Réigiún an Aigéin Chiúin
Tá gnéithe polaitiúla, eacnamaíocha agus forbartha ag baint le caidreamh an Aontais Eorpaigh le réigiún an Aigéin Chiúin. Is é an tAontas an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag réigiún an Aigéin Chiúin.
Is iad an Astráil agus an Nua-Shéalainn comhpháirtithe an Aontais atá ar aon intinn leo, a bhfuil dúshláin gheostraitéiseacha choiteanna rompu agus a chuireann an t-iltaobhachas agus an t-ord domhanda riailbhunaithe chun cinn. I mí an Mheithimh 2018, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú saorthrádála cuimsitheach idir an tAontas agus an Astráil agus bhí an cúigiú babhta dhéag de chaibidlíochta ar siúl i mí Aibreáin 2023. Shínigh an tAontas comhaontú saorthrádála (CST) leis an Nua-Shéalainn i mí Iúil 2023.
Tá comhpháirtíocht ag an Aontas le 15 Thír Oileánacha an Aigéin Chiúin (PICanna) lena ndírítear ar fhorbairt, ar iascach agus ar an athrú aeráide, chomh maith le comhpháirtíochtaí leis na trí Thír agus Críoch Thar Lear san Aigéan Ciúin (TCTLanna).
Bunús dlí
- Teideal V (gníomhaíocht sheachtrach AE) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
- Teidil I-III agus V (comhbheartas tráchtála; comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil; comhaontuithe idirnáisiúnta) an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
- Creat-chomhaontú idir an tAontas agus an Astráil:
- Comhaontú Comhpháirtíochta idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach maidir le Caidreamh agus Comhar (CCCC);
- Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile ()
An tAontas Eorpach agus réigiún an Aigéin Chiúin
Tá caidreamh seanbhunaithe, luachanna comhroinnte agus naisc láidre eacnamaíocha agus trádála idir AE agus réigiún an Aigéin Chiúin. Tá comhpháirtíochtaí forbartha ag an Aontas sa réigiún leis an Astráil, leis an Nua-Shéalainn, leis na 15 PIC agus leis na trí TCTL.
Is comhpháirtithe iad an tAontas Eorpach, an Astráil agus an Nua-Shéalainn a bhfuil dearcadh, luachanna agus leasanna comhroinnte acu. Oibríonn AE i ndlúthchomhar leis an dá thír, ar bhonn idir-rialtasach agus san earnáil phríobháideach, ar fud raon leathan saincheisteanna, amhail an t-athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste, an trádáil dhomhanda bunaithe ar rialacha, slándáil agus forbairt, taighde teicneolaíochta agus cearta an duine.
Go traidisiúnta, bhí caidreamh AE le hoileáin an Aigéin Chiúin bunaithe ar chomhar um fhorbairt faoi chuimsiú na comhpháirtíochta idir AE agus Comhaltaí ESACC. Le blianta beaga anuas, leathnaíodh an caidreamh sin go hearnálacha eile amhail an comhshaol, dea-rialachas, fuinneamh, athrú aeráide, iascach agus cearta an duine.
A. An Astráil agus an Nua-Shéalainn
1. An Astráil
Tá comhpháirtíocht fhadbhunaithe idir an tAontas Eorpach agus an Astráil a théann siar go dtí na 1960idí. Is é an bunús atá leis an gcaidreamh atá ann faoi láthair agus tá sé dírithe ar idirphlé polaitiúil, saincheisteanna slándála, comhar idirnáisiúnta, an geilleagar agus trádáil, ceartas, cultúr agus oideachas, fuinneamh agus an comhshaol. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Tá an Astráil ina comhpháirtí trádála tábhachtach don Aontas Eorpach. In 2022, ba é an tAontas , arbh fhiú EUR56.4 bhilliún an trádáil eatarthu ina hiomláine. Is í an Astráil an naoú comhpháirtí trádála déag is mó atá ag an Aontas agus is iad innealra, ceimiceáin agus táirgí talmhaíochta príomhchatagóirí easpórtála an Aontais. Is iad mianraí, amhábhair agus earraí monaraithe príomhonnmhairithe na hAstráile chuig AE.
