Ϸվ

Mar chuid den réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i gcoitinne, tá tábhacht gheostraitéiseach ríthábhachtach ag an Áise Thoir don Aontas Eorpach, agus tá sí ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin thábhachtacha don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. á athrú tapa ag teacht ar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus mar áit chónaithe do níos mó ná 50% de dhaonra an domhain, tá sé ag iompú ina phríomhréigiún geostraitéiseach. Téann dhá thrian de thrádáil coimeádán an domhain tríd an Ind-Chiúin-Aigéanach agus is iad a lánaí farraige na príomhbhealaí le haghaidh soláthairtí trádála agus fuinnimh. Glacadh i mí Mheán Fómhair 2021 chun rannpháirtíocht AE a mhéadú, chun comhpháirtíochtaí a thógáil agus chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a atreisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Chun tacú lena , tá ionstraimí reatha an Aontais á n-oiriúnú aige. Leis an , arna fhormheas go foirmiúil ag an gComhairle i mí an Mhárta 2022, cuirtear chun cinn ailtireacht slándála réigiúnach atá oscailte agus bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear bealaí muirí slána, fothú acmhainneachta agus láithreacht fheabhsaithe chabhlaigh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach. á ábhar imní slándála ann don Áise Thoir, amhail an bhagairt núicléach sa Chóiré Thuaidh, díospóidí muirí i Muir na Síne Thoir agus Theas, agus saincheist na Téaváine. Is gníomhaí láidir eacnamaíoch é an tAontas san Áise Theas agus tá sé ag obair chun trádáil chóir, iltaobhachas, forbairt institiúidí, daonlathas, dea-rialachas agus cearta an duine a chothú.

Tugann an bhileog eolais seo tuairisc ar réigiún na hÁise Thoir. Féach freisin na bileoga eolais ar an Áise Theas (5.6.7) agus ar an Áise Thoir Theas (1.2.4).

Bunús dlí

  • Teideal V (gníomhaíocht sheachtrach AE) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
  • Airteagail206-207 (trádáil) agus Airteagail216-219 (comhaontuithe idirnáisiúnta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
  • Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair (caidreamh déthaobhach).

An tSín (Daon-Phoblacht na Síne)

Bhunaigh an tAontas Eorpach agus an tSín naisc taidhleoireachta fhoirmiúla in 1975. Cuireadh an caidreamh ar fionraí tar éis do na fórsaí míleata na hagóidí ag Cearnóg Tiananmen a chur faoi chois go foréigneach in 1989. Ní dhearna AE an caidreamh a athbhunú arís go dtí 1994, ach tá an trádbhac arm a forchuireadh in 1989 fós i bhfeidhm. Ós rud é nach bhfuil aon sainmhíniú coiteann mionsonraithe ag an Aontas ar ‘thrádbhac arm’, fágtar faoi na Ballstáit aonair an bhrí a léirmhíniú i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.

Faoin Uachtarán Xi Jinping, tá athrú suntasach tagtha ar staid pholaitiúil na Síne ó 2012. , gan aon teorainn téarma ar phost ardrúnaí Pháirtí Cumannach na Síne, ar phost an chinn stáit agus an airm. á cur chuige níos ionsaithí agus níos comhéigní glactha le beartas eachtrach na Síne le déanaí, leis an líon is mó de phearsanra míleata gníomhach atá ar fáil ar domhan. Is í an tSín an dara caiteoir míleata is mó ar domhan, tar éis na Stát Aontaithe, agus meastar gur leithdháil sí , méadú 6 % ó 2022. I mí an Mheithimh 2022, sheol an tSín go hoifigiúil a tríú hiompróir aerárthaigh, an Fujian (ainmnithe tar éis an chúige os coinne na Téaváine), mar chuid d’iarracht leanúnach chun fórsa iomlán nua-aimseartha a thógáil a bheidh in iomaíocht le míleata na Stát Aontaithe faoi 2027. á an ceathrú iompróir á thógáil sa tSín freisin, agus tuairiscítear go bhféadfadh sé a bheith faoi thiomáint cumhachta núicléiche. á fórsaí cabhlaigh na Síne ag tógáil longa cogaidh ar ráta níos tapúla ná na cumhachtaí eile go léir le chéile. á an tSín ag leathnú agus ag méadú a láithreacht mhíleata i Muir na Síne Theas, i gCaolas na Téaváine agus i gCaolas Malacca, atá ríthábhachtach don trádáil idirnáisiúnta.

Léirítear idirspleáchas méadaitheach eacnamaíoch agus geopholaitiúil AE-na Síne sa , lena ndearnadh an comhar a dhoimhniú agus a leathnú i raon leathan réimsí, amhail an beartas eachtrach agus slándála; forbairt eacnamaíoch; rialachas domhanda agus comhar iltaobhach sa trádáil agus san infheistíocht; réimsí sóisialta agus comhshaoil; agus i réimsí eile lena n-áirítear teagmhálacha duine le duine. Mar sin féin, tháinig meath ar an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an tSín in 2022, go háirithe mar thoradh ar sheasamh na Síne maidir le fogha na Rúise san Úcráin, maidir lena frithbhearta i gcoinne smachtbhannaí AE maidir le cearta an duine, agus le déanaí maidir lena comhéigean eacnamaíoch agus fogha i gCaolas na Téaváine.

ճáԾ agus agus d’athdhearbhaigh siad bailíocht chur chuige ilghnéitheach an Aontais i leith na Síne a leagtar amach i : mar chomhpháirtí; mar iomaitheoir; agus mar iomaitheoir sistéamach, cé go bhfuil an iomaíocht tar éis suntasacht a bhaint amach. Aontaíonn ceannairí an Aontais gur gá dul i dteagmháil leis an tSín nuair is chun leas an Aontais é, ag féachaint, ag an am céanna, le spleáchais straitéiseacha a laghdú (‘dí-rioscú, ní díchúpláil’). Chuir ceannairí an Aontais in iúl gur cúis imní don Aontas an teannas atá ag dul i méid i gCaolas na Téaváine agus tá sé i gcoinne aon iarrachtaí aontaobhacha an status quo a athrú le fórsa nó le comhéigean. Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil freagracht ar leith ar an tSín, mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), maidir leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, Cairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú. Dá bhrí sin, ba cheart don tSín brú a chur ar an Rúis stop a chur lena cogadh foghach agus a trúpaí a tharraingt siar ón Úcráin. Athdhearbhaíodh sa ráiteas ó na ceannairí gur cúis imní dóibh an saothar éignithe, an chaoi a gcaitear le cosantóirí chearta an duine agus le mionlaigh, an staid sa Tibéid agus Xinjiang, mar aon le hurramú ghealltanais na Síne i ndáil le Hong Cong.

