt do na dúshláin a bhaineann le timpeallacht oibre síceasóisialta agus meabhairshláinte feirmeoirí, ag tacú leis an togra ón gCoimisiún díriú ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó iargúlta, amhail feirmeoirí, go háirithe trí dhíriú ar chistí ar bhealach atá saincheaptha dá riachtanais agus á iarraidh go gcuirfí tograí sonracha ar aghaidh; á chur i bhfáth go bhfuil na réigiúin is forimeallaí níos leochailí ó thaobh cur isteach ar chúram sláinte de, a dteastaíonn beartais leordhóthanacha uathu, agus á mholadh go n-úsáidfí tionscnaimh a bhaineann le comhroinnt cúraimí agus aistriú cúraimí amhail Clár Gníomhaíochta um Bearna ѱáԳٱ (mhGAP) chun na huirlisí a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sláinte neamhspeisialaithe chun tacú le daoine le riochtaí meabhairshláinte chun rochtain a éascú go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, sna réigiúin tuaithe agus sna réigiúin ar deacair rochtain a fháil orthu;
59.á aithint go bhfuil gá le tacaíocht do dhaoine atá gan dídean, go háirithe maidir le háiteanna cónaithe a chur in oiriúint do riachtanais éagsúla na ndaoine sin nach bhfuil acmhainní acu;
60.á mheabhrú gur grúpa leochaileach é an daonra príosúnach agus á chur i bhfios go láidir na dálaí fadhbacha atá á bhfulaingt ag an ngrúpa sin, rud a d’fhéadfadh riochtaí meabhairshláinte na bpríosúnach a ghéarú tuilleadh, agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit cearta an duine a ráthú sa chomhthéacs sin; ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh gan mhoill chun cearta daonna an phobail atá i bpríosún a chosaint, agus a meabhairshláinte agus a bhfolláine a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais nár cheart an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte, amhail vacsaíniú agus infhaighteacht seirbhísí cúraim sláinte a shárú, gan beann ar an gcúis atá lena gciontú; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit infheistíocht i leanúnachas cúraim tar éis iad a scaoileadh saor ón bpríosún, lena n-áiritheofar go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte pobail ar fáil don phobal leochaileach sin; á mheabhrú go bhfuil timpeallacht phríosúin atá sábháilte agus sláintiúil bunriachtanach chun tacú le príosúnaigh i bpróiseas an ath-lánpháirtithe sa tsochaí, lena gcabhraítear le céimeanna ar gcúl agus le hathiompú ina dhiaidh sin i ngníomhaíochtaí mídhleathacha a sheachaint tar éis iad a scaoileadh saor ón bpríosún;
61.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an easpa gníomhaíochta i mbeartais an Aontais Eorpaigh maidir le himircigh, dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus mionlaigh eitneacha a chosaint, a gcearta agus a gcur chun feidhme éifeachtach, ar saincheisteanna iad a bhfuil tionchar diúltach acu ar mheabhairshláinte na ngrúpaí daonra sin;
62.á mheas go bhfuil idirdhealú, deighilt agus imeallú struchtúrach agus ilghnéitheach roimh imircigh, roimh dhídeanaithe, roimh iarrthóirí tearmainn agus roimh mhionlaigh eitneacha, lena n-áirítear ciníochas struchtúrach, institiúideach agus idirphearsanta agus seineafóibe, agus gur cheart iad a chosaint chun a bhfolláine fhisiciúil agus a meabhairshláinte a chosaint;
Faireachas eipidéimeolaíochta
63.á mheas gur uirlis thábhachtach agus éifeachtach iad córais faisnéise meabhairshláinte chun sonraí a bhailiú, chun minicíocht, leitheadúlacht agus déine chliniciúil riochtaí meabhairshláinte a thomhas, chun cost-éifeachtúlacht idirghabhálacha meabhairshláinte a thomhas agus chun tacú le cur chun feidhme beartas lena gcuirtear dea-shláinte mheabhrach chun cinn sa tsochaí; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá príobháideachas sonraí agus ar an ngá atá lena áirithiú go n-úsáidfear na sonraí a bhailítear i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na críche dlisteanaí agus na comhréireachta;
64.á mheas gur uirlis é an Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá ar na bacáin a d’fhéadfadh rannchuidiú leis na sonraí bunúsacha a neartú le haghaidh beartas sláinte poiblí fianaisebhunaithe agus cothromas sláinte;
65.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí a fhorbairt a bheidh in ann sonraí léargasacha, imdhealaithe agus ardcháilíochta a sholáthar chun cabhrú le tuiscint a fháil ar dheitéarmanaint mheabhairshláinte, ar riochtaí, ar chúram, ar thacaíocht, ar idirghabhálacha agus ar bheartais phoiblí éifeachtacha;
66.á iarraidh go ndéanfadh an tAontas bailiú, comhthiomsú agus gnáththuairisciú na gcroí-shonraí meabhairshláinte a éascú, i bhfoirm atá inchomparáide agus imdhealaithe de réir inscne, aoise agus tosca eile chun saincheisteanna trasnacha a ghabháil i gceart ar fud an Aontais; á mholadh go mbainfeadh na Ballstáit úsáid as Cáilíocht Saoil a bhaineann leis an tSláinte (HRQoL)(56) agus as na bearta toraidh arna dtuairisciú ag an othar (PROManna)(57) chun torthaí a thomhas;
67.á mholadh go ndéanfaí faireachán ar shonraí meabhairshláinte trí úsáid a bhaint as uirlisí fianaisebhunaithe agus táscairí bailíochtaithe(58) don mheabhairshláinte agus don fholláine fhoriomlán le táscairí sonracha atá saincheaptha do shuíomhanna agus d’aoisghrúpaí éagsúla; á chur i bhfáth gur cheart do tháscairí iarracht a dhéanamh critéir dhiagnóiseacha a chomhlánú le heispéiris iarbhír daoine chun tosca sóisialta na meabhairshláinte agus cearta daonna daoine faoi mhíchumas síceasóisialta a léiriú agus, i gcás inar féidir, gur cheart na táscairí sin a fhorbairt i gcomhar le daoine a bhfuil taithí saoil acu; á chur i bhfáth gur cheart táscairí sonracha maidir le deitéarmanaint na meabhairshláinte a bheith ar fáil freisin i gcórais faisnéise sláinte, mar a mhol EDS; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit táscairí coiteanna a chur chun feidhme, a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta go córasach;
68.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit feabhas a chur ar chuimsitheacht, ar cháilíocht agus ar thráthúlacht a sonraí a bhaineann le féinmharú, lena n-áirítear féinmharú a chlárú, clárlanna ospidéalbhunaithe d’fhéindíobháil d’aon ghnó agus iarrachtaí féinmharaithe agus suirbhéanna ionadaíocha náisiúnta lena mbailítear faisnéis faoi iarrachtaí féinmharaithe féintuairiscithe agus smaoineamh féinmharaithe, lena gcosnaítear príobháideachas an othair;
69.á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit sonraí a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte agus ar infhaighteacht na seirbhísí sin ar fud an Aontais, lena n-áirítear cúram sláinte meabhrach comhtháite ar fud na seirbhísí cúraim sláinte; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá mapáil seirbhísí meabhairshláinte agus á iarraidh go dtacódh an Coimisiún leis na Ballstáit uirlis a fhorbairt chun sonraí meabhairshláinte a bhailiú chun bearnaí in infhaighteacht, inrochtaineacht, cáilíocht agus lucht saothair seirbhísí a chomhroinnt agus a shainaithint; á mholadh freisin go mbainfeadh na Ballstáit úsáid as táscairí ar leibhéal na seirbhíse meabhairshláinte chun mapáil mhionsonraithe a leagan amach ar staid an chúraim sláinte mheabhrach ar fud an Aontais, mar bhonn do ghníomhaíocht agus do shocrú tosaíochtaí;
70.á iarraidh go gcabhródh an Coimisiún leis na Ballstáit dea-chleachtais a bhailiú agus a scaipeadh, trí Thairseach Dea-Chleachtais an Aontais, maidir le feachtais spriocdhírithe chun tacú le grúpaí leochaileacha agus le pobail imeallaithe;
Stiogma, feasacht agus litearthacht mheabhairshláinte
71.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, in ainneoin an dul chun cinn i roinnt tíortha, gur minic a bhíonn idirdhealú, stiogma agus eisiamh sóisialta ag daoine aonair a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas síceasóisialta nó riochtaí ainsealacha gaolmhara, a d’fhéadfadh a bheith ina mbacainn ar aitheantas; á thabhairt dá haire gur minic nach mbíonn rochtain acu ar chúram sláinte tráthúil, inrochtana agus inacmhainne agus gur féidir leo a bheith thíos le rochtain idirdhealaitheach ar mhargadh an tsaothair(59) agus ar an oideachas, agus á aithint a thábhachtaí atá sé rochtain ar na limistéir sin a fheabhsú; á thabhairt dá haire go bhféadfadh iarmhairtí éagsúla a bheith aige sin, amhail a gcearta a chur chun cinn agus a chosaint ar bhealach neamhleor chomh maith le sáruithe féideartha ar chearta an duine, baol méadaithe deacrachtaí agus torthaí sláinte níos measa, cóireáil mhoillithe nó seachanta, leithlisiú sóisialta, cáilíocht saoil laghdaithe, idirdhealú i margadh an tsaothair agus riosca méadaithe maidir le féinmharú;
