Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0340/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0340/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV12/12/2023-7.16
CRE12/12/2023-7.16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0459

Téacsanna atá glactha
PDF176kWORD59k
Dé Máirt, 12 Nollaig 2023-Strasbourg
Dearadh andúileach seirbhísí ar líne agus cosaint tomhaltóirí i margadh aonair an Aontais Eorpaigh
P9_TA(2023)0459A9-0340/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir le dearadh andúile seirbhísí ar líne agus cosaint tomhaltóirí i margadh aonair an Aontais Eorpaigh ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal169 de,

–ag féachaint don fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE maidir le cleachtas tráchtála éagórach gnólacht le tomhaltóir’ (2021/C 526/01),

–ag féachaint don fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE maidir le Cearta Tomhaltóirí’ (2021/C 525/01),

–ag féachaint don fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 93/13/CEE maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra’ (2019/C 323/04),

–ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún dar teideal ‘Staidéar iompraíochta ar chleachtais tráchtála éagóracha sa timpeallacht dhigiteach: patrúin dhorcha agus pearsantú cúblála: tuarascáil chríochnaitheach’, An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, 2022,

–ag féachaint don tuarascáil ón mbratghrúpa eagraíochta tomhaltóirí ‘Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí’ (BEUC) ó 2022 dar teideal ‘Cosaint Tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh 2.0. Cothroime agus rogha tomhaltóirí a chosaint i ngeilleagar digiteach’,

–ag féachaint don chomhairliúchán ón gCoimisiún dar teideal ‘Cothroime dhigiteach — seiceáil oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh agus a thuarascáil achomair’,

–ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa in 2019 dar teideal ‘Úsáid Dhíobhálach Idirlín. Cuid I: Andúil san Idirlíon agus úsáid fhadhbach’,

–ag féachaint do thuarascáil 2021 na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Ár gComhchlár Oibre — Tuarascáil ón Ard-Rúnaí’,

–ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint, go háirithe mionaoisigh, i ndáil le físchluichí a úsáid(1),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le margadh aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha)(2),

–ag féachaint don Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (),

–ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(3),

–ag féachaint d’Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais,

–ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus do Bharúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le cearta an linbh i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,

–ag féachaint do straitéis an Choimisiúin maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí,

–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0340/2023),

A.de bhrí, i ngeilleagar airdbhunaithe an lae inniu, go n-úsáideann cuideachtaí teicneolaíochta áirithe feidhmiúlachtaí deartha agus córais chun leas a bhaint as leochaileachtaí úsáideoirí agus tomhaltóirí chun a n-aird a tharraingt agus an méid ama a chaitheann siad ar ardáin dhigiteacha a mhéadú; de bhrí go bhféadfadh go leor seirbhísí digiteacha, amhail cluichí ar líne, na meáin shóisialta, seirbhísí sruthaithe do scannáin, sraitheanna nó ceol, margaí ar líne nó siopaí gréasáin a bheith deartha chun úsáideoirí a choinneáil ar an ardán chomh fada agus is féidir chun na sonraí a bhailítear agus an t-am agus an t-airgead a chaitheann siad ann a uasmhéadú chomh maith le gníomhaíocht, rannpháirtíocht, táirgeadh inneachair, forbairt líonraí agus comhroinnt sonraí a uasmhéadú; de bhrí go bhfuil feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí luach airgid a chur ar shonraí; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil go leor seirbhísí ar líne ceaptha chun freastal ar roinnt aidhmeanna ag an am céanna, eadhon taithí úsáideoirí a bharrfheabhsú agus aird na n-úsáideoirí a choinneáil agus, dá bhrí sin, a bheith chomh andúileach agus is féidir; de bhrí nach bhfuil na seirbhísí digiteacha uile bunaithe ar an tsamhail ghnó chéanna, amhail cé go n-oibríonn roinnt seirbhísí digiteacha ar luach airgid a chur ar shonraí agus ar an am a chaitear ar an bhfeidhmchlár chun sonraí a bhailiú agus iad a úsáid chun críocha fógraíochta, go n-oibríonn seirbhísí digiteacha eile go páirteach nó go hiomlán le samhlacha atá bunaithe ar shíntiús a bhféadfadh nó nach bhféadfadh gnéithe deartha andúile a bheith iontu; de bhrí go n-éiríonn le roinnt seirbhísí gan a bheith ag brath ar dhearadh a chuireann fad leis an am a chaitear ar an ardán; de bhrí nach bhfuil rath tráchtála agus forbairt eiticiúil aipeanna comheisiach; de bhrí go ndéantar cur síos sna téarmaí ‘dearadh ionramhálach’, ‘dearadh andúile’ nó ‘dearadh iompraíochta’ ar sheirbhísí ar líne ar ghnéithe a mbíonn rioscaí agus díobháil a bhaineann le hiompraíocht mar thoradh orthu, lena n-áirítear cineálacha andúile digití, amhail ‘úsáid iomarcach nó dhíobhálach idirlín’, ‘andúil i bhfóin chliste’, ‘andúil theicneolaíoch nó ar an idirlíon’, ‘andúil sna meáin shóisialta’; de bhrí go bhfuil comhdhearcadh ag dul i méid i measc acadóirí go bhfuil feiniméin ann, amhail ‘andúil sna meáin shóisialta’; de bhrí nach mór dúinn féachaint ar ghnéithe a dhéanann an aird a choinneáil nó ar ghnéithe andúile a ghríosaíonn an iompraíocht sin, seachas na meáin nó na feistí iontu féin; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh taighde chun tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna bunúsacha, ar thionchar na seirbhísí ar líne agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann;

