Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 ar athchóiriú breise ar rialacha cánachais corparáide ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Threoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil(1) (an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna),
–ag féachaint do Threoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir le córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla(2) (an ‘Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí’),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh(3) (an ‘Treoir i gcoinne Seachaint Cánach’ nó ‘ATAD I’) agus Treoir (AE) 2017/952 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1164 a mhéid a bhaineann le neamhréireanna hibrideacha le tríú tíortha(4) (‘ATAD II’),
–ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE(5) (an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an Chánachais nó DAC 1), Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse an chánachais(6) (DAC 2), Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais(7) (DAC 3), Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais(8) (DAC 4), Treoir (AE) 2016/2258 ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin bhfrithsciúradh airgid ag údaráis chánach(9) (DAC 5), Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse an chánachais i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann(10) (DAC 6), agus Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais(11) (DAC 7),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí cánach san Aontas Eorpach(12) (Treoir AE um Réiteach Díospóidí),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2021/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise faoi cháin ioncaim ag gnóthais agus brainsí áirithe(13) (an Treoir um Thuairisciú de réir Tíre),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta agus do ghrúpaí intíre ar mhórscála san Aontas(14) (Treoir Cholún a Dó),
–ag féachaint do na tograí ón gCoimisiún atá le glacadh, go háirithe maidir le Comhbhonn don Cháin Chorparáide (), Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide () agus pacáiste cánachais dhigitigh ( agus ), chomh maith le seasaimh na Parlaiminte maidir leis na tograí sin,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15Eanáir2019 dar teideal ‘Towards a more efficient and democratic decision-making in EU tax policy’ [I dtreo cinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí i mbeartas cánach AE](15),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 dar teideal ‘An action plan for fair and simple taxation supporting the recovery strategy’ [Plean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh] (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18Bealtaine2021 dar teideal ‘Business taxation for the 21st century’ [Cánachas Gnó don 21ú hAois] (,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 dar teideal ‘The next generation of own resources for the EU Budget’ [An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais](16),
–ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (), chomh maith le seasamh na Parlaiminte maidir leis an togra sin(17),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 dar teideal ‘An adjusted package for the next generation of own resources’ [Pacáiste coigeartaithe don chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse](18),
–ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 6 Nollaig 2022,
–ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún ó mhí Eanáir 2022 dar teideal ‘costais chomhlíonta cánach do FBManna — Nuashonrú agus comhlánú: tuarascáil chríochnaitheach,
–ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa(19),
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críocha cánach ioncaim corparáidí (),
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh,
–ag féachaint don iarraidh ón gCoimisiún ar fhianaise le haghaidh measúnú tionchair an 13 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachais Ioncaim (BEFIT),
–ag féachaint don óráid ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis na hullmhúcháin do chruinniú na Comhairle Eorpaí an 20-21 Deireadh Fómhair 2022
–ag féachaint don óráid ar Staid an Aontais Eorpaigh a thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2022,
–ag féachaint do thuarascálacha tíre 2023 ón gCoimisiún ina Sheimeastar Eorpach,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Long-term competitiveness of the EU: looking beyond 2030’ [Iomaíochas fadtéarmach AE: ag breathnú tar éis 2030] (),
–ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2023 ón gCoimisiún maidir le cánachas(20),
–ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Márta 2023,
–ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hathchóiriú bheartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha(21) (lena n-áirítear athchóiriú an Ghrúpa um Chód Iompair),
–ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar AE(22),
–ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maille le moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh (obair leantach de chuid Pharlaimint na hEorpa ar Phlean Gníomhaíochta mhí Iúil ón gCoimisiún agus ar na 25 thionscnamh a ghabhann leis i réimse CBL, agus cánachas gnólachtaí agus cánachas daoine aonair)(23),
–ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le Creat Eorpach um Cháin Iarchoimeádta(24),
–ag féachaint do rún uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Impact of new technologies on taxation: cryprto and blockchain’ [Tionchar na dteicneolaíochtaí nua ar chánachas: criptea-airgeadra agus blocshlabhra](25),
–ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 19 Iúil 2013 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS),
–ag féachaint do na staidéir ón gCoimisiún maidir le ‘táscairí pleanála ionsaithí cánach’(26),
–ag féachaint do thuarascálacha críochnaitheacha ECFE/G20 BEPS i mí Dheireadh Fómhair 2015,
–ag féachaint don ráiteas ó Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS an 8 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Two-Pillar Solution to Address the Tax Challenges Arising from the Digitalisation of the Economy’ [Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair], ar tháinig 138 gcomhalta isteach ann agus ar chomhaontaigh 138 gcomhalta leis amhail ón 16 Nollaig 2022,
