Cad iad na teangacha atá in úsáid i bParlaimint na hEorpa?
Tá 24 theanga oifigiúla ag AE. I ngeall go bhfuil 24 theanga oifigiúla ag AE, tá teacht ag an uile shaoránach ar dhlíthe sin AE a bhaineann leo agus is fearr a dtuiscint ar na dlíthe sin. Is féidir le saoránaigh teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí AE trí achainíocha a chur isteach, mar shampla, nó trí fhaisnéis a iarraidh in aon cheann de na teangacha oifigiúla, agus is féidir leo díospóireachtaí na Parlaiminte a leanúint trí shruthú gréasáin beo.
Ach tá sé tábhachtach freisin go bhfuil seans ag na í labhairt, éisteacht, léamh agus scríobh ina dteanga féin, nó i gceann ar bith de theangacha oifigiúla AE. Mar is prionsabal bunúsach den daonlathas é gur féidir le gach saoránach AE a bheith ina Fheisire nó ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa, fiú mura labhraíonn sé nó sí aon teanga iasachta. Is chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na saoránach a vótálann dóibh a thoghtar na í, seachas bunaithe ar an eolas atá acu ar theangacha iasachta. De bhreis air sin, chun na coinníollacha oibre céanna a ráthú do na í ar fad, ní mór rochtain iomlán ar fhaisnéis ina dteangacha féin a bheith acu. Na hóráidí a thugann na í i dteanga oifigiúil amháin, déantar ateangaireacht chomhuaineach orthu go teangacha oifigiúla eile agus aistrítear téacsanna oifigiúla sna 24 theanga oifigiúla ar fad. Ionas go ndéanfar reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm go díreach nó a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta, ní mór é a aistriú i dtosach i dteanga oifigiúil AE gach Ballstáit Is féidir le saoránaigh faisnéis a iarraidh agus a fháil in aon cheann de na teangacha oifigiúla.
Le haontachas na Cróite ar an 1 Iúil 2013, mhéadaigh líon na dteangacha oifigiúla go 24: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.
Ní raibh cealú ar an mBéarla mar theanga oifigiúil mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe ó AE. Bheadh ar gach rialtais AE é sin a chinneadh d’aonghuth agus ós rud é go bhfuil an Béarla ina theanga oifigiúil in Éirinn agus i Málta freisin, is beag seans go dtarlódh sé sin.
Obair an ateangaire nó an aistritheora
Go hiondúil, oibríonn gach ateangaire nó aistritheoir ina mháthairtheanga féin nó ina máthairtheanga féin. Le 24 theanga oifigiúla, d'fhéadfadh 552 theaglaim teangacha a bheith ann. Chun bheith in ann déileáil leis sin, uaireanta baineann an Pharlaimint úsáid as córas teangacha ‘athsheachadta’: déantar ateangaireacht nó aistriúcháin ar chainteoir nó ar théacs go dtí ceann de na teangacha is mó úsáid (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis) ar dtús, agus ansin go dtí na teangacha eile.
Is gairmeacha éagsula iad an ateangaireacht agus an t-aistriúchán: déanann ateangairí teanga amháin a aistriú ó bhéal go teanga eile i bhfíor-am i rith cruinnithe; oibríonn aistritheoirí le doiciméid scríofa, agus táirgeann siad eagrán iomlán cruinn den doiciméad sa sprioctheanga. Tá ateangairí Pharlaimint na hEorpa oilte ar theachtaireachtaí na bhí a chur ar fáil do na í eile. Thairis sin, ós rud é go mbíonn na díospóireachtaí sa Pharlaimint thar a bheith speisialaithe, tugann an fhoireann riaracháin cúnamh do na hateangairí ullmhú do na cruinnithe ar leith dá bhfuil siad sannta agus cos a choinneáil le forbairtí sna teangacha as a mbíonn siad ag obair. Mar theangeolaithe oilte, cuireann siad seirbhís ardchaighdeáin ar fáil do na FPEnna go léir.
Bíonn lámh ag na haistritheoirí freisin i gcúraimí idirghabhála teanga eile, amhail téacsanna a chur in oiriúint do phodchraoltaí, fotheidealú agus taifeadadh fuaime i 24 theanga.