B.de bhrí go bhfuil seirbhísí digiteacha, lena n-áirítear na meáin shóisialta, ag déanamh athrú ó bhonn ar an tsochaí agus go bhfuil éifeachtaí dearfacha acu amhail éifeachtúlacht, nascacht, inrochtaineacht agus fóillíocht mhéadaithe, chomh maith le ligean do leanaí agus do dhaoine óga nascadh, foghlaim faoi mheonta agus dearcthaí domhanda éagsúla, agus iad a thuiscint, chomh maith le heolas a fhorbairt agus réimsí spéise a fhiosrú; de bhrí gur féidir le haipeanna cabhrú linn a bheith níos táirgiúla nó níos mó aclaíochta a dhéanamh, nó fadhbanna sonracha a réiteach, mar a léirítear le haipeanna tráchta, baincéireachta nó aistriúcháin; de bhrí go gcruthaíonn an digitiú agus na meáin shóisialta dúshláin nua don tsochaí freisin agus go bhfuil gá le haird bheartais ar rioscaí sláinte fisiciúla agus meabhracha araon a bhaineann le húsáid seirbhísí ar líne; de bhrí, leis na feabhsuithe uile a rinne an teicneolaíocht ar shaol daoine aonair, go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith ag úsáid shofaisticiúil dearaidh andúiligh, iompraíochta, mheabhlacha nó áititheach a dhéanann difear d’iompar tomhaltóirí ar líne, agus mar sin gur gá na huirlisí is gá a thabhairt do rialtóirí agus do thaighdeoirí chun anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhaineann leis na hardáin sin a úsáid;

C.de bhrí go gcaitheann daoine idir 16-24 bliana d’aois ar an meán os cionn seacht n-uaire an chloig in aghaidh an lae ar an idirlíon(4); de bhrí go bhfuil úsáid fóin chliste ‘fhadhbach’ nó ‘mhífheidhmiúil’ i gceist le duine as gach ceathrar leanaí agus daoine óga, rud a chiallaíonn patrúin iompraíochta lena léirítear andúil(5); de bhrí go dtugtar le fios le taighde go bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar úsáid fhadhbach na bhfón cliste ach gur annamh a dhínascann go leor leanaí ó na meáin shóisialta ach go n-úsáideann siad é go seasta i rith an lae agus go mbraitheann siad éiginnte gan a bhfón póca; de bhrí go dtugann taighde le fios freisin go bhféadfadh baint a bheith ag an méadú ar fhadhbanna meabhairshláinte i ndéagóirí le húsáid iomarcach na meán sóisialta agus gur sainaithníodh brú ó na meáin shóisialta mar cheann de na cúig chúis is mó le deacrachtaí meabhairshláinte do leanaí; de bhrí go bhfuil daonraí óga níos leochailí i leith forbairtí sícphaiteolaíocha agus i leith iompraíochtaí díobhálacha agus riochtaí meabhairshláinte a bhunaítear le linn na hóige gur féidir leo cúrsa saoil ina dhiaidh sin a mhúnlú; de bhrí go n-aithníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte andúil i gcluichí mar neamhord meabhairshláinte;

D.de bhrí go bhféadfadh andúil a bhaineann le húsáid idirlín fo-éifeachtaí comhchosúla le handúil a bhaineann le substaint a léiriú, lena n-áirítear fianaise ar chaoinfhulaingt agus athiompú(6); de bhrí go bhfuil dianrialú ann le haghaidh táirgí agus seirbhísí andúile eile chun andúil a chosc agus chun tomhaltóirí a chosaint ar dhíobháil; de bhrí go bhfuil nasc idir úsáid fóin chliste nó úsáid an idirlín fhadhbach agus sásamh saoil níos ísle agus comharthaí meabhairshláinte amhail dúlagar, féinmheas íseal, neamhoird a bhaineann le íomhá cholainne, neamhoird a bhaineann le hitheacháin, imní, leibhéil arda struis a bhraitear, faillí teaghlaigh agus cairde, féinsmacht a chailleadh, easpa codlata agus comharthaí éigníoch dúghabhálach, amhail ceannach éigníoch i measc daoine fásta óga(7); de bhrí go bhfuil dhá oiread seans ann go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte ag daoine a bhaineann róúsáid as na meáin dhigiteacha, lena n-áirítear fachtóirí riosca maidir le féinmharú agus féindochar; de bhrí go bhfuil leanaí agus daoine óga níos leochailí maidir leis na comharthaí sin; de bhrí gur féidir tionchar a bheith ag riochtaí meabhairshláinte a thosaíonn san óige ar dhaoine le linn a saoil ina dhiaidh sin; de bhrí go mbaineann úsáid iomarcach idirlín le fadhbanna a bhaineann le hoibleagáidí laethúla, le gráid níos measa, le drochfheidhmíocht scoile agus acadúil nó le drochfheidhmíocht poist; de bhrí gur fadhb sláinte poiblí atá ag dul i méid é leitheadúlacht na handúile digití agus an bhaint atá aige le siomptóim na neamhord meabhrach coiteann agus, dá réir sin, gur cheart go mbeadh siad ina n-ábhar imní do lucht déanta beartas; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh taighde chun eolas níos fearr a thabhairt d’fhorbairt na gcritéar diagnóiseach is iomchuí agus chun tosca riosca a chinneadh le haghaidh andúilí digiteacha éagsúla; de bhrí go bhféadfadh seirbhísí, táirgí nó gnéithe áirithe nach ndéanfadh difear do dhaoine fásta a bheith an-chontúirteach, andúileach nó díobhálach ar bhealach eile do leanaí, lena n-áirítear mar gheall ar an tionchar carnach a bheadh ag meascán de ghnéithe éagsúla nó tionchar fada le himeacht ama;

E.de bhrí gur cheart gach seirbhís agus táirge ar líne ar dócha go bhfaighidh leanaí rochtain orthu a dhearadh ar mhaithe le leas an linbh mar phríomhchomaoin; de bhrí go bhféadfadh seirbhísí agus táirgí áirithe ar líne a bheith an-chontúirteach, andúileach, nó díobhálach ar bhealach eile do leanaí, amhail mar gheall ar thionchar comhcheangailte roinnt gnéithe nó a dtionchar carnach le himeacht ama;