72.á chur i bhfios go láidir, ós rud é go bhfuil an mheabhairshláinte fós stiogmataithe agus mar ábhar toirmiscthe, go bhfuil géarghá le feachtais faisnéise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, feasacht a mhúscailt agus plé oscailte a chur chun cinn maidir le riochtaí meabhairshláinte atá dírithe ar gach lucht féachana ar fud an Aontais agus go háirithe ar ghairmithe cúraim sláinte, cúramóirí, othair, grúpaí leochaileacha, oideachasóirí, leanaí, déagóirí agus an óige chomh maith le tuismitheoirí; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ag pobail, pearsana poiblí, polaiteoirí, institiúidí poiblí, rialtais agus daoine aonair chun an stiogma a bhaineann le dálaí meabhairshláinte a chomhrac gan dochar ná claonadh;
73.á iarraidh go dtacódh an Coimisiún agus na Ballstáit le hathrú cultúrtha agus tionscnaimh a chur chun cinn chun stiogma, eisiamh agus idirdhealú i gcoinne daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu a chomhrac, mar bhealach chun iad a lánpháirtiú sa phobal;
74.á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus leis na geallsealbhóirí uile, feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn ar bhealach comhordaithe agus tráthúil, trí chur chuige MHIAP;
Litearthacht mheabhairshláinte
75.á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit infheistíocht i litearthacht mheabhairshláinte na saoránach chun stiogma a chomhrac agus iad a chumhachtú, chomh maith le hathléimneacht mheabhairshláinte a mhéadú;
76.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit meabhairshláinte a áireamh san oideachas scoile agus oiliúint a chur ar fáil d’oideoirí chomh maith le sícoideachas do theaghlaigh agus d’oibrithe don óige, i bhfianaise an tionchair chumhachtaigh is féidir a bheith ag an scoil ar an meabhairshláinte a dhístiogmatú ó aois óg;
77.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht shonrach maidir le hoideachas chun neamhoird úsáide substaintí a chosc agus chun stiogma a chomhrac;
ܳá
78.á mheabhrú gur féidir leis an teanga a úsáidtear chun aghaidh a thabhairt ar dhaoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu stiogmatú a dhéanamh agus, dá bhrí sin, gur cheart téarmaí amhail ‘meabhairghalar’ a sheachaint den chuid is mó agus gur cheart teanga atá dírithe ar an duine, cuimsitheach, neamh-stigmatach, bunaithe ar láidreachtaí agus ar théarnamh a chur ina ionad, ar teanga í lena léirítear éagsúlacht na n-eispéiris meabhairshláinte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún treoirlínte tacsanomaíochta meabhairshláinte a fhorbairt i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte chun úsáid téarmaí le barúlacha diúltacha i ndoiciméid bheartais a sheachaint agus chun úsáid an fhoclóireachta mheabhairshláinte ar fud na hEorpa a chomhchuibhiú;
79.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na meáin a spreagadh chun a gcleachtais agus a gcumarsáid a oiriúnú chun cloí le tuairisciú eiticiúil agus freagrach ar fhéinmharú, a bheith cúramach agus aghaidh á tabhairt ar choincheap an fhéinchúraim ionas nach gcuirfear an fhreagracht ar dhaoine aonair; ag tabhairt dá haire an tionchar a bhíonn ag mí-úsáid dhleathach agus aindleathach substaintí maidir le féindhíobháil, smaoineamh féinmharfach agus féinmharú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit, dá bhrí sin, dianfhaireachán ar fhógraíocht chun cur chun cinn úsáid substaintí a sheachaint;
80.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar diúltach a bhíonn ag clúdach na meán cumarsáide agus ag léiriú sochaíoch ar mhéid agus ar íomhá coirp ar an meabhairshláinte, a léiríonn go minic caighdeáin áilleachta tocsaineacha agus neamhréadúla;
Córais mheabhairshláinte a neartú
Inrochtaineacht seirbhísí meabhairshláinte
81.á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh prionsabail an chúraim atá cothrom, inacmhainne agus inrochtana go héasca, cumhachtú daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, rogha na cóireála inmhianaithe agus an othair-lárnach mar bhonn taca do chórais mheabhairshláinte ar fud an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór rochtain a bheith ag saoránaigh uile an Aontais ar an raon iomlán is gá de sheirbhísí meabhairshláinte ar ardchaighdeán, nuair is gá agus áit is gá, gan cruatan airgeadais a thabhú nó aghaidh a thabhairt ar bhacainní riaracháin;
82.á mheas go bhfuil clúdach sláinte uilíoch bunriachtanach chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine, lena n-áirítear na grúpaí daonra is leochailí agus na pobail imeallaithe, cúram sláinte tráthúil, éifeachtach agus inacmhainne; á mheas gur ceart daonna é rochtain ar chúram sláinte, rud a fhágann gur cuid lárnach, riachtanach agus struchtúrach de chórais sláinte náisiúnta na mBallstát é; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Speisialta EDS don Mheabhairshláinte (2019-2023)(60), atá dírithe ar chúram sláinte meabhrach a mhéadú mar chuid de chumhdach sláinte uilíoch; ag tathant ar na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí agus cláir mheabhairshláinte atá saincheaptha agus ar ardchaighdeán a áirithiú, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí ag baint leis na seirbhísí sin de bhrí go bhfuil siad saor in aisce;
83.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh rochtain cheart ag cách ar chúram sláinte meabhrach, agus riachtanais shonracha grúpaí sochaíocha áirithe á gcur san áireamh, amhail daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine scothaosta; ag tabhairt rabhadh faoi na rioscaí a eascraíonn as droch-rochtain ar sheirbhísí cúraim mheabhairshláinte, go háirithe do leanaí agus do dhéagóirí, a bhfuil cabhair thráthúil ríthábhachtach dá bhforbairt shíceasóisialta agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá leanúnachas cúraim nuair a théann othair ó sheirbhísí meabhairshláinte leanaí agus déagóirí chuig seirbhísí do dhaoine fásta;
84.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di droch-infhaighteacht sheirbhísí cúraim meabhairshláinte sna Ballstáit, agus liostaí feithimh atá thar a bheith fada faoi láthair le haghaidh coinní le síciatraithe agus síceolaithe agus bearna sa chóireáil theiripeach, chomh maith le cóireáil clinice le haghaidh othair laistigh agus othair seachtracha agus easpa cumhdach costais ábhartha ag soláthraithe árachais sláinte;
85.á mheas go gcuireann an ganntanas foirne san earnáil shonrach sin, an mhainneachtain seirbhísí meabhairshláinte a chomhtháthú faoi chuimsiú seirbhísí sláinte ginearálta agus speisialaithe agus tearcmhaoiniú leis an easpa infhaighteachta ar sheirbhísí meabhairshláinte; á chur i bhfios go láidir nach féidir agus nár cheart go mbeadh costas na seirbhísí meabhairshláinte ina bhac ar shaoránaigh;
Eagrú seirbhísí meabhairshláinte
86. á aithint gur féidir le tionscnaimh na sochaí sibhialta atá saor ó chostas treoir a chur ar fáil maidir le tuilleadh idirghabhálacha meabhairshláinte, rud a fheidhmíonn mar thairseach chun rochtain a fháil ar an tacaíocht cheart mheabhairshláinte, chun rannpháirtíocht teaghlach a chur chun cinn, chun cabhrú le cearta daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu a chaomhnú agus chun stiogma a chomhrac i measc nithe eile; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta tacaíochta a fhorbairt agus a spreagadh trí thionscnaimh na sochaí sibhialta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais mheabhairshláinte agus ar a gcomhar le seirbhísí sláinte poiblí náisiúnta;
