TUARASCÁILmaidir leis an urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais2023
1.4.2025-()
An Coiste um Rialú Buiséadach
Rapóirtéir: Tomáš Zdechovský
- 1. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- 2. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- 3. TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE
- FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLASA CHOISTE FREAGRACH
1. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais2023
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais2023,
–ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais2023, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí[1],
–ag féachaint don ráiteas dearbhaithe[2] i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais2023, de bhun Airteagal287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do mholadh ón gComhairle an17 Feabhra 2025 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais2023 (05754/2025 – C10-0023/2025),
–ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom)2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an18Iúil2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh.1296/2013, (AE) Uimh.1301/2013, (AE) Uimh.1303/2013, (AE) Uimh.1304/2013, (AE) Uimh.1309/2013, (AE) Uimh.1316/2013, (AE) Uimh.223/2014, (AE) Uimh.283/2014, agus Cinneadh Uimh.541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012[3], agus go háirithe Airteagal70 de,
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais[4], agus go háirithe Airteagal 70 de,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2017/1939 ón gComhairle an12 Deireadh Fómhair2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)[5], agus go háirithe Airteagal94 de,
–ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6], agus go háirithe Airteagal 105 de,
–ag féachaint do Riail102 agus d’IarscríbhinnV dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0051/2025),
1.ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad OIPE don bhliain airgeadais 2023;
2.Ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos;
3.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
2. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le dúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais2023
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais2023,
–ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais2023, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí[7],
–ag féachaint don ráiteas dearbhaithe[8] i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais2023, de bhun Airteagal287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do mholadh ón gComhairle an17 Feabhra 2025 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais2023 (05754/2025 – C10-0023/2025),
–ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom)2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an18Iúil2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh.1296/2013, (AE) Uimh.1301/2013, (AE) Uimh.1303/2013, (AE) Uimh.1304/2013, (AE) Uimh.1309/2013, (AE) Uimh.1316/2013, (AE) Uimh.223/2014, (AE) Uimh.283/2014, agus Cinneadh Uimh.541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012[9], agus go háirithe Airteagal70 de,
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais[10], agus go háirithe Airteagal 70 de,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2017/1939 ón gComhairle an12 Deireadh Fómhair2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)[11], agus go háirithe Airteagal94 de,
–ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12], agus go háirithe Airteagal 105 de,
–ag féachaint do Riail102 agus d’IarscríbhinnV dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0051/2025),
1.Ag formheas dhúnadh chuntais Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023;
2.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).
3. TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais2023
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023,
–ag féachaint do Riail102 agus d’IarscríbhinnV dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0051/2025),
A.de bhrí gurb é OIPE oifig neamhspleách ionchúisimh phoiblí an Aontais, atá freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, as feabhas suntasach a chur ar acmhainneacht an Aontais cistí cáiníocóirí a chosaint agus as lucht déanta cionta coiriúla agus a gcomhchoirithe sna cionta sin a thabhairt chun breithiúnais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371[13] agus arna léiriú le Rialachán (AE) 2017/1939[14];