F.de bhrí, de réir roinnt taighde, go bhféadfadh tionchar a bheith ag am scáileáin iomarcach nó úsáid fhadhbach ar fhorbairt inchinne; de bhrí go bhfuil méaduithe ar fhadhbanna a bhaineann le húsáid na meán sóisialta nasctha le heasnaimh airde, le réisí airde níos giorra, le taghdaíl agus comharthaí a bhaineann le neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (ADHD)(8); de bhrí go bhfuil baint ag dianúsáid na meán sóisialta le leibhéil níos ísle ábhair liath i réimsí áirithe den inchinn, díreach mar atá i gcás substaintí andúile eile; de bhrí go bhfuil sé léirithe go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an iomarca ama scáileáin ar néarfhorbairt, foghlaim agus cuimhne, agus go bhféadfadh riosca méadaithe a bheith ag baint leis an stíl mhaireachtála neamhghníomhach a bhaineann leis an am a chaitear ar na meáin leictreonacha(9);

G.de bhrí gur féidir a mheas go bhfuil tionchar diúltach ag dearadh andúile ar gach duine, ní hamháin ar dhaoine a léiríonn patrúin úsáide fhadhbacha; de bhrí go bhfágann dearadh andúile gur deacair díriú ar an tasc atá idir lámha mar gheall ar chur isteach amhail teachtaireachtaí agus fógraí a chuireann isteach i gcónaí ar aird daoine; de bhrí go bhfuil brú méadaithe chun feidhmiú agus brú sóisialta a bheith go buan ar líne agus nasctha go buan mar thoradh ar dhearadh andúile seirbhísí ar líne, rud a mhéadaíonn an baol a bhaineann le strus agus traochadh; de bhrí go mbíonn ar thomhaltóirí ar líne aghaidh a thabhairt níos mó agus níos mó ar ró-ualach faisnéise agus ar spreagthaí céadfacha ollmhóra i rith an lae, rud a d’fhéadfadh cumas cognaíoch teoranta a bheith mar thoradh air, agus nach dtugann comhéadain úsáideora ach smacht teoranta ar a gcuid sonraí; de bhrí gurb é an t-am a chaitheann daoine ag féachaint ar scáileáin ná am nach gcaitear a bheith gníomhach go fisiciúil, ag bogadh, ag bogadh lasmuigh, nó ag dúnadh síos agus scíth a ligean, a bhfuil baint acu go léir le folláine fhisiciúil agus mheabhrach chomh maith le bheith ríthábhachtach d’fhorbairt leanaí; de bhrí gurb iondúil gurb iad ógánaigh a chaitheann méid beag ama ar chumarsáid leictreonach na daoine is sona tríd is tríd; de bhrí go dtagann feabhsuithe suntasacha ar fholláine daoine tar éis dóibh a bheith ag staonadh ó na meáin shóisialta a úsáid ar feadh seachtaine;

H.de bhrí, ar an meán, go gcaitheann cailíní sna déaga mó ama ar líne, ar fhóin chliste, ar na meáin shóisialta agus ag téacsáil ná buachaillí; de bhrí go gcaitheann buachaillí níos mó ama i mbun cluichíochta agus ar fheistí leictreonacha i gcoitinne; de bhrí go léirítear go bhfuil ceangal níos láidre idir am scáileáin agus droch-mheabhairshláinte le cailíní ná le buachaillí agus go bhfuil a dhá oiread de sheans ann go mbeidh leibhéil shiomptóim dúlagair acu atá ábhartha go cliniciúil ná buachaillí; de bhrí gur minic a dhírítear seirbhísí andúile ar líne ar mhionaoisigh nó go mbíonn rochtain ag leanaí de gach aois orthu; de bhrí nach mór do gach seirbhís agus táirge ar dócha go mbeidh rochtain ag leanaí orthu a bheith sábháilte dóibh agus leas an linbh a chur san áireamh;

I.de bhrí go mbaineann comhéadain roinnt seirbhísí digiteacha leas as leochaileachtaí síceolaíocha atá cosúil leo siúd a bhfuil baint acu le andúil i gcearrbhachas; de bhrí go ndírítear le gnéithe dearaidh andúile d’aon ghnó ar leochaileachtaí tomhaltóirí, rud a fhágann go gcaitheann siad i bhfad níos mó ama ar aipeanna agus go gcaitheann siad níos mó airgid ná mar a bhí beartaithe; de bhrí go n-úsáideann ardáin teicnící cluichithe, rud a chiallaíonn dearadh iompraíochta trí mheicnic chluiche a úsáid chun cúiteamh a thabhairt nuair a chuirtear tascanna i gcrích agus braistint bhréige saoirse agus smachta á thabhairt d’úsáideoirí, agus ag an am céanna a bheith faoi réir amlíne atá saindeartha d’aon ghnó;

