Fíricí agus figiúirí: Parlaimint na hEorpa 2024-2029
Cén chuma atá ar an bParlaimint nua? Foghlaim faoi na feisirí a bheidh ag obair ar do shon sna cúig bliana amach romhainn.
Daoine nua i measc na bhfeisirí
Thosaigh téarma reachtach na Parlaiminte nuaí ar an 16 Iúil 2024 in Strasbourg.
Bhí a lán aghaidheanna nua i measc na bhfeisirí sa chéad seisiún, le 50% dóibh nár toghadh chun na Parlaiminte riamh.
Tá sciar na mban an-chosúil leis an téarma roimhe - is mná iad 39% de na feisirí a toghadh, i gcomparáid le 40% in 2019.
Is í 50 meánaois na bhfeisirí, atá rud beag níos airde ná 49.5 a bhí ann cúig bliana ó shin. Is í Lena Schilling an feisire is óige ag 23 bliain d'aois (Na Glasaigh/EFA, an Ostair) agus is é Leoluca Orlando an feisire is sine ag 76 bliain d'aois (Na Glasaigh/EFA, an Iodáil).
Níos mó grúpaí polaitiúla
Tá 720 suíochán ag an bParlaimint i dtéarma 2024-2029, 15 níos mó ná mar a bhí aici sa téarma deireanach.
Oibríonn feisirí le chéile de réir a gcuid tosaíochtaí. Tá ocht ngrúpa polaitiúla sa Pharlaimint nua, ceann amháin níos mó ná mar a bhí sa téarma parlaiminteach deireanach.