Ó 2018 i leith, tá comhaontú saorthrádála cuimsitheach á chaibidliú ag an Aontas agus ag an Astráil, comhaontú a d’éascódh malartuithe tráchtála idir an dá pháirtí. Tharla an 15ú babhta caibidlíochta i mí Aibreáin 2023 sa Bhruiséil, ach níor tháinig na páirtithe ar chomhaontú, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta. An 31 Lúnasa 2023, cuireadh tús arís le cainteanna saorthrádála le teileachomhdháil idir Aire Trádála na hAstráile, Don Farrell, agus Coimisinéir Trádála an Aontais, Valdis Dombrovskis.
Tionóladh an cruinniú is déanaí de , lenar dírídodh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an t-ionchas straitéiseach athraitheach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, cur chun cinn an daonlathais, an smacht reachta, cearta an duine agus an t-ord iltaobhach riailbhunaithe, an t-athrú aeráide, an comhshaol agus an bhithéagsúlacht, baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, cearta an duine agus saothair, fuinneamh, an claochlú digiteach agus míreanna déthaobhacha eile.
2. An Nua-Shéalainn
Tá caidreamh AE-Nua Shéalainn á rialú faoi láthair ag (CCCC), a síníodh agus . Éascaíonn CCCC rannpháirtíocht dhéthaobhach trí idirphlé polaitiúil a neartú agus trí chomhar a fheabhsú i dtaca le cúrsaí eacnamaíocha agus trádála chomh maith le raon leathan réimsí eile, idir nuálaíocht, oideachas agus cultúr, agus imirce, frithsceimhlitheoireacht, an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na cibearchoireachta, agus comhar breithiúnach. Dhírigh an chéad tar éis theacht i bhfeidhm CCCC i mí Feabhra 2023 ar an mbeartas eachtrach, go háirithe i gcomhthéacs fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus leathadh na Síne, ar an tslándáil, trádáil, taighde agus nuálaíocht, ar fhorbairt inbhuanaithe, ar chearta an duine agus ar chúrsaí ceartais. D’fháiltigh na ceannairí roimh thabhairt chun críche na caibidlíochta faoi chomhaontú saorthrádála agus comhlachas na Nua-Shéalainne leis an gclár taighde Fís Eorpach agus roimh shíniú comhaontaithe maidir le sonraí pearsanta a mhalartú. Chomhaontaigh an Nua-Shéalainn agus an tAontas a gcomhar maidir leis an athrú aeráide a dhoimhniú, lena n-áirítear trí Idirphlé Ardleibhéil faoin aeráid agus faoin talmhaíocht, laistigh den Idirphlé Straitéiseach Idirnáisiúnta maidir le Talmhaíocht.
Is é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Nua-Shéalainn i ndiaidh na Síne agus na hAstráile. In 2022, bhí luach EUR9.1billiún ar an . I measc phríomhonnmhairí na Nua-Shéalainne go dtí an tAontas, bhí bia agus amhábhair agus i measc phríomhonnmhairí AE go dtí an Nua-Shéalainn bhí innealra agus trealamh iompair.
Tar éis próiseas caibidlíochta 12 bhabhta, ar cuireadh tús leis in 2018, . Is é is aidhm don chomhaontú deiseanna eacnamaíocha a chruthú agus caighdeáin aeráide agus saothair a chaomhnú. D’fhormhuinigh an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) toiliú na Parlaiminte i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus thug an seisiún iomlánach a thoiliú don chomhaontú an 22 Samhain 2023. Agus 83 % de na vótaí i bhfabhar, is é an comhaontú saorthrádála leis an Nua-Shéalainn an comhaontú trádála is mó a d’fhormhuinigh Parlaimint na hEorpa go dtí seo, fiú agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin á shárú, comhaontú a fuair tromlach 71 % de na vótaí i mí na Nollag 2018. Ós rud é gur comhaontú ‘de chuid an Aontais amháin’ é an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, ní mór é a dhaingniú ar leibhéal an Aontais amháin, agus níl sé faoi réir a dhaingnithe ag Ballstáit aonair. Amhail ó mhí an Mhárta 2024, bhí na nósanna imeachta riachtanacha uile curtha i gcrích ag an Nua-Shéalainn agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024. Leis an gcomhaontú saorthrádála, méadófar onnmhairí iomlána na Nua-Shéalainne chuig an Aontas faoi NZD 1.8 billiún in aghaidh na bliana.