–ag féachaint do na tuarascálacha ar Threoirphleananna Cholún a hAon agus Cholún a Dó a ghlac Creat Cuimsitheach ECFE/G20 an 14 Deireadh Fómhair 2020, agus do thorthaí anailís eacnamaíoch agus measúnú tionchair ECFE an 12 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Tax Challenges Eising from Digitalisation — Economic Impact Assessment’ [Dúshláin Chánach a eascraíonn as an Digitiú — Measúnú Tionchair Eacnamaíoch],
–ag féachaint do rialacha samhla Cholún a Dó de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS an 20 Nollaig 2021 le haghaidh cur chun feidhme intíre 15% de cháin íosta dhomhanda,
–ag féachaint don ráiteas ó Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) dar teideal ‘Two-Pillar Solution to Address the Tax Challenges Arising from the Digitalisation of the Economy’ [Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a eascraíonn as an nGeilleagar a Dhigiteáil], ar tháinig 137 gcomhalta isteach ann agus ar chomhaontaigh 138 gcomhalta leis amhail ón 04 Samhain 2021,
–ag féachaint do Thogra ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2023 le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus níos Sábháilte i leith Cánacha Iarchoimeádta Iomarcacha (),
–ag féachaint do Dhlí Poiblí na Stát Aontaithe 117-169 an 16 Lúnasa 2022, ar a dtugtar an tAcht um Laghdú Boilscithe,
–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0359/2023),
A.de bhrí go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha féin a chinneadh, go háirithe a mbeartais chánach féin, mar a ráthaítear le Conarthaí AE, go háirithe an riail aontoilíochta a chumhdaítear iontu; de bhrí gur chun leasa na mBallstát é córas cánach a fheidhmíonn go maith chun bailiú cuí cánach a áirithiú; de bhrí, cé gur freagracht ar na Ballstáit den chuid is mó é an beartas cánach, go n-éilíonn an margadh aonair comhordú agus comhar i measc na mBallstát agus ar leibhéal AE maidir le beartas cánach a shocrú chun comhtháthú an mhargaidh aonair a chur chun cinn, chun saobhadh eacnamaíoch a sheachaint agus chun iomaíocht dhíobhálach cánach a sheachaint;
B.de bhrí gur inniúlacht náisiúnta faoi na conarthaí é an beartas cánach agus gur bunphrionsabal de dhlíchóras AE é ceannas cánach; de bhrí nach mór aontoilíocht, mar atá sé sna Conarthaí, a fhrithchothromú le leibhéal an-ard freagrachta ó na Ballstáit agus nach mór di a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis bunaithe ar Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach; de bhrí go gceadaítear leis an gcreat um reachtaíocht príomha sin ardleibhéal comhordaithe reachtaigh agus comhair riaracháin i measc Bhallstáit AE; de bhrí go bhfuil gá leis an gcomhordú agus leis an gcomhar sin chun sláine an Mhargaidh Aonair agus iomaíocht chánach atá cothrom agus trédhearcach a chaomhnú;
C.de bhrí nach gá go mbeadh leibhéal foriomlán níos airde cánachais i gceist leis an gcoincheap de chóras cánach atá cothrom agus éifeachtúil;
D.de bhrí go bhfuil saoránaigh na hEorpa ag streachailt chun greim a choinneáil faoin bhfiacail agus, sa bhreis ar theaghlaigh ar ioncam íseal, go bhfuil tionchar níos mó á imirt ar an meánaicme, agus go bhfuil dúshláin éagsúla os comhair roinnt cuideachtaí; de bhrí go bhfuil brabúis amhantair déanta ag cuideachtaí eile, go háirithe san earnáil fuinnimh;
E.de bhrí, amhail ón 4 Samhain 2021, gur tháinig 137 as 141 chomhalta de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS, lena n-áirítear Ballstáit uile AE, ar chomhaontú maidir leis an gcóras cánach idirnáisiúnta a athchóiriú trí réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an ngeilleagar a dhigiteáil, lena n-áirítear teorainneacha a comhaontaíodh go hiltaobhach a chur ar aistriú brabúis;
F.de bhrí gurb ionann FBManna faoi láthair agus beagnach gach fiontar san Aontas (AE-27+1) san earnáil ghnó neamhairgeadais (99,8%), dhá thrian d’fhostaíocht iomlán AE-28 (66,6%) agus beagán níos lú ná trí chúigiú (56,8%) den bhreisluach a ghineann an earnáil ghnó neamhairgeadais de réir thuarascáil an Choimisiúin maidir le ‘Costais chomhlíonta cánach do FBManna: Nuashonrú agus comhlánú mhí Eanáir 2022’;
G.de bhrí gur éirigh le plean gníomhaíochta BEPS teacht ar chomhdhearcadh laistigh de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS ina dtugtar le chéile os cionn 139 dtír agus dlínse maidir le go leor saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne na seachanta cánach agus na pleanála ionsaithí cánach;
H.de bhrí gur féidir tionchar a bheith ag pleanáil ionsaitheach cánach ar cháiníocóirí a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhlíonadh cánach agus ar iomaíochas cuideachtaí agus ar chobhsaíocht an ioncaim cánach; de bhrí gur féidir le pleanáil ionsaitheach cánach agus iomaíocht dhíobhálach cánach tionchar diúltach a imirt ar fheidhmiú an mhargaidh aonair;
I.de bhrí gur thug AE dea-shampla chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thrasuí i dtreoracha lena bhfeabhsaítear comhordú agus comhrac AE i gcoinne calaois chánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach; de bhrí gur léirigh na Ballstáit méid áirithe éagsúlachta maidir le haghaidh a thabhairt ar phlean gníomhaíochta ECFE maidir le BEPS;
J.de bhrí gur lean an Mheitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó dá cúram bearta díobhálacha cánach na mBallstát a shainaithint agus a shrianadh; de bhrí gur chomhaontaigh na hairí airgeadais an 8 Samhain 2022 an cód iompair a neartú; de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil roinnt cuideachtaí ag dul in oiriúint do rialacha nua cánach agus go bhféadfadh siad scéimeanna pleanála ionsaithí cánach a chur i bhfeidhm; de bhrí gur fhormheas tíortha rannpháirteacha ECFE/G20 pacáiste deiridh BEPS in 2015 chun an córas cánach idirnáisiúnta a athchóiriú chun dul i ngleic le seachaint cánach;
K.de bhrí go bhfuil athrú tagtha ar an meánráta ceannlíne cánach ioncaim corparáide i dtíortha AE ó 35% in 1995 go 21,2% in 2023;