J.de bhrí gur minic a bhíonn gnéithe dearaidh andúile nasctha le patrúin shíceasóisialta a mbíonn tionchar acu ar riachtanais shíceolaíocha, leochaileachtaí agus mianta tomhaltóirí, amhail muintearas sóisialta, imní shóisialta, eagla go gcaillfidh siad amch ar rud éigin (agus daoine á mealladh toisc faisnéis a bheith ar fáil ar bhonn sealadach amháin, amhail ‘scéalta’, ‘ag clóscríobh...’), éifeachtaí líonra, fonn a bheith ar dhaoine tascanna a chríochnú i sreabhadh, mar shampla trí gach tráth iomasach chun deireadh a chur le tasc nó chun tasc a chríochnú, ar a dtugtar ‘leideanna stoptha’ freisin (scrolladh gan deireadh, splancanna d’ábhar ard-ábharthacht a dhéantar a cheilt láithreach de réir mar a athlódálann an fotha nuachta), uathsheinnt trí spriocanna a leagan síos d’úsáideoirí, cosúil le ‘sraitheanna’, agus caillteanas féin-rialaithe ag teacht i bhfeidhm; de bhrí gur féidir le gnéithe dearaidh a bheith andúileach ar chúiseanna éagsúla, amhail luach saothair athraitheach eadrannach, as a n-eascraíonn borradh a chur faoin dopaimín, díreach cosúil le dinimic meaisíní sliotán, amhail brúfhógraí, nó cómhalartacht shóisialta as a n-eascraíonn frithghníomhartha ceimiceacha san inchinn, ina bhfaigheann daoine sásamh sóisialta ar thaobh amháin, amhail ‘is maith liom’, agus ar an taobh eile, go mbraitheann daoine brú sóisialta chun freagairt do dhaoine eile, mar shampla le hadmhálacha léite; de bhrí go ndéantar na gnéithe a thuairiscítear thuas a chomhcheangal le pearsantú gráinneach chun tionchar a imirt ar úsáideoirí ar leibhéal aonair, rud a mhéadaíonn na patrúin iompraíochta agus na rioscaí a shainaithnítear; de bhrí go bhfuil leanaí níos leochailí i leith na ngnéithe sin, go háirithe i gcéimeanna forbartha níos luaithe;

K.de bhrí go gcuireann seirbhísí sonraíbhunaithe an lae inniu an tomhaltóir i staid níos laige lena gcruthaítear míchothromaíochtaí cumhachta agus neamhshiméadracht dhigiteach, rud a fhágann staid uilíoch na leochaileachta digití mar thoradh ar thosca inmheánacha agus seachtracha nach bhfuil neart ag an tomhaltóir orthu; de bhrí go mbíonn ar thomhaltóirí aghaidh a thabhairt i gcónaí ar IS ar féidir leo a leochaileachtaí agus a seirbhísí a bhrath agus a shaothrú go héasca agus a rogha ailtireachta á n-athrú go rialta chun rátaí comhshó agus rannpháirtíocht a uasmhéadú; de bhrí go léiríonn sé sin nár cheart coincheap na leochaileachta a theorannú do ghrúpaí ‘a chosnaítear go traidisiúnta’ ach nach mór gach tomhaltóir a áireamh ann;

L.de bhrí go ndearnadh staidéar eimpíreach ar chleachtais andúile agus go n-áirítear leo gnéithe deartha amhail ‘scrolláil gan teorainn’, athlódáil leathanaigh ‘tarraingt chun athnuachan a dhéanamh’, gnéithe físeáin ‘uathsheinm gan deireadh riamh’, moltaí pearsantaithe, ‘fógraí athghabhála’, rud a chiallaíonn fógraí chun aird úsáideoirí a fháil ar ais tar éis dóibh seirbhís nó aip a fhágáil, ‘imirt trí choinne’ ag tráthanna áirithe i rith an lae, dearadh as a dtagann ‘ceo ama’ as a dtagann tuiscint chaolaithe ar an am nó ‘fógraí sóisialta bréige’ lena gcruthaítear tagairt do nuashonruithe laistigh de chiorcal sóisialta ar líne an úsáideora, de bhrí gur minic a aimsítear gnéithe den sórt sin in éineacht le gnéithe pearsantaithe; de bhrí go ndéantar tomhaltóirí a mheas agus níos mó ama á chaitheamh acu ar na hardáin sin; de bhrí go bhfuil gnéithe deartha áititheacha eile ina ngnéithe amhail an ‘cnaipe ‘is maith liom’’, ‘feidhmeanna maidir le hadmhálacha léite’, taispeáint ‘ag clóscríobh’, ach freisin líon na leantóirí a bhailítear ar ardán, na dathanna a úsáideann ardáin, brúfhógraí agus srianta ama ar inneachar, amhail scéalta atá ar fáil go sealadach; de bhrí go bhfuil gá le taighde leanúnach go háirithe maidir le meabhairshláinte agus maidir le mionaoisigh chun forbairt thar a bheith mear a dhéanamh ar na meáin shóisialta;

M.de bhrí go bhféadfadh córais moltaí áirithe, atá bunaithe ar phearsantú agus ar idirghníomhaíocht amhail cliceanna agus 'is maith liom', a bheith ina ngné thábhachtach dearaidh áititheach, andúileach nó iompraíochta araon; de bhrí gur féidir le córais moltaí ag an am céanna cur le feidhmiúlacht na n-ardán chun idirghníomhaíocht shóisialta a fheabhsú, ach gur minic a bhíonn siad dírithe freisin ar úsáideoirí a choinneáil ar an ardán; de bhrí gur tugadh isteach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) roinnt oibleagáidí trédhearcachta maidir le córais moltaí;

N.de bhrí go mbaineann go leor cuideachtaí teicneolaíochta úsáid as deaiseanna turgnamhacha mar bhonn dá gcinntí dearaidh; de bhrí go ndéantar turgnaimh fíorshaoil den sórt sin go díreach ar thomhaltóirí gan a n-eolas ná a dtoiliú; de bhrí nach léir a mhéid atá turgnaimh den sórt sin faoi réir bearta sábháilteachta mar gheall ar easpa trédhearcachta ina n-imscaradh;

