Rinneadh ciorrú baill ghiniúna ar leathmhilliún bean san Aontas Eorpach
Meastar go bhfuil 200 milliún duine ar domhan, idir chailíní agus mhná, a ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna orthu, leathmhilliún duine san Aontas Eorpach amháin.
Tá ciorrú baill ghiniúna ban ar cheann de na sáruithe is measa ar chearta na mban. Ní hionann an nós imeachta i ngach cás, ach in amanna baintear an brillín nó déantar páirtshéalú ar an labia. Déantar é go minic faoi choinníollacha míshláinteacha agus de ghnáth ar chailíní in aois 5-8. Ní bhaineann buntáiste leighis ar bith leis agus d’fhéadfadh an gníomh seo a bheith ina chúis le hiarmhairtí fisiciúla nó síceolaíocha ar feadh an tsaoil.
Agus Lá Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Baill Ghiniúna Ban ar siúl an 6 Feabhra, tá feisirí na Parlaiminte ag cur in iúl arís go gcaithfear deireadh a chur leis an gcleachtas barbartha seo ar fud na cruinne.
Déantar ciorrú ar bhaill ghiniúna ban i roinnt tíortha san Afraic, san Áise nó sa Mheánoirthear. Tá an cleachtas in aghaidh an dlí san Aontas Eorpach ach déantar é ar chailíní óga ó chúlra inimirce. Meastar go ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna .
Seo a bhí le rá ag , cathaoirleach : “Maidir le cultúr, gnás, reiligiún, traidisiún nó 'onóir' mar a thugtar air ní bonn cirt iad feasta ar aon ghníomhartha foréigin i gcoinne na mban.”
Foilsíodh straitéis AE sa bhliain 2013 i dtaca le deireadh a chur leis an gcleachtas. Agus tá feisirí na Parlaiminte ag éileamh anois ar an gCoimisiún Eorpach léargas a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh ó shin. I a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 7 Feabhra, chuir feisirí in iúl go bhfuil gá le caighdeáin níos airde chun cosaint a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn, agus le maoiniú níos solúbtha i gcomhair eagraíochtaí a oibríonn in éadan an chleachtais. Tá siad ag iarraidh chomh maith ar bhallstáit an Aontais a bheith níos airdeallaí ó thaobh aimsiú, fhiosrú agus ionchúiseamh cásanna chiorrú baill ghiniúna ban. Ba chóir do na ballstáit freisin cosc glan soiléir a chur ar chiorrú baill ghiniúna ban in ospidéil an Aontais.
Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.