L.de bhrí, amhail ó mhí an Mheithimh 2023, gur tháinig 143 dhlínse, lena n-áirítear Ballstáit uile AE, ar chomhaontú maidir leis an gcóras idirnáisiúnta cánach a athchóiriú trí réiteach dhá cholún;
M.de bhrí go bhforáiltear le comhaontú idirinstitiúideach atá ceangailteach ó thaobh dlí an 16 Nollaig 2020 do threochlár acmhainní nua a chur chun feidhme; de bhrí go bhfuil sé beartaithe leis na hacmhainní dílse nua a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2021 cuid d’aisíocaíocht Next Generation EU a chumhdach; de bhrí, i mí an Mheithimh 2023, gur mhol an Coimisiún acmhainn dhílis a mbeadh nasctha leis an earnáil chorparáideach;
N.de bhrí go gcuireann ilroinnt an bheartais cánach, castacht agus digiteáil neamhleor le cruthú constaicí éagsúla amhail éiginnteacht dhlíthiúil, rómhaorlathas, baol cánachais dhúbailte, deacrachtaí maidir le haisíocaíochtaí cánach a éileamh do chuideachtaí, lena n-áirítear oibrithe FBManna, daoine féinfhostaithe agus saoránaigh sa Mhargadh Aonar, de bhrí go ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann sa mhargadh aonair a dhíspreagadh leis na constaicí sin; de bhrí go bhfuil gá le comhar iltaobhach idir na Ballstáit agus le réitigh dhigiteacha a bheith á gcur chun feidhme go práinneach ag na Ballstáit lena simplítear agus lena laghdaítear costas an chomhlíonta cánach do ghnólachtaí chun na constaicí sin a shárú; de bhrí le hilroinnt beartais go mbíonn rioscaí i gceist freisin d’údaráis chánach amhail neamhchánachas dúbailte agus deiseanna arbatráiste (pleanáil cánach); de bhrí go bhfuil scéimeanna forbartha ag roinnt Ballstát a mbeadh cánachas níos ísle ná an ráta ainmniúil náisiúnta mar thoradh orthu, agus go bhféadfadh FBManna a bheith faoi mhíbhuntáiste iomaíoch mar gheall air sin;
O.de bhrí go leanann na Ballstáit d’ioncam cánach a chailleadh mar gheall ar chleachtais chánach dhíobhálacha, agus gurb amhlaidh, de réir meastachán, atáthar ag cailleadh, mar gheall ar sheachaint cánach corparáide, idir EUR36-37mbilliún agus EUR160-190 billiún in aghaidh na bliana; de bhrí go bhféadfadh ilroinnt beartais cur le costas an fhorfheidhmithe atá le seasamh ag na húdaráis chánach;
P.de bhrí gur cuireadh an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ar bhrabúis amhantair roinnt cuideachtaí ón earnáil fuinnimh;
Q.de bhrí, laistigh de Gheilleagar Sóisialta Margaidh AE, nár cheart go ndéanfadh leibhéil leormhaithe cánach mar aon le dlíthe cánach simplí soiléire saobhadh ar chinnteoireacht na ngníomhaithe eacnamaíocha; de bhrí gur cheart go dtacódh beartais fhónta chánach le cruthú post agus le fás eacnamaíoch agus go bhfeabhsófaí iomaíochas an Aontais agus a chuid Ballstát;
R.de bhrí nach mór ilroinnt an bheartais cánach sin a mhaolú le comhordú agus comhar méadaithe agus le tiomantas soiléir ó na Ballstáit maidir le treoracha i réimse an chánachais a thrasuí go tapa agus go hinniúil;
S.de bhrí go gceadaíonn formhór na gcóras cánachais chorparáidigh in AE asbhaintí flaithiúla cánach ar íocaíochtaí úis(27); de bhrí nach féidir costais maoinithe cothromais, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne, a asbhaint ar bhealach comhchosúil; de bhrí go bhfuil míbhuntáiste struchtúrach atá le sárú ag cuideachtaí a bhíonn ag brath ar mhaoiniú cothromais, go háirithe más cuideachtaí óga agus beaga iad a mbíonn tearc-rochtain acu ar chreidmheas; de bhrí go gcruthaíonn an claontacht sin dreasachtaí achrannacha i dtreo rófhéichiúnais; de bhrí gur féidir tionchar a bheith ag liúntais cothromais chorparáidigh ar ioncam cánach na mBallstát agus nach mór iad a cheapadh go cúramach;
T.de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag cuideachtaí príobháideacha, lena n-áirítear FBManna, sa tsochaí ós rud é gurb iad is mó a chruthaíonn fostaíocht; de bhrí, trína ngníomhaíocht ghnó, go gcruthaíonn na heagraíochtaí sin deiseanna fostaíochta do na milliúin daoine, rud a spreagann forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal ina bhfeidhmíonn siad; de bhrí, trí iomaíocht agus nuálaíocht a chothú, go gcuireann fiontair phríobháideacha éifeachtúlacht chun cinn maidir le leithdháileadh acmhainní, a mbíonn táirgiúlacht agus fás eacnamaíoch méadaithe mar thoradh air; de bhrí go ngineann gníomhaíocht ghnó phríobháideach ioncam cánach don stát freisin, ioncam is féidir a úsáid chun seirbhísí poiblí bunriachtanacha a mhaoiniú; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag fiontair phríobháideacha, mar na príomhchruthaitheoirí fostaíochta, i bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta na sochaithe, lena gcuirtear dul chun cinn ar aghaidh agus lena bhfeabhsaítear cáilíocht saoil na ndaoine;
U.de bhrí gur eisigh an Coimisiún togra le haghaidh sraith aonair rialacha cánach chun gnó a dhéanamh san Eoraip, is é sin Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachais Ioncaim (BEFIT);
V.de bhrí gur cheart go saothródh spreagadh reachtach an Choimisiúin maidir le cánachas tosaíochtaí soiléire a bhaineann le calaois chánach agus seachaint cánach a chomhrac, lena gcuirtear simpliú riaracháin, laghdú maorlathais agus maolú costas comhlíonta chun cinn, go háirithe maidir le FBManna;
1.á mheabhrú, cé gur freagracht de chuid na mBallstát i gcónaí é an beartas cánach, go n-éilítear leis an margadh aonair leibhéal áirithe comhair agus comhchuibhithe cánach chun é a chomhlánú, a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil cur chuige comhchoiteann maidir le beartais chánach ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhíobhálach cánach agus aistriú brabúis, chun seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac; á chur i bhfios go n-éilítear leis an gcomhar sin muinín fhrithpháirteach agus meon macánta ó na Ballstáit uile;
2.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cabhrú le cuideachtaí feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus cánachas corparáideach a dhéanamh níos simplí chun comhlíonadh, níos inbhuanaithe agus dírithe ar iomaíochas na hEorpa a fheabhsú;