. Chun ullmhú don chruinniú mullaigh, tionóladh roinnt idirphlé earnála ardleibhéil: Idirphlé Ardleibhéil maidir leis an gComhshaol agus leis an Aeráid (Iúil 2023); Idirphlé Ardleibhéil Digiteach (Meán Fómhair 2023); Idirphlé Ardleibhéil Eacnamaíoch (Meán Fómhair 2023); agus Idirphlé Straitéiseach (Deireadh Fómhair 2023). Ina theannta sin, bhí an Idirphlé um Chearta an Duine idir AE agus an tSín ar siúl i mí Feabhra 2023.Thug an tAontas aghaidh ar thrí phríomh-shaincheist le linn an chruinnithe mullaigh: an caidreamh idir an tAontas agus an tSín agus saincheisteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an staid sa Mheánoirthear; trádáil, bealaí chun caidreamh trádála níos cothroime agus níos cómhalartaí a chinntiú, agus réimsí leasa choitinn, mar shampla an t-athrú aeráide, an tslándáil bia, an tsláinte dhomhanda agus ullmhacht paindéime; agus an gá le tacú leis an ord idirnáisiúnta iltaobhach riailbhunaithe, á mheabhrú cur chuige an Aontais maidir le laghdú riosca agus maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Ba iad an trádáil agus an infheistíocht príomhfhócas na Síne le linn an chruinnithe mullaigh.

Ó seoladh é in 2013, tá an tionchar atá ag tionscnamh Criosanna agus Bóithre de chuid na Síne le sonrú i ngach cearn den domhan, lena ndéantar an domhandú a chur chun cinn le saintréithe na Síne amhail conarthaí neamh-thrédhearcacha, caighdeáin saothair Shíneacha agus beartais fiachais. á sé mar aidhm ag an tSín a bheith ina ceannaire domhanda sna tionscail ardteicneolaíochta agus sna teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS) agus 5G. á straitéisí tionchair á bhforbairt go córasach ag an tSín trí fheachtais bhréagaisnéise a úsáid. In 2021, sheol an tAontas agus an tAontas, a Bhallstáit, agus a n-institiúidí airgeadais agus forbartha (Foireann na hEorpa) a thabhairt le chéile. Is ionstraim gheopholaitiúil ábhartha don Aontas í Global Gateway. Cuidíonn sé le dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, ón athrú aeráide a chomhrac go feabhas a chur ar chórais sláinte agus borradh a chur faoin iomaíochas agus faoi shlándáil na slabhraí soláthair domhanda. Is rogha mhalartach de facto é ar an tionscnamh Criosanna agus Bóithre agus is ionstraim gheopholaitiúil an-ábhartha é don Aontas.

Is comhpháirtithe tábhachtacha trádála iad an tAontas Eorpach agus an tSín. . B’ionann allmhairí AE ón tSín agus EUR 514 billiún in 2023. B’ionann onnmhairí AE chuig an tSín agus EUR223billiún in 2023. Is ionann sin agus thart ar EUR 1.3 billiún d’allmhairí in aghaidh an lae agus EUR 600 milliún d’onnmhairí in aghaidh an lae, rud a fhágann gur fiú EUR 1.9 billiún san iomlán an trádáil idir an tAontas agus an tSín gach lá.á míchothromaíocht sa trádáil i bhfabhar na Síne. á rioscaí ag baint leis na míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus le cleachtais éagóracha trádála na Síne do phríomhthionscail an Aontais (an earnáil mótarfheithiclí agus earnáil na dteicneolaíochtaí glasa). Ós rud é gur léirigh an tSín go bhfuil sí réidh chun leas a bhaint as spleáchais ar amhábhair chriticiúla, tá rabhadh tugtha do Bhéising go mbeidh níos mó agus níos mó bearta cosanta (amhail dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh) mar thoradh ar chleachtais éagóracha trádála. Tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin i , ina bhfuil trí líne oibre: bonn tionsclaíoch agus iomaíochas an Aontais a chur chun cinn; geilleagar an Aontais a chosaint ar shaobhadh; agus dul i gcomhpháirtíocht le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, idir na tíortha sin atá níos gaire don Aontas agus iad atá níos faide i gcéin.

á méadú ag teacht ar theannas le comhghuaillithe an Iarthair mar thoradh ar sheasamh na Síne maidir le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cé nár fhormheas an tSín an cogadh ann féin, is sampla é an ‘neodracht’ i leith na Rúise do thíortha eile san Áise. Níl an tSín páirteach sna smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus tá comhar míleata na Síne-na Rúise níos doimhne ó tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cé nach bhfuil aon chomhaontú foirmiúil míleata ag an tSín agus an Rúis, tá díolacháin arm agus freachnaimh mhíleata comhpháirteacha méadaithe ag an dá thír. Is í an tSín an phríomhfhoinse a chothaíonn iarrachtaí cogaidh na Rúise, agus is ón tSín a thagann suas le 80 % d’allmhairí teicneolaíochta agus earraí íogaire na Rúise. Chuaigh cuideachtaí na Síne timpeall ar smachtbhannaí an Aontais agus dá bhrí sin cuireadh san áireamh iad ar liosta na rialuithe onnmhairiúcháin feabhsaithe sa .

i Maidrid. D’Aithin sí an bhagairt mhéadaitheach a bhaineann leis an tSín, i bhfianaise a tionchair eacnamaíoch agus mhíleata atá ag dul i méid agus i bhfianaise an mheoin throdaigh atá aici sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear úsáid oibríochtaí hibrideacha mailíseacha agus cibearoibríochtaí mailíseacha, chomh maith le reitric achrannach, agus toisc go bhfuil bréagaisnéis á scaipeadh aici chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chur faoi chois, lena n-áirítear sa réimse spáis, sa réimse cibearshlándála agus sa réimse muirí.

