An tacaíocht a thaispeáin an tAontas Eorpach don Úcráin in 2023
Féach ar an amlíne thíos chun achoimre a fháil ar an méid a bhí á dhéanamh ag AE agus Parlaimint na hEorpa chun tacaíocht a thaispeáint don Úcráin in 2023.
Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, ag labhairt le Parlaimint na hEorpa an 9 Feabhra roimh cruinniú speisialta le ceannairí AE.
Tá an amlíne in ord croineolaíoch droim ar ais, rud a chiallaíonn go bhfuil an eachtra is déanaí le feiceáil ar barr agus an ceann is sine le feiceáil ar bun.
Cad a bhí á dhéanamh ag AE agus Parlaimint na hEorpa chun tacaíocht a thaispeáint don Úcráin in 2023.
Sort the timeline following the topics
ٲԲԲí
Glacann an tAontas smachtbhannaí nua chun srian a chur le cumas na Rúise dul i mbun cogaíochta
Ghlac an Chomhairle an 12ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin.
14-12-2023
Imeascadh na nÚcránach san Eoraip
Tosaíonn cainteanna ballraíochta AE leis an Úcráin agus an Mholdóiv
Tosaíonn cainteanna ballraíochta AE leis an Úcráin agus an Mholdóiv agus tugtar aitheantas don tSeoirsia mar thír is iarrthóir,
13-12-2023
Imeascadh na nÚcránach san Eoraip
Parlaimint ag tathant ar AE cainteanna ballraíochta a thosú
Éilíonn feisirí ar cheannairí Eorpacha atá ag bualadh an 14-15 Nollag cainteanna ballraíochta a thosú leis an Úcráin, chomh maith leis an Mholdóiv.
28-11-2023
Comhoibriú AE-Úcráin
Síníonn an Pharlaimint agus Rada meabhrán tuisceana athnuaite
Shínigh Roberta Metsola, Uachtarán na Parlaiminte agus Ruslan Stefanchuk, ionadaí de chuid Verkhovna Rada, meabhrán tuisceana athnuaite chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú eatarthu. Bunófar buanionadaíocht don Pharlaimint i gCív agus tabharfar cabhair don Úcráin agus an tír á atógáil acu. Táthar ag súil go gcuideoidh an méid seo leis na hÚcránaigh agus iad ag teacht isteach mar bhaill AE. Labhair ceannairí polaitíochta le Stefanchuk chun a dtiomantas tacú leis an Úcráin a chur i gcuimhne dó.
17-10-2023
Comhoibriú AE-Úcráin
€50 billiún ar son atógáil na hÚcráine
Feabhsaíonn agus tacaíonn an Pharlaimint le togra a dtabharfadh €50 billiún don Úcráin dá téarnamh, atógáil agus nuachóiriú ó 2024 go dtí 2027.
Tacaíonn feisirí le pleananna chun breis armlóin a thabhairt don Úcráin
Ghlacann an Pharlaimint le pleananna chun borradh a chur faoi tháirgeacht armlóin agus diúracáin AE chun dul i ngleic leis an nganntanas atá ann faoi láthair.
Tacaíonn feisirí le bearta chun borradh a chur faoin trádáil leis an Úcráin
Aontaíonn an Pharlaimint deireadh a chur le dleachtanna iompórtála AE maidir le heaspórtálacha tháirgí talmhaíochta ar feadh bliain amháin níos mó chun tacú le geilleagar na tíre.
Deir feisirí nach mór tacú le todhchaí na hÚcráine in AE anois díreach
Roimh thús an chruinnithe mullaigh AE-Úcráin an 3 Feabhra, athdhearbhaíonn feisirí a dtiomantas chun tacú le ballraíocht na hÚcráine san AE agus le próiséas aontachais atá bunaithe ar fhiúntas.