Athrú aeráide san Eoraip: fíricí agus figiúirí

Cuir eolas ar na fíricí agus staitisticí is tábhachtaí maidir leis an athrú aeráide san Eoraip: tionchar réigiúnach, na hastaírí is mó, laghdú ar gháis ceaptha teasa agus níos mó.

Tírdhreach de mhóinéar agus an aeráid ag athrú
Cad iad na fíricí maidir leis an athrú aeráide? ©AP Íomhánna/An tAontas Eorpach 2018 - EP

Is fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide, agus cén tionchar atá aige ar an Eoraip? Cuir eolas ar na fíricí agus figiúirí a léiríonn gnéithe éagsúla na faidhbe seo: cúiseanna, iarmhairtí agus forbairt.

Ní hé CO2 an t-aon ghás cheaptha teasa atá ag cur le téamh domhanda


Is é dé-ocsaíd charbóin, nó CO2, an gás ceaptha teasa bhfuil an aithne is mó air. Seasann CO2 le haghaidh beagnach 80% den toirt a bhí ag na gáis cheaptha teasa ar fad san Aontas in 2021.


Faightear gáis cheaptha teasa eile i gcainníochtaí níos lú san atmaisféár, ach d'fhéadfadh tionchar níos mó a bheith acu ar théamhadh suas an domhain. Mar shampla, seasann meatáin le haghaidh 12% den iarmhairt a bhí ag gáis cheaptha teasa in 2021.


Tarlaíonn gáis cheaptha teasa faoi leith go nádúrtha san atmaisféar, ach cuireann gníomhaíochtaí daonna leo chomh maith. Is iad daoine a chruthaíonn gáis eile, cosúil le gáis fhluairínithe a bhaintear úsáid astu sa tionscal.

Na hastaírí is mó de gháis cheaptha teasa in AE: tíortha agus earnálacha


Bhí an tAontas Eorpach sa cheathrú háit ar domhan a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa in 2023, tar éis na Síne, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an India. Thit sciar AE in astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain ó 15.2% in 1990 go 6.0% in 2023.

Laistigh den Aontas Eorpach in 2023, b'iad an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Pholainn agus an Spáinn na cúig astaírí is mó. Bhí earnáil sholáthar an fuinnimh freagrach as 27.4% d'astaíochtaí gás ceaptha teasa AE in 2023, le hiompar intíre ag teacht ina dhiaidh ag 23.8% agus ansin tionscal ag 20.3%.

infographic on greenhouse gas emissions
Tuilleadh eolais sa ghrafaic faisnéise thuas

Athruithe atá tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa AE ó 1990

Tá sprioc AE chun neodracht aeráide a bhaint amach faoin mbliain 2050 ina cheangal dlí ó 2021. Leis seo, leagtar sprioc eatramhach amach de laghdú 55% ar astaíochtaí faoin mbliain 2030.


Tá laghdú leanúnach tagtha ar astaíochtaí idir 1990 agus 2023. Meastar go raibh astaíochtaí AE 37% níos ísle in 2023 má mar a bhí siad in 1990, tar éis laghdú suntasach de 8% teacht orthu i gcomparáid le 2022.

Tionchar athrú na haeráide ar an Eoraip


Tá tionchar ag an athrú aeráide ag an Eoraip in iliomad bealaí, ag brath ar an réigiún. D'fhéadfadh caillteanas bithéagsúlachta, dóiteáin fhoraoise, táirgeacht laghdaithe barr agus teochtaí níos airde tarlú dá bharr. Ina theannta sin, d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shláinte daoine. Mar shampla, tá seans ann go gheobhaidh daoine bás mar thoradh ar thonnta teasa.

Astaíochtaí ó iompar san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí


Is é an t-iompar an t-aon earnáil ina mbíonn astaíochtaí níos airde ná mar a bhí siad in 1990. Bíonn iompar freagrach as beagnach 30% d'astaíochtaí CO2 iomlána an Aontais, le 72% de na hastaíochtaí sin ag teacht ó iompar bóthair.


Astaíochtaí CO2 ó charranna


Cruthaíonn carranna agus veaineanna thart ar 15% d'astaíochtaí CO2 an Aontais. Le meán de 1.7 duine in aghaidh an chairr san Aontas, is léir go bhfuil roghanna níos glaise ar fáil, cosúil le taisteal ar an mbus. Tá carranna níos nua-aimseartha tagtha ar an bhfód, áfach, agus seans go mbeidh siad ar cheann de na roghanna is glaine i gcás go roinntear iad seachas iad a bheith á n-úsáid ag duine amháin.

Astaíochtaí ó longa agus eitleáin


Bíonn eitlíocht idirnáisiúnta agus loingeas freagrach as níos lú ná 3.5% d'astaíochtaí iomlána an Aontais, ach tá fás níos tapúla ag teacht ar na hastaíochtaí sin ná aon cheann eile. Meastar go mbeidh astaíochtaí ó eitleáin suas le 10 n-uaire níos airde i 2050 i gcomparáid le 1990, agus go dtiocfaidh méadú suas le 50% ar astaíochtaí ó longa.

Amlíne d'idirbheartaíochtaí na Náisiún Aontaithe ar an aeráid


Bíonn an tAontas Eorpach lárnach in idirbheartaíochtaí aeráide agus tá comhaontú Pháras sínithe aige. Tá síniú gach tír AE faighte chomh maith, ach tagann siad le chéile chun a seasaimh a shocrú ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí ag leibhéal AE