Cad a tharlaíonn nuair a éiríonn FPE as oifig?
Cad a tharlaíonn nuair a éiríonn FPE as oifig?
Má fhágann FPEnna an Pharlaimint le linn an tsainordaithe, is le rialacha toghcháin a dtíre féin a rialaítear an chaoi a gcinntítear go dtiocfaidh FPEnna ina n-áit. Téigh i dteagmháil le i do thír chun tuilleadh eolais a fháil.
Is faoi gach Ballstát atá sé na rialacha a bhunú chun na folúntais don chuid eile den sainordú a líonadh. Nuair a chineann an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an folúntas a líonadh a luaithe is féidir, ach gan sprioc-am oifigiúil a bheith ann. Cuireann an Ballstát an Pharlaimint ar an eolas faoin ionadú, a fhógraítear sa suí iomlánach ina dhiaidh sin. Ní féidir le FPEnna nua dul i mbun oifige go dtí go mbeidh dearbhú neamh-chomhoiriúnachta sínithe acu.