87.á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoin infheistíocht i seirbhísí sláinte poiblí, lena n-áirítear na modhanna agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil, ó thaobh soláthar foirne agus saoráidí in ospidéil agus ó thaobh cúram sláinte príomhúil ar fud an Aontais de; á chur i bhfáth gur cheart cumhdach cúraim meabhairshláinte a chur in oiriúint don fhíorghá atá le seirbhísí atá ann cheana d’fhonn na heasnaimh thromchúiseacha san earnáil a cheartú; á iarraidh go mbeadh comhar agus malartú faisnéise níos fearr ann idir seirbhísí cúraim meabhairshláinte príobháideacha agus poiblí sna Ballstáit;
Cúram ildisciplíneach agus comhtháite
88.á thabhairt dá haire go bhfuil seirbhísí meabhairshláinte comhtháite agus ilearnálacha i gcomhar le córais oideachais, bhreithiúnacha, cúraim sláinte agus slándála sóisialta thar a bheith luachmhar do shaoránaigh, do rialtais agus don tsochaí i gcoitinne;
89.á thabhairt chun suntais gur dúshlán do sheirbhísí cóireála iad neamhoird dhúbailte toisc gur minic a tharchuirtear othair ó sheirbhís amháin go seirbhís eile, rud a fhágann go bhfuil rochtain ar chóireáil níos deacra; á chur i bhfios go láidir gur gá freagairt go héifeachtach do chómhaireachtáil na meabhairshláinte agus riochtaí eile agus á chur i bhfios go láidir gur cheart an mheabhairshláinte a chur san áireamh i gcur chuige atá dírithe ar an othar ar fud an turais othar, ón diagnóis go dtí an iarchóireáil, lena n-áirítear do dhaoine a tháinig slán ón ailse; á mholadh, dá bhrí sin, go gcuirfí seirbhísí meabhairshláinte agus tacaíocht shíceolaíoch leordhóthanach san áireamh sa chúram cuimsitheach a chuirtear ar fáil d’othair;
90.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di infhaighteacht íseal ionaid tacaíochta andúile comhtháite i gcomhthéacs líon méadaitheach na riochtaí sin agus na n-iarmhairtí don mheabhairshláinte;
91.á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit a gcórais mheabhairshláinte a neartú trí líonraí seirbhísí idirnasctha a fhorbairt lena gcumhdaítear raon leathan riachtanas cúraim agus tacaíochta, laistigh agus lasmuigh den earnáil sláinte, i.e. comhar idir seirbhísí síceolaíocha, síciatracha agus slándála sóisialta, agus a áirithiú go mbeidh idirghabhálacha rochtana ísealtairseacha (cúram sóisialta), conairí cúraim agus garchabhair shíceolaíoch inrochtana ar ardchaighdeán ar fáil;
Gairmithe cúraim meabhairshláinte
92.á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh infheistíochta a áirithiú i seirbhísí sláinte poiblí agus go mbeadh gairmithe meabhairshláinte leordhóthanacha acu;á aithint go ndéanann na ganntanais sa lucht saothair meabhairshláinte, arb iad oiliúint neamhleor, drochchoinneáil foirne, imirce san ionad oibre, imirce daoine oilte, traochadh, leagan as, scor agus imeachtaí eile is cúis leo, an bonn a bhaint d’inrochtaineacht seirbhísí meabhairshláinte; ag cur béim ar an bhfíoras freisin go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair meabhairshláinte chun feabhas a chur ar inrochtaineacht seirbhísí, ullmhacht paindéime amach anseo, agus cóireáil a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga;
93.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá mapáil seirbhísí meabhairshláinte agus a cur i bhfeidhm maidir le córais sláinte náisiúnta a eagrú;
94.á chur i bhfáth go bhfuil gá le gairmithe a bhfuil oiliúint níos fearr acu san Aontas trí scéimeanna oiliúna, athoiliúna, deimhniúcháin agus fothaithe acmhainneachta a áirithiú do bhaill foirne chun líon na ngairmithe cáilithe a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, caighdeáin agus oibleagáidí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD) a chomhlíonadh; ag tacú le hoiriúnú clár oiliúna maidir le híogaireacht chultúrtha do ghairmithe a bhíonn ag déileáil le daonraí éagsúla, agus comhairleoireacht atá íogair ó thaobh cultúir de agus comhthéacsanna agus riachtanais shonracha amhail tráma de bharr cogaidh agus coinbhleachta, agus tubaistí nádúrtha á gcur san áireamh;
95.á mholadh go bhféachfaí ar oiliúint thras-speisialta do gach gairmí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaidreamh idir an tsláinte fhisiciúil agus an mheabhairshláinte agus chun a áirithiú go roinnfear dea-chleachtais ar fud an Aontais agus na mBallstát;
96.ag tathant ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar fhreagairt chomhordaithe ar bhearnaí sa lucht saothair meabhairshláinte, lena n-áirítear mapáil uile-Eorpach agus cur chun feidhme dea-chleachtas; ag tathant ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in earcú agus i gcoinneáil gairmithe meabhairshláinte chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais foirne atá ag dul i méid agus chun aghaidh a thabhairt ar an tearcinfheistíocht i gcórais cúraim sláinte phoiblí;
Cúram sláinte príomhúil
97.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí cúraim sláinte phríomhúil i scagthástáil meabhairshláinte agus idirghabháil luath a áirithiú i gcás riochtaí meabhairshláinte, tarchuir chuig cúram speisialaithe agus ildisciplíneach agus daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte ag gabháil leo ar feadh a saoil; á chreidiúint gur cheart ról níos lárnaí a bheith ag cúram sláinte príomhúil i gcóireáil othar a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit seirbhísí cúraim sláinte phríomhúil a fheistiú le gairmithe meabhairshláinte saineolacha, agus á mholadh sa chomhthéacs sin go ndíreodh cúram príomhúil ar fhreagairtí faoi stiúir an phobail;
ձáԳٱ
98.á aithint gur féidir le seirbhísí sláinte digiteacha agus teileashláinte freastal ar dhaonra níos leithne, lena n-áirítear pobail i gceantair iargúlta, agus amanna feithimh a laghdú, agus rochtain éasca agus tacaíocht inacmhainne á gcur ar fáil ag an am céanna; ag tacú leis an tuairim go bhféadfadh leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha don mheabhairshláinte rannchuidiú go mór le hiarrachtaí na mBallstát cumhdach meabhairshláinte uile-Aontais a bhaint amach; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit líonraí trasteorann agus uirlisí digiteacha a fhorbairt trínar féidir le gairmithe meabhairshláinte seirbhísí den sórt sin a sholáthar, lena n-áirítear ar bhonn deonach nó ar bhonn ísealchostais, go háirithe do phobail leochaileacha lena n-áirítear mionlaigh agus pobail imeallaithe, limistéir atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó iargúlta; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit dea-chleachtais don mheabhairshláinte dhigiteach a chur chun cinn, bunaithe ar phrionsabail eiticiúla, ar phríobháideachas, ar shábháilteacht agus ar chuntasacht; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit acmhainní inrochtana meabhairshláinte a chur ar fáil i bhformáidí éagsúla, lena n-áirítear ábhair fuaime, físe agus amhairc, chun freastal ar na riachtanais litearthachta éagsúla;
99.á aithint go bhféadfadh éifeacht a bheith ag seirbhísí meabhairshláinte digiteacha ar inrochtaineacht don óige a mhéadú, go háirithe i gceantair iargúlta nó i gceantair nach ndéantar freastal ceart orthu; á aithint go bhféadfadh éagothromaíochtaí digiteacha agus bacainní litearthachta bac a chur ar roinnt daoine óga rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte ar líne; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit oiliúint agus acmhainní sa litearthacht dhigiteach a chur ar fáil chun na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine óga chun nascleanúint a dhéanamh agus leas a bhaint as ardáin tacaíochta meabhairshláinte ar líne; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní agus ardáin dhigiteacha mheabhairshláinte a dhearadh le comhéadain atá fabhrach don óige agus le hábhar teanga simplí chun a áirithiú go mbeidh siad inrochtana do dhaoine óga a bhfuil leibhéil éagsúla litearthachta digití acu;
Fáthmheas agus idirghabháil luath
100.á mheas go bhfuil riochtaí meabhairshláinte tearcdhiagnóisithe agus mídhiagnóisithe faoi láthair nó go ndéantar diagnóisiú orthu go déanach san Aontas, rud a fhágann go mbíonn iarmhairtí suntasacha aonair agus sochaíocha ann, rud a fhágann gur saincheist í sin ar gá aird phráinneach a thabhairt uirthi; á mheas go gcuireann stiogma, rochtain theoranta ar sheirbhísí cúraim meabhairshláinte, bonneagar neamhleor agus ganntanais lucht saothair cúraim sláinte, chomh maith le tosca amhail leibhéil éagsúla feasachta agus saineolais i measc soláthraithe cúraim sláinte leis na saincheisteanna sin; á chur i bhfios go láidir go ndéanann gach riocht meabhairshláinte difear do gach duine ar bhealach difriúil, de réir a dtaithí agus, dá bhrí sin, nach mór gach diagnóis a bheith aonair agus curtha in oiriúint don othar;
101.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá diagnóis agus idirghabháil luath le haghaidh riochtaí meabhairshláinte agus béim á leagan ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí, ós rud é go bhfuil luath-idirghabháil costéifeachtach agus go bhféadfaí drochthorthaí a chosc;
102.á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach dúlagar agus neamhoird úsáide substaintí a shainaithint agus a chóireáil go luath chun an ráta féinmharaithe a laghdú aon trian faoi 2030, i gcomhréir le gealltanas na mBallstát faoi Phlean Gníomhaíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte 2013–2030 agus sprioc 3.4 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit a mheas gur cuid de tharchur agus de thacaíocht é luath-shainaithint, measúnú, bainistiú agus teagmháil leantach le daoine a rinne iarracht ar fhéinmharú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit idirghabhálacha fianaisebhunaithe EDS a chur chun feidhme i gcláir um fhéinmharú a chosc agus tacú le beolínte um fhéinmharú a chosc trí mhaoiniú, fothú acmhainneachta agus malartú dea-chleachtas;
103.á mholadh go mbainfí úsáid ábhartha as uirlisí scagtha agus á mheas gur cheart iad sin a bhailíochtú(61) agus a bheith sonrach don spriocphobal; á thabhairt dá haire nár cheart go rachadh úsáid uirlisí scagtha chun dochair do thacaíocht nithiúil agus do chóireáil nithiúil ó ghairmithe cúraim meabhairshláinte, rud a d’fhéadfadh tarlú go háirithe i suíomhanna scoile(62); á thabhairt dá haire gur féidir úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha fianaisebhunaithe le haghaidh scagthástáil meabhairshláinte agus cóireáil luath i gcás nach leor na seirbhísí, ach gur cheart iad a úsáid le cúram agus le rialáil iomchuí, agus nach féidir iad a chur in ionad seirbhísí ar an láthair;
104.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cistiú a mhéadú d’oiliúint, d’fhothú acmhainneachta agus do chur chun feidhme clár a dhíríonn ar an lucht saothair cúraim sláinte chun riochtaí meabhairshláinte a bhrath ar bhealach níos fearr agus chun luathchomharthaí imní a aithint; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún comhroinnt dea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn maidir le diagnóisiú luath agus tarchur chuig seirbhísí meabhairshláinte ó chórais oideachais, bhreithiúnacha, cúraim sláinte agus slándála sóisialta;
Garchabhair mheabhairshláinte
105. ag spreagadh na mBallstát chun cláir oiliúna garchabhrach mheabhairshláinte a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le garchabhair shíceolaíoch ar mhórscála chun an t-eolas agus na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine aonair chun géarchéimeanna meabhairshláinte a aithint agus freagairt dóibh, go háirithe i gcomhthéacsanna atá íogair ó thaobh cultúir de do leanaí, amhail an imirce;
Luath-idirghabháil ag aois óg
106.á mheabhrú go bhfuil gá le cosc ag aois óg tríd an gcóras oideachais, lena bhféadfaí infheistíocht san ealaín agus sa súgradh a áireamh, rochtain leormhaith agus acmhainní i seirbhísí síceolaíochta, oiliúint mheabhairshláinte agus treoirlínte do mhúinteoirí chun déileáil le riochtaí meabhairshláinte amhail oiliúint feasachta agus íogaireachta, agus teagasc aonair chun spásanna sábháilte agus caidrimh níos pearsanta agus neamhchoinbhleachta a chur ar fáil do mhic léinn lena n-oideoirí;
107.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cláir oideachais a dhearadh agus a chur chun cinn chun leanaí agus déagóirí a chumhachtú chun raon iomlán a gcuid mothúchán a thuiscint agus chun déileáil leo, chomh maith le féachaint ar uirlisí agus straitéisí chun tacú lena bhfolláine mheabhrach; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit cumas na scoileanna a neartú agus na réamhscoileanna, na bunscoileanna agus na meánscoileanna a fhágáil sa chaoi go mbeidh siad in ann freastal ar riachtanais ar leith a bpobal;
108.ag aithint acmhainneacht na gclár tuismitheoireachta fianaisebhunaithe, lenar féidir cabhrú le cúram a thabhairt go freagrúil agus forbairt leanaí a chur chun cinn, caidrimh dhearfacha idir leanaí agus cúramóirí a chothú, agus tacú le meabhairshláinte tuismitheoirí agus cúramóirí, ar deitéarmanaint iad go léir don mheabhairshláinte dhearfach ar feadh an tsaoil;
109.á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit infheistíocht i luath-idirghabháil do leanaí, do dhéagóirí, do thuismitheoirí agus do theaghlaigh, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí meabhairshláinte máthartha, lena n-áirítear cosc, scagthástáil agus cláir thacaíochta;
Cur chuige duinelárnach
110.á aithint go bhfuil sé de cheart ag daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte agus míchumais shíceasóisialta orthu saol iomlán agus fiúntach a bheith acu agus maireachtáil i staid folláine inar féidir leo a gcumas féin a bhaint amach, inar féidir leo dul i ngleic le gnáthstrusanna an tsaoil, gur féidir leo oibriú go táirgiúil agus go torthúil, agus go bhfuil siad in ann rannchuidiú lena bpobal; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit cumhachtú agus lánpháirtiú sóisialta daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte agus míchumais orthu a chur chun cinn;
111.á mheas gur gá go mbeadh beartais a bhfuil tionchar acu ar mheabhairshláinte, a bhaineann leis an meabhairshláinte nó i ndáil leis an meabhairshláinte ilghnéitheach, dírithe ar an duine agus comhlíontach ó thaobh chearta an duine de, agus aitheantas á thabhairt don éagsúlacht, don íogaireacht chultúrtha agus don iliomad riachtanas trasnach;
112.á thabhairt chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag lucht saothair ildisciplíneach sláinte agus na tairbhí cliniciúla, airgeadais agus eagraíochtúla a bhaineann le cúram sláinte pobalbhunaithe agus á aithint a thábhachtaí atá sé caighdeáin oiriúnacha oiliúna agus rialála a áirithiú do sholáthraithe cúraim meabhairshláinte;
Taithí saoil
113.á thabhairt chun suntais gur gá daoine a bhfuil taithí saoil acu ar dhálaí meabhairshláinte a rannpháirtiú i bhforbairt seirbhísí comhtháite; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun comhar níos fónta a áirithiú leis an tsochaí shibhialta agus leis na pobail a ndéanann siad ionadaíocht orthu, le saineolaithe agus go háirithe le daoine a bhfuil taithí saoil acu agus lena gcúramóirí; á mholadh go ndéanfaí daoine a bhfuil taithí saoil acu a chur san áireamh agus a chomhtháthú i ngach céim den phróiseas ceaptha beartas ag obair i gcomhar le cinnteoirí agus le príomh-gheallsealbhóirí ar bhealach neamhchomharthaíoch;
Բپپú徱ú:
114.á thabhairt dá haire go bhfuil cur chuige fós ag roinnt institiúidí síciatracha nua-aimseartha i roinnt Ballstát maidir le cóireáil a bhféadfadh díothacht gníomhaireachta, géarú stiogma i measc ábhair imní eile maidir le cearta an duine(63)a bheith mar thoradh air, agus gur féidir leo a bheith ina gcúis le torthaí meabhairshláinte níos measa; á iarraidh go nglacfadh na Ballstáit leis an aistriú i dtreo dí-institiúidiú daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, lena n-áiritheofar go bhforbrófar roghanna malartacha ar institiúidí síciatracha traidisiúnta agus go bhfaighidh othair cóireáil nua-aimseartha úrscothach; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne fheiniméan an tras-institiúidithe, agus á chreidiúint go bhfuil gá le straitéisí éifeachtacha agus cúram sláinte pobalbhunaithe chun tarluithe den sórt sin a sheachaint;
115.ag tacú le dí-institiúidiú agus maireachtáil neamhspleách do dhaoine faoi mhíchumas agus á aithint a thábhachtaí atá tacaíocht shíceolaíoch do dhaoine faoi mhíchumas le haghaidh lánpháirtiú níos fearr sa tsochaí agus ag tathant ar na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar eagrú na seirbhísí sláinte náisiúnta agus an cur chuige maidir le meabhairshláinte a oiriúnú i gcomhréir leis an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas22;
116.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit athshlánú a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine aonair a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu, obair agus gníomhaíochtaí eile a chur chun cinn, agus a áirithiú go mbainfidh gach duine aonair tairbhe as tacaíocht chónaithe i gcomhréir lena riachtanais agus lena leibhéal neamhspleáchais ar leith;
Tacaíocht agus cóireáil mheabhairshláinte
117.á chur i bhfáth go bhfuil sé de cheart ag daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte agus míchumais shíceasóisialta orthu cóireáil agus tacaíocht fhianaise-bhunaithe a fháil atá saincheaptha dá riachtanais;
118.á aithint go bhfuil níos mó ná maolú siomptóm i gceist le cóireáil agus tacaíocht mheabhairshláinte agus gur aistear pearsanta é i dtreo saol fiúntach a chaitheamh ina bhfuil luachanna, cuspóirí agus caidrimh, in ainneoin na ndúshlán a bhaineann le riocht meabhairshláinte agus nár cheart í a laghdú go cúram leigheasach agus athshlánúcháin amháin ach ba cheart go bhfeabhsófaí folláine mheabhrach freisin trí chúram spreagthach agus coisctheach; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tús áite a thabhairt do chóireáil mheabhairshláinte atá éifeachtach, fianaise-bhunaithe, duinelárnach agus do thacaíocht don fholláine fhoriomlán; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur gá dul i ngleic le leathadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise i bhfianaise ‘tionscal na dea-bhaile’ atá faoi bhláth agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don mheabhairshláinte, moill a chur ar chóireáil nó í a chosc, agus leathadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise a spreagadh;
119.ag cur béim ar an bhfíoras gur gá inscne a chur san áireamh i gcóireáil meabhairshláinte ós rud é go bhfuil riachtanais éagsúla ag inscne éagsúla ó thaobh riochtaí meabhairshláinte de;
120.ag spreagadh seirbhísí tacaíochta teaghlaigh agus cúramóra a chomhtháthú i samhlacha seachadta seirbhíse meabhairshláinte; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit cláir thacaíochta meabhairshláinte a bhunú a bheidh deartha go sonrach do chúramóirí agus do theaghlaigh othar meabhairshláinte, lena n-áirítear comhairleoireacht, cúram faoisimh, agus tacaíocht piaraí chomh maith le hidirghabháil géarchéime;
121.á iarraidh go gcuirfeadh na Ballstáit feabhas ar rochtain ar chúram, ar chóireáil agus ar thacaíocht do riochtaí meabhairshláinte agus do riochtaí ainsealacha gaolmhara trí chúram iomlánaíoch, comhtháite agus ildisciplíneach a chur chun feidhme agus a fheabhsú, ós rud é, nuair a dhéileáiltear le riochtaí ina n-aonar, nach n-éiríonn chomh maith céanna leis an toradh; ag spreagadh na mBallstát na tosca sóisialta, síceolaíocha agus bitheolaíocha a chur san áireamh chomh maith fócas ar an othar agus rogha an othair i gcinntí cóireála; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rochtain rialaithe ar chógais agus, ag an am céanna, cosc a chur ar a mí-úsáid i bhfoirm ró-leigheas guaiseach, féinleigheas nó iad a atreorú chuig críocha neamhleighis;
Cúram do mhic léinn
122.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit rochtain daoine óga ar thacaíocht mheabhairshláinte a éascú, amhail comhairleoireacht shíceasóisialta agus teiripe gan ualaí riaracháin; á mholadh go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag mic léinn ar chabhair shíceolaíoch nuair a iarrann siad í; ag aithint na ndúshlán breise meabhairshláinte a d’fhéadfadh a bheith ann do mhic léinn agus iad ag glacadh páirt i gcláir mhalartaithe agus á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil, lena n-áirítear i gClár Erasmus+;
Galair ainsealacha a bhainistiú
123.á thabhairt chun suntais gur fearr an mheabhairshláinte agus na riochtaí ainsealacha gaolmhara a choincheapú mar eispéiris bhithsíceasóisialta agus, dá bhrí sin, go n-éilíonn cóireáil éifeachtach seirbhísí cúraim iomlánaíocha, ildisciplíneacha agus comhtháite laistigh de thionscnaimh bainistithe galar ainsealach; á thabhairt chun suntais go gcuireann tacaíocht mheabhairshláinte den sórt sin, lena n-áirítear comhairleoireacht shíceolaíoch agus grúpaí tacaíochta, feabhas ar chomhlíonadh cóireála agus ar fholláine fhoriomlán do dhaoine a bhíonn ag déileáil le riochtaí ainsealacha agus dá mbaill teaghlaigh; á aithint gur féidir le féinbhainistiú galar ainsealach, chomh maith le hoideachas a chur ar dhaoine aonair maidir le bainistiú sláintiúil struis, déileáil le himní, agus dúlagar a chosc, cabhrú le scileanna riachtanacha a fhorbairt chun aire a thabhairt agus chun déileáil le riochtaí meabhairshláinte fadtéarmacha agus chun iompraíochtaí díobhálacha a mhaolú;
124.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit beartais a chur chun cinn maidir le cleachtais atá bunaithe ar fhianaise maidir le comhar fóinteach i measc seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí earnála sóisialta sna Ballstáit, i gcomhréir le cur chuige MHiAP agus oideasú sóisialta, agus comhthéacs sonrach gach Ballstáit á chur san áireamh;
Cúram meabhairshláinte pobail (CMHC)
125.á aithint gur líonra seirbhísí tacaíochta agus acmhainní atá inrochtana, fianaise-bhunaithe agus dírithe ar théarnamh é CMHC ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach do phobal áitiúil agus lena soláthraítear an tacaíocht, na hidirghabhálacha teiripeacha agus an chóireáil is gá don phobal spriocdhírithe sin ar bhealach leormhaith agus tráthúil(64); á thabhairt dá haire go mbaineann tairbhí le CMHC chun rannchuidiú le cosc, diagnóisiú agus cóireáil riochtaí meabhairshláinte, go háirithe nuair a bhíonn siad nasctha le seirbhísí othar cónaitheach, othar seachtrach agus seirbhísí poiblí cúraim sláinte phríomhúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit dea-chleachtais a chur chun feidhme in CMHC(65) agus dlús a chur leis an infheistíocht i seirbhísí tacaíochta CMHC atá ann cheana faoi chuimsiú an bhonneagair cúraim sláinte atá ann cheana agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a éascú (i.e. gairmithe meabhairshláinte, othair, teaghlaigh, teagascóirí agus lucht déanta beartas); á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún malartú dea-chleachtas maidir le paraidím cúraim sláinte mheabhrach an phobail a éascú;
Neamh-idirdhealú agus comhtháthú
Lánpháirtiú agus glacadh
126.á mheabhrú go bhfuil an chuid is mó de na daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí agus sa mhargadh saothair, in ainneoin go léiríonn an grúpa daonra sin infhostaitheacht fhoriomlán i bhfad níos ísle, agus cé gur mó seans go mbeidh riochtaí meabhairshláinte i láthair agus rátaí níos airde eisiaimh san ionad oibre ag daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu;
127.á áitiú go gcuirfidh na Ballstáit beartais struchtúracha chun feidhme lena dtacaítear le daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu ina saol laethúil, go háirithe oibrithe, leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga, tuismitheoirí agus daoine scothaosta;
128.ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú in earnáil na fostaíochta ar dhaoine atá ar shaoire leighis mar gheall ar riochtaí meabhairshláinte; ag tathant ar na Ballstáit, d’fhonn éagothromaíochtaí a laghdú agus dul i ngleic le deitéarmanaint shóisialta, pleananna náisiúnta a chur chun feidhme le cur chuige MHiAP do dhaoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte agus riochtaí ainsealacha gaolmhara orthu, i measc nithe eile, lena ndéantar an méid seo a leanas:
(a)
a n-oiriúnú, a lánpháirtiú agus a n-athlánpháirtiú sa mhargadh saothair a chur chun cinn;
(b)
coigeartuithe réasúnta solúbtha ag an obair a áirithiú, agus a gcumas chun oibre á chur san áireamh;
(c)
cúnamh agus faisnéis a chur ar fáil d’oibrithe nuair a bhíonn gá acu le saoire le haghaidh riochtaí meabhairshláinte agus lena n-áirítear sásraí le haghaidh tacaíocht airgeadais agus athshlánúcháin;
(d)
na hiarrachtaí chun tacú lena n-earcú a mhéadú, agus a áirithiú ag an am céanna nach méadófar ualaí riaracháin gan údar do na cuideachtaí sin, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, leis na bearta sin;
Taighde agus nuálaíocht
129.ag cur béim ar an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas maidir le taighde meabhairshláinte a dhreasú, ó thaobh cistiú de agus mar ghníomhaí polaitiúil domhanda araon; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit infheistíocht i dtaighde breise agus i gcur chun feidhme na dtorthaí taighde maidir leis an meabhairshláinte, i gcur chun cinn gníomhach na meabhairshláinte agus i gcosc riochtaí meabhairshláinte, chomh maith le sláinte inchinne a chur chun cinn agus earnálacha nach bhfuil dóthain taighde déanta orthu a chur chun cinn agus dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha maidir le réimsí tosaíochta;
130.á mheabhrú nach mór infheistíochtaí poiblí a bheith trédhearcach agus torthaí poiblí a thabhairt i dtéarmaí inacmhainneacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht na dtáirgí deiridh;
Réimsí sonracha taighde
131.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le tuilleadh taighde agus eolais eolaíoch maidir le conas is féidir cosc a chur ar chomhtharlú idir drochshláinte mheabhrach agus choirp agus á iarraidh go ndéanfar taighde ar na tosca as a n-eascraíonn riochtaí tromchúiseacha meabhairshláinte chomh maith le tosca a thugann athléimneacht i leith na riochtaí sin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cistiú leordhóthanach a leithdháileadh le haghaidh taighde ar an gcaidreamh idir an mheabhairshláinte agus na riochtaí ainsealacha gaolmhara;
132.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le staidéir ildisciplíneacha lena ndruidtear an bhearna idir eolas sláinte, sóisialta agus eacnamaíoch agus maidir leis na naisc idir gníomhaíochtaí idirghabhála sna hearnálacha ábhartha uile agus an mheabhairshláinte;
133.á chur in iúl gur geal léi tacaíocht agus spreagadh chur chun feidhme agus fhás na gclár nuálaíochta sóisialta agus fiontraíochta lena dtugtar aghaidh ar an meabhairshláinte sa phobal i gcoitinne;
134.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún forbairt agus tabhairt isteach idirghabhálacha teicneolaíochta, cógaisíochta agus iompraíochta a dhreasú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit freisin infheistíocht i dtaighde breise ar theicneolaíochtaí digiteacha agus ar mheabhairshláinte agus na dea-chleachtais a úsáidtear sa mheabhairshláinte dhigiteach a chomhroinnt;
135.á iarraidh go dtacódh an Coimisiún le taighde ar idirghníomhaíochtaí idir alcól, pianmhúcháin agus athraithigh cannabais úsáidte drugaí le tiúchan ard teitrihidreacannaibionóil (THC) agus a modhanna éagsúla tomhaltais agus sonraí a fháil maidir lena n-idirghníomhaíochtaí;
136.á aithint gur cur chuige úsáideach, praiticiúil, iomlánaíoch agus éifeachtach é an t-oideasú sóisialta ar féidir é a chomhtháthú i suíomh an chúraim phríomhúil laistigh de na córais sláinte náisiúnta, mar a chuir EDS in iúl ina shraith straitéisí maidir le conas oideasú sóisialta a chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-oideasú sóisialta lena mbaineann gníomhaíochtaí fisiciúla, cultúr, na healaíona agus bearta eile agus á thabhairt dá haire gur cheart straitéisí a chur san áireamh chun feabhas a chur ar rochtain ar idirghabhálacha fianaise-bhunaithe síceolaíocha agus cógaseolaíocha, chomh maith le riochtaí meabhairshláinte a shainaithint agus a mheasúnú;
137.á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit idirghabhálacha iomchuí agus leormhaithe nua oideasaithe sóisialta a fhorbairt do dhaoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu nó a bhainfidh tairbhe as idirghabhálacha den sórt sin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún pléití a chur chun cinn leis na Ballstáit maidir le cleachtais atá bunaithe ar fhianaise san oideasú sóisialta agus dea-chleachtais a chomhroinnt;
ѱáԳٱ dhomhanda
138.á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na meabhairshláinte i Straitéis Dhomhanda Sláinte an Aontais mar dhúshlán atá ag dul i méid agus ar gá tosaíocht a thabhairt dó, agus béim á leagan ar infhaighteacht seirbhísí meabhairshláinte i gcúram sláinte príomhúil a neartú;
139.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit ról an Aontais a ghiaráil sa chomhthéacs domhanda atá ar thús cadhnaíochta maidir le meabhairshláinte a chosc, athléimneacht a fhorbairt agus cúram agus comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta agus líonraí eagraíochtaí agus daoine aonair a neartú, chun taithí, seirbhísí agus cleachtais i réimse na meabhairshláinte a chomhroinnt ar bhealach níos fearr, agus an mheabhairshláinte a mheas i ngníomhaíochtaí beartais eachtraigh;
140.á thabhairt chun suntais go bhfuil lucht saothair meabhairshláinte chomh bunriachtanach céanna agus atá na hacmhainní cabhrach eile go léir i dtubaistí nádúrtha, aeráide, daonnúla, geopholaitiúla agus i dtubaistí a bhaineann le coinbhleacht; á chreidiúint gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh lucht saothair meabhairshláinte ina dhlúthchuid de garchabhróirí in Oibríochtaí Eorpacha um Chosaint Shibhialta agus um Chabhair Dhaonnúil; á mholadh go gcuirfí oiliúint garchabhrach shíceolaíoch san áireamh sna cúrsaí garchabhrach do bhaill foirne agus do shaorálaithe atá ag obair sna hoibríochtaí sin;
141.á iarraidh go ndéanfadh earnálacha cúraim sláinte na mBallstát struchtúir tacaíochta meabhairshláinte shíceasóisialta a fhorbairt go práinneach, a bheidh dírithe go sonrach ar íospartaigh tubaistí nádúrtha, aeráide, daonnúla, geopholaitiúla agus coinbhleachtaí, ar iarrthóirí tearmainn agus ar imircigh ó gach cúlra; á iarraidh go ngníomhódh an tAontas agus na Ballstáit go práinneach ar son na haeráide chun na costais dhíreacha agus indíreacha a bhaineann leis an athrú aeráide sa tsláinte a mhaolú, go háirithe maidir leis an meabhairshláinte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit struchtúir mheabhairshláinte agus tacaíochta síceasóisialta a chomhtháthú i gcláir phleanála éigeandála ag gach céim (ullmhacht, freagairt agus téarnamh) agus pleananna ullmhachta Sláinte agus Sábháilteachta Ceirde chun ullmhú go héifeachtach do ghéarchéimeanna sláinte agus bagairtí eile a bheidh ann amach anseo laistigh den Aontas agus i gcomhthéacs domhanda;
ѱáԳٱ san Aontas Eorpach
Oidhreacht
142.á mheabhrú a thábhachtaí atá deitéarmanaint bhitheolaíocha agus tionchar na dtosca sóisialta agus comhshaoil ar an meabhairshláinte agus ag spreagadh go gcuirfí an tsamhail bithsíceasóisialta san áireamh agus tagairt á déanamh do chúram meabhairshláinte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an tsamhail sin a chur san áireamh i ngach gníomhaíocht agus tionscnamh ábhartha de chuid an Aontais chun cur chuige cothrom a áirithiú;
143.á chur in iúl gur geal léi an cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte a d’fhógair an Coimisiún mar chéim thosaigh chun dul i ngleic le riochtaí meabhairshláinte agus iad a chosc ar an leibhéal Eorpach; á thabhairt dá haire thairis sin go dtugtar chun suntais sa teachtaireacht ón gCoimisiún roinnt tionscnamh suaitheanta a rannchuidíonn go hindíreach le feabhas a chur ar an meabhairshláinte; á chur i bhfáth gur féidir leis an Aontas agus gur cheart dó a dhícheall a dhéanamh ról ceannaireachta domhanda a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar chur chun cinn, cosc, cúram agus tacaíocht do riochtaí meabhairshláinte; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún ceannaireacht agus rialachas éifeachtach a spreagadh chun dul níos faide ná an gnáthchur chuige maidir le dea-chleachtais a ‘roinnt’;
144.á iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún lena theachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte agus, i gcomhar leis na Ballstáit, Straitéis ѱáԳٱ Eorpach fhadtéarmach, chuimsitheach agus chomhtháite a tharraingt suas lena ndíreofar go háirithe ar na grúpaí is leochailí sa tsochaí; á chreidiúint gur cheart don straitéis sin tionscnaimh chuimsitheacha a bhunú le cuspóirí soiléire agus inchainníochtaithe, táscairí intomhaiste, agus gur cheart di spriocanna insroichte a leagan síos chun an mheabhairshláinte, an cosc agus an chóireáil a chur chun cinn, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile de réir cur chuige ón mbun aníos; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit amlíne nithiúil a chruthú chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, le faireachán agus tuairisciú rialta ar dhul chun cinn agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cistiú díreach agus acmhainní a leithdháileadh ina leith sin;
145.á iarraidh go ndíreodh an Coimisiún, agus an Straitéis Eorpach ѱáԳٱ á tarraingt suas aige, ar go leor réimsí inar féidir meabhairshláinte daoine óga a fheabhsú i gcomhar leis an Limistéar Eorpach Oideachais; á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí leis an bhfócas sonrach sin bulaíocht agus cibearbhulaíocht i scoileanna, tionscnaimh litearthachta digití, straitéisí chun féinmharú a chosc agus cláir scoilbhunaithe chun féinmharú a chosc agus bearta chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí;
146.ag tacú le cur chun feidhme na straitéise sin ag gníomhú di mar chóras tacaíochta do na Ballstáit; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit straitéisí náisiúnta comhfhreagracha a fhorbairt le hamlíne shoiléir, buiséad leordhóthanach, spriocanna agus cuspóirí nithiúla, chomh maith le táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn;
Bliain Eorpach na ѱáԳٱ
147.á iarraidh go gcloífidh an Coimisiún leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an bhliain seo chugainn a ainmniú mar Bhliain Eorpach na ѱáԳٱ, chun feasacht a ardú, saoránaigh agus lucht déanta beartas a chur ar an eolas agus oideachas a chur orthu maidir le meabhairshláinte agus rannchuidiú leis an stiogma agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus ag an am céanna feidhmiú mar chéim i dtreo Straitéis an Aontais maidir le ѱáԳٱ;
148.á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí gairmiúla, feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le dea-mheabhairshláinte ar bhealach comhordaithe agus tráthúil, trí MHiAP a phríomhshruthú agus trína áirithiú go mbeidh breithnithe meabhairshláinte mar chuid de dhearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht na gclár ábhartha beartais, reachtaíochta agus caiteachais; á iarraidh, thairis sin, go bhforbrófaí beartais agus cláir lena bhfeabhsaítear dea-bhail a dteaghlach agus cúramóirí daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu;
149.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún gníomhaithe fonáisiúnta agus gníomhaithe na sochaí sibhialta a áireamh ina Ghrúpa Saineolaithe um an tSláinte Phoiblí maidir le ѱáԳٱ; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú tionchair meabhairshláinte a thabhairt isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar an éifeacht atá ag bearta, beartais agus cláir chistiúcháin éagsúla an Aontais ar an meabhairshláinte;
ѱáԳٱ i gcláir náisiúnta
150.á iarraidh go gcabhródh an Coimisiún leis na Ballstáit a gcláir náisiúnta meabhairshláinte faoi seach a fhorbairt, a nuashonrú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, lena áirithiú go gceapfar iad le bheith fadtéarmach, le hamlíne shoiléir, buiséad leormhaith, spriocanna, táscairí agus cuspóirí nithiúla agus i gcomhréir le cearta an duine, ar cheart iad a mheasúnú agus a oiriúnú más gá; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacódh an Coimisiún leis na Ballstáit meabhairshláinte agus riochtaí meabhairshláinte a áireamh i measúnuithe tionchair sláinte agus sna beartais ábhartha uile; á mholadh go ndéanfaí ábhair imní mheabhairshláinte a chomhtháthú tuilleadh i gcláir eile atá molta ag na Náisiúin Aontaithe amhail VEID, galair neamhtheagmhálacha agus néaltrú, i measc cláir eile;
An tAontas Eorpach i mbun oibre
151.á chur in iúl gur geal léi an straitéis Eorpach cúraim a mhol an Coimisiún, a bhfuil sé mar aidhm léi, i measc nithe eile, aghaidh a thabhairt ar thionchar an digitithe ar dhálaí oibre agus ar éifeachtaí na teilea-oibre agus na teileachumarsáide ar an meabhairshláinte ar bhealach cuimsitheach;
152.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar an gCreat-Treoir Eorpach maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair chun a héifeachtacht a fheabhsú maidir le dea-mheabhairshláinte agus athléimneacht mheabhairshláinte a chur chun cinn agus maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin mheabhairshláinte san ionad oibre;
153.á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach n-áirítear sa mholadh ón gCoimisiún ó 2022 maidir leis an sceideal Eorpach de ghalair cheirde riochtaí meabhairshláinte a bhaineann leis an obair, go háirithe an dúlagar, an traochadh, an imní agus an strus; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, athbhreithniú breise a dhéanamh ar an moladh chun a áirithiú go gcuirfear riochtaí meabhairshláinte san áireamh go cuí;
Tacaíocht airgeadais
154.á chur in iúl gur geal léi an cistiú EUR 765 mhilliún a cuireadh ar fáil trí na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach(67) chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le meabhairshláinte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún caiteachas a rianú agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar thoradh chistiú an Aontais a rannchuidíonn go díreach nó go hindíreach le feabhas a chur ar mheabhairshláinte san Aontas;
155.á mheas gur cheart cistiú leordhóthanach a leithdháileadh chun teacht le scála an dúshláin agus nach mór aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte tuilleadh i gcláir airgeadais amach anseo amhail Clár EU4Health 2028-2034 agus Fís Eorpach;
156.á mheas nach bhfuil ciste díreach ag an tAontas le haghaidh taighde agus nuálaíocht mheabhairshláinte; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na tionscnaimh shuaitheanta, a tugadh isteach sa chur chuige cuimsitheach, a thiontú ina ngníomhaíochtaí nithiúla le tacaíocht airgeadais leormhaith do ghrúpaí leochaileacha agus misean ѱáԳٱ a chruthú ón gclár Fís Eorpach agus ón gclár a bheidh ann amach anseo i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2035;
o oo
157.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Eurostat Statistics Explained, Staitisticí meabhairshláinte agus saincheisteanna gaolmhara, [Staidreamh maidir le ѱáԳٱ agus saincheisteanna gaolmhara] Meán Fómhair 2023.
ECFE agus an tAontas Eorpach, Health at a Glance: Europe 2018: State of Health in the EU Cycle, [Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2018: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais], 2018.
Royal College of Psychiatrists College Centre for Quality Improvement, CCQI Improvement Standards for Community Mental Health Services, [Ionad Choláiste Ríoga na Síciatraithe um Fheabhsú Cáilíochta, Caighdeáin Feabhsúcháin CCQI do Sheirbhísí ѱáԳٱ Pobail] an ceathrú heagrán, Márta 2022.
Randstad Canada, Getting more work done: How absenteeism and presenteeism affect productivity, [Níos mó oibre a dhéanamh: An difear a dhéanann neamhláithreacht agus láithreacht don táirgiúlacht] 30Bealtaine2023.
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (an Coimisiún Eorpach), An chaoi a d’fhulaing leanaí (10-18) rioscaí ar líne le linn dhianghlasáil Covid-19 — Earrach 2020, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.
ECFE agus an Coimisiún Eorpach, Health at a Glance: Europe 2022: State of Health in the EU Cycle, [Sracfhéachaint ar an tSláinte: An Eoraip 2022: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2022.
UNICEF, The State of the World's Children 2021 – On My Mind: Promoting, protecting and caring for children’s mental health, UNICEF, Nua Eabhrac, Deireadh Fómhair 2021.
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais, an Óige, an Spóirt agus an Chultúir, Cur chuige córasach, uilescoile i leith na meabhairshláinte agus na folláine i scoileanna san Aontas Eorpach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.
UNICEF, The State of the World's Children 2021 – On My Mind: Promoting, protecting and caring for children’s mental health, UNICEF, Nua Eabhrac, Deireadh Fómhair 2021.
WHO Mental Health Gap Action Programme, mhGAP Intervention Guide for mental, neurological and substance use disorders in non-specialized health settings – version 2.0, an Eagraíocht Dhomhanda Hleathan, an Ghinéiv, 2016.
UNICEF, The State of the World's Children 2021 – On My Mind: Promoting, protecting and caring for children’s mental health, UNICEF, Nua Eabhrac, Deireadh Fómhair 2021.
O’Flynn, J. et al, ‘Toward inclusivity: A systematic review of the conceptualization of sexual minority status and associated eating disorder outcomes across two decades’, [I dtreo cuimsitheachta: Athbhreithniú córasach ar choincheapú stádais mhionlaigh ghnéasaigh agus torthaí gaolmhara neamhoird itheacháin le fiche bliain anuas] Iris Idirnáisiúnta Neamhoird Itheacháin, Imleabhar 56, Eagrán 2, Feabhra 2023, lch. 350-365.
American Psychiatric Association [Cumann Síciatrach Mheiriceá], Diagnostic and statistical manual of mental disorders [Lámhleabhar Diagnóiseach agus Staitistiúil na neamhord meabhrach] (5ú eagrán), 2013.
American Psychiatric Association [Cumann Síciatrach Mheiriceá], Diagnostic and statistical manual of mental disorders [Lámhleabhar Diagnóiseach agus Staitistiúil na neamhord meabhrach] (5ú eagrán), 2013.
EDS, Suicide worldwide in 2019: global health estimates, [Féinmharú ar fud an domhain in 2019: Meastacháin sláinte dhomhanda] An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, An Ghinéiv, 2021.
Miró, J. et al, ‘Chronic pain and high impact chronic pain in children and adolescents: a cross-sectional study’, [Pian ainsealach agus pian ainsealach ardtionchair i leanaí agus déagóirí: Staidéar trasghearrthach] Journal of Pain, Imleabhar 24, Eagrán 5, Bealtaine2023, lgh. 812-823.
Pryor, L. et al., Mental health and global strategies to reduce NCDs and premature mortality, [ѱáԳٱ agus straitéisí domhanda chun galair neamhtheagmhálacha agus básmhaireacht anabaí a laghdú] 2017.
Kessler, R.C. et al, ‘Childhood adversities and adult psychopathology in the WHO World Mental Health Surveys’,[Deacrachtaí leanaí agus síceapaiteolaíocht dhaoine fásta i Suirbhéanna Domhanda ѱáԳٱ EDS], British Journal of Psychiatry, Imleabhar 197, Eagrán 5, Samhain 2010, lch. 378-385.
‘II gcur chuige [MHiAP], déantar gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an meabhairshláinte laistigh d’earnáil na sláinte agus lasmuigh di, agus béim láidir á leagan ar chur chun cinn agus ar chosc. Is féidir le beartais i réimsí éagsúla (amhail oideachas, cosaint leanaí, fostaíocht, ioncam, tithíocht, cultúr, comhshaol, cosaint shóisialta agus go leor eile) tionchar dearfach a imirt ar an meabhairshláinte, trí thosca cosanta a neartú agus tosca riosca d’fhadhbanna meabhairshláinte a mhaolú.’. Ráiteas Líonra Téamach Ardán Beartas Sláinte an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘ѱáԳٱ i ngach Beartas’ an 19 Aibreán 2023, A mental health in all policies approach as key component of any comprehensive initiative on mental health. [Cur chuige na meabhairshláinte i ngach beartas mar phríomhghné d’aon tionscnamh cuimsitheach maidir leis an meabhairshláinte].
Léiríonn sonraí, ón Staidéar Domhanda um Ualach Galar 2019 de chuid an Líonra Comhoibríoch Domhanda um Ualach Galar gurb iad riochtaí meabhairshláinte an phríomhchúis leis na blianta a mhairtear faoi mhíchumas sa dá ghnéas d’aois chaighdeánaithe má dhéantar iad a chomhaireamh in éineacht le neamhoird a bhaineann le substaintí.
Líonra Comhoibríoch Domhanda um Ualach Galar, Staidéar Domhanda um Ualach Galar 2019, An Institiúid um Méadracht agus Meastóireacht Sláinte, Seattle, 2020.
Fischer, B. et al, ‘Recommendations for Reducing the Risk of Cannabis Use-Related Adverse Psychosis Outcomes: A Public Mental Health-Oriented Evidence Review’, Journal of Dual Diagnosis, Imleabhar 19, Eagrán 2-3, 2023 lch. 71-96.
Rialachán (AE)2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IOL277, 27.10.2022, lch.1).
Treoir (AE)2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch.21).
An Lárionad um Ghalair a Chosc agus a Rialú, Fast Facts: Preventing Intimate Partner Violence, [Mearfhíricí: Foréigean páirtí dlúthchaidrimh a Chosc], Deireadh Fómhair2022.
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach (IO C283, 11.8.2023, lch.149), aithris Z agus mír 25.
EDS, Integrating psychosocial interventions and support into HIV services for adolescents and young adults: technical brief, [Idirghabhálacha síceasóisialta agus tacaíocht a chomhtháthú i seirbhísí VEID do dhéagóirí agus do dhaoine fásta óga: achoimre theicniúil] An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, An Ghinéiv, 2023.
ECFE, ‘Main causes of mortality’, Health at a Glance 2021: OECD Indicators, [‘Príomhchúiseanna básmhaireachta’, Sracfhéachaint ar an tsláinte in 2021: Táscairí ECFE]Foilsitheoireacht ECFE, Paris, 2021.
Churruca, K., et al., Patient-reported outcome measures (PROMs): A review of generic and condition-specific measures and a discussion of trends and issues, 2021.
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (an Coimisiún Eorpach), Handbook on Constructing Composite Indicators: Methodology and User Guide, [Lámhleabhar maidir le Táscairí Ilchodacha a Thógáil: Modheolaíocht agus Treoir Úsáideora] 2008.
Brouwers, E., et al., Discrimination in the workplace, reported by people with major depressive disorder: a cross-sectional study in 35 countries, 2015. [Idirdhealú san ionad oibre, arna thuairisciú ag daoine a bhfuil mór-neamhord dúlagarach orthu: staidéar trasghearrthach in 35 tír]
WHO Special Initiative for Mental Health (2019-2023): Universal Health Coverage for Mental Health[Tionscnamh Speisialta EDS um ѱáԳٱ (2019-2023): Clúdach Sláinte Uilechoiteann do Mheabhairshláinte].
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (An Coimisiún Eorpach), Handbook on Constructing Composite Indicators:Methodology and User Guide, [Lámhleabhar maidir le Táscairí Ilchodacha a Thógáil: Modheolaíocht agus Treoir Úsáideora]2008.
EDS, First meeting of the pan-European Mental Health Coalition: from debate to action,[An chéad chruinniú den Chomhghuaillíocht Uile-Eorpach ѱáԳٱ: ó dhíospóireacht go gníomhaíocht] 2022.
Council of Europe’s Reform of mental health services: an urgent need and a human rights imperative. [Athchóiriú seirbhísí meabhairshláinte Chomhairle na hEorpa: riachtanas práinneach agus riachtanas maidir le cearta an duine.]
Thornicroft, G., et al., Community mental health care worldwide: current status and further developments, 2016.[Cúram meabhairshláinte Comhphobail ar fud an domhain: stádas reatha agus forbairtí breise]
EDS, Guidance on community mental health services: promoting person-centred and rights-based approaches, 2021.[Treoir maidir le seirbhísí meabhairshláinte pobail: cur chuige duinelárnach agus cearta-bhunaithe a chur chun cinn]