Ina theannta sin, is í an Nua-Shéalainn an chéad tír ardtionsclaithe lasmuigh den Eoraip a bhfuil baint aici leis an gclár Fís Eorpach um thaighde agus um nuálaíocht. I mí Feabhra 2023, tionscnaíodh an Líonra Fiontar Eorpach in Wellington, rud a fhágann gurb í an Nua-Shéalainn an chéad tír agus go dtí seo an t-aon tír nach bhfuil san Aontas nó is iarrthóir chun tairbhe a bhaint as Líonra Fiontar Eorpach – tionscnamh de chuid an Aontais lena dtacaítear le fiontair nuálacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá gníomhach sa taighde, sa digitiú, i saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid agus líonrú.
B. Tíortha eile i réigiún an Aigéin Chiúin
Tá achar comhcheangailte 528 000 km2 ag na 15 PIC[1] agus is cuid de OACPS iad. Tá caidreamh an Aontais leis na PICanna dírithe ar chomhar um fhorbairt, ar rialachas na n-aigéan agus ar an athrú aeráide.
Tá straitéis AE -à- na PICanna leagtha amach i dTeachtaireacht Chomhpháirteach ó 2012 dar teideal ‘’ [I dtreo comhpháirtíocht athnuaite forbartha idir AE agus réigiún an Aigéin Chiúin] agus rinneadh í a nuashonrú le in 2021. Ag an am sin, tógadh é ar chreat Chomhaontú Cotonou le tíortha ESACC. I mí na Samhna 2023, shínigh an tAontas agus ESACC . I measc phríomhghnéithe an Chomhaontaithe nua áireofar an comhar maidir le trádáil agus infheistíocht, forbairt agus réigiúnú. Cumhdaítear ann líon mór réimsí amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an fás, cearta an duine, an tsíocháin agus an tslándáil, agus é mar aidhm leis comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn. Cuireadh tús le cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe an 1 Eanáir 2024. Feidhmóidh sé mar chreat dlíthiúil nua agus rialaíonn sé an caidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus comhair idir an tAontas agus na 78 gcomhalta de ESACC go ceann 20 bliain.
Tá an Comhaontú Comhpháirtíochta nua bunaithe ar bhonn comhchoiteann, ina leagtar amach na luachanna agus na prionsabail a thugann an dá pháirtí le chéile. Ina theannta sin, tugtar isteach trí phrótacal réigiúnacha shonracha don Afraic, do Mhuir Chairib agus do réigiún an Aigéin Chiúin agus é mar aidhm leo comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn. Leis na prótacail réigiúnacha, déantar foráil maidir le struchtúir uathrialacha a bhunú a shaothróidh go neamhspleách caidreamh le AE agus leis na trí réigiún éagsúla lena mbaineann. Foráiltear leis an gComhaontú freisin go mbeidh gné láidir pharlaiminteach ag a mbeidh Comhthionól Parlaiminteach buan a mbeidh ról comhairliúcháin soiléir aige. Ina theannta sin, chun gné láidir réigiúnach an Chomhaontaithe nua a léiriú, áirítear ann freisin trí thionól pharlaiminteacha réigiúnacha, a bheidh ag feidhmiú go neamhspleách agus a mbeidh ról comhairleach soiléir acu. Cuireadh seasamh na Parlaiminte in iúl i dtrí rún (4 Deireadh Fómhair 2016; 14 Meitheamh 2018 agus 28 Samhain 2019) áit ar chur sí fáilte roimh an leagan amach foriomlán don chomhar idir ESACC agus an tAontas, agus inar athdhearbhaigh sí a thábhachtaí atá gné pharlaiminteach na comhpháirtíochta. Is é an tAontas an is mó atá ag réigiún ESACC, le trádáil arbh fhiú EUR 4 bhilliún í in 2022. Rinne an Pharlaimint an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus réigiún an Aigéin Chiúin () a dhaingniú i mí Eanáir 2011 agus dhaingnigh Nua-Ghuine Phapua é i mí na Bealtaine 2011. Thosaigh Rialtas Fhidsí ag cur an chomhaontaithe i bhfeidhm i mí Iúil 2014. D’aontaigh Samó don chomhaontú agus thosaigh sé á chur i bhfeidhm i mí na Nollag 2018. D’aontaigh Oileáin Sholomón don chomhaontú freisin agus thosaigh siad á chur i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2020. D’fhógair Tonga a rún aontú don CCE in2018. Tá an chaibidlíocht sin fós ar bun.