3. á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht iomlán ar Bhallstáit AE as bailiú cuí cánach agus go bhfuil siad i dteideal cinneadh a dhéanamh maidir lena gcórais chánach féin agus urraim á tabhairt don mhargadh aonair agus do chearta cánach Ballstát eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag córais chánach a fheidhmíonn go maith agus ag riaracháin chánach náisiúnta i mbailiú cánach agus go bhfuil tábhacht ag baint le hioncam cánach inbhuanaithe i mbuiséid phoiblí na mBallstát;
4.ag cur sonrú sa phacáiste a chuir an Coimisiún ar aghaidh maidir le simpliú cánach do FBManna agus do BEFIT; ag cur sonrú sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Márta 2023 ina n-iarrtar go ndéanfaí an timpeallacht rialála ghinearálta a shimpliú agus go laghdófaí an t-ualach riaracháin, agus an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 ina gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil creat cánach AE ríthábhachtach chun tacú le fás agus infheistíocht phríobháideach, go háirithe trí bhacainní cánach ar infheistíocht trasteorann a bhaint agus go bhféachtar le ról an Aontais maidir le beartais chánach aghaidh a thabhairt ar shaobhadh, dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú agus a ilroinnt a chosc; á chur i bhfios go láidir gur gá réitigh a ghlacadh ar leibhéal an Aontais atá dea-dheartha, agus na córais atá ann cheana sna Ballstáit á gcur san áireamh agus nach gcuireann ualaí breise, díréireacha agus neamhriachtanacha ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna;
5.á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fíorthábhachtach pleanáil ionsaitheach cánach(28) agus imghabháil cánach a chomhrac agus cothroime fhioscach, trédhearcacht agus cinnteacht á gcur chun cinn ag an am céanna; á thabhairt chun suntais, trí aghaidh a thabhairt ar imghabháil cánach, ar sheachaint cánach agus ar phleanáil ionsaitheach cánach, go gcuirfear ioncam cánach breise ar fáil a chabhróidh le rialtais náisiúnta cánacha a choinneáil ar leibhéil a thacaíonn leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le tarraingteacht agus iomaíochas fioscach an Aontais;
6.á iarraidh ar an gCoimisiún a mheabhrú do na Ballstáit cur chun feidhme na moltaí i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus an measúnú ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta maidir le pleanáil ionsaitheach cánach;
7.ag aithint gníomhaíochtaí an Aontais roimhe seo i gcoinne imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach i gcomhréir le forbairtí idirnáisiúnta ar leibhéal ECFE/G20; á thabhairt dá haire go raibh an iliomad treoracha cánach ó 2011 i leith a bhfuil cánachas corparáideach níos cothroime, níos simplí agus níos éifeachtaí in AE mar thoradh orthu, agus líon níos airde oibleagáidí comhlíonta cánach ar chuideachtaí laistigh den Aontas(29); á thabhairt dá haire gur cheart gur mhó na tairbhí a bhaineann leis na treoracha sin ná na costais a ghabhann leis, agus nár cheart go mbeadh oibleagáidí maidir le comhlíonadh cánach ar chuideachtaí laistigh de AE, go háirithe FBManna, agus na costais ábhartha díréireach; á thabhairt dá haire freisin, áfach, gur cuireadh bac ar threoracha sa Chomhairle, amhail an Cháin ar Idirbhearta Airgeadais, nó tograí CCTB agus CCCTB; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, gur ghlac an Pharlaimint comhsheasamh maidir leis an Treoir um Chomhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide in 2018(30);
8.á chur in iúl gur saoth léi go ndearna na Ballstáit, i gcásanna áirithe, treoracha cánach a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair agus a bhféadfadh mí-ailíniú a fhágáil sna boinn chánach, níos mó maorlathais agus costais chomhlíontachta níos airde a bheith mar thoradh orthu; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar treoracha cánach a thrasuí go hiomlán agus go gcomhlíonfar leo na rúin a leagtar síos sa treoir; á chur in iúl gur saoth léi, ina leith sin, go bhfuil tionchar ag córais chánach náisiúnta, riaracháin chánach agus, go ginearálta, ag difríochtaí i riarachán poiblí níos leithne na dtíortha ar ualach an chomhlíonta, go háirithe do FBManna, ós rud é go gcaithfidh siad déileáil le suas le 27 gcóras cánach éagsúla, mar a thug an Coimisiún faoi deara i mí Eanáir 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí comhsheasmhacha, cothroma agus soiléire a dhéanamh maidir le trasuí na dtreoracha chuig Ballstáit aonair, agus maidir lena bhforfheidhmiú éifeachtach; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach an úsáid is fearr a bhaint as fóraim AE atá ann cheana chun a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht chánach AE a chur chun feidhme go comhleanúnach ar fud na mBallstát;
9.á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar ag an timpeallacht chánach, eadhon maidir le cánachas corparáideach, ar chinntí infheistíochta agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí ar cheann de na tosca a bhfuil tionchar acu ar chruthú post, ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ar iomaíochas;
An t-ualach comhlíonta ar chuideachtaí an Aontais, go háirithe FBManna, a laghdú
10.á thabhairt dá haire, de réir an Choimisiúin, go meastar gurb ionann na costais a bhaineann le comhlíonadh cánach a bhíonn ar fhiontair mhóra ilnáisiúnta agus thart ar 2% de na cánacha a íoctar, agus i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gurb ionann an meastachán sin agus thart ar 30% de na cánacha a íoctar; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil scéimeanna cánach forbartha ag roinnt Ballstát lena gceadaítear éagothromaíochtaí idir fiontair ilnáisiúnta agus FBManna, rud a chuireann FBManna faoi mhíbhuntáiste iomaíoch; á mheabhrú gurb iad FBManna na príomhfheabhsaitheoirí ar fhás eacnamaíoch agus ar chruthú post; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach beartais chánach a cheapadh ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh sé éasca iad a chur chun feidhme do chuideachtaí beaga, rud a laghdóidh na costais a thabhaíonn siad agus a laghdóidh a n-oibleagáidí riaracháin faoin reachtaíocht chánach;
11.á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar uile-Aontais a dhéanamh ar leibhéil na gcostas comhlíontachta cánach, de réir tíre agus meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar an gcás a sainaithníodh; ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an measúnú sin le tionscnamh chun dul i ngleic le costais arda chomhlíonta agus comhar a fheabhsú chun an t-ualach riaracháin a laghdú;
12.á thabhairt faoi deara go bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe fós casta ar leibhéal riaracháin ó thaobh cánach agus slándála sóisialta de sa mhargadh aonair; á thabhairt faoi deara, thairis sin, gur measa an tsaincheist sin mar gheall ar leitheadúlacht mhéadaithe na teilea-oibre;
13.á iarradh ar an gCoimisiún meastóireacht fhoriomlán a thíolacadh ar na gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo maidir le cánachas corparáideach ó 2011 i leith agus measúnú tionchair críochnúil a fhoilsiú ar na roghanna is fearr chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, a laghdú, chun na difríochtaí uile i dtrasuí in AE a mhapáil, agus chun réimsí le haghaidh simpliú a shainaithint agus chun a áirithiú go mbeidh tráthchlár réasúnach ag gnólachtaí atá faoi bhrú cheana féin chun beartais a chur chun feidhme; á chur chun suntais gur iarr an Chomhairle Eorpach an 22 Márta 2023 ar an gCoimisiún seiceálacha iomaíochais a dhéanamh maidir le tograí reachtacha nua, lena n-áirítear maidir le cánachas, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh tíolacadh aon togra nua, más gá, le feidhmiú rianúil, sláine agus cothrom na féinne sa Mhargadh Aonar agus nach gcruthófar ualach díréireach ar chuideachtaí leis; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur san áireamh freisin, i dtograí reachtacha nua maidir le cánachas, an chomhoiriúnacht le réitigh (lena n-áirítear réitigh dhigiteacha) a tugadh isteach cheana féin i mBallstáit aonair a chuidíonn leis an ualach ar ghnólachtaí a laghdú;
14.ag cur sonrú i dtoradh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 agus na tograí maidir le feabhas a chur ar iomaíochas AE agus an Margadh Aonair a neartú tuilleadh agus é mar aidhm leibhéal áirithe comhchuibhithe agus comhordaithe ar bheartais chánach a bhaint amach laistigh de na Ballstáit chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc agus tacú le rath eacnamaíoch cuideachtaí ag an am céanna; ag fanacht leis an togra a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an 19 Deireadh Fómhair 2022 chun seiceáil chaighdeánach ar iomaíochas a thabhairt isteach i rialacháin an Aontais; á chur i bhfios gur cheart iomaíochas gheilleagar AE a mheas agus reachtaíocht chánach nua á forbairt; ag dréim leis gur cheart don iomaíochas caighdeáin saothair agus shóisialta AE atá ann cheana a urramú go hiomlán;
15. á chur in iúl gur geal léi Plean REPowerEU agus a thosaíochtaí agus á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar bhearta cánach a chomhtháthú chun dlús a chur le feidhmiú cistí, chun iomaíochas níos fearr a bhaint amach agus chun cabhrú le FBManna, le cuideachtaí agus le hearnáil na tionsclaíochta cuspóirí an chláir sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta mar a mhol an Coimisiún;
16.ag cur sonrú sa díospóireacht athnuaite maidir le dreasachtaí cánach tar éis ghlacadh Rialacha Samhla Cholún a Dó lena ráthaítear íosleibhéal cánachais ioncaim chorparáidigh éifeachtaigh ag 15% agus mar fhreagairt ar Ghníomh um Laghdú Boilscithe na Stát Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar thástáil ar chreidmheasanna cánach, go háirithe faoi chuimsiú chreat athbhreithnithe státchabhair AE; á thabhairt dá haire, mar sin féin, gur cheart gach cinneadh a dhéanamh ar bhealach comhordaithe chun feidhmiú an mhargaidh aonair a chaomhnú, i gcomhréir le dlíthe iomaíochta agus chun iomaíocht idirnáisiúnta maidir le fóirdheontais a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé d’aidhm le dreasachtaí cánach fíor-infheistíochtaí a mhealladh, agus ábhair imní maidir le sochaí atá ag dul in aois, caighdeáin saothair agus shóisialta cuibhiúla, agus na haistrithe glasa agus digiteacha á gcur san áireamh;
17.á thabhairt dá haire go bhféadfaidh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar dhul i mbun beartas maidir le hinfheistíochtaí caipitil a íoc go hiomlán agus forálacha liúntais chaipitil a dhéanamh buan chun infheistíochtaí réadacha a fheabhsú, go háirithe infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt agus chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, chomh maith le cuidiú le hiomaíochas na hEorpa; á mheas go bhfuil gá le cur chun feidhme comhordaithe, dearadh cúramach agus dícheall suntasach riaracháin ar mhaithe le bealach d’fhóirdheontais chánach gan údar nó do mhí-úsáid cánach a chosc chun infheistíochtaí caipitil a íoc go hiomlán; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh na beartais sin fite fuaite le faireachán rialta agus le hanailísí iarmharta;
18.á iarraidh ar na Ballstáit, i bhfianaise rátaí arda boilscithe, an t-ualach ar chuideachtaí a mhaolú, go háirithe FBManna, mar shampla trí bhearta cánach sealadacha chun an méadú ar chostais fuinnimh a mhaolú agus chun úsáid a bhaint as an ioncam breise bunaithe ar phraghsanna fuinnimh níos airde chun faoiseamh díreach agus spriocdhírithe a sholáthar chun cabhrú leis na saoránaigh is leochailí agus leis an meánaicme agus chun an t-ualach ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí a mhaolú, go háirithe FBManna a raibh tionchar tromchúiseach ag an ngéarchéim orthu;
Comhaontú Cholún a Dó
19.a chur in iúl gur geal léi gur comhaontaíodh an réiteach dhá cholún ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le cearta cánachais a leithdháileadh agus íosráta cánach éifeachtach 15% a chur i bhfeidhm maidir le brabúis dhomhanda FINanna agus glacadh Threoir Cholún a Dó lena gcuirtear an comhaontú idirnáisiúnta i ndlí an Aontais chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt don Pharlaimint maidir le rath phróiseas daingniúcháin chomhaontú cholún 2 i dtíortha nach bhfuil san Aontas;