O.de bhrí nach féidir na gnéithe dearaidh andúile a leagtar amach thuas a réiteach díreach trí theorainneacha ama a fhorchur ar sheirbhísí ar líne, toisc go n-aistríonn an cur chuige sin an fhreagracht ar an duine aonair seachas aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist lárnach a bhaineann le dearadh andúile seirbhísí ar líne atá dírithe ar bhrabús; de bhrí nach bhfuil athrú suntasach nó laghdú suntasach tagtha ar úsáid seirbhísí ar líne mar thoradh ar aon cheann de na ‘réitigh’ atá curtha chun feidhme ag na hardáin; de bhrí nach nglacann déagóirí go héasca le rialáil tuismitheora ar a n-úsáid ar na meáin shóisialta agus gur minic a bhíonn sé éasca dul timpeall ar aon srianta teicniúla a chuirtear orthu; de bhrí go bhfuil bearta amhail rialuithe tuismitheoirí agus litearthacht dhigiteach comhlántach leis an bhfreagracht atá ar sholáthraithe cearta leanaí a chosaint agus a chur chun cinn sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe trí bhearta sábháilteachta trí dhearadh chun a áirithiú nach ndéanfaidh dearadh a dtáirgí agus a seirbhísí dochar do leanaí; de bhrí gur léirigh taighde gur féidir le rialacha soiléire agus cumarsáid chuiditheach le leanaí cabhrú le andúil sna meáin shóisialta a chosc; de bhrí gur cheart go soláthródh seirbhísí digiteacha ardán inar féidir le tuismitheoirí agus oideoirí comhairle a fháil maidir le faisnéis faoi na contúirtí a bhaineann le úsáid iomarcach idirlín agus conas labhairt faoin tsaincheist le leanaí agus le daoine óga; de bhrí go bhfuil plé ar siúl, i gcomhthéacs tionscnaimh neamhreachtacha atá ar siúl faoi láthair, amhail cód iompair an Aontais Eorpaigh maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de (mar chuid de straitéis Eorpach 2022 le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí (BIK+)), cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh i leith na meabhairshláinte, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (DEAP) 2021-2027;

P.de bhrí go ndéantar foráil in Airteagail 25, 27, 28 agus 38 de DSA maidir le toirmeasc ar ghnéithe meabhlacha nó cúblála, oibleagáidí trédhearcachta agus roghanna do chórais mholtaí agus do phróifíliú chomh maith le bearta chun mionaoisigh a chosaint; de bhrí go dtugann DSA forálacha isteach cheana féin i gcoinne ‘patrúin dhorcha’ a úsáid ach go bhfuil siad teoranta do rogha ailtireachta agus roghanna tionchair ach nach dtugtar aghaidh leo ar dhearadh iompraíochta atá andúileach per se, ina theannta sin tá raon feidhme teoranta acu freisin toisc nach bhfuil feidhm acu maidir le gach seirbhís ar líne ach maidir le hardáin ar líne amháin, agus ar an gcaoi sin déantar seirbhísí fadhbacha ríthábhachtacha amhail cluichí ar líne a eisiamh; de bhrí, leis an reachtaíocht chothrománach atá le glacadh go luath maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga(10) go bhféachtar le cosc a chur ar chórais IS a úsáideann gnéithe fothairseachúla ach atá teoranta do chórais atá ‘ionramhálach d’aon ghnó nó a úsáideann teicnící meabhlacha’;

Dearadh andúile sheirbhísí ar líne

1.á chur in iúl gur geal léi seiceáil oiriúnachta na 'cothroime digití' ar dhlí na dtomhaltóirí ón gCoimisiún, mar dheis uathúil chun an bealach a réiteach do ghlúin nua de reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí lena n-aisiompófar na treochtaí diúltacha a bhfuil seasamh tomhaltóirí á lagú acu agus cearta tomhaltóirí á laghdú sa domhan ina bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha chun tosaigh; chuige sin, á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a sheiceáil oiriúnachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar na coincheapa agus ar na sainmhínithe i ndlí na dtomhaltóirí amhail na sainmhínithe ar ‘tomhaltóir’, ‘tomhaltóir leochaileach’ agus ‘trádálaí’ chun tomhaltóirí a chosaint ar dhíobháil agus chun freagairt do na dúshláin a eascraíonn as aois na sonraí;

2.á chreidiúint gur fadhbanna iad an andúil dhigiteach agus na teicneolaíochtaí áititheacha a dteastaíonn freagairt rialála chuimsitheach ón Aontas ina leith, le sraith tionscnamh beartais tacaíochta, chun aghaidh a thabhairt go fóinteach ar andúil dhigiteach agus chun saoránaigh a chumhachtú sa chaoi go mbeidh siad in ann a chinneadh conas a úsáideann siad seirbhísí agus táirgí digiteacha chun a spriocanna féin a chur chun cinn agus chun cosaint a thabhairt dóibh ar chineálacha nua andúile agus ar úsáidí fadhbacha an idirlín;

3.á chur in iúl gur cúis mhór imní di go mbaineann ardáin áirithe agus cuideachtaí teicneolaíochta eile leas as leochaileachtaí síceolaíocha chun comhéadain dhigiteacha a dhearadh le haghaidh leasanna tráchtála lena ndéantar minicíocht agus fad na gcuairteanna úsáideora a uasmhéadú, chun fad a chur le húsáid seirbhísí ar líne agus chun rannpháirtíocht leis an ardán a chruthú; á chur i bhfáth gur féidir le dearadh andúile dochar a dhéanamh do shláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch chomh maith le díobháil ábhartha do thomhaltóirí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú práinneach ar bhearnaí rialála atá ann cheana maidir le leochaileachtaí tomhaltóirí, patrúin dhorcha agus gnéithe andúile na seirbhísí digiteacha agus, i gcás inarb iomchuí, na bearnaí sin a dhúnadh;

