Duais Lux 2016 bronnta ar 'Toni Erdmann'
Bronnadh duais scannánaíochta na Parlaiminte ar ‘Toni Erdmann’, scannán de chuid an stiúrthóra Maren Ade. Ag labhairt di ag searmanas bronnta na Duaise Lux sa Pharlaimint an 23 Samhain, dúirt Ade: “Ní bheadh scannáin ar nós Toni Erdmann ann gan fóirdheontais na mballstát agus na hEorpa.” Tar éis don Uachtarán Martin Schulz an Duais a bhronnadh uirthi, labhair an stiúrthóir Gearmánach linn faoi ‘Toni Erdmann’ agus faoin scannánaíocht i gcoitinne.
Tá ról bunúsach ag ár gcultúr sa chaoi a bhforbraímid an tsochaí ina mhairimid. Á mheabhrú sin dóibh, chuir feisirí na Parlaiminte tús le Duais Lux siar sa bhliain 2007. Tá dhá phríomhchuspóir ag an duais: feabhas a chur ar scaipeadh scannán Eorpach ar fud na hEorpa agus díospóireacht ar mhór-shaincheisteanna na sochaí a spreagadh i measc an phobail.
Le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí ar siúl i Strasbourg an 23 Samhain bronnadh Duais Lux 2016 ar an scannán Toni Erdmann de chuid Maren Ade. Agus an duais á bronnadh aige ar an stiúrthóir Gearmánach, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz: “Leis an trí scannán atá san iomaíocht do Dhuais Lux na bliana seo, meabhraítear dúinn go bhfuil i bhfad níos mó ann a thugann muintir na hEorpa le chéile ná mar a scarann ó chéile muid.”
Toni Erdmann
Is bean ghnó í Ines ag comhlacht mór Gearmánach atá lonnaithe i mBúcairist; nuair a leaindeálann a hathair gan choinne, cuireann sé i mbarr a céille í. Tá saol in ord is in eagar aici, agus ní chuirtear isteach nó amach air sin, ach nuair a fhiafraíonn a hathair di “An bhfuil tú sona? ”, níl sí ábalta freagra a thabhairt agus cuireann sin tús le cíor thuathail dhomhain. An t-athair seo a dhéanann ciotaí di agus a bhfuil náire uirthi leis, déanann sé a dhícheall le tathant uirthi brí a fháil dá saol, trí charachtar a chumadh: Toni Erdmann ábhailleach. Más sa chaidreamh deacair seo atá drámatacht an scéil, tá greann gan choinne sa scannán a bhuí le cumas an athar páirt saincharachtar áiféiseach a dhéanamh agus mar sin mearbhall a chur ar na daoine móra le rá a bhíonn thart ar a iníon. Ar deireadh, feidhmíonn an carachtar dá ainneoin féin le neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch a nochtadh arb iad cinnteoirí móra an domhandaithe eacnamaíoch is cúis leo.
Aitheantas pobail
Is iad feisirí na Parlaiminte a chaitheann vóta chun buaiteoir Dhuais Lux a roghnú ach is féidir leat vóta a chaitheamh don scannán is fearr leatsa freisin. Cuirfear d’ainm isteach i gcomórtas chun freastal ar fhéile scannánaíochta idirnáisiúnta Karlovy Vary 2017.
Caith súil ar an agallamh thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi chúlra an scannáin.