Is é an tAontas Eorpach an tríú deontóir is mó de chúnamh forbartha do thíortha ESACC i ndiaidh na hAstráile agus na Seapáine. Is ionann méid chúnamh forbartha an Aontais don Aigéan Ciúin do na blianta 2021-2027 agus thart ar EUR750 milliún (lena n-áirítear tíortha agus críocha thar lear)
Tá an Ionstraim nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (an Eoraip Dhomhanda) anois ar an bpríomhionstraim chistiúcháin do chomhar agus d’fhorbairt AE le tíortha comhpháirtíochta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do2021 go2027. Tá comhtháthú déanta aige, i measc ionstraimí eile, ar an gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF), a bhí lasmuigh de bhuiséad AE roimhe seo. Le comhtháthú CEF i mbuiséad an Aontais, cuirtear le cumhachtaí grinnscrúdaithe na Parlaiminte agus cuidítear le dlisteanacht phoiblí agus infheictheacht pholaitiúil chúnamh seachtrach AE ina iomláine a neartú.
Tá dúshláin mhóra maidir le forbairt agus leis an aeráid roimh thíortha PIC. Maidir leis an athrú aeráide, thacaigh an tAontas agus Stáit Oileánacha Bheaga an Aigéin Chiúin i mBéal Forbartha le Comhaontú Pháras a bhunú ag 21ú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) in2015. Ba é Fidsí a bhí ina chathaoirleach ar an 23ú seisiún (COP 23), a tionóladh in Bonn, an Ghearmáin, ón 6 go dtí an 17Samhain2017.
Grúpa polaitiúil de 18 chomhalta atá i bhFóram Oileáin an Aigéin Chiúin agus is idirghabhálaí don Aontas é i dtaca le cistiú forbraíochta agus caibidlíocht trádála. Tá na tíortha agus críocha seo a leanas sa ghrúpa sin: An Astráil, Oileáin Cook, an Mhicrinéis, Fidsí, Cireabas Nárú, an Nua-Shéalainn, Niue, Oileáin Palau, Nua-Ghuine Phapua, Oileáin Marshall, Samó, Oileáin Sholaimh, Tonga, Tuvalu, Vanuatú, an Nua-Chaladóin agus Polainéis na Fraince. Is iad an Nua-Chaladóin agus Polainéis na Fraince, in éineacht le Wallis agus Futuna, na trí OCT sa réigiún.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Téann caidreamh na Parlaiminte le parlaimintí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne siar go 1979, tráth a cuireadh an Toscaireacht don Chaidreamh leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn (DANZ) ar bun. Ó shin i leith, bíonn cruinnithe idirpharlaiminteacha (CIPanna) ar siúl go rialta idir DANZ agus parlaimintí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne chun caidreamh leis an dá thír a chothú agus chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna comhleasa amhail an talmhaíocht, fuinneamh, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, forbairt agus comhar eacnamaíoch, eolaíocht agus teicneolaíocht, trádáil, cur chun cinn na slándála domhanda agus réigiúnaí i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus cearta an duine. Tionóladh an42ú CIP idir an tAontas agus an Astráil, arb é an cruinniú is déanaí é, sa Bhruiséal i mí na Nollag2020. Ina theannta sin, d’óstáil an Bhruiséil an 27ú CIP idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn i mí Feabhra 2023.
Tá ionadaíocht á déanamh don Pharlaimint maidir lena caidreamh le tíortha eile an Aigéin Chiúin ag an Toscaireacht chun an Chomhthionóil Pharlaimintigh idir OACPS agus AE (DACP). Mar aon le OACPS, tá DACP páirteach sa chomhthionól (CP idir ESACC agus AE), atá comhdhéanta de líon comhionann ionadaithe AE agus ESACC. Is é príomhchúram na toscaireachta cruinnithe CP idir ESACC agus AE a ullmhú, meastóireacht agus obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, cruinnithe a eagrú le daoine ardleibhéil de chuid ESACC, agus saincheisteanna tráthúla i ndáil le cur chun feidhme Chomhaontú Samó a phlé. Tionóladh an chéad seisiún den Chomhthionól Parlaiminteach idir ESACC agus AE in Luanda, Angóla an 21 Feabhra 2024 faoin téama: A New Dawn in OACPS-Caidreamh AE: Towards a People-Led Partnership [Tús Ré Nua sa Chaidreamh idir ESACC agus AE: I dtreo Comhpháirtíochta faoi stiúir Daoine. . Ar imeall an chruinnithe sin, tionóladh an cruinniú bunaidh den Tionól Parlaiminteach idir an tAigéan Ciúin agus an tAontas Eorpach.
Jonas Kraft / Anna Parfjonova