Na Mná Bánghléasta - 2005, Cúba

Bunaíodh na Mná Bánghléasta ar bhonn spontáineach i gCúba in 2003 nuair a cimíodh 75 dhuine dá ngaolta agus dá bhfir chéile le linn an Earraigh Dhuibh, dian-chniogbheartaíocht a rinne an réimeas Cúbach ar ghníomhaithe daonlathais. Mháirseáil siad sna sráideanna agus scríobh siad go leor litreacha chuig údaráis Chúba, ag iarraidh go scaoilfí saor na príosúnaigh, ach ní bhfuair siad oiread agus freagra amháin. Níor staon na Mná Bánghléasta, agus bhí toradh ar a ndian-iarrachtaí, nuair a scaoileadh saor gach príosúnach an Earraigh Dhuibh faoi 2011.
Lean na Mná Bánghléasta dochloíte dá gcomhrac ar son an daonlathais agus chearta an duine i gCúba agus is é an t-aon ghrúpa sa tír chumannach é a gceadaítear dóibh máirseálacha seachtainiúla a thionól i limistéar sonrach. Siúlann mná gléasta in éadaí bána agus grianghraif dá ngaolta is íospartaigh smachtúlachta i gCúba, agus bláthanna gladioli, comhartha síochána, á n-iompar acu, síos Cúigiú hAscaill Havana in Miramar gach Domhnach i ndiaidh aifrinn ag Séipéal San Rita, tostach agus láidir i bhfianaise bagairtí, maslaí, ionsaithe agus gabhálacha minice.
In 2013, bhí na Mná Bánghléasta in ann glacadh i bpearsa le Duais Sakharov ar deireadh, duais a bronnadh orthu in 2005. Bhí cead ag a nUachtarán, Berta Soler, agus ag ionadaithe na gluaiseachta, Belkis Cantillo Ramirez agus Laura Maria Labrada Pollán - iníon le Laura Pollán, comhbhunaitheoir grách de na Mná Bánghléasta agus a d'éag in 2011 - Cúba a fhágáil agus Parlaimint na hEorpa a aitheasc, a d'aithin iad as a gcrógacht agus as a dtiomantas do chúis chearta an duine. Rinne Berta Soler tagairt don Duais Sakharov mar 'sciath' a chosnódh na Mná Bánghléasta tar éis dóibh filleadh ar Chúba.
Go gairid tar éis shearmanas Dhuais Sakharov, bhunaigh na Mná Bánghléasta agus easaontaigh eile, lena n-áirítear Buaiteoir 2010, Guillermo Fariñas, Ardán Idirnáisiúnta Chearta an Duine i gCúba.
Tá Berta Soler, a labhair thar ceann na ghrúpa ag Parlaimint na hEorpa agus ag imeachtaí Líonra Dhuais Sakharov, ag síoriarraidh ar AE go mbeidh cearta an duine ina choinníoll in aon chomhaontuithe le Cúba.
Tá na Mná Bánghléasta á gcaitheamh sa phríosún i gcónaí, á mbatráil agus á gcéasadh, agus iad ar na grúpaí is mó ar a ndíríonn údaráis Chúba le cur faoi chois. I bhfianaise an athraithe a tháinig ar cheannaireacht Chúbach in Aibreán 2018, cuireadh brú nua ar na Mná Bánghléasta, agus an toradh a bhí air sin ná gur cuireadh líon mór daoine faoi choinneáil agus gearradh téarmaí i bpríosún ar bheirt dá chomhaltaí ar a laghad. Thairis sin, in 2018 cuireadh cosc ar Berta Soler freastal ar roinnt imeachtaí a d'eagraigh Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear an chomhdháil chun 30 bliain Dhuais Sakharov a chomóradh.