Cuireann an tAontas rialachas domhanda agus cur chuige comhair iltaobhaigh chun cinn maidir le díospóid Mhuir na Síne Theas, gan cur isteach ar éilimh chríochacha, agus meastar gur ábhar mór imní é saoirse loingseoireachta agus traseitilte. Molann an tAontas do na páirtithe sa díospóid teacht ar réitigh shíochánta chaibidlithe agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta, i gcomhréir le . á tábhacht ollmhór eacnamaíoch agus straitéiseach ag baint le Muir na Síne Theas: trasnaíonn thart ar aon trian de thrácht loingseoireachta an domhain é agus tá acmhainní saibhir iascaireachta agus fuinnimh ann. á tuairim is 90 % de Mhuir na Síne Theas á éileamh ag an tSín faoi ‘líne na naoi ndais’. á an tSín ag dul i mbun gníomhaíochtaí imeaglaithe a bhfuil teagmhais tarlaithe mar thoradh orthu, lena n-áirítear ainlithe contúirteacha, bac, agus fiú imbhuailtí long i Muir na Síne Theas. Is é an teannas leis an Téaváin agus na hOileáin Fhilipíneacha is mó atá le feiceáil. Éilíonn an tSín codanna móra de Mhuir na Síne Theas, a fhorluíonn ar chodanna a éilíonn roinnt tíortha san Áise Thoir Theas.

Is cúis mhór imní don Pharlaimint staid chearta an duine sa tSín agus tá aird tarraingthe aici ar sháruithe na Síne ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneáil threallach, campaí saothair agus pionós an bháis. á a himní maidir le Hong Cong, an Téaváin, Xinjiang agus staid na nUigiúrach curtha in iúl ag an bParlaimint go leanúnach, ag cáineadh saothar éignithe agus dúshaothrú mionlach Uigiúrach. Ghlac an Pharlaimint freisin rúin maidir leis an Tibéid, go sonrach maidir le staid na mionlach reiligiúnach agus eitneach. Áirítear an méid seo a leanas ar na rúin agus na moltaí a rinne an Pharlaimint le déanaí maidir leis an tSín:

An Téaváin

á AE tiomanta don ‘bheartas Aon Sín Amháin’, ag tagairt don Téaváin mar chríoch chustaim ar leith agus ní mar stát ceannasach, ag aithint na Téaváine mar eintiteas eacnamaíoch agus tráchtála agus ag tacú le rannpháirtíocht na Téaváine i bhfóraim iltaobhacha. Tacaíonn AE le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta idir an Téaváin agus an tSín agus cuireann sé i gcoinne úsáid nó bagairt an fhornirt. á idirphlé dea-struchtúrtha forbartha ag an Aontas Eorpach maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus trádála leis an Téaváin in earnálacha amhail tionscal na ngluaisteán, cógaisíocht, cosmaidí agus feistí leighis.

, agus ba é an tAontas an ceathrú comhpháirtí trádála is mó a bhí ag an Téaváin, i ndiaidh na Síne, na Stát Aontaithe agus na Seapáine. Ba é Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas príomh-chomhpháirtí trádála na Téaváine freisin. agus thart ar EUR 84.3 billiún. B’ionann onnmhairí an Aontais chuig an Téaváin in 2022 agus EUR 35.1 billiún, agus b’ionann allmhairí an Aontais ón Téaváin agus EUR 49.2 billiún.

Bíonn comhairliúcháin bhliantúla idir AE agus an Téaváin ar ábhair éagsúla neamhthrádála amhail cearta oibrithe imirceacha, go háirithe d’oibrithe tí agus i dtionscal na hiascaireachta; pionós an bháis; comhionannas inscne agus cóir chothrom do dhaoine LGBTQIA+. Reáchtáladh an cúigiú Comhairliúchán Saothair idir an Téaváin agus an tAontas Eorpach agus an i . I mí na Samhna 2023, phléigh an dá pháirtí comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, cearta an duine, ionramháil ar fhaisnéis, bainistiú tubaistí, Erasmus+ agus comhar féideartha maidir le talmhaíocht.

. Shroich an rannpháirtíocht 76.86 %. Don tríú téarma, bhuaigh an Páirtí Forchéimnitheach Daonlathach (DPP) agus a iarrthóir William Lai (Lai Ching-te) an toghchán le 40.1% de na vótaí, agus d’éirigh leo suíochán na huachtaránachta a choinneáil. á an Yuan Reachtach, ina bhfuil 113 shuíochán, roinnte i measc trí phríomhpháirtí agus dhá shuíochán neamhspleácha, rud a chruthaíonn staid inar féidir leis na comhpháirtithe beaga parlaiminteacha clár oibre polaitiúil na Téaváine a chinneadh go suntasach.

á géarú tagtha ar an teannas traschaolais ó bhuaigh DPP na toghcháin in 2016. á gníomhaíochtaí foghacha glactha ag an tSín, ag méadú minicíocht agus scála na bpatról ag buamadóirí, aerárthaí troda, agus aerárthaí faireachais timpeall na Téaváine. agus é a ailíniú a thuilleadh le daonlathais eile. Is minic a bhíonn ainlithe ionsaitheacha agus bagracha i gcomhthráth le cuairteanna idirnáisiúnta ardleibhéil ar an Téaváin, toisc go measann an tSín go bhfuil na cuairteanna sin ag cur isteach ar a ceannasacht agus ar ghnóthaí inmheánacha. á saineolas uathúil forbartha ag an Téaváin maidir le cibirionsaithe, faisnéis eachtrach, ionramháil, cur isteach agus bréagaisnéis a chomhrac, ar leibhéal an rialtais agus in eagraíochtaí na sochaí sibhialta araon.

Ghlac an Pharlaimint , inar cháin sí géarú míleata na Síne agus inar diúltaíodh do chomhéigean eacnamaíoch na Síne. D’fháiltigh an Pharlaimint roimh phlean na Liotuáine oifig ionadaíoch trádála a oscailt in Taipei agus d’iarr sí ar Bhallstáit eile an sampla sin a leanúint agus a gcaidreamh leis an Téaváin a neartú.

Spreag an Pharlaimint arís agus arís eile comhar déthaobhach níos dlúithe idir AE agus an Téaváin i réimsí amhail trádáil, taighde, cultúr, oideachas, athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil. Ghlac an Pharlaimint rún i mí na Nollag 2023 ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Téaváin, inar iarradh go ndéanfaí dul chun cinn maidir le comhaontú infheistíochta AE leis an Téaváin. Thacaigh an Pharlaimint freisin le rannpháirtíocht fhiúntach na Téaváine in eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Chomh maith leis sin, tá sé tathantaithe go minic ag an bParlaimint ar an tSín staonadh ó ghníomhaíochtaí briogaidh mhíleata a dhéanamh i leith na Téaváine, ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfaí díospóidí tras-chaolais uile a shocrú trí mhodhanna síochánta atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta.