20.á thabhairt dá haire, sa bhreis ar dhul i ngleic le timpeallacht ghnó luaineach agus le líon méadaitheach treoracha cánach AE, go bhfuil cuideachtaí ag díriú a n-acmhainní airgeadais agus daonna ar rialacha Cholún a Dó a chur i bhfeidhm agus ar threoir ECFE agus léirmhínithe breise ó Bhallstáit aonair á n-urramú; ag cur sonrú sa phacáiste a chuir an Coimisiún ar aghaidh an 12 Meán Fómhair 2023 maidir le simpliú cánach do FBManna, BEFIT agus praghsáil aistrithe; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis na comhaid éagsúla agus le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar rialacha Cholún a Dó, eadhon i gcomhthéacs na n-aidhmeanna a bhfuiltear ag súil leo, anailís costais is tairbhe, an comhrac i gcoinne imghabháil agus seachaint cánach, iomaíocht dhíobhálach cánach agus ioncam cánach níos airde;
21. á thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag rialacha Cholún a hAon agus Cholún a Dó ach amháin maidir le FINanna ag a bhfuil láimhdeachas os cionn na dtairseach, faoi seach, de EUR 20 billiún agus le brabúsacht níos mó ná 10% agus EUR 750 milliún; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil formhór na gcuideachtaí, go háirithe FBManna, díolmhaithe ón gcomhaontú sin; ag cur sonrú in iarrachtaí an Choimisiúin BEFIT a fhorbairt ar chomhaontú idirnáisiúnta cholún 2 agus ar Threoir Cholún a Dó de chuid AE;
22.á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh comhaontú Chreat Cuimsitheach G20/ECFE beartaithe mar phacáiste arb é is aidhm leis an dá cholún a bheith i bhfeidhm ag an am céanna; ag cur sonrú i Ráiteas Deiridh Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 an 11 Iúil 2023 maidir leis an Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digiteáil an Gheilleagair; á chur in iúl gur oth léi na seichimh ama éagsúla i gColún a hAon agus i gColún a Dó; ag cur sonrú go cuí sa chás idirnáisiúnta maidir le trasuí threoracha cholún a haon agus cholún a dó;
23.ag cur sonrú san athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an Meitheal um an gCód Iompair maidir lena raon feidhme a leathnú in 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an Meitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó measúnú a thíolacadh ar athchóirithe a rinneadh roimhe seo; á mheabhrú an tseasaimh uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 lena n-áirítear bearta cánach measúnaithe as a n-eascraíonn leibhéil ísle chánachais i gcomhréir le colún 2;
24.á thabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhféadfaí acmhainn dhílis nua a thabhairt isteach bunaithe ar chreat BEFIT ach í a bheith glactha i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i ndáil le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (comhaontú idirinstitiúideach)(31); á mheabhrú, má chuirtear moill ar chur chun feidhme Cholún 1 thar an sainordú reatha, go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún tobhach digiteach a chur ar aghaidh; á thabhairt dá haire gur athdhearbhaigh an Coimisiún a admháil go bhfuil BEFIT ábhartha freisin ó thaobh acmhainní dílse de;
25.á mheabhrú gur léirigh Parlaimint na hEorpa cheana féin agus ar ócáidí éagsúla, lena n-áirítear sa rún maidir le ‘Acmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais, tús nua don Eoraip’(32), a glacadh le déanaí, tacaíocht d’acmhainní dílse nua atá nasctha le cánachas corparáide amhail comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide (CCCTB), cáin ar sheirbhísí digiteacha agus, le déanaí, don acmhainn dhílis atá bunaithe ar ‘Colún a hAon’ i gcomhthéacs chreat cuimsitheach ECFE maidir le BEPS; á mheabhrú, thairis sin, a hiarraidh ar Cháin ar Idirbhearta Airgeadais (FTT) ar fud an Aontais agus meastóireacht a dhéanamh, mar roghanna breise, ar dhleacht mháil ar athcheannach scaireanna ag corparáidí mar a mholtar in Acht na Stát Aontaithe um Laghdú Boilscithe agus i gcreat cánach iarchoimeádta comhchoiteann caighdeánaithe;
26.á thabhairt chun suntais gur gá d’acmhainní dílse nua dea-cheaptha atá bunaithe ar chánacha corparáideacha a bheith go hiomlán comhoiriúnach leis an gcuspóir maidir le córas cánach simplithe, gur féidir leo cothroime fhioscach a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí a shainaithint idir nuachóiriú rialacha cánach agus acmhainní dílse bunaithe ar cháin a d’fhéadfadh a bheith ann;
27.ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún maidir le hacmhainn dhílis idirthréimhseach bunaithe ar staidreamh atá nasctha leis an earnáil chorparáideach, a d’fhéadfaí a chur chun feidhme go dtí go bhféadfaí acmhainn dhílis a bhunú a bheadh nasctha le BEFIT; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, leis an acmhainn dhílis sin, arna ceapadh go comhleanúnach, gur cheart go spreagfadh sí na Ballstáit chun dlús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le BEFIT;
28.á iarraidh an athuair ar na Ballstáit na hacmhainní dílse nua a ghlacadh atá ceaptha aisíocaíocht chostais iasachtaíochta NextGenerationEU (NGEU) a chumhdach agus a chuid beartas agus tosaíochtaí a chistiú go leordhóthanach a luaithe is féidir;
I dtreo córas cánach corparáide níos comhordaithe agus simplithe (BEFIT)
29.á thabhairt dá haire go bhfuil BEFIT agus Pacáiste Faoiseamh FBManna maidir le cánachas comhlántach agus go ndírítear leo araon ar shimpliú a fheabhsú do ghnólachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun cabhrú leis na Ballstáit uile bogadh i dtreo córas cánach simplithe, éifeachtach agus iomaíoch chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, a laghdú; ag aithint gur réitigh eile iad nósanna imeachta aisíocaíochta, asbhaintí agus dlíthíocht a shimpliú chun an t-ualach riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna; ag cur sonrú, i ndáil leis sin, sa togra ón gCoimisiún ó mhí an Mheithimh 2023 maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus níos Sábháilte i leith Cánacha Iarchoimeádta Iomarcacha (FASTER) arb é is aidhm leis borradh a chur faoin infheistíocht trasteorann agus cabhrú le mí-úsáid cánach a chosc trí nósanna imeachta cánach iarchoimeádta a athchóiriú agus á iarraidh go ndéanfar é a ghlacadh agus a chur chun feidhme go pras;