4.á chur i bhfáth, in ainneoin creat dlíthiúil an Aontais atá ag athrú go láidir sa réimse digiteach, lena n-áirítear DSA nó an Gníomh um an Intleacht Shaorga, nach gcumhdaítear saincheist an dearaidh andúile go leordhóthanach i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, agus mura dtugtar aghaidh uirthi go bhféadfadh tuilleadh meatha i réimse na sláinte poiblí a bheith mar thoradh uirthi, go háirithe maidir le mionaoisigh; á mheas, mura dtugtar aghaidh ar an ábhar, gur cheart don Pharlaimint ceannaireacht a ghlacadh agus a ceart maidir le tionscnamh reachtach a úsáid; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar an reachtaíocht uile atá ann cheana a fhorfheidhmiú go láidir agus go tréan ar an ábhar leis an leibhéal trédhearcachta is airde is féidir; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na treoirlínte is gá faoi Airteagail 25 agus 35 de DSA a ghlacadh chuige sin;

5.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar na tionscnaimh bheartais a bhfuil gá leo agus reachtaíocht a mholadh i gcoinne dearadh andúile, i gcás inarb iomchuí agus inar gá; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun leibhéal cothrom cothroime ar líne agus as líne a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún ina athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha(11) (UCPD), ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí(12) agus ar an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha(13) — an tseiceáil oiriúnachta digití mar a thugtar uirthi — ardleibhéal cosanta a áirithiú sa timpeallacht dhigiteach agus aird á tabhairt ar dhul i ngleic leis na saincheisteanna atá ag dul i méid maidir le dearadh andúile, iompraíochta agus cúblála seirbhísí ar líne agus, laistigh den athbhreithniú sin, measúnú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘tomhaltóir’, ‘tomhaltóir leochaileach’ agus ‘trádálaí’ sa ré dhigiteach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé forfheidhmiú éifeachtach agus comhleanúnach dhlí na dtomhaltóirí a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha amhail leanaí;

6.á mheabhrú go bhfuarthas amach i staidéar iompraíochta an Choimisiúin maidir le cleachtais tráchtála éagóracha sa timpeallacht dhigiteach nach leor forálacha trédhearcachta i gcoinne patrúin dhorcha agus cleachtais phearsantaithe chúblála do thomhaltóirí ar an meán agus do thomhaltóirí leochaileacha araon chun a n-iarmhairtí diúltacha a chomhrac; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú práinneach ar an ngá atá le toirmeasc a chur ar na cleachtais is díobhálaí, nach bhfuil ar an liosta dubh go fóill mar chleachtais tráchtála mhíthreoracha in Iarscríbhinn I a ghabhann le UCPD nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais; á mheabhrú go bhféadfaí roinnt patrúin dhorcha agus cleachtais chúblála a thoirmeasc cheana féin faoin liosta de chleachtais tráchtála mhíthreoracha in Iarscríbhinn I a ghabhann le UCPD;ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann Airteagail 5 go 9 de UCPD maidir le dícheall gairmiúil, easnaimh agus gníomhaíochtaí míthreoracha, agus cleachtais ionsaitheacha bonn ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chothroime fhormhór na gcleachtas gnólacht le tomhaltóir;

7.á mheabhrú go dtugtar dá aire i measúnú an Choimisiúin ar thacsanomaíochtaí patrúin dhorcha go bhféadfar gnéithe dearaidh andúile áirithe a chur san áireamh sa reachtaíocht atá ann faoi láthair, lena n-áirítear an scrolláil gan teorainn agus an fheidhm réamhshocraithe uathseinnte; á chur i bhfáth nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht atá ann cheana gnéithe dearaidh andúile eile amhail brúfhógraí leanúnacha nó fógraí maidir le hadmhálacha léite; á mheabhrú go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann fós maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le dearadh comhéadain andúile; á chur i bhfios go láidir treoir UCDP; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé treoir a choinneáil cothrom le dáta agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i gcomhthéacs forbairtí teicneolaíochta nua; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú agus toirmeasc ar theicnící díobhálacha andúile nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht atá ann cheana;

8.á mheas gur cheart a chur san áireamh in aon athbhreithniú ar UCPD so-ghabhálacht na dtomhaltóirí mar gheall ar staid éagothrom na cumhachta sa chaidreamh idir an trádálaí agus an tomhaltóir a eascraíonn as tosca inmheánacha agus seachtracha nach bhfuil neart ag an tomhaltóir orthu; á chur i bhfáth nár cheart do chleachtais tráchtála trádálaithe an bonn a bhaint de neamhspleáchas na dtomhaltóirí, go háirithe dearadh agus oibriú an chomhéadain; chuige sin, á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do UCPD coincheap na neamhshiméadrachta digití a chomhtháthú; á thabhairt dá haire gur minic a bhíonn tomhaltóirí agus lucht forfheidhmithe araon sa dorchadas ar an méid a tharlaíonn taobh thiar de chomhéadain na seirbhísí ar líne mar gheall ar easpa eolais agus léargais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar an dualgas cruthúnais a aisiompú i gcás cleachtais ar chinn an Coimisiún nó na húdaráis náisiúnta ina leith nó a mheasann siad a bheith andúileach; á mheas gur cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais táirgí agus seirbhísí digiteacha eiticiúla agus cothroma a fhorbairt atá saor ó phatrúin dhorcha agus ó dhearadh míthreorach nó andúile; á mheas gur dícheall gairmiúil réasúnach atá i gceist leis sin; á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach torthaí dheaiseanna turgnamhaíochta na soláthraithe seirbhísí ar líne a chomhroinnt, i gcás inarb infheidhme, agus na héifeachtaí iarmhartacha ar na húsáideoirí ar a n-ardáin leis na húdaráis agus na tomhaltóirí chun éifeachtaí na ngnéithe deartha a chruthú, lena n-áirítear nach bhfuil gné an deartha andúileach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú agus athbhreithniú ar thástáil le tomhaltóirí i ndáil leis sin; á mheas go n-áirítear sa sainmhíniú ar ‘cinneadh idirbhirt’ in UCPD leanúint den tseirbhís a úsáid (e.g. scrolláil trí fhotha), chun féachaint ar inneachar fógraíochta nó chun cliceáil ar nasc, mar a thuairiscítear sna treoirlínte ón gCoimisiún maidir le UCPD; á athdhearbhú nach mór do dhlí cothrománach na dtomhaltóirí freagairt don fhíoras go ndéanann neamhshiméadracht dhigiteach difear freisin do lucht forfheidhmiúcháin agus chun na críche sin á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar an rialachán maidir le comhar i leith cosaint tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, é a neartú(14);