Ós rud é go bhfuil an Téaváin ríthábhachtach do AE mar sholáthróir domhanda príomhearnálacha ardteicneolaíochta, go háirithe leathsheoltóirí, d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go mbeadh cuimsiú na Téaváine ina thosaíocht i Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach AE agus spreag sí idirphlé agus comhar leis an Téaváin i ngach earnáil thionsclaíoch agus slabhra soláthair, go háirithe i dtionscail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo amhail teicneolaíochtaí leathsheoltóra. áirgeann an Téaváin dhá thrian de leathsheoltóirí an domhain agus 90% dá leathsheoltóirí ardcháilíochta.

á roinnt misean oifigiúil curtha i gcrích ag an bParlaimint go dtí an Téaváin. Thug An Coiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha (INGE) cuairt ar Taipei i mí na Samhna 2021, sa chéad chuairt oifigiúil de chuid na Parlaiminte ar an Téaváin. Bhí sé mar aidhm ag INGE staidéar a dhéanamh ar eispéiris na Téaváine maidir le dul i ngleic le feachtais trasnaíochta agus ionramhála agus phléigh sé córas nuálach na Téaváine chun feachtais bhréagaisnéise agus cineálacha eile ionsaithe hibrideacha a chomhrac. Thug an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta cuairt oifigiúil ar Taipei i mí na Nollag 2022. Deimhníodh leis an gcuairt sin a thábhachtaí atá neartú an chaidrimh straitéisigh idir an Téaváin agus AE don Téaváin agus, go nithiúil, a thábhachtaí atá caidreamh trádála agus infheistíochta cuimsitheach atá uaillmhianach agus chun tairbhe an dá thaobh di. Thug an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) sa Pharlaimint cuairt oifigiúil ar Taipei i mí Iúil 2023. Ba é an príomhábhar imní slándála domhanda i gCaolas na Téaváine.

Hong Cong

Measann AE go bhfuil tábhacht mhór le leibhéal ard uathrialach Hong Cong agus go gcaithfear é sin a chaomhnú ar shlí atá ag teacht leis an Dlí Bunúsach agus le tiomantais idirnáisiúnta. á meath mór tagtha ar an daonlathas agus ar shaoirsí bunúsacha i Hong Cong le deich mbliana anuas. á Béising tar éis an freasúra polaitiúil a bhalbhú, an preas neamhspleách a scriosadh, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhíscaoileadh ina hiarrachtaí chun deireadh a chur leis an bprionsabal ‘aon tír amháin, dhá chóras’ a dhíchóimeáil, agus neamhaird shoiléir á tabhairt ar .

Is é an tAontas an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag Hong Cong i ndiaidh mhórthír na Síne. á thart ar 1 500 cuideachta AE i láthair i Hong Cong, agus úsáideann go leor acu Hong Cong mar cheanncheathrú réigiúnach. Shroich B’ionann onnmhairí earraí ón AE go Hong Cong agus EUR 24.7 billiún, agus b’ionann allmhairí ó Hong Cong agus EUR 5.4 billiún in 2022.

Reáchtáladh toghcháin don seachtú téarma de Chomhairle Reachtach Hong Cong i mí na Nollag 2021 agus, ní nach ionadh, bhuaigh iarrthóirí ar son na Síne. Dúirt Leas-Uachtarán / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Josep Borrell go bhfeiceann an AE an toghchán sin, in éineacht leis an mbrú leanúnach ar an tsochaí shibhialta, mar chéim eile fós i ndíchóimeáil an phrionsabail ‘aon tír amháin, dhá chóras’. Ina theannta sin, i mí na Bealtaine 2022, vótáil 1500 comhalta den Choiste մDz󳦳á ar son ainmní aonair, John Lee Ka-chiu, mar Phríomhfheidhmeannach nua. Bhí tacaíocht ó na vótálaithe ag 99% do Lee i gcomparáid le 66% dá réamhtheachtaí, Carrie Lam, a bhí i gceannas ar Hong Cong ó 2017. agus níor vótáil ach 27.5 % de mhuintir Hong Cong, an ráta vótála is ísle ó aistríodh iarchoilíneacht na Breataine.

D’ainneoin cáineadh idirnáisiúnta a bheith ag dul i méid, (ar a dtugtar Airteagal 23 den Bhundlí). Cumhdaítear leis an dlí gníomhartha nua-shainithe tréasa, spiaireachta, gada rún stáit, ceannairce agus trasnaíochta eachtraí. Measann eagraíochtaí um chearta an duine gur céim dheiridh é chun guthanna daonlathacha a chur ina dtost i Hong Cong. Is cúis mhór imní don Aontas an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an reachtaíocht sin ar chearta agus ar shaoirsí.

á roinnt rún rite ag an bParlaimint maidir leis an staid pholaitiúil i Hong Cong. Sa , 20 bliain tar éis Sainréigiún Riaracháin Hong Cong a bhunú, cuireadh i bhfios go láidir go raibh urraim don Bhundlí ríthábhachtach chun an caidreamh le AE a neartú tuilleadh. Cháin an Pharlaimint cur isteach na Síne ar ghnóthaí inmheánacha Hong Cong, rud a chuireann an tsamhail ‘aon tír amháin, dhá chóras’ i mbaol. Cuireadh in iúl i , ón bParlaimint gur ionsaí cuimsitheach ar uathriail Hong Cong, ar an smacht reachta agus ar shaoirsí bunúsacha a bhí i dtabhairt isteach aontaobhach na reachtaíochta slándála náisiúnta. á an tSín faoi cheangal ag an Dearbhú Comhpháirteach, a bhí cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe mar chonradh atá ceangailteach ó thaobh dlí de, seasamh le leibhéal ard uathrialach Hong Cong agus lena chearta agus saoirsí.

, d’iarr an Pharlaimint go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll iad siúd a gabhadh i Hong Cong ar chúisimh faoin dlí slándála. Thathantaigh an Pharlaimint ar na húdaráis urraim a thabhairt do smacht reachta, do chearta an duine, do phrionsabail dhaonlathacha agus d’ardleibhéal neamhspleáchais Hong Cong.

,inar cháin sí srianta ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus inar áitíodh ar údaráis Hong Cong na hiriseoirí agus na gníomhaithe eile go léir a gabhadh faoin dlí slándála a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll agus deireadh a chur leis na cúisimh uile ina gcoinne.

, inar cháin sí go láidir na hionsaithe spriocdhírithe i gcoinne an fhreasúra, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochtaí meán.

, inar cáineadh cur faoi chois an fhreasúra pholaitiúil agus gníomhaithe ar son an daonlathais ag an tSín i Hong Cong, agus cás Jimmy Lai á lua go háirithe.

