Conas oíche na dtoghchán Eorpach a leanúint
An bhfuil tú ag tnúth go mór le torthaí na dtoghchán Eorpach? Lean an nuacht is déanaí ón mBruiséil agus bí i dteagmháil linn ar na meáin shóisialta.
An bhfuil suim agat i dtionchar na dtoghchán Eorpach agus mar a bhfeicfidh an Pharlaimint nua? Seo chugat bealaí chun an nuacht is déanaí a leanúint.
Suíomh thorthaí na dtoghchán
Cuirfear sonraí maidir le torthaí na dtoghchán ar ó Dé Domhnach 9 Meitheamh ar aghaidh. Gheofar eolas maidir le tíortha faoi leith san Aontas agus móriomláin ag leibhéal AE ann.
Beidh réamhmheastacháin bunaithe ar shonraí vótaíochta arna soláthar ag institiúidí náisiúnta agus gheofar torthaí sealadacha nuair atá gach tír san Aontas tar éis a vóta a chaitheamh.
Beoshruthú ón mBruiséil
Bí linn don ar oíche na dtoghchán, Dé Domhnach 9 Meitheamh ó thart at 17.30 ar aghaidh. Déanfar ateangaireacht i ngach teanga de chuid an Aontais chomh maith.
Cuirfear réamhmheastachán ar fáil maidir le comhdhéanamh na Parlaiminte nuaí ag 20.15 CET agus gheofar na chéad réamhmheastacháin maidir le torthaí na dtoghchán amach ag thart ar 23.15 CET.
Ina theannta sin, cuirfidh polaiteoirí mór le rá a dtuairimí in iúl i bhfoirm ráiteas le linn na hoíche.
Na meáin shóisialta
An bhfuil na huasdátaí is déanaí uait? Coimeád súil ar ár gcuntais , , , , , , agus .
Bain leas as na haischlibeanna #Úáٴdzóٲ, #մDzáAE2024 agus #AE2024 chun páirt a ghlacadh sa chomhrá.
Thar aon rud eile: vótáil!
Agus an rud is tábhachtaí - do vóta a chaitheamh. Ar shuíomh na dtoghchán, gheofar gach eolas maidir leis na toghcháin Eorpacha - cén fáth agus conas vótáil ach go háirithe.