Na réigiúin is forimeallaí (RFanna)
Tacaíonn an tAontas Eorpach le forbairt a réigiún is iargúlta, ar a dtugtar na réigiúin is forimeallaí: ҳܲ岹ú, Guáin na Fraince, La Réunion, Martinique, Mayotte agus Saint-Martin (an Fhrainc), na hAsóir agus Ѳé (an Phortaingéil), agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn). Is é an aidhm atá leis an tacaíocht sin ná na srianta a thagann as iargúltacht gheografach na réigiún sin a chúiteamh.
An bunús dlí
Airteagal349 agus Airteagal355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
ú
Tá cuid de chríocha Bhallstáit AE lonnaithe in áiteanna ar domhan atá i bhfad ón Eoraip. Bíonn ar na réigiúin sin, ar a dtugtar na réigiúin is forimeallaí (RFanna), dul i ngleic le roinnt deacrachtaí a bhaineann lena gcuid saintréithe geografacha, go háirithe iargúltacht, oileánachas, méid bheag, topagrafaíocht agus aeráid achrannach. Tá siad spléach go heacnamaíoch ar chúpla táirge (táirgí talmhaíochta nó acmhainní nádúrtha go hiondúil). Is bac iad na tréithe sin ar a bhforbairt amach anseo.
Tá naoi réigiún fhorimeallacha ann faoi láthair:
- Cúig roinn thar lear de chuid na Fraince – Martinique, Mayotte, ҳܲ岹ú, Guáin na Fraince agus La Réunion;
- Comhphobal thar lear amháin de chuid na Fraince – Saint-Martin;
- Dhá réigiún fhéinrialaitheacha de chuid na Portaingéile – Ѳé agus na hAsóir;
- Comhphobal féinrialaitheach amháin de chuid na Spáinne – na hOileáin Chanáracha.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann na réigiúin is forimeallaí agus tíortha agus críocha thar lear AE (TCTanna). Tá 13TCT ann atá nasctha go bunreachtúil leis an Danmhairg, an Fhrainc agus an Ísiltír. Ní cuid den mhargadh aonair iad na TCTanna agus ní mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar ar thíortha nach tíortha den Aontas iad ó thaobh na trádála de a chomhlíonadh, go háirithe rialacha tionscnaimh, caighdeáin sláinte agus sláinte plandaí agus bearta coimirce. Le hAirteagal355 CFAE tugtar cead don Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh an Bhallstáit lena mbaineann, leasú a dhéanamh ar stádas tíre nó críche thar lear de chuid na Fraince, na Danmhairge nó na hÍsiltíre (i.e. RFanna nó TCTanna) gan a bheith uirthi CFAE a leasú. Go dtí deireadh2011, mar shampla, bhí Saint-Barthélemy ar cheann de na réigiúin is forimeallaí de AE, ach in2012 rinneadh TCT de. Tharla a mhalairt i gcás Mayotte in2014, ar réigiún é a bhí ina TCT agus a ndearnadh RF de le Cinneadh ó Chomhairle na hEorpa.
Tá cónaí ar thart ar chúigmhilliún duine sna réigiúin is forimeallaí, agus tá fás suntasach daonra tagtha ar chuid acu mar gheall ar inimirce. Tá ráta fáis an daonra nádúrtha réasúnta ard freisin, toisc go bhfuil an daonra i bhfad níos óige sa chuid is mó de na réigiúin sin ná mar atá ar mhórthír an Aontais. In2020, bhí na rátaí fostaíochta sna réigiúin is forimeallaí uile faoi bhun mheán an Aontais, ó43% in Mayotte go71% sna hAsóir. Ní raibh ach ráta dífhostaíochta faoi bhun mheán an Aontais (6.1%) ag na hAsóir agus bhí na rátaí sna hOileáin Chanáracha agus Mayotte os cionn trí huaire níos airde ná an meán. In ainneoin rátaí arda dífhostaíochta, is iad na hOileáin Chanáracha an t-aon réigiún is forimeallaí ina bhfuil cion na ndaoine idir25 agus 64 bliana d’aois a bhfuil oideachas treasach acu os cionn mheán an Aontais (34.4% in2020).
Tábla: Sonraí faoi na réigiúin is forimeallaí
Fad ón bpríomhchathair náisiúnta (km) | Limistéar (km2) | Daonra (*) | OTI per capita mar chéatadán de mheán AE (AE=100)(**) | |
---|---|---|---|---|
AE-27 | - | 4225127 | 446828803 | 100 |
An Fhrainc | - | 638475 | 67842582 | 104 |
An Phortaingéil | - | 92227 | 10352042 |
76 |
An Spáinn | - | 505983 | 47432805 |
83 |
Na hAsóir | 1548 | 2322 | 236488 |
67 |
Na hOileáin Chanáracha | 1850 (an meán do na hoileáin ar fad) | 7447 | 2252237 |
62 |
ҳܲ岹ú | 7578 | 1685 | 407810 |
69 |
Guáin na Fraince | 7841 | 83751 | 296058 |
46 |
Ѳé | 1041 | 802 | 251182 |
69 |
Martinique | 7641 | 1108 | 352205 |
76 |
La Réunion | 9921 | 2504 | 869993 |
68 |
Saint-Martin(***) | 6700 | 86(53 do thaobh na Fraince) | 32358 |
- |
Mayotte | 8444 | 367 | 299022 |
30 |
(*) Sonraí sealadacha le haghaidh2022, foinse: Eurostat. (**) Foinse: . (***) Sonraí le haghaidh2020, foinsí: Institut national de la statistique et des études économiques, (Institiúid Náisiúnta na Fraince um Staitisticí agus Staidéar Eacnamaíoch), an Fhrainc, agus Ministère des Outre-Mer (Aireacht na Fraince Thar Lear); níl aon sonraí faoi OTI le fáil le tamall anuas. |
In ainneoin go bhfuil fad mór idir iad agus mór-roinn na hEorpa, is cuid lárnach den Aontas Eorpach iad na réigiúin is forimeallaí, agus tá reachtaíocht agus comhaontuithe AE infheidhme ina iomláine ina gcríoch. Mar gheall ar a suíomh geografach ar leith agus na deacrachtaí lena mbaineann, ba ghá beartais de chuid AE a chur in oiriúint dá gcás sonrach, áfach.
Baineann na bearta ábhartha go háirithe le réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, agus coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus táirgí bunriachtanacha do thomhaltóirí. Anuas air sin, is féidir na rialacha maidir le Státchabhair agus na coinníollacha maidir le rochtain ar Chistí Struchtúracha agus ar chláir chothrománacha AE a chur in oiriúint do riachtanais na réigiún sin (e.g. leithdháiltí speisialta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) ar RFanna).
Seachas leithdháiltí speisialta CFRE, baineann RFanna leas freisin, i réimse na talmhaíochta, as clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánachas, arna gcistiú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta. Díríonn an clár sin ar dhá chineál beart:
- Socruithe sonracha soláthair atá ceaptha chun laghdú a dhéanamh ar na costais bhreise soláthair a bhaineann le táirgí bunriachtanacha don duine, don phróiseáil nó lena n-úsáid mar ionchuir thalmhaíochta;
- Bearta chun tacú leis an táirgeadh áitiúil talmhaíochta.
Leanann an tAontas Eorpach de thacaíocht a thabhairt do na réigiúin is forimeallaí trí . Leithdháileadh cistiú breise de EUR1928milliún faoi CFRE ar na Réigiúin is Forimeallaí2021-2027. Le comhar críochach Eorpach, tabharfar aghaidh freisin ar chuspóir nua (sraith) dá ngairtear ‘comhar na réigiún is forimeallaí’ (Interreg D), lena n-éascaítear lánpháirtiú na réigiún is forimeallaí agus forbairt chomhchuibhithe ina réigiúin. Tá buiséad de EUR281mhilliún ag gabháil leis an tsraith seo. Ina theannta sin, cé go bhfuil an gnáthráta cómhaoinithe do chláir Interreg cothrom le80%, socraítear an ráta cómhaoinithe do na réigiúin is forimeallaí ag85% ar a mhéad.
Straitéis AE maidir leis na réigiúin is forimeallaí
I mí Dheireadh Fómhair2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach dar teideal ‘Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach’. Moladh cur chuige nua sa straitéis chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na riachtanais shonracha atá ag gach ceann de na naoi réigiún is forimeallaí in AE. Ar an gcaoi sin, cabhraíodh leo deiseanna nua a chruthú do na háitritheoirí, borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin nuálaíocht in earnálacha amhail an talmhaíocht, iascach agus turasóireacht, agus an comhar le tíortha comharsanacha a fheabhsú.
An 3Bealtaine2022, ghlac an Coimisiún do na réigiúin is forimeallaí, arb é is aidhm di leas a bhaint as a n-acmhainneacht trí infheistíocht agus athchóirithe iomchuí. Cuireann sé sin le comhairliúchán poiblí, chomh maith le comhairliúcháin spriocdhírithe agus cruinnithe déthaobhacha leis na Ballstáit, agus baineann sé leas freisin as aighneachtaí ón bParlaimint, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó na réigiúin is forimeallaí iad féin. Bunaithe ar chúig bhunchloch, cuirtear tograí chun cinn sa straitéis i roinnt réimsí, lena n-áirítear beartas sóisialta, sláinte, Státchabhair, fuinneamh agus acmhainneacht riaracháin.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Cé gurb í an Chomhairle Eorpach a dhéanann gach cinneadh maidir le cé na réigiúin a mbronntar stádas mar cheann de na réigiúin is forimeallaí orthu, tá ról gníomhach ag Parlaimint na hEorpa maidir le tacú leis na RFanna.
Tá an chumhacht chéanna ag Parlaimint na hEorpa is atá ag Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an reachtaíocht a bhaineann leis na beartais is tábhachtaí de chuid AE, amhail beartais réigiúnacha, talmhaíochta, iascaigh agus oideachais. Cuireann Parlaimint na hEorpa cás sonrach na réigiún is forimeallaí san áireamh ina cuid oibre agus tacaíonn sí le tionscnaimh atá dírithe ar bhorradh a chur faoina bhforbairt.
Le linn na gcaibidlíochtaí ar an gcreat rialála, thacaigh Parlaimint na hEorpa leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh cóir dhifreáilte ann i gcás na réigiún is forimeallaí maidir le rátaí cómhaoinithe, forálacha speisialta CFRE maidir le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair, agus rialacha sonracha maidir le cláir Interreg.- Thairis sin, ghlac Parlaimint na hEorpa in2014 maidir le barr feabhais a chur ar acmhainn na réigiún is forimeallaí trí shineirgí a chruthú idir na Cistí Struchtúracha agus cláir eile an Aontais Eorpaigh. Sa ú sin, chuir sí in iúl go bhfuil tréithe speisialta ag RFanna agus chuir sí béim ar an ngá atá le sineirgí idir tacaíocht na gCistí Struchtúracha do RFanna agus na cláir ar leibhéal AE amhail Fís2020[1], LIFE+[2] agus COSME[3].
In2017, ghlac Parlaimint na hEorpa maidir le comhtháthú agus forbairt a chur chun cinn i réigiúin is forimeallaí AE: Tá sé dírithe ar chur chun feidhme Airteagal349 CFAE, lena gcumhdaítear réimsí amhail beartas trádála AE, beartas muirí, iascaigh agus fás gorm, beartas comhtháthaithe, an comhshaol agus fuinneamh.
An 14Meán Fómhair2021, ghlac Parlaimint na hEorpa dar teideal ‘I dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas’. Le béim láidir ar an dul chun cinn mór a rinneadh faoi chreat airgeadais ilbhliantúil2021-2027, tugtar faoi deara sa tuarascáil a thábhachtaí atá sé na socruithe do na réigiúin is forimeallaí bunaithe ar Airteagal349 CFAE a choinneáil ar bun agus a thábhachtaí atá sé réiteach a dhéanamh idir an dá riachtanas a bhaineann lena dtáirgeadh áitiúil a chosaint agus dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála.
An 7Meitheamh2022, ghlac Parlaimint na hEorpa dar teideal ‘Oileáin AE agus beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo’. Cuireadh in iúl sa ú gur oth léi easpa físe AE d’oileáin na hEorpa agus iarradh sa ú go dtabharfaí faoi shraith gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí idir na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin is forbartha, gníomhaíochtaí a dhíreodh ar an talmhaíocht agus ar an ngeilleagar gorm.
An 13Meitheamh2023, ghlac Parlaimint na hEorpa ú maidir leis an measúnú ar an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis na réigiúin is forimeallaí. Iarrtar sa ú go ndéanfaí Airteagal 349 CFAE a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le caipiteal daonna, leis an ngeilleagar gorm, leis an aeráid, leis an aistriú digiteach agus le spás, i measc nithe eile.
Frédéric Gouardères