I mí Aibreáin 2024, rith an Pharlaimint rún maidir leis an Dlí Slándála Náisiúnta nua i Hong Cong agus maidir le cásanna Andy Li agus Joseph John, inar cáineadh ábhar an dlí, lena scriostar iarsmaí deireanacha na saoirsí bunúsacha. Is oth leis an bParlaimint gur gabhadh os cionn 200 duine ó glacadh é.

An tSeapáin

Mar chomhpháiritithe straitéiseacha ó 2003 i leith, tá na luachanna bunúsacha céanna ag AE agus atá ag an tSeapáin amhail urraim do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta, mar aon le tiomantas láidir i dtaobh forbairt inbhuanaithe, iltaobhachais agus córas na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) atá riailbhunaithe. á an tSeapáin tiomanta do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus do chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile a chur chun feidhme go héifeachtach. á roinnt saincheisteanna ann, áfach, atá ina n-ábhar imní don Aontas: á pionós an bháis fós á chur i bhfeidhm ag an tSeapáin, agus seilg míolta móra mar aon le linbh AE á bhfuadach ag tuismitheoirí sa tSeapáin.

Rinne AE agus an tSeapáin uasghrádú ar a gcaidreamh straitéiseach déthaobhach i mí Feabhra 2019 le cur chun feidhme sealadach agus le teacht i bhfeidhm . Is é CCE an comhaontú trádála déthaobhach is tábhachtaí a rinne AE a thabhairt i gcrích riamh, ós rud é go gcumhdaítear leis ionann agus aon trian d’olltáirgeacht intíre an domhain, beagnach 40% den trádáil dhomhanda agus os cionn 600 milliún duine. á gealltanais freisin san CCE a bhaineann le trádáil earraí agus trádáil i seirbhísí araon, agus cuireann sé creat ar fáil lena gcuirtear infheistíocht dhéthaobhach chun cinn. Leagtar amach leis freisin spriocanna uaillmhianacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus áirítear ann den chéad uair gealltanas sonrach do chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Shínigh an tAontas agus an tSeapáin . á cómhalartacht taistil gan víosa do shaoránaigh an AE chun na Seapáine ina saincheist fós i gcaidreamh déthaobhach, toisc go bhfuil rochtain saor ó víosa ag náisiúnaigh na Seapáine ar an AE.

Ó tháinig an CCE i bhfeidhm, tá méadú 20% tagtha ar thrádáil in earraí agus tá méadú 34% tagtha ar thrádáil agraibhia. Ba dhíol sásaimh don tSeapáin cinneadh an Aontais maidir le deireadh a chur leis na bearta srianta allmhairiúcháin ar tháirgí bia ón réigiún Fukushima, cinneadh a glacadh tar éis chreatha talún 2011 a tharla sa tSeapáin. Is í an tSeapáin an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag AE san Áise, i ndiaidh na Síne, agus b’ionann agus EUR 141.4 billiún. B’ionann onnmhairí AE chuig an tSeapáin agus EUR69.8billiún in 2022. Bhí EUR1.8 billiún de bharrachas trádála in earraí ag AE.

á an dá pháirtí fós tiomanta do chaidreamh infheistíochta a fheabhsú trí chomhaontú infheistíochta ar leith a thabhairt i gcrích amach anseo lena n-áireofaí caighdeáin cosanta infheisteoirí/infheistíochta agus sásra um réiteach díospóidí. Ó seoladh an , tá obair fós ar siúl i réimsí straitéiseacha na leathsheoltóirí, na ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus na teicneolaíochta candamaí, 5G agus níos faide i gcéin, agus na nascachta digití athléimní. á an tAontas agus an tSeapáin ar na geilleagair dhigiteacha is mó ar domhan. Is gné ríthábhachtach do ghnólachtaí é saorshreabhadh sonraí idir an tAontas agus an tSeapáin agus is mór an sprioc insoláthartha é faoi Straitéis an Aontais maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus sa chomhpháirtíocht dhigiteach leis an tSeapáin. Ag an , thug an tAontas agus an tSeapáin comhaontú i gcrích maidir le sreafaí sonraí trasteorann. A luaithe a dhaingneofar iad, cuirfear na forálacha comhaontaithe san áireamh sa CCE idir an tAontas agus an tSeapáin.

Is comhpháirtithe straitéiseacha iad an AE agus an tSeapáin a bhfuil an dearcadh céanna agus a bhfuil cineálacha cur chuige comhchosúla acu maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ag comhaontú go mbeadh rannpháirtíocht fheabhsaithe AE sa réigiún, mar aon le comhar feabhsaithe leis an tSeapáin agus le comhpháirtithe eile tairbhiúil. á leas frithpháirteach ann i gcur chun cinn an chomhair maidir leis an nascacht, an tslándáil mhuirí, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, an trádáil agus an infheistíocht, saincheisteanna digiteacha, an t-iltaobhachas a chur chun cinn agus an t-ord riailbhunaithe idirnáisiúnta a chaomhnú.

Tionóladh an sa Bhruiséil. Lean an tAontas agus an tSeapáin de bheith diongbháilte maidir lena dtacaíocht don Úcráin. Cháin an bheirt acu forbairt leanúnach arm núicléach agus diúracán balaistíoch na Cóiré Thuaidh. Chuir na ceannairí i bhfios go láidir gur mian leo caidreamh cuiditheach cobhsaí a chothú leis an tSín agus a gcomhpháirtíocht slándála a fhorbairt a thuilleadh, lena gcuirfí chun cinn comhar méadaithe maidir leis an tslándáil mhuirí, an chibearshlándáil, bagairtí hibrideacha, an fhrithsceimhlitheoireacht, an dí-armáil agus an neamhleathadh. Maidir le fuinneamh agus an t-aistriú glas, d’athdhearbhaigh na ceannairí an sprioc choiteann atá acu glan-nialasacht a bhaint amach faoi 2050. Faoin gcomhghuaillíocht ghlas atá acu, chomhaontaigh siad dlús a chur leis an obair ar an aistriú fuinnimh trí chomhoibriú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, hidrigin ísealcharbóin agus in-athnuaite, fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta, gabháil, úsáid agus athchúrsáil carbóin.

Bhain dúnmharú an iar-Phríomh-Aire Shinzo Abe i mí Iúil 2022 in Nara geit uafásach as an tSeapáin agus as an domhan, áit a raibh sé i mbun feachtais do thoghchán 2022, a reáchtáladh dhá lá ina dhiaidh sin chun leath den teach uachtarach a thoghadh ar feadh sé bliana. ճáԾ méadú beag ar líon na suíochán ag an bPáirtí Daonlathach Liobrálach agus socraíodh taifead nua le 28% de na suíocháin á nglacadh ag iarrthóirí baineanna. Tionólfar an chéad olltoghchán eile in 2025. Beidh buaiteoir an toghcháin i gceannas ar an bpáirtí sa .