B.de bhrí go gcuimsíonn inniúlacht OIPE roinnt cineálacha calaoise, agus go n-áirítear calaois CBL trasteorann dar luach an damáiste iomlán ina leith EUR10 milliún ar a laghad, sciúradh airgid, éilliú, coireacht eagraithe agus cionta eile a ndéanann OIPE feidhmeanna ionchúisimh ina leith os comhair chúirteanna inniúla na mBallstát rannpháirteach;
C.de bhrí go bhfuil OIPE ar cheann de na comhchodanna d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus, dá réir sin, go ndéantar a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí na gcomhchodanna eile den ollstruchtúr agus go bhfuil siad comhlántach leis na gníomhaíochtaí sin, chun comhordú cuíchóirithe, éifeachtach a bhaint amach lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht an ollstruchtúir ar an bhforiomlán;
D.de bhrí go ndéanann OIPE idirghabháil i gcás bhféadfaidh na húdaráis náisiúnta coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach ina bhfuil deireadh le sainphribhléidí na n-údarás náisiúnta ag teorainn a dtíre, agus i gcás nach bhfuil na cumhachtaí riachtanacha ag eagraíochtaí eile amhail Eurojust, OLAF agus Europol chun na himscrúduithe agus ionchúisimh choiriúla ábhartha a dhéanamh;
E.de bhrí go bhfuil gníomhartha nós imeachta OIPE faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag na cúirteanna náisiúnta agus go bhfuil cumhacht iarmharach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’), trí réamhrialuithe nó athbhreithnithe breithiúnacha ar na gníomhartha sin, chun a áirithiú go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach;
F.de bhrí go bhfuil OIPE comhdhéanta de leibhéal lárnach, a bhfuil a cheanncheathrú i Lucsamburg, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, 22 Ionchúisitheoir Eorpacha (ceann in aghaidh gach Ballstáit atá rannpháirteach), an Stiúrthóir Riaracháin, agus leibhéal díláraithe náisiúnta ina bhfuil na hionchúisitheoirí tarmligthe Eorpacha (ITEnna) sa 22 Bhallstát atá rannpháirteach;
G.de bhrí, ar an leibhéal lárnach, go bhfuil Coláiste OIPE (an ‘Coláiste’) comhdhéanta den Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus an22 Ionchúisitheoir Eorpacha le chéile, agus go ndéanann sé maoirseacht ar na himscrúduithe agus ionchúisimh ar an leibhéal náisiúnta arna ndéanamh ag ITEnna, a oibríonn le neamhspleáchas iomlán ar a n-údaráis náisiúnta;
H.de bhrí, faoi Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/1939, go ndéanfaidh Stiúrthóir Riaracháin OIPE, ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin OIPE, buiséad na hoifige a chur chun feidhme faoina fhreagracht féin agus laistigh de na teorainneacha a údaraítear sa bhuiséad, agus an fhaisnéis uile atá ábhartha maidir le cinntí aon nós imeachta meastóireachta a sheoladh gach bliain chuig an údarás buiséadach;
I.de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialacha Airgeadais OIPE, go ngníomhóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin mar Oifigeach Cuntasaíochta OIPE freisin agus go mbeidh sé freagrach as na cuntais bhliantúla, a chomhdhlúthaítear le cuntais an Aontais, a ullmhú;
J.de bhrí, faoin gcreat reatha, gurb í an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) a iniúchann na cuntais bhliantúla chríochnaitheacha agus gur faoin gComhairle atá sé moladh a dhéanamh agus faoi Pharlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Riaracháin OIPE i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais ar leith;
K.de bhrí nach féidir an grinnscrúdú ar bhainistiú acmhainní OIPE agus caiteachas lena mbaineann neamhaird a thabhairt ar imscrúdú na ngníomhaíochtaí oibriúcháin, a gcuid iarmhairtí agus an tionchar atá acu agus na modhanna ina gcuirtear iad a gcrích;
L.de bhrí go bhfuil OIPE ag feidhmiú go huathrialaitheach maidir le cur chun feidhme a bhuiséid ón 24Meitheamh 2021, agus gur chuir sé tús lena ghníomhaíochtaí oibriúcháin, lenar éiligh sé measúnú leanúnach chun a áirithiú go bhfuil acmhainní ailínithe le héifeachtúlacht oibriúcháin, an 1Meitheamh 2021, arb é an dies a quo é freisin don téarma 5 bliana arna léiriú in Airteagal119de Rialachán (AE)2017/1939 a mbeidh ar an gCoimisiún, ar bhaint amach an téarma sin, tuarascáil meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus parlaimintí náisiúnta, tuarascáil ar chur chun feidhme agus tionchar Rialacháin den sórt sin, agus ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht OIPE agus a chleachtais oibre, in éineacht lena chonclúidí;
M.de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal119(2) de Rialachán(AE)2017/1939, go bhfuil an Choimisiún le tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle má chinneann sé gur gá rialacha breise nó rialacha níos mionsonraithe a bheith ann maidir le bunú OIPE, a chuid feidhmeanna nó an nós imeachta is infheidhme dá ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear a imscrúduithe trasteorann;
1.á chur in iúl gur geal léi an tuairim dhearfach ón gCúirt maidir le hiontaofacht chuntais OIPE don bhliain dar críoch31 Nollaig 2023 agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus na n-íocaíochtaí is bun leo;
2.á mheabhrú go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir le bunú OIPE; á chur in iúl go n-aithníonn sí gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é OIPE; á chur i bhfáth ról tábhachtach OIPE i leith chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus mar chomhpháirt riachtanach d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus de struchtúr níos leithne an Aontais atá bunaithe ar shláine, cuntasaíocht, trédhearcacht agus bainistiú fónta airgeadais acmhainní; ag moladh OIPE as a chuid oibre maidir le coireanna a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus ceartas a áirithiú ina leith, amhail calaois, éilliú agus calaois CBL trasteorann;
3.á thabhairt dá haire gur féidir an dá fheidhmíocht bhuiséid agus oibriúcháin is déanaí a chur i gcomparáid le chéile, agus iad sin amháin, maidir le tréimhse 2022 go 2023, tar éis neamhspleáchas airgeadais OIPE i mí an Mheithimh 2021; á thabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, gur deacair fós na méaduithe sa bhuiséad maidir le gníomhaíochtaí OIPE a mheas toisc gur bunaíodh OIPE le déanaí, mar gheall ar shaintréithe uathúla OIPE agus ar a phríomhghníomhaíochtaí, ar leibhéal dothuartha a bhaineann le calaois a bhrath, ar réimse leathan a chuid cásanna, ar an easpa discréide atá aige i dtaobh ionchúisimh a lorg chomh maith lena spleáchas ar acmhainní agus srianta nós imeachta na gcóras breithiúnach náisiúnta, toisc nach mbíonn aon chomhghaolmhaireacht chinnte ann idir líon agus costais na n-imscrúduithe, agus mar gheall ar mhéid leasanna airgeadais an Aontais ar gá iad a chosaint; á thabhairt faoi deara freisin go bhfuil sé deacair meastachán a dhéanamh ar an gcaiteachas don ualach cásanna a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) mar gheall ar bhealach a chur chun feidhme nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus an líon ard acmhainní;
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
4.á thabhairt dá haire gurbh é EUR65,9milliún an buiséad críochnaitheach foriomlán a leithdháileadh ar OIPE le haghaidh 2023, a bhí ina mhéadú (méadú 14,7%) ó EUR51,2 milliún a leithdháileadh in 2022, cé gur bhain buiséad2021 (EUR26,2 milliún) le tréimhse roimh neamhspleáchas airgeadais OIPE; á thabhairt faoi deara go n-áirítear i mbuiséad OIPE atreisiúchán, arna dheonú ag údarás buiséadach arna iarraidh sin do OIPE i mí an Mheithimh2023, is é sin atreisiúchán EUR500000 (iarraidh lenar áiríodh acmhainní freisin maidir le feabhsú riachtanach acmhainneachta slándála OIPE; a d’fhág gur deonaíodh ocht bpost breise i leith pleananna bunaíochta); á chur in iúl gur mór aici nár filleadh aon bhuiséad in 2023, i gcomparáid le 10% (EUR5,9milliún) den bhuiséad tosaigh in 2022 agus 21% (EUR9,5milliún) in 2021; á chur in iúl athuair gur gá acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do OIPE chun a shainordú a chomhlíonadh go leormhaith;
5.á chur in iúl gur geal léi leibhéal méadaitheach chur chun feidhme an bhuiséid, ar 99,6% a bhí ann in 2023 (i gcomparáid le 98,1% in 2022 agus 97,4% in 2021); á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh dul chun cinn maidir leis an ráta foriomlán forghníomhaithe maidir le híocaíochtaí in 2023, agus gur 85,3% an ráta a baineadh amach (i gcomparáid le 76,6% in 2022 agus 71% in 2021) agus gur tháinig laghdú ar am íocaíochta ar an meán go 17 lá, i gcomparáid le 23,8 lá in 2022 agus 21,0 lá in 2021); á thabhairt faoi deara gur cuireadh an modúl ríomhshonrasctha chun úsáide i mí an Mheithimh 2023 agus go mbeidh sé ina rannchuidiú chun na hualaí riaracháin, agaí íocaíochta agus costais fhoriomlána phróiseálaa laghdú a thuilleadh; ag spreagadh mionchoigeartú breise ar phróisis oibriúcháin chun éifeachtúlacht a uasmhéadú;
6.á chur in iúl go dtuigeann sí, toisc nár comhlíonadh ach cuid de na hiarrataí ar dhearlaic bhuiséadach, gur dhírigh OIPE a acmhainní airgeadais ar iontógáil ITEnna breise, ag a mbíonn tionchar ar acmhainneacht OIPE chun líon méadaitheach na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a threorú, ar an ngá atá ann feabhas a chur ar sheasamh slándála na heagraíochta agus maidir le cothú a Chórais bainistithe cásanna (CBC), rud a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do bhainistiú na n-imscrúduithe trasteorann; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cistiú breise agus méadú foirne chun cur ar a chumas do OIPE an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach, leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus seasamh leis an smacht reachta, ar príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais iad; ag iarraidh méadú tiomnaithe ar chistiú laistigh den chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (CAI) chun a áirithiú gur féidir leis leanúint dá chuspóirí agus dá oibleagáidí a chomhlíonadh;
7.á chur in iúl gurb eol di, tar éis a neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach, i mí an Mheithimh2021, gur thug OIPE tús áite don chaiteachas oibríochtúil a bhaineann le bearta imscrúdaithe, ionchúisimh agus slándála, agus mar thoradh air sin, go ndearnadh caiteachas neamhoibríochtúil a theorannú do sheirbhísí tacaíochta ar leibhéal fíor-riachtanach; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur leithdháileadh EUR28312075 san iomlán ar línte caiteachais oibríochtúil (Teideal3), arb é 43% de bhuiséad críochnaitheach 2023 OIPE (i gcomparáid le EUR21047346 arbh é 41% de in 2022); á thabhairt faoi deara gurb iad na príomhspreagthaí costais le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin luach saothair na ITEnna (arb é 51% é de na gníomhaíochtaí oibriúcháin i gcomparáid le 42% in 2022), agus ina dhiaidh sin gníomhaíochtaí oibriúcháin TFC amhail cothú agus forbairt CBC OIPE (arb é 19% é i gcomparáid le 28% in 2022), agus seirbhísí teanga (gníomhaíochtaí a bhaineann le haistriúchán agus ateangaireacht) (arb é 14% é, a bhí mar an gcéanna in 2022);
8.á thabhairt dá haire gur EUR14,5 milliún a bhí i luach saothair na ITEnna (i gcomparáid le EUR8,7milliún in 2022), agus gurb é sin atá sa phríomhchaiteachas oibríochtúil mar gheall ar líon méadaitheach na ITEnna a bhí ann le linn 2023; á chur in iúl gur geal léi aontachas na Polainne agus na Sualainne le OIPE, rud a fógraíodh in 2024; á thabhairt faoi deara nach ndearna sin difear do chaiteachas 2023, agus nach bhfuil ach baint bheag aige le buiséad 2024, mar gheall ar iontógáil dhéanach agus de réir a chéile na beirte Príomh-Ionchúisitheoirí Eorpacha agus roinnt ITEnna; á chur in iúl go dtuigeann sí nach féidir meastacháin níos cruinne a dhéanamh ar an gcostas go dtí 2025; á chur in iúl gur geal léi go cuimsítear sa chlár cuspóir Rialtas nua na hÉireann bheith rannpháirteach in OIPE; ag iarraidh ar Rialtas na hUngáire, mar an t-aon Bhallstát amháin atá fágtha nach bhfuil rannpháirteach in OIPE go fóill, d’ainneoin nach bhfuil aon bhac dlíthiúil ná bunreachtúil ann, dul isteach in OIPE gan a thuilleadh moille;
9.á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú breise ar chostas do mhisin agus do chruinnithe oibriúcháin in 2023 (EUR1175000 a bhí i gcostais na misean in 2023 agus EUR980000 a bhí iontu in 2022; EUR659752 a bhí i gcostais do chruinnithe oibriúcháin in 2023 i gcomparáid le EUR170000 a bhí iontu in 2022); i gcomhréir le leibhéal déine na n-imscrúduithe;
10.á chur in iúl gurb eol di go bhfuil coinne le tuilleadh méadaithe ar chostais ar sheirbhísí aistriúcháin, i gcomhréir le líon cásanna méadaitheach OIPE, agus go n-aithníonn sí an gá le tuilleadh acmhainní le haghaidh aistriúcháin; á chur in iúl gur geall léi an treoir inmheánach a forbraíodh maidir le húsáid seirbhísí aistriúcháin, d’fhonn rialú ar chostais a threisiú agus an moladh a chuimsiú le haghaidh seirbhísí meaisínaistriúcháin a úsáid nuair is féidir, agus le haghaidh úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhíse náisiúnta den teorainn a cheadaítear leis an Rialachán atá ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb; á thabhairt faoi deara, maidir leis sin, cé go bhforáiltear le hAirteagal107 de Rialachán (AE)2017/1939 maidir le seirbhísí aistriúcháin a éilítear le haghaidh feidhmiú riaracháin OIPE ar leibhéal lárnach atá le soláthar ag Ionad Aistriúcháin an Aontais le haghaidh Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, foráiltear leis freisin maidir le láimhseáil éagsúil ábhar oibriúcháin agus práinneach agus tugtar de chumhacht do ITEnna socruithe a chinneadh maidir le haistriúcháin chun críoch imscrúduithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme;
11.á thabhairt dá haire gur shínigh OIPE, in 2023, 234 chonradh shonracha faoi chreatchonarthaí atá ann faoi láthair, ar chostas breis agus EUR11mhilliún, agus méadú sonrach ann ar úsáid chreatchonarthaí OIPE (82 chonradh shonracha ar luach breis agus EUR6,5mhilliún) mar gheall, den chuid is mó, ar úsáid chreatchonarthaí OIPE chun Seirbhísí a Sholáthar i Réimse na gCóras Faisnéise; á thabhairt faoi deara nár deonaíodh ach conradh amháin, a bhaineann le CBC OIPE, trí nós imeachta idirbheartaíochta gan iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú roimh ré ar chúiseanna fíorphráinne;
12.á thabhairt faoi deara gurb é EUR10969680 a bhí sna leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó fheidhmiú roimhe sin in 2022 (arb é 24,4% de bhuiséad críochnaitheach 2022 OIPE), ar úsáideadh 84,8% de (EUR9307392) agus ar cuireadh 15,2% de ar ceal (i gcomparáid le 21,4% in 2022) agus á thabhairt dá haire go léiríonn réamhaisnéisí go dtabharfar anonn méid eile in 2024, ag brath ar thabhairt i gcrích na dtáirgí insoláthartha, maidir le leithreasuithe íocaíochta (EUR9392989 a bhí sa mhéid a tugadh anonn ó 2023 go 2024); á chur in iúl go dtuigeann sí gur iarmhairt é cealú páirteach ar chleachtais riaracháin OIPE a bhunú de réir a chéile tar éis dó neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach in 2021; á thabhairt dá haire, maidir le leithreasuithe arna dtabhairt anonn agus a cuireadh ar ceal le haghaidh bhuiséid fhormheasta 2022 agus 2023, nárbh fhéidir iad a úsáid i ndáil le conarthaí reatha ná le conarthaí nua, ná nárbh fhéidir iad a shioncronú le prionsabal na bliantúlachta, agus, san am céanna, maidir le pleanáil na gcostas comhfhreagrach, a bhaineann den chuid is mó le haistriúchán, cruinnithe agus conraitheoirí seachtracha, nárbh fhéidir í a bheith cruinn de thairbhe easpa aon sonraí stairiúla agus aon fhigiúirí agus mar gheall ar fhorbairt thapa na heagraíochta; á chur in iúl gur mór aici go ndéantar le neartú leanúnach acmhainneacht riaracháin OIPE aghaidh a thabhairt de réir a chéile ar na ceisteanna sin agus, cé nach féidir meastachán iomlán a dhéanamh roimh ré mar gheall ar chineál ghníomhaíochtaí oibriúcháin OIPE, go bhfuil coinne le laghdú ar leibhéal na leithreasuithe cealaithe in 2024;
13.á thabhairt dá haire gur ghlac an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach dhá aistriú bhuiséadacha in 2023, maidir le togra arna dhréachtú ag an Stiúrthóir Riaracháin, agus gur cuireadh iad in iúl don Choláiste maidir le faisnéis, le haghaidh EUR1,2 milliún, ar méid iomlán a aistríodh idir teidil é;
14.á chur in iúl go n-aithníonn sí an gá do sholúbthacht leordhóthanach sa bhuiséad, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibriúcháin amhail, in 2023, an cogadh san Úcráin, brúnna boilscitheacha, nó saincheisteanna domhanda eile agus go dtuigeann sí gur bhain OIPE úsáid as a Rialacha Airgeadais de réir ath-leithdháileadh tráthúil leithreasuithe trí leasuithe a dhéanamh ar an mbuiséad (ceann amháin i mí an Mheithimh agus ceann eile i mí na Samhna) agus trí aistrithe buiséadacha (ceann amháin i mí Mheán Fómhair agus ceann eile i mí na Nollag);
15.Ag chur a barúla in iúl athuair maidir le Ráiteas Airgeadais Reachtach 2017 atá imithe i léig agus a measfar gan bheith oiriúnach don fheidhm a thuilleadh mar gheall ar ualach oibre a ndéantar gannmheastachán suntasach air; á mheabhrú an rún uaithi roimhe sin, á chur in iúl go gceanglaítear ar OIPE fanacht go dtí deireadh iomlán phróiseas glactha an bhuiséid in éagmais athbhreithniú buiséadach meántéarmach chun soiléireacht a fháil ar leibhéal na n-acmhainní is féidir leis a chur chun feidhme sa bhliain ina dhiaidh sin, agus go gcuirtear teorainn le cumas OIPE gníomhaíochtaí ullmhúcháin chur chun feidhme an bhuiséid a thuar chomh maith leis na roghanna ba cheart a chur ar fáil chun an tsolúbthacht is mó is féidir a bhaint amach maidir le bonneagar eagraíochtúil a fhorbairt do thionscadal atá chomh nuálach le OIPE; á thabhairt dá haire go ndéantar difear leis sin go háirithe do sheoladh luath na hearcaíochta, rud a chuireann moill ar an dul chun cinn maidir le háitíocht iomlán i measc daoine eile agus acmhainneacht ionsúite fhoriomlán OIPE;
16.á áitiú go meastar go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus daonna a leithdháilfear ar OIPE leordhóthanach chun a fhágáil gur féidir leis a shainordú a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus rathúil, agus na nósanna imeachta riaracháin gaolmhara a láimhseáil ar an ngnáthbhealach; ag iarraidh athuair ar an gCoimisiún creat airgeadais OIPE a athbhreithniú i ndlúthchomhar le OIPE chun bealaí leormhaithe a aimsiú chun tacú leis ina chuid oibre; a iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní breise a leithdháileadh, rud a bhfuil údar leis mar gheall ar an líon méadaitheach cásanna casta, agus á chur i dtábhacht nár cheart na acmhainní sin a bheith ag brath ar athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2017/1939 ná ar shainordú OIPE, ach ina áit sin, gur cheart iad a bheith ag brath ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh coireacht eagraithe agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh sa chéad CAI eile;
17.á chur i dtábhacht go rannchuidíonn gníomhaíochtaí OIPE le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus go bhfuil coinne leis freisin go ndéanfar méideanna ó bhuiséad an Aontais nár úsáideadh chun na críche a bhí beartaithe dóibh mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla a aisghabháil mar gheall orthu; á chreidiúint go bhféadfadh na méideanna a eascróidh as bearta urghabhála agus coigistiúcháin arna nglacadh ag na ITEnna sna Ballstáit, tar éis asbhaint na gcostas arna dtabhú ag údaráis na mBallstát chun na bearta sin a chur chun feidhme, sreabhadh ar ais isteach i mBuiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal38 de Rialachán (AE) 2017/1939; á bhreithniú gur cheart cuntas a dhéanamh ar an ioncam a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta a urghabhála agus coigistiúcháin i mBuiséad an Aontais mar ioncam nár sannadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún na socruithe is gá a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha chun go mbeidh na méideanna sin in ann dul isteach i mBuiséad an Aontais;
18.á chur in iúl go n-aithníonn sí gur léir go rannchuidíonn OIPE le breisluach Eorpach ó thaobh comhordú agus comhar leis na Ballstáit maidir le coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus go bhfuil na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1939 á mbaint amach ag OIPE ina leith sin; á chur in iúl go bhfuil coinne leis go gcomhlíonfaidh na Ballstáit oibleagáidí dlíthiúla agus go ndéanfaidh siad gach cás ábhartha a thuairisciú do OIPE; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh na Ballstáit tar éis cionta coiriúla a dhearbhú i roinnt cásanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar chásanna náisiúnta, a thagann faoi inniúlacht OIPE; á thabhairt dá haire gur tháinig ceisteanna maidir le hinniúlacht idir na húdaráis náisiúnta agus na ITEnna chun cinn i roinnt cásanna ar fud roinnt tíortha; á chur in iúl gurb eol di, de réir Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2017/1939, go bhfuil cásanna easaontais faoi inniúlachtaí OIPE le cinneadh ag an údarás breithiúnach náisiúnta céanna atá freagrach as an gcomhlacht inniúil le haghaidh ionchúisimh ar an leibhéal náisiúnta a chinneadh; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus na húdaráis náisiúnta ar cuireadh de chúram orthu na cinntí maidir le cásanna den sórt sin maidir le coinbhleachtaí inniúlachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, á chur i bhfáth, i gcásanna coinbhleachtaí inniúlachta idir OIPE agus údarás náisiúnta ionchúisimh, go bhféadfadh an t-údarás náisiúnta atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le sannadh na hinniúlachta teacht ar chonclúid gan réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais a iarraidh agus go bhféadfadh sé, ina ionad sin, cinneadh a ghlacadh atá ina cheangal ar OIPE agus ag tabhairt le fios go bhfuil sé sin in aghaidh mheon Rialachán (AE) 2017/1939, ina bhforáiltear go bhfuil, i gcomhréir le hAirteagal267 CFAE, dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar léirmhíniú na forála maidir le coinbhleachtaí inniúlachta idir na húdaráis náisiúnta agus OIPE; á chur in iúl go gcreideann sí go bhfuil easpa soiléireachta dlíthiúla sa staid reatha; ag spreagadh na mBallstát uile chun oibriú níos dlúithe le OIPE; á chur i dtábhacht go leagtar amach inniúlacht OIPE go soiléir in Airteagal22(1) agus (2) agus in Airteagal23 de Rialachán(AE)2017/1939 agus go bhfuil an Rialachán sin le comhlíonadh ag gach Ballstát; á thabhairt dá haire, i gcás ina mbeidh amhras ar na Ballstáit faoi inniúlacht OIPE i gcás ar leith, go bhféadfaí réamhcheist a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú de bhun Airteagal267 CFAE agus Airteagal42(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2017/1939; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcás ina ndéantar sárú ar Rialachán (AE) 2017/1939, an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh ceist na hinniúlachta a bheith ina cúis le stop a chur leis an imscrúdú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go gcaillfear fianaise nuair a chuirtear cásanna ar sos; ag iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a bhailiú maidir le cásanna i ndáil le coinbhleachtaí inniúlachta don tuarascáil mheastóireachta a thíolacfar in 2026;
19.á chur in iúl athuair go ndéanfar Airteagal91(6) de Rialachán (AE) 2017/1939 a chur chun feidhme go cuí agus á chur i bhfios go láidir gur gá saintréithe sonracha an chaiteachais ionchúisimh agus imscrúdaithe, lena n-áirítear na cásanna eisceachtúla de chaiteachas oibríochtúil OIPE arna rialú ag an bhforáil sin, a chur san áireamh; á chur in iúl go dtuigeann sí gur síníodh an chéad chomhaontú maoinithe faoi chuimsiú treoirthionscadail in2023, chun éilimh a rinneadh faoi Airteagal91(6) de Rialachán (AE)2017/1939 a aisíoc, chun bearta imscrúdaithe costasacha arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta thar ceann OIPE a chumhdach; á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Chúirt iniúchadh ar an íocaíocht chomhfhreagrach le linn iniúchadh 2023 agus gur measadh go raibh sí dleathach agus rialta;
Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach
20.á chur in iúl gur geall léi gur bhuail an Coláiste le chéile 22 uair le linn 2023 agus gur ghlac sé 73 chinneadh, agus ina measc tá straitéis frithchalaoise 2023-2025, beartas frithchiaptha maidir le foireann agus comhaltaí an Choláiste nó na ITEnna;
21.á chur in iúl go n-aithníonn sí gur lean OIPE dá iarrachtaí córas a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus coigilteas ar chostais, agus á thabhairt faoi deara gur sheol OIPE athbhreithniú in 2023 ar phleanáil oibriúcháin agus straitéiseach agus próisis faireacháin ar bhuiséid agus ar ghníomhaíochtaí, agus ar na próisis earcaíochta, chun dlús a chur leo agus chun inniúlachtaí faighte a mhéadú; á thabhairt le fios gur córais éifeachtacha iad, ar an bhforiomlán, na córais rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm;
22.á thabhairt dá haire, chun creat dearbhaithe OIPE a fhorbairt níos mó, gur chuir iniúchóir inmheánach OIPE maidir le cúrsaí neamhoibríochtúla (IAS) tús le hathbhreithniú teoranta, in 2023, ar bhloic tógála dhearbhaithe OIPE; á chur in iúl go gcreideann sí go soláthrófar leis an rannpháirtíocht sin, arna sceidealú í a chur i gcrích i gcaitheamh 2024, moltaí chun acmhainneacht níos láidre a fhorbairt don Oifigeach Údarúcháin chun dearbhú dearbhaithe inchreidte a eisiúint;
23.á chur in iúl gur geal léi an cleachtadh tagarmharcála a rinne an Fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí (FII) trí chomparáid a dhéanamh idir acmhainní daonna OIPE atá curtha chun úsáide agus tacar d’eintitis eile de chuid an Aontais agus oifigí ionchúisimh náisiúnta, in aghaidh tacar caighdeánaithe de cholúin lena n-áirítear tacaíocht riaracháin agus gníomhaíochtaí oibriúcháin; á thabhairt faoi deara gur thástáil FII, in 2023, an timpeallacht formhaoirseachta inmheánaí agus gur reáchtáil sé an chéad iniúchadh inmheánach mar anailís ar thimpeallacht oibre agus rialuithe inmheánacha oifig dhíláraithe OIPE i Sóifia na Bulgáire;
24.á chur in iúl athuair gur cheart do IAS agus FII a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú d’fhonn comhairle agus cúnamh a thabhairt do OIPE maidir lena phríomhphróisis a bhunú agus lena chuspóirí a bhaint amach;
25.á thabhairt dá haire go ndearna OIPE a acmhainneacht ceannaigh féin a fhorbairt, mar thoradh ar a phróisis soláthair a reáchtálann sé leis féin agus a seoladh in 2023, agus déanann sé a chonarthaí sonracha agus foirmeacha ordaithe féin a bhainistiú maidir le cur chun feidhme creatchonarthaí atá ann faoi láthair agus a síníodh in 2023; á thabhairt faoi deara go leanann OIPE, i gcomhthreo, de bheith ag oibriú ar a acmhainneacht ceannaigh trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais agus trí chonarthaí idirinstitiúideacha a nascadh le hoibreoirí margaidh éagsúla;
26.á chur in iúl gurb eol di gur bhunaigh an Stiúrthóir Riaracháin in 2023 na caighdeáin íosta (critéir mheasúnaithe) le haghaidh gach ceann de 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh bunaithe ar Chreat Comhtháite COSO maidir le Rialú 2013 agus arna bhunú le Creat Rialaithe Inmheánaigh (CRI) OIPE mar bhloic tógála chóras rialaithe inmheánaigh OIPE; á thabhairt faoi deara maidir leis an 72 chritéar comhlíontachta atá ann, go dtugtar faoi deara go gcomhlíontar 51 cheann díobh, agus go bhfuil roinnt eilimintí curtha i bhfeidhm maidir le 20 cinn díobh, ach gurb inmhianaithe tuilleadh forbartha a dhéanamh, nár tugadh aon chur chun feidhme suntasach dá haire ach i gcás critéar amháin; á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh, ón tráth a ghlac an Coláiste leis i mí an Mhárta 2021, 71% de na measúnuithe glactha CRI a chur chun feidhme cé gur gá iarrachtaí breise a dhéanamh chun an 29% atá fágtha a chur chun feidhme;
27.á chur in iúl gur geall léi gur glacadh, an 1Márta 2023, leagan uasdátaithe de Straitéis Frithchalaoise OIPE2023-2025 lena leagtar amach cuspóirí chun calaois ar leibhéil uile na heagraíochta a chomhrac in éineacht le plean gníomhaíochta tiomnaithe ar cuid de thimpeallacht rialaithe inmheánaigh OIPE é agus ar a ndéantar faireacháin go tráthrialta; á chur in iúl gur mór aici athbhreithniú bliantúil phlean gníomhaíochta na Straitéise Frithchalaoise a dhéanann Oifigeach Rialaithe Inmheánaigh OIPE, a dhéanann na torthaí ar an athbhreithniú sin a thuairisciú don Stiúrthóir Riaracháin;
28.á chur in iúl gurb eol di go ndéanann OIPE, i gcomhréir le rialacha airgeadais OIPE, leibhéal leormhaith aistrithe airgeadais agus na nósanna imeachta soláthair a áirithiú trí rialuithe ex post maidir le haistrithe airgeadais (íocaíochtaí, gealltanais agus ordaithe aisghabhála) agus maidir le nósanna imeachta soláthair le haghaidh na tréimhse ón 1Eanáir go dtí an 31Nollaig 2023;
29.á thabhairt faoi deara an méadú ar thuairiscí coire arna gcur faoi bhráid OIPE (4187 in 2023, i gcomparáid le 3318 in 2022 agus 2832 in 2021) agus dá bhrí sin, an méadú ar imscrúduithe oscailte (1371 in 2023 i gcomparáid le 865 in 2022 agus 567 in 2021) agus ar mheastachán an damáiste (ar fiú EUR19,27billiún é in 2023 i gcomparáid le 14,1billiún in 2022 agus 5,4 billiún in 2021); á thabhairt dá haire gurb é an sciar is mó den ionchur oibriúcháin a fuarthas a bhí sna tuairiscí ó pháirtithe príobháideacha (2494, ar 29% níos mó é ná mar a fuarthas in 2022) agus ó na húdaráis náisiúnta (1562, ar 24% níos mó é ná mar a fuarthas in 2022), ach gurb oth léi gurb an-íseal i gcónaí a bhí an líon tuarascálacha a fuarthas ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais (108), rud a thugann le fios nach ndearnadh aon dul chun cinn mór i dtéarmaí braite agus tuairiscithe de óna dtaobh sin; á thabhairt dá haire go léirítear leibhéal feidhmíochta méadaithí OIPE i líon na ndíotálacha (139 in 2023 i gcomparáid le 87 in 2022 agus 5 in 2021) in éineacht le horduithe reoite arna bhfáil ag OIPE (ar fiú EUR1,5 billiún iad i gcomparáid le EUR359,1 milliún in 2022 agus EUR147 milliún in 2021);
30.á thabhairt dá haire, i gcomparáid le 2022, gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar líon cásanna OIPE in 2023, agus bhí suas le 1927 n-imscrúdú ghníomhacha; ag moladh ghníomhaíochtaí torthúla OIPE in 2023, a d’fholaigh 139 ndíotáil, 339 gcás a bhain le CBL agus os cionn 200 imscrúdú ar chur chun feidhme NextGenerationEU; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh OIPE ag tabhairt níos mó déantóirí calaoise an Aontais os comhair na gcúirteanna náisiúnta;
31.á thabhairt dá haire gur cuireadh 48 gcás i gcrích, in 2023, le ciontú cúirte (i gcomparáid le 20 cás in 2022) agus gur fiú EUR60 milliún an méid a coigistíodh (i gcomparáid le EUR2milliún a coigistíodh in 2021); á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le tuairisciú córasach ar mheasúnú iar-iniúchta na gcásanna sin i dtéarmaí na mbeart airgeadais glactha (coigistiú agus aisghabháil) chun tuiscint níos soiléire a fháil ar thionchar ghníomhaíochtaí OIPE; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag OIPE agus ag an gCoimisiún chun a dteachtaireachtaí a chuíchóiriú agus chun iad a dhéanamh leormhaith i ndáil le riachtanais nósanna imeachta riaracháin féideartha chun bearta a ghlacadh chun buiséad an Aontais a ndearna coireanna airgeadais difear dó a athbhunú; ag iarraidh athuair ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do OIPE sna gníomhaíochtaí faireacháin agus leantacha, ar bhealach nach ndéanfar acmhainní teoranta OIPE a atreorú óna gcúraimí imscrúdaitheacha agus ionchúisimh; ag spreagadh OIPE, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, chun páirt a ghlacadh i gcomhar níos fearr le gnéithe eile d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais, amhail Eurojust agus Europol, nó chun úsáid a bhaint - trí OLAF- as na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise a bunaíodh sna Ballstáit chun faireacháin a dhéanamh ar thorthaí a gcuid imscrúduithe;
32.á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag aisghabháil sócmhainní le linn bac inchreidte a chruthú ar an gcoireacht eagraithe; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht OIPE i líonraí idirnáisiúnta chun a oibríochtaí aisghabhála sócmhainní a chur chