Straitéis uaillmhianach um míchumas don tréimhse 2021-2030
I bhfianaise mholtaí fheisirí na Parlaiminte, tá straitéis nua um míchumas don tréimhse tar éis 2020 glactha ag an gCoimisiún Eorpach. á tuilleadh eolais ar fáil san alt seo.
á san Aontas Eorpach faoi mhíchumas. á ráta bochtaineachta níos airde ná an meán AE ag na daoine seo, a gcuireann a míchumas bac orthu go minic páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar. Is é an ráta fostaíochta i measc daoine faoi mhíchumas san Aontas Eorpach ná 50.8%, i gcomparáid le 75% sa phobal i gcoitinne.
De réir , ar dhaoine atá faoi mhíchumas, áirítear iad siúd a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d'fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a bheith acu sa tsochaí ar bhonn comhionannais.
Straitéis úr
Cuireann Parlaimint na hEorpa cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn agus bearta agus reachtaíocht AE á bhforbairt aici, agus tá feisirí Eorpacha tiomanta do shochaí chuimsitheach a chruthú atá saor ó leithcheal agus ina gcosnaítear cearta daoine faoi mhíchumas.
Agus an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 ar tí dul in éag, chaith feisirí vóta i Meitheamh 2020 ar thosaíochtaí na Parlaiminte don chéad stratéis eile. Chuir feisirí Eorpacha in iúl gur cheart go mbeadh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, agus d’éiligh siad straitéis uaillmhianach agus chuimsitheach a bheidh bunaithe ar phrionsabal an lánchuimsithe.
D’iarr feisirí ar an gCoimisiún Eorpach an straitéis nua a fhorbairt i ndlúthchomhar le daoine faoi mhíchumais agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu. D’éiligh siad chomh maith go ndéanfar cearta daoine faoi mhíchumais a chur san áireamh i mbeartais agus i réimsí oibre uile an Aontais. Ba cheart chomh maith go mbeidh monatóireacht rialta agus spriocanna soiléire agus intomhaiste ann.
I Márta 2021, maidir le cearta daoine faoi mhíchumas don tréimhse 2021-2030. Leis an straitéis úr, cuimsítear na príomh-mholtaí a bhí ag an bParlaimint:
- gá le rochtain chothrom ar chúram sláinte, ar fhostaíocht, ar iompar poiblí agus ar thithíocht
- maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil chun oibleagáidí inrochtaineachta na straitéise a chur i bhfeidhm
- an treoirthionscadal maidir le a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt tuilleadh
- bearta maolaitheacha d’fhonn a áirithiú nach mbeidh tionchar díréireach ard ag géarchéimeanna sláinte amhail paindéim an choróinvíris ar dhaoine faoi mhíchumas.
Bearta AE ar mhaithe le daoine atá faoi mhíchumas
Déanann an tAontas Eorpach cuimsiú agus rannpháirteachas daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn trína bheartais, trína ghníomhaíochtaí agus trína dhlíthe. Uirlis thábhachtach is ea an straitéis Eorpach um míchumas. Leagtar amach sa straitéis a bhí ann roimh 2021 sraith bearta chun cumhacht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumais sa chaoi is gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú go hiomlán agus páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar ar bhonn atá comhionann le daoine eile. Leis an straitéis, cuirtear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
I measc na mbearta nithiúla atá ann a bhuí leis an sean-straitéis, tá an treoir Eorpach maidir le hinrochtaineacht. Féachann an treoir le táirgí agus seirbhísí a dhéanamh inrochtana (trí fháil réidh leis na constaicí roimh a n-úsáid do dhaoine faoi mhíchumas). A bhuí leis an treoir, is fusa do dhaoine faoi mhíchumas teacht a bheith acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí amhail fóin chliste, uathmheaisíní bainc agus meaisíní ticéadaithe.
Leis an treoir maidir le hinrochtaineacht gréasáin, éascaítear an rochtain ar shuímh ghréasáin na hearnála poiblí agus ar fheidhmchláir mhóibíleacha, agus éascaítear a n-úsáid freisin. Cuireann an clár soghluaisteacht rannpháirtithe faoi mhíchumais chun cinn.
Faoi rialacha nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid a ghlac na feisirí in Aibreán 2021, feabhsófar an rochtain agus cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh níos mó solúbthachta ag taistealaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag déanamh socruithe taistil, mar nach mbeidh ach 24 uair an chloig fógra le tabhairt acu don oibreoir faoina bpleananna taistil (faoi na rialacha reatha, tá 48 uair an chloig fógra le tabhairt don oibreoir). I gcás go mbeidh gá le duine tionlacain, beidh an turas saor in aisce don duine sin. Maidir le taistealaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a úsáideann madra cuidithe, tabharfar ráthaíocht dóibh go mbeidh cead ag an madra taisteal leo.