Mar dhlúthchuid den uasghrádú atá á dhéanamh ar an gcaidreamh straitéiseach déthaobhach idir AE agus an tSeapáin, tá an Pharlaimint agus Diat na Seapáine i mbun a n-idirphlé idirpharlaiminteach a neartú. Mar thoradh air sin rith an Pharlaimint dhá rún i mí na Nollag 2018: mar aon le . I mí Iúil 2020, rith an Pharlaimint , rún inar cuireadh béim ar chás na leanaí atá ag fulaingt mar thoradh ar fhuadach leanaí ag tuismitheoirí sa tSeapáin, ag cur i bhfios go láidir nach bhfuiltear ag forfheidhmiú dlíthe agus cinntí breithiúnacha ábhartha. I measc na rún ábhartha eile tá: rún , rún agus rún .

Rith an Pharlaimint rún i mí na Nollag 2023 maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSeapáin ina n-aithnítear an ról lárnach atá ag an CCE agus an SPA idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus ina n-iarrtar go ndaingneofaí an SPA go pras (a chuirfear chun feidhme go sealadach). D’iarr an Pharlaimint go mbeadh comhpháirtíocht chuimsitheach slándála ann, go gcuirfí dlús leis an gcomhar fuinnimh, leis an gcomhar comhshaoil agus leis an idirphlé maidir le cearta an duine.

Tionóladh an 41ú cruinniú Idirpharlaiminteach idir an tAontas agus an tSeapáin i mí Iúil 2023 in Strasbourg chun plé a dhéanamh ar fhorbairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, cogadh na Rúise ar an Úcráin, saincheisteanna slándála sa tSeapáin, san Áise Thoir agus Thoir Theas, an Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus an tSeapáin, comhar comhshaoil agus fuinnimh agus caidreamh trádála. Síníodh ráiteas comhpháirteach inar iarradh rialacha idirnáisiúnta maidir leis an Intleacht Shaorga.

Thug Coiste AFET na Parlaiminte cuairt ar an tSeapáin i mí Iúil 2023. Tionóladh malartuithe maidir leis an tslándáil dhomhanda, an chibearshlándáil agus an bhréagaisnéis, agus maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léirigh Diat na Seapáine imní mhór faoi staid slándála na Téaváine.

An Chóiré Theas (Poblacht na Cóiré)

Téann an caidreamh idir AE agus an Chóiré Theas siar go dtí Comhaontú1997 maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim. á an Chóiré Theas ar cheann de na 10 gcomhpháirtí straitéiseacha is mó atá ag an Aontas, agus tá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an Chóiré Theas bunaithe ar thrí phríomhcholún, agus trí chomhaontú thábhachtacha mar bhonn taca leo:

  • á , lena soláthraítear an struchtúr foriomlán don chomhpháirtíocht straitéiseach agus don chomhar déthaobhach cuimsitheach. Déanann an Comhchoiste a áirithiú go gcuirtear chun feidhme é agus déanann sé faireachán air.
  • á Comhaontú Saorthrádála idir AE agus an Chóiré Theas (FTA), a daingníodh i mí na Nollag 2015. Ba í an Chóiré Theas an chéad tír de chuid na hÁise a shínigh comhaontú saorthrádála leis an Aontas, agus tá an comhaontú saorthrádála sin ar cheann de na comhaontuithe trádála is uaillmhianaí atá ag an Aontas, a théann níos faide ná aon chomhaontú a rinneadh roimhe sin. á sé mar aidhm ag an FTA deireadh a chur le bacainní ar thrádáil dhéthaobhach, margadh méadaithe agus slán a chruthú le haghaidh earraí agus seirbhísí, agus timpeallacht chobhsaí a chruthú le haghaidh infheistíochta.
  • á , lena dtreisítear an chomhpháirtíocht straitéiseach le haghaidh saincheisteanna slándála trí chead a thabhairt don Chóiré Theas páirt a ghlacadh in oibríochtaí bainistithe géarchéime de chineál sibhialtach agus míleata. Éascaíonn FPA rannpháirtíocht na Cóiré Theas i misin agus in oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) an Aontais chun éifeachtacht na freagartha ar ghéarchéimeanna a fheabhsú.

Tionóladh an sa Bhruiséil, chun comóradh 60 bliain a dhéanamh ar an gcaidreamh taidhleoireachta idir an tAontas agus an Chóiré Theas, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn i réimsí an chomhair dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus dhomhanda, lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

i Súl. Chomhaontaigh na ceannairí an brú comhchoiteann ar an Rúis a choinneáil agus a mhéadú, go háirithe trí smachtbhannaí a chur chun feidhme go héifeachtach. D’iarr an tAontas agus an Chóiré Theas ar chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe seasamh aontaithe daingean a ghlacadh i gcoinne chlár arm neamhdhleathach na Cóiré Thuaidh. Phléigh na ceannairí freisin comhar a chothú maidir le leathsheoltóirí, líonraí móibíleacha den chéad ghlúin eile, ríomhaireacht chandamach agus ardfheidhmíochta, intleacht shaorga agus ardáin dhigiteacha.

Lean , agus shroich sí beagnach EUR 132 bhilliún in 2022. Is í an Chóiré Theas an 9ú ceann scríbe onnmhairiúcháin is mó atá ag AE le haghaidh earraí, ach is é AE an tríú margadh onnmhairiúcháin is mó atá ag an gCóiré Theas. Mar sin féin, i réimsí áirithe, tá dúshláin fós ann agus tá an tAontas ag iarraidh ar an gCóiré Theas deireadh a chur le bacainní leanúnacha ar allmhairiú táirgí ainmhithe AE, agus go ndéanfaí coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saothar Éignithe a chur ar ceal, atá ar feitheamh, a dhaingniú.

, inar eisíodh Dearbhú Súl ag moladh go gcoinneofaí an t-ardú sa teocht dhomhanda ó na leibhéil réamhthionsclaíocha faoi bhun 2°C, seachas 1.5°C. Mhol na ceannairí caiteachas náisiúnta méadaithe ar gháis cheaptha teasa a laghdú, dlús a chur leis na hiarrachtaí chun aistriú ó fhoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite agus comhoibriú chun saincheist na dramhaíola plaistí in éiceachórais mhuirí a réiteach.