9.á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí andúile agus meabhairshláinte na gcóras moltaí bunaithe ar idirghníomhaíocht, go háirithe córais hipearphearsanaithe, a choinníonn úsáideoirí ar an ardán chomh fada agus is féidir seachas faisnéis a sholáthar dóibh ar bhealach níos neodraí agus aird ar leith a thabhairt ar sheirbhísí nach gcumhdaítear le hoibleagáidí faoi DSA; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún soiléiriú breise ar an measúnú riosca agus ar mhaolú na n-ardán an-mhór ar líne (VLOPanna) i ndáil leis na díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte mar thoradh ar dhearadh andúile na gcóras moltaí i bhforfheidhmiú Airteagail 34 agus 35 de DSA; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí scrúdú ar cibé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid gan úsáid a bhaint as córais mholta atá bunaithe ar idirghníomhaíocht ‘mar réamhshocrú’ inmhianaithe agus ar cheart do dhlí na dtomhaltóirí pearsantú fóinteach a thabhairt do thomhaltóirí leis an dlí sin, rud a thabharfadh rialú éifeachtach dóibh; á chur i bhfios go láidir gur léir ó theistiméireachtaí sceithirí gur féidir córais moltaí mhalartacha níos sábháilte a úsáid, amhail iad siúd atá bunaithe ar ord croineolaíoch, iad siúd a bhfuil smacht níos fearr ag úsáideoirí ar an inneachar a thaispeántar nó iad siúd atá bunaithe ar shocruithe níos sláine, á áitiú go ndéanfar tomhaltóirí a chosaint trí roghanna malartacha den sórt sin atá níos sábháilte fiú más rud é nach bhfuil na roghanna malartacha sin chomh brabúsach d’ardáin na meán sóisialta; á iarraidh go mbreathnódh an Coimisiún ar dheiseanna chun oscailt an bhonneagair líonra shóisialta a chur chun cinn ionas gur féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar fheidhmchláir tríú páirtí nó feidhmiúlachtaí seachtracha a chur leis na comhéadain bhunaidh agus, ar an gcaoi sin, imeacht ó ghnéithe bunaidh agus andúile na meán sóisialta;

Dearadh eiticiúil sheirbhísí ar líne

10.á éileamh, ina athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le dearadh andúile, go gcuirfidh an Coimisiún ‘ceart digiteach nach gcuirfear isteach air’ chun cinn, chun tomhaltóirí a chumhachtú, trí na gnéithe uile lena bhféachtar aird a tharraingt a mhúchadh trí dhearadh, agus trí chead a thabhairt d’úsáideoirí na gnéithe sin a ghníomhachtú trí mhodhanna simplí atá inrochtana go héasca, agus rabhadh éigeantach ceangailte leis seo maidir leis na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann na gnéithe rogha sin a ghníomhachtú, lena dtabharfar fíor-rogha agus fíor-uathriail do thomhaltóirí, gan ró-ualach faisnéise a chur orthu;

11.ag tathant ar an gCoimisiún dearadh eiticiúil seirbhísí ar líne a chothú mar réamhshocrú; á chreidiúint go láidir gur cheart do sholáthraithe imeacht ó ghnéithe ardáin a spreagann fócas ar aird úsáideoirí a mhonaplú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún liosta de dhea-chleachtais a chruthú maidir le gnéithe dearaidh nach bhfuil andúile ná cúblála agus a áiritheoidh go mbeidh smacht iomlán ag úsáideoirí agus gur féidir leo gníomhaíochtaí comhfhiosacha agus eolasacha a dhéanamh ar líne gan aghaidh a thabhairt ar ró-ualach faisnéise ná a bheith faoi réir tionchair fho-chomhfhiosacha; á chur i bhfáth nár cheart do ghníomhaíochtaí beartais sa réimse sin ualach a chur ar thomhaltóirí, go háirithe úsáideoirí leochaileacha nó a gcaomhnóirí dlíthiúla, ach aghaidh a thabhairt ar an díobháil a dhéanann dearadh andúile; á thabhairt dá haire go bhfuil dea-chleachtais ag baint le ‘smaoinigh sula roinneann tú’, na fógraí uile a mhúchadh mar réamhshocrú, moltaí níos neodraí ar líne, amhail iad siúd atá bunaithe ar ord croineolaíoch nó rialú méadaithe úsáideora, rogha tosaigh idir aipeanna daite agus liathscála, nó rabhaidh nuair a chaith úsáideoirí níos mó ná 15 nó 30 nóiméad ar sheirbhís shonrach nó ar ghlasanna uathoibríocha do sheirbhísí áirithe tar éis am réamhshocraithe úsáide, go háirithe do mhionaoisigh, an rogha a bheith ag úsáideoirí rochtain ar aipeanna áirithe a shrianadh idir amanna áirithe, go háirithe i gcás mionaoiseach, nó achoimrí seachtainiúla ar an am iomlán scáileáin, arna miondealú tuilleadh ag an tseirbhís ar líne nó ag feachtais feasachta i bhfeidhmchláir maidir le rioscaí féideartha a eascraíonn as iompraíochtaí fadhbacha ar líne; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart go gcuirfí straitéisí féinrialaithe chun cinn le húsáid fhorleathan treoirlínte oideachais agus pleananna coisctheacha chomh maith le feachtais ardaithe feasachta chun cabhrú le daoine aonair iompraíochtaí níos sábháilte ar líne agus nósanna sláintiúla nua a fhorbairt;

