Glacann í dlí chun glas-snasú agus eolas míthreorach faoi tháirgí a chosc
- Déanfar maímh chomhshaoil chineálacha agus faisnéis mhíthreorach eile faoi tháirgí a chosc
- Ní cheadófar ach lipéid inbhuanaitheachta a bheidh bunaithe ar scéimeanna formheasta deimhniúcháin nó cinn a bhunóidh údaráis phoiblí
- Caithfidh an fhaisnéis faoi ráthaíochtaí a bheith níos infheicthe agus tabharfar isteach lipéad nua um shíneadh ráthaíochta
Tá cead deiridh tugtha ag an bParlaimint do threoir a chuirfidh feabhas ar lipéadú táirgí agus a chuirfidh cosc ar úsáid a bhaint as maímh chomhshaoil mhíthreoracha.
Leis an treoir, a glacadh inniu le 593 vóta i bhfabhar, 21 vóta i gcoinne agus 14 staonadh, féachtar le tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha agus cabhrú leo roghanna ceannaigh níos fearr a dhéanamh. Chun é sin a bhaint amach, cuirfear roinnt nósanna margaíochta achrannacha a bhaineann le glas-snasú agus dífheidhmeacht luath earraí le liosta an Aontais de chleachtais tráchtála a bhfuil cosc orthu.
Fógraíocht níos cruinne agus níos iontaofa
Thar aon ní eile, is é is aidhm do na rialacha nua lipéadú táirgí a dhéanamh níos soiléire agus níos iontaofa trí chosc a chur ar úsáid maíomh ginearálta comhshaoil amhail ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘nádúrtha’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’ nó ‘éicea-’ gan chruthúnas.
Déanfar úsáid lipéad inbhuanaitheachta a rialáil anois freisin, i bhfianaise an mhearbhaill atá ann mar gheall ar a n-iomadú agus a dteip sonraí comparáideacha a úsáid. Amach anseo, ní cheadófar san Aontas ach lipéid inbhuanaitheachta a bheidh bunaithe ar scéimeanna deimhniúcháin oifigiúla nó a bhunóidh údaráis phoiblí.
Ina theannta sin, cuirfidh an treoir cosc ar mhaímh go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge ar an gcomhshaol mar gheall ar scéimeanna fritháirimh astaíochtaí.
Béim ar mharthanacht
Cuspóir tábhachtach eile de chuid an dlí nua ná go ndíreodh táirgeoirí agus tomhaltóirí níos mó ar mharthanacht earraí. Amach anseo, ní mór d’fhaisnéis faoi ráthaíochtaí a bheith níos infheicthe agus cruthófar lipéad comhchuibhithe nua chun níos mó suntais a thabhairt d’earraí a bhfuil tréimhse ráthaíochta fadaithe acu.
Cuirfidh na rialacha nua cosc freisin ar mhaímh mharthanachta gan bhunús (mar shampla, ag rá go mairfidh meaisín níocháin do 5,000 timthriall níocháin mura bhfuil sé sin fíor faoi ghnáthchoinníollacha), teachtaireachtaí ag moladh earraí inídithe a athsholáthar níos túisce ná mar is gá (mar a tharlaíonn go minic le dúch printéara, mar shampla), agus earraí a chur i láthair mar earraí indeisithe nuair nach mbíonn siad indeisithe.
Athlua
Dúirt rapóirtéir na Parlaiminte Biljana Borzan (S&D, HR): ‘Athróidh saol laethúil chuile dhuine san Eoraip a bhuí leis an dlí nua seo! Tiocfaidh deireadh le ré an chultúir chaitigh, éireoidh an margaíocht níos trédhearcaí agus rachfar i ngleic le dífheidhmeacht luath earraí. Beidh sé de chumas ag daoine táirgí a roghnú atá níos marthanaí, atá indeisithe agus atá inbhuanaithe, a bhuí le lipéadú agus fógraíocht ar féidir brath orthu. Níos tábhachtaí fós, ní féidir le cuideachtaí cleas a imirt ar dhaoine a thuilleadh trína rá gur fiú buidéil phlaisteacha a cheannach toisc go bhfuil siad tar éis crainn a chur áit éigin – nó trína rá go bhfuil rud éigin inbhuanaithe gan aon mhíniúchán a thabhairt. Bua mór dúinn uilig is ea an dlí nua seo!’
Preasagallamh
Ar 14.30 inniu, tionólfaidh an rapóirtéir Biljana Borzan preasagallamh in Strasbourg. Déanfar é a shruthú agus is féidir le hiriseoirí ar mian leo ceisteanna a chur ceangal ar líne .
Na chéad chéimeanna eile
Ní mór don Chomhairle an treoir a fhormheas go críochnaitheach anois, agus ina dhiaidh sin foilseofar san Iris Oifigiúil í agus beidh 24 mhí ag na Ballstáit chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta.
ú
Tá sé i gceist go n-oibreoidh an treoir nua i gcomhar leis an , atá á plé faoi láthair ag céim an choiste sa Pharlaimint. Beidh an treoir maidir le maímh chomhshaoil atá ar na bacáin níos sonraí agus leagfaidh sí amach na coinníollacha maidir le maímh chomhshaoil a úsáid ar bhealach níos mionsonraithe.
ձá:
-
Maris KURME
Press Officer -
Eoghan WALSH
Press Officer