á earnáil eolaíochta agus teicneolaíochta na Cóiré Theas ar cheann de na cinn is bisiúla ar domhan. Díríonn sí ar an nuálaíocht agus tá dea-theist uirthi sa róbataic agus san intleacht shaorga, rud a chuireann deiseanna nua ar fáil chun dlús a chur leis an gcomhar eolaíoch agus teicneolaíoch leis an Aontas. á comhar níos dlúithe curtha ar bun cheana féin i réimse na cibearbhagairtí, ós rud é go bhfuil geilleagar an-digitithe ag an gCóiré Theas agus go bhfuil straitéis náisiúnta cibearshlándála á forbairt aici, tar éis haiceáil agus ionsaithe a rinne difear do na milliúin daoine agus do shuíomhanna gréasáin oifigiúla. á sé curtha i leith na Cóiré Thuaidh gurb í atá taobh thiar d’fhormhór na gcibearionsaithe móra.

, a bhuaigh an Coimeádach Yoon Suk-yeol, tar éis rás a raibh iomaíocht ghéar ann. agus i gcomhthráth leis na fothoghcháin do na suíocháin fholmha sa Tionól Náisiúnta. Bhuaigh páirtí rialaithe an Uachtaráin Yoon Suk-yeol 12 rás de na 17 rás do mhéaraí cathracha móra agus do ghobharnóirí cúigeacha, ag leathnú thionchar an pháirtí sin. a measadh mar thástáil mheántéarma ar an riarachán reatha. Bhuaigh Páirtí Daonlathach an fhreasúra liobrálacha, mar aon le páirtithe freasúra níos lú, 192 de 300 suíochán sa Tionól Náisiúnta ar Uachtarán Yoon Suk-yeol agus a Pháirtí Cumhachta Daoine.

Éilíonn an Chóiré Theas nach mór don tSeapáin i gcónaí cúiteamh a thabhairt don tír ón Dara Cogadh Domhanda. á brú fós ar an gcaidreamh in ainneoin na n-iarrachtaí chun naisc a athbhunú faoi chonradh in 1965. Ceist achrannach ar leith is ea ‘mná sóláis’ (mná a bhí mar sclábhaithe gnéis idir 1932 agus 1945). á imní léirithe ag an gCóiré Theas freisin maidir le pleananna na Seapáine uisce éillithe a scaoileadh óna stáisiún cumhachta Fukushima ar ais isteach san Aigéan Ciúin, rud a mbeidh tionchar díobhálach aige ar shaol na mara agus dá bharr sin ar thionscal na hiascaireachta. Bhí athmhuintearas leis an tSeapáin i gceist le cur chuige an Uachtaráin Yoon Suk-yeol maidir le beartas eachtrach chun díospóidí reatha agus bacainní trádála a réiteach.

Rinneadh trí chruinniú mullaigh idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas a thionól idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2018, ag féachaint le dí-armáil núicléach a bhaint amach ach cuireadh stad leis an idirphlé agus leis an gcomhar tar éis an Chruinnithe Mullaigh idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Thuaidh a tionóladh i Hanáí in 2019, agus chuaigh cúrsaí in olcas arís i mí Lúnasa 2019 i ndiaidh druil chomhpháirteach mhíleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas. Géaraíodh ar an teannas nuair a rinne an Chóiré Thuaidh diúracáin ghearr-raoin a lainseáil i mí an Mhárta 2020, agus leis an bpléascadh a tharla in oifig idirchaidrimh na Cóiré Thuaidh agus na Cóiré Theas in Kaesong agus le bás an tsaoránaigh ón gCóiré Theas i gcríoch na Cóiré Thuaidh. D’fhógair Uachtarán na Cóiré Theas, Yoon Suk-yeol, i mí Lúnasa 2022 go gcuirfeadh sé pacáiste cabhrach ar scála mór ar fáil do Pyongyang mar mhalairt ar dhí-armáil núicléach, rud a chuirfeadh feabhas suntasach ar gheilleagar na Cóiré Thuaidh dá rachadh an tír i mbun fíorphróiseas suntasach dí-armála núicléach.

Tar éis phaindéim COVID-19, thosaigh an Chóiré Theas agus na Stáit Aontaithe arís ar a ndruileanna míleata comhpháirteacha i mí Lúnasa 2022, tar éis chinneadh an Uachtaráin Yoon Suk-yeol borradh a chur faoin díspreagadh. Roimhe seo, ghlac na Stáit Aontaithe, an Chóiré Theas agus an tSeapáin páirt i gcleachtadh cosanta diúracán balaistíoch amach ó chósta Haváí in earrach na bliana 2022, rud a léirigh an caidreamh feabhsaithe idir Súl agus Tóiceo. Rinne na Stáit Aontaithe, an Chóiré Theas agus an tSeapáin a, i dtaispeántas neart i gcoinne na Cóiré Thuaidh. Dúirt arm na Cóiré Theas faoin gcomhaontú míleata idir-Chóiréach a síníodh i mí Mheán Fómhair 2018.

Is cúis mhór imní don Pharlaimint an caidreamh idir-Chóiréach. Tacaíonn an tAontas le réiteach taidhleoireachta ar ghéarchéim núicléach na Cóiré agus tá sé ar intinn aige leanúint dá straitéis rannpháirtíochta criticiúil. Is í an Pharlaimint an t-aon institiúid AE a bhfuil caidreamh foirmiúil aici leis an gCóiré Thuaidh.

An Chóiré Thuaidh (Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré)

á beartas de ‘rannpháirtíocht chriticiúil’ ag AE i leith na Cóiré Thuaidh, ina gcuirtear brú uirthi le smachtbhannaí agus bearta eile ach fós tá cainéil chumarsáide oscailte aige léi. á teorainn leis an gcaidreamh déthaobhach agus níl aon chonarthaí déthaobhacha polaitiúla ná tráchtála i bhfeidhm. Gan cabhair dhaonnúil a chur san áireamh, baineann comhar forbraíochta AE go príomha le slándáil bia agus tá sé faoi réir cúinsí polaitiúla, smachtbhannaí ag na Náisiúin Aontaithe agus srianta eile. Níl clár um chúnamh forbartha déthaobhach ag AE leis an gCóiré Thuaidh. á ambasáidí ag sé Bhallstát AE in Pyongyang, in éineacht le hOifig um Chomhar Cultúrtha na Fraince. á líon suntasach de Bhallstáit AE tar éis a n-ambasadóirí a bhfuil cónaí orthu i Súl a cheapadh chuig an gCóiré Thuaidh. Mar thoradh ar dhúnadh na dteorainneacha ag an gCóiré Thuaidh i mí Eanáir 2020, tá deacrachtaí ann maidir le baill foirne a rothlú isteach agus amach as an tír agus laghdaíodh an láithreacht taidhleoireachta.