30.á thabhairt dá haire, ó 1997, gurb é an Cód Iompair maidir le Cánachas Gnó príomhionstraim an Aontais chun iomaíocht dhíobhálach cánach i measc cuideachtaí a chosc; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit, sa chreat sin, a mbearta cánach atá ann cheana, arb ionann iad agus iomaíocht dhíobhálach cánach, a athscrúdú, a leasú nó a dhíothú, agus staonadh ó bhearta nua a thabhairt isteach amach anseo; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, na conclúidí ón gComhairle ón 8 Samhain 2022 maidir leis an athchóiriú ar an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó i ndáil le raon feidhme na mbeart cánach atá faoi ghrinnscrúdú agus cleachtais dhíobhálacha chánach laistigh den Aontas á scrúdú; á iarraidh ar an Meitheal um an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó leas iomlán a bhaint as a sainordú athbhreithnithe;
31.ag iarraidh ar an gComhairle leanúint den chaibidlíocht maidir leis an togra ó UNSHELL gan a thuilleadh moille; á mheabhrú rún tosaigh an Choimisiúin agus an tseasaimh ón bParlaimint an 17 Eanáir 2023(33);
32.ag tnúth leis na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag BEFIT agus HOT ar chastacht an chreata dhlíthiúil do chórais cánach corparáide a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hinfheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh, iomaíochas AE a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, an baol go n-athlonnófaí cuideachtaí chuig tíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú; ag cur sonrú sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas gnó don 21ú haois ina luaitear go bhfuil ‘easpa comhchórais cánach corparáide sa Mhargadh Aonair ina bhac ar iomaíochas ... agus go gcruthaíonn sé míbhuntáiste iomaíoch i gcomparáid le margaí tríú tíortha’; á mheabhrú go laghdaítear freisin, le creat níos simplí, na féidearthachtaí maidir le pleanáil ionsaitheach chánach;
33.ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún maidir le BEFIT, d’fhonn leabhar rialacha nua agus aonair AE maidir le cáin chorparáide a cheapadh mar aon le comhbhonn cánach maidir le cánachas ioncaim do ghnólachtaí; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear soiléireacht agus intuarthacht ar fáil do chuideachtaí leis an togra nua, agus go n-éascófar gníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann leis; á chur i bhfáth nach mór le haon togra mar sin comhaontuithe ar thángthas orthu nó plé atá ar siúl ar an leibhéal domhanda lena gcosnaítear leasanna an Aontais a chur san áireamh; á athdhearbhú gurb iad na comhaontuithe maidir le creataí cánach corparáide is éifeachtaí nuair a thagtar orthu ar an leibhéal domhanda;
34.á chur in iúl go dtuigeann sí gur deis é tionscnamh BEFIT chun dul i ngleic leis na costais a bhaineann le comhlíonadh cánach agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus ag an am céanna cuidiú le pleanáil ionsaitheach chánach a íoslaghdú agus cothrom na Féinne a chothú do FBManna; á mheas gur cheart réiteach bealaí éalaithe lena gceadaítear imghabháil cánach, seachaint cánach agus calaois chánach a chumhdach i dtionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais; á thabhairt dá haire go n-éilítear leis sin obair leanúnach ar an gcreat cánach corparáide chun coigeartuithe a dhéanamh i ndáil leis sin;
35.á mheabhrú go measann sí gur cheart tacú le tionscnamh BEFIT tríd an bpróiseas polaitiúil chun tacaíocht pholaitiúil a chothú don athrú; ag cur sonrú sa tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair lena soiléirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó thionscnaimh chánach corparáide a bhí ann roimhe seo agus lena gcuirtear isteach na naisc le Cur Chuige Dhá Cholún ECFE;
36.á chur in iúl gur geal léi na cuspóirí atá beartaithe do BEFIT, mar a tugadh aghaidh orthu sa ghlao ón gCoimisiún ar fhianaise maidir le measúnú tionchair, chun athléimneacht gnólachtaí a mhéadú trí laghdú a dhéanamh ar an gcastacht a eascraíonn as tacair éagsúla rialacha cánach náisiúnta agus na costais chomhlíonta a bhíonn ar ghnólachtaí an Aontais a bhfuil oibríochtaí trasteorann acu, chun bacainní ar infheistíocht trasteorann a bhaint agus chun an margadh aonair a dhéanamh níos tarraingtí d’infheistíocht idirnáisiúnta, chun timpeallacht a chruthú atá fabhrach don fhás cothrom inbhuanaithe tríd an mbealach a réiteach do shimpliú riaracháin, agus chun ioncam cánach inbhuanaithe a sholáthar do bhuiséid náisiúnta na mBallstát, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i bhfianaise na ndúshlán aeráide agus sóisialta atá roimh an ngeilleagar faoi láthair; á mheas go bhféadfadh cur chun feidhme leabhair rialacha cánach aonair cabhrú leis an bhféidearthacht i dtaobh iomaíocht dhíobhálach cánach agus seachaint cánach idir na Ballstáit a laghdú agus rialacha maidir le cáin chorparáide á simpliú san Aontas ag an am céanna;
37.á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag riaracháin chánach maidir le cur chun feidhme athchóiriú BEFIT a áirithiú; ag moladh go ndéanfaidh na Ballstáit modhanna leordhóthanach a leithdháileadh, lena n-áirítear oiliúint, agus tríd an gclár FISCALIS a bheidh ann amach anseo;
38.á mheabhrú gur breithníodh trí thoisc leis na hiarrachtaí a rinne an tAontas roimhe seo chun leabhar rialacha coiteann a shainiú: saothar, sócmhainní agus díolacháin; ag cur sonrú i dtiomantas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh, laistigh d’athbhreithniú cuimsitheach ar riail an aistrithe, ar leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh chun leithdháileadh foirmle-bhunaithe a thabhairt isteach maidir le bonn cánach BEFIT;
39.á thabhairt dá haire go mbíonn ar chuideachtaí a dhéanann gnó ar fud AE déileáil le dlíthe cánach agus le húdaráis chánach éagsúla; ag cur sonrú sa smaoineamh go mbeadh ionad ilfhreastail ann lena bhféadfaí tuairisceán comhdhlúite cánach amháin a chomhdú mar bhealach féideartha chun ualaí riaracháin a laghdú agus chun bacainní cánach ar an Margadh Aonair a íoslaghdú; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun córas ríomhchomhdaithe a thabhairt isteach a rachaidh chun tairbhe don cháiníocóir; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gá tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar bhonn na cánach corparáide chun ionad ilfhreastail a thabhairt isteach agus foirmle a bhunú chun cearta cánachais a leithdháileadh go cothrom agus go héifeachtach idir na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfaí an t-ionad ilfhreastail a thástáil do ghrúpaí gnó atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair agus rialacha cholún a dó á gcur i bhfeidhm, agus rialacha nua BEFIT á n-ionchorprú níos déanaí mar obair leantach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 (), inar leagadh béim ar a úsáidí atá ionaid ilfhreastail chun bacainní a bhaint;
40.á mheas gur cheart go dtiocfadh gach gnólacht an-mhór atá ag feidhmiú in AE faoi raon feidhme thogra BEFIT a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfreastalófar ar éilimh shonracha FBManna, trí BEFIT a choinneáil roghnach do FBManna, go háirithe iad siúd nach ndéanann gnó trasteorann; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, aon togra lena gceadaítear do ghnólachtaí beaga a bheith ag brath ar chreat maidir le cánachas corparáideach deonach, simplithe agus comhchuibhithe;
41.á chur i bhfáth go léirítrear leis an gclaontacht fiachais-cothromais sa chánachas corparáideach, lena gceadaítear asbhaintí flaithiúla cánach ar íocaíochtaí úis, cé nach féidir costais maoinithe cothromais a asbhaint ar an gcaoi chéanna, na míbhuntáistí struchtúracha a bhíonn roimh chuideachtaí atá ag brath ar mhaoiniú cothromais, ar minic gur cuideachtaí beaga iad nach bhfuil ar an bhfód le fada agus nach bhfuil an rochtain chéanna acu ar chreidmheas; á thabhairt dá haire, san am a chuaigh thart, gur baineadh mí-úsáid as lamháltais le haghaidh cothromas corparáideach trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha; ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 lena dtugtar aghaidh ar an gclaontacht fiachais-cothromais mar bhealach chun maoiniú trí mhargaí caipitil a chur chun cinn seachas maoiniú fiachais a dhídhreasú, agus ag an am céanna aitheantas á thabhairt d’úinéireacht na mBallstát i saincheisteanna cánachais agus do chinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 scrúdú ar an togra a chur ar fionraí; á iarraidh ar an gComhairle athmheasúnú a dhéanamh ar an gcaibidlíocht maidir leis an togra sin agus í a atosú, b’fhéidir, le cabhair ón gCoimisiún; ag tacú le forálacha láidre i gcoinne seachaint a ionchorprú, lena n-áirítear iad siúd a leagtar síos in Airteagal 5 sa togra ón gCoimisiún agus á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, ar na Ballstáit ardleibhéal cosanta i gcoinne chreimeadh an bhoinn a ráthú;
42.á mheas go ndéanfaí deimhneacht chánach a threisiú dá mbeadh comhthuiscint ag na Ballstáit ar a bhfuil i gceist le dreasachtaí cánach neamhshaobhacha; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mboscaí paitinní agus na gcóras eile maoine intleachtúla (IP) faoi chur chuige nua an chumarphointe a shainítear i nGníomhaíocht 5 de Phlean Gníomhaíochta BEPS maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha;
43.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit borradh suntasach a chur faoi bhuiséid taighde, forbartha agus nuálaíochta chun an cuspóir 3% de OTI AE a bhaint amach ar bhealach comhordaithe; á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh dreasachtaí cánach spriocdhírithe arna gcur i bhfeidhm ar bhealach atá freagrach go fioscach a bhaineann leis an taighde agus an fhorbairt phríobháideach (e.g. trí chreidmheasanna cánach, liúntais fheabhsaithe nó sceidil dímheasa choigeartaithe) a bheith ina gcuidiú le caiteachas príobháideach a mhéadú chun na gcríoch sin, rud a d’fhéadfadh seachtrachtaí dearfacha a bheith ag gabháil leis go minic; á chur i bhfáth gur cheart anailís rialta a dhéanamh ar na seachtrachtaí dearfacha sin agus gur cheart í a choigeartú nó a aisghairm, má theipeann ar na dreasachtaí an toradh atá beartaithe a bhaint amach, ag cur sonrú sa mheasúnú go bhfuil na dreasachtaí sin níos éifeachtaí do FBManna más rud é gur dreasachtaí bunaithe ar chaiteachas iad(34); á chur i bhfios go láidir nach mór na dreasachtaí cánach sin a bheith i gcomhréir go docht leis na dlíthe atá ann cheana agus le tosaíochtaí polaitiúla foriomlána AE; á mheabhrú nach raibh an caiteachas corparáideach ar thaighde agus forbairt ach comhionann le 1,5% de OTI AE in 2020, i gcomparáid le 2,6% sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin, de réir thuarascáil infheistíochta 2022/2023 ón mBanc Eorpach Infheistíochta; á thabhairt dá haire go bhféadfadh an t-easnamh sin iomaíochas fadtéarmach AE a laghdú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 inar spreagadh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a thíolacadh ar na dreasachtaí cánach is éifeachtaí agus is éifeachtúla don taighde agus forbairt phríobháideach;
44.á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí nua chun feabhas a chur ar luas, éifeachtúlacht, iontaofacht, trédhearcacht agus athléimneacht nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le cáin; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhféadfaidh an Coimisiún obair leantach a dhéanamh ar an measúnú tionchair sin le togra chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis chánach, agus leas á bhaint aige as dea-chleachtais arna sainaithint, as a dtiocfaidh timpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí, a mbeidh níos lú maorlathais, costais chomhlíonta agus ró-ualach riaracháin ag gabháil leo;
o oo
45.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
An Coimisiún Eorpach, Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críocha cánach ioncaim corparáidí, (SWD(2022)0145).
Féach go háirithe na Treoracha i gcoinne Seachaint Cánach (ATAD I agus ATAD II), na leasuithe ar an Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (DAC 1 go DAC 7), an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí, Treoir an Aontais maidir le Réiteach Díospóidí, an Treoir maidir le Tuairisciú Poiblí de réir Tíre, nó Treoir Cholún a Dó.
An Fochoiste um Ghnóthaí Cánach, éisteacht maidir le ‘Ról na ndreasachtaí cánach agus na ndíolúintí cánach faoi chuimsiú athchóiriú an chánachais chorparáidigh agus i gcur chun cinn iomaíochas gheilleagair na hEorpa’, 11 Iúil 2022.