Grafaic faisnéise: Staitisticí AE maidir le fóirdheontais, poist agus táirgeadh bia

Foghlaim faoi na fíricí agus figiúirí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht san AE, lena n -áirítear maoiniú de réir tíre, an fhostaíocht agus táirgeadh bia

Is earnáil ríthábhachtach í an talmhaíocht i ngach aon thír AE agus faigheann gach ceann acu maoiniú AE mar chuid den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tacaíonn an t-airgead seo le feirmeoirí ar bhonn díreach mar chuid den Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), chomh maith le ceantair thuaithe, gníomhaíocht ar son na haeráide agus acmhainní nádúrtha a bhainistiú mar chuid den Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.


Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi ina dtacaíonn an CBT le feirmeoirí.


Fóirdheontais talmhaíochta an AE de réir tíre


In 2019, caitheadh €38.2 billiún ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, chomh maith le €13.8 billiún ar fhorbairt tuaithe. Cuireadh €2.4 billiún sa bhreis ar fáil chun tacú le margadh na dtáirgí talmhaíochta.


Braitheann na rialacha maidir leis an gcaoi ina gcaitear maoiniú CBT ar bhuiséad fadtéarmach an AE. Beidh na rialacha atá ann faoi láthair i bhfeidhm go dtí mí na Nollag 2022. As sin amach, tiocfaidh leasú an CBT is deireanaí i bhfeidhm, rud a mhairfidh go dtí 2027.


The division of the Common Agricultural Policy (CAP) funds between EU countries
Caitheachas an Chomhbheartas Talmhaíochta de réir tíre

Staitisticí fostaíochta AE sa talmhaíocht

Chuir earnáil na talmhaíochta 9,476,600 post ar fáil in 2019, chomh maith le 3,769,850 post i dtáirgeadh bia (in 2018) agus bhí sí freagrach as 1.3 d’olltáirgeacht intíre an AE sa bhliain 2020.


Fostaíodh an líon is mó daoine sa talmhaíocht in 2019 sa Rómáin, agus bhí an líon is mó daoine fostaithe i dtáirgeadh bia sa Ghearmáin in 2018. D’oibrigh 930,000 duine sa talmhaíocht in Éirinn sa bhliain 2019, 9.8% de líon iomlán an AE, agus fostaíodh 400,000 i dtáirgeadh bia in 2018.


As gach euro a chaitear, cuireann earnáil na talmhaíochta €0.76 sa bhreis ar fáil don gheilleagar AE. Ba é an oll-bhreisluach (OBL) a bhain leis an bhfeirmeoireacht - an difríocht idir luach na dtáirgí a tháirg earnáil phríomhúil talmhaíochta an AE agus costas na n‑earraí agus na seirbhísí a bhain leis an bpróiseas táirgeachta - €178.4 billiún in 2020.


The food and agriculture sectors in the EU
GA_agriculture facts and figures2.jpg

Táirgeadh talmhaíochta san Eoraip

Táirgeann talmhaíocht AE réimse leathan táirgí bia, ó ghránach go bainne. Ghlac an AE le reachtaíocht chun a chinntiú go mbeidh sé sábháilte bia a tháirgtear agus a dhíoltar san AE a ithe. Tá sé mar aidhm le Straitéis AE ón bhFeirm go dtí an Forc, a fógraíodh in 2020, a dheimhniú go dtáirgtear bia ar bhonn níos inbhuanaithe freisin. Teastaíonn ó Fheisirí an úsáid a bhaintear as lotnaidicídí a laghdú chun pailneoirí agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhealach níos fearr, deireadh a chur le húsáid cásanna i bhfeirmeoireacht ainmhithe, agus talamhúsáid i gcomhair feirmeoireachta orgánaí a mhéadú faoi 2030.

Food production in the EU
Táirgeadh bia san AE

An Chomhbheartas Talmhaíochta

Fíricí agus figiúirí maidir leis an bhfeirmeoireacht
Fíricí agus figiúirí maidir leis an bhfeirmeoireacht