Is iad smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh, a glacadh mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí forbartha arm núicléach agus diúracán balaistíoch na tíre, na smachtbhannaí is déine i gcoinne aon tír. á gach rún ábhartha ó CSNA curtha chun feidhme ag AE agus tá a chóras smachtbhannaí uathrialach féin curtha i bhfeidhm aige, córas lena ndéantar smachtbhannaí na Náisiúin Aontaithe a chomhlánú agus a neartú. I mí Mheán Fómhair 2020, chuaigh AE i mbun teagmhála le tíortha nach bhfuil san Aontas agus mhol sé dóibh na rúin ó CSNA a chur chun feidhme ina n-iomláine. den chéad uair faoi chóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine. á beirt airí ar an liosta chomh maith le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Láir chun cabhrú le gníomhaíochtaí diansmachta. i gcoinne ochtar daoine aonair agus ceithre eintiteas mar gheall ar a rannpháirtíocht i gcláir bhalaistíocha agus núicléacha na Cóiré Thuaidh agus mar gheall ar dhul timpeall ar smachtbhannaí idirnáisiúnta.

Chuir an Chóiré Thuaidh dlús lena clár núicléach in 2017, rud a mhéadaigh teannas le SAM agus leis an gCóiré Theas. Cé go raibh sé mar bheartas ag na Stáit Aontaithe an brú is mó a chur i bhfeidhm, bhí iar-Uachtarán na Cóiré Theas Moon Jae-in i mbun díghéarú agus bhuail sé le ceannaire na Cóiré Thuaidh Kim Jong-un trí huaire in 2018. Mar sin féin, tar éis gur theip ar Chruinniú Mullaigh 2019 i Hanáí idir an tUachtarán Trump agus Kim Jong-un, tháinig méadú ar an teannas agus ar an mímhuinín. Ó mhí Iúil 2021, thuairiscigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach méadú ar ghníomhaíocht núicléach ag Ionad Taighde Núicléach Yongbyon, le himoibreoir turgnamhach cúig meigeavata. Ó mhí Mheán Fómhair 2021 i leith, tá tástálacha déanta ag an gCóiré Thuaidh le diúracáin chúrsála fadraoin nua ar féidir leo eitilt níos ísle agus le conairí an-réidh, rud a fhágann go bhfuil sé deacair iad a idircheapadh. Rinneadh na tástálacha diúracán balaistíoch is mó in 2022, rud a léirigh go bhféadfadh a diúracáin idir-ilchríochacha na Stáit Aontaithe a shroicheadh. Méadaíodh teannas i , Hwasong-17, an diúracán is mó a bhí aige go dtí seo. á a airde níos mó ná airde aon ICBM a tástáladh roimhe sin, agus a shroich 6000km. á an Chóiré Theas ag neartú a cumas cosanta agus a comhair mhíleata leis na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha ar mhórscála agus trí chórais chosanta diúracán aeir SAM a imscaradh. Is é straitéis na Cóiré Thuaidh iallach a chur ar na Stáit Aontaithe caibidlíocht a oscailt arís maidir le smachtbhannaí agus fóirithint dhaonnúil.

Is dúshlán mór é filleadh na Cóiré Thuaidh ar thástálacha diúracáin in 2022, mar aon le hionradh na Rúise ar an Úcráin, d’Uachtarán na Cóiré Theas, Yoon Seok-yeol, a bhfuil cur chuige crua á ghlacadh aige. , ag sroicheadh treoluasanna hipearsonacha de 5 go 10 n-oiread luas na fuaime ina gcéim dheiridh, rud a chuir ar a gcumas brath agus cosaintí diúracáin a sheachaint.

agus lena gceadaítear ionsaithe núicléacha réamhghabhálacha má bhraitear ionsaí atá ar tí tarlú. , agus tharraing an ceannaire Kim Jong-un aird ar an comhar méadaitheach idir na Stáit Aontaithe, an Chóiré Theas agus an tSeapáin mar ‘an bhagairt iarbhír is measa’ atá roimh an náisiún iargúlta.

, lenar scriosadh an aidhm maidir le haontú síochánta leis an gCóiré Theas agus lena gcaitear léi mar thír naimhdeach ar leithligh. Tógann sé seo aontú síochánta as an mbeartas oifigiúil. á an t-athrú beartais sin ag teacht le tacaíocht athnuaite ón tSín agus ón Rúis.

Cháin an tAontas Eorpach lainseáil na ndiúracán, ag iarraidh ar an gCóiré Thuaidh a cuid oibleagáidí faoi rúin CSNA a chomhlíonadh agus staonadh ó gach gníomhaíocht a bhaineann an bonn den chomhshaol chun taidhleoireacht agus idirphlé a shaothrú. á an tAontas tiomanta don dí-armáil núicléach. Go dtí go gcomhlíonfaidh an Chóiré Thuaidh a cuid oibleagáidí faoi rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, leanfaidh an tAontas de smachtbhannaí a chur chun feidhme go docht agus ag an am céanna an comhphobal idirnáisiúnta a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh.

Bunaíodh an Toscaireacht don Chaidreamh le Leithinis na Cóiré (DKOR) in 2004. Ó shin i leith, is í DKOR an t-aon institiúid AE a bhfuil caidreamh taidhleoireachta foirmiúil aici leis an gCóiré Thuaidh. Is annamh a bhí cruinnithe idirpharlaiminteacha leis an gComhthionól Phobail Uachtarach. Cé go ndearna toscaireacht na Parlaiminte iarracht ar dtús na bealaí cumarsáide a choinneáil ar oscailt, tá forbairtí polaitiúla agus míleata sa Chóiré Thuaidh agus go háirithe a tástálacha núicléacha agus diúracán balaistíoch tar éis teagmháil na toscaireachta leis an gCóiré Thuaidh a laghdú. Dhírigh cruinnithe rialta DKOR ar an gcaidreamh idir-Chóiréach agus ar an staid slándála ar leithinis na Cóiré. Buailfidh DKOR le hionadaithe atá páirteach sna ‘cainteanna sé pháirtí’ chun tuiscint níos fearr a fháil ar sheasamh agus línte dearga gach páirtí, agus chun féachaint an féidir caibidlíocht a dhéanamh chun an teannas a mhaolú.

á roinnt rún rite ag an bParlaimint ina ndéantar cáineadh ar chláir núicléacha agus diúracán na Cóiré Thuaidh. , lena n-áirítear géarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha.

Airis Meier / Samuel Cantell / Jorge Soutullo