12.á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag aon fhreagairt ar leibhéal an Aontais comhairliúchán, comhar agus comhoibriú fóinteach a chruthú le geallsealbhóirí agus eatarthu, agus go mbeadh reachtóirí, comhlachtaí sláinte poiblí, gairmithe cúraim sláinte, an tionscal, go háirithe FBManna, chomh maith le rialtóirí na meán, eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha rannpháirteach ann go háirithe; á chur i bhfáth go moltar do gheallsealbhóirí oibriú i gcomhar le chéile chun gníomhaíochtaí maolaitheacha a fhorbairt, a mheasúnú agus a dhéanamh chun an díobháil a bhaineann le hiompraíochtaí achrannacha ar líne a chosc agus a íoslaghdú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún idirphlé fóinteach a éascú idir na geallsealbhóirí ábhartha uile; á chur i bhfios go láidir gur gá fóraim oiriúnacha a chur ar fáil don idirphlé sin;

13.á chur i bhfáth go bhfuil tionchar suntasach ag dearadh andúile ar gach duine aonair ach go háirithe ar leanaí agus ar dhéagóirí; á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh taighde a dhéanamh ar dhearadh andúile, ar a fhoirmeacha agus ar a éifeachtaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún taighde spriocdhírithe a chomhordú, a éascú agus a mhaoiniú agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún iarrachtaí idirnáisiúnta breise chun rialáil ar dhearadh andúile ar líne a chur chun cinn i ndáil leis sin agus an gá atá le tionscnaimh bheartais agus caighdeáin tionscail maidir le sábháilteacht trí dhearadh a chur chun cinn agus a chur chun feidhme i seirbhísí digiteacha agus i dtáirgí do leanaí ar féidir leo comhlíonadh chearta an linbh a chothú;

o
oo

14.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO C 87 E, 1.4.2010, lch. 122.
(2) IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.
(3) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(4) Average daily time spent using the internet by online users worldwide as of 4th quarter 2022, by age and gender, [Meán-am laethúil a chaitheann úsáideoirí ar líne ar fud an domhain ag úsáid an idirlín amhail ón 4ú ráithe de 2022, de réir aoise agus inscne, ] Statista, 22Bealtaine2023, https://www.statista.com/statistics/1378510/daily-time-spent-online-worldwide-by-age-and-gender/.
(5) Lopez-Fernandez, O. agus Kuss, D., Harmful Internet Use Part I: Internet addiction and problematic use, EPRS, STOA, lch. 51, /RegData/etudes/STUD/2019/624249/EPRS_STU(2019)624249_EN.pdf.
(6) Lopez-Fernandez, O. agus Kuss, D., Harmful Internet Use Part I: Internet addiction and problematic use, EPRS, STOA, lch. 51, /RegData/etudes/STUD/2019/624249/EPRS_STU(2019)624249_EN.pdf.
(7) Féach inter alia: Sohn, S., Rees, P., Wildridge, B., Kalk, N. J., agus Carter, B. R. (2019). Prevalence of problematic smartphone usage and associated mental health outcomes amongst children and young people: a systematic review, meta-analysis and GRADE of the evidence. BMC Psychiatry, 19, 2019. Peterka-Bonetta, J., Sindermann, C., Elhai, J.D., Montag, C., Personality associations with smartphone and internet use disorder: a comparison study including links to impulsivity and social anxiety. Front Public Health 7:127, 2019; Samra, A., Warburton, W. A., agus Collins, A. M., Social comparisons: A potential mechanism linking problematic social media use with depression. Journal of Behavioral Addictions, 2022; Laconi, S. et al. Cross-cultural study of Problematic Internet Use in nine European countries, In: Computers in Human Behavior, 84, lgh.430-440, 2018; Lopez-Fernandez, O. and Kuss, D. Harmful Internet Use Part I: Internet addiction and problematic use, EPRS, STOA, lch. 51; Cesarina Mason, M., Zamparo, G., Marini, A., agus Ameen, N. Glued to your phone? Generation Z's smartphone addiction and online compulsive buying In: Computers in Human Behaviour, Imleabhar 136, Samhain 2022; Learning to deal with Problematic Usage of the Internet, Eagrán Athbhreithnithe / COST Action 2023; Boer, M. #ConnectedTeens Social media use and adolescent wellbeing, 2022; Neophytou, E. Manwell, L.A. agus Eikelboom, R. Effects of excessive screen time on neurodevelopment, learning, memory, mental health, and neurodegeneration: a scoping review, Int J Ment Health Addiction, 19, 2019, lch. 724-744.
(8) Boer, M. #ConnectedTeens Social media use and adolescent wellbeing, 2022; Boer, M., Stevens, G. Finkenauer, C., van den Eijnden, R., Attention Deficit Hyperactivity Disorder-Symptoms, Social Media Use Intensity, and Social Media Use Problems, In Adolescents: Investigating Directionality, Child Development, 91, 4, 2020.
(9) Neophytou, E., Manwell, L.A. agus Eikelboom R., Effects of excessive screen time on neurodevelopment, learning, memory, mental health, and neurodegeneration: a scoping review Int J Ment Health Addiction, 19, 2019, lch. 724-744.
(10) Koning, I.M., et al., Bidirectional effects of internet-specific parenting practices and compulsive social media and internet game rules, Journal of Behavioral Addictions 2018, 624-632.
(11) Treoir 2005/29/CE an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach (IO L149, 11.6.2005, lch.22).
(12) Treoir 2011/83/AE an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí (IO L304, 22.11.2011, lch.64).
(13) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L95, 21.4.1993, lch.29).
(14) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L345, 27.12.2017, lch.1).

An nuashonrú is déanaí: 29 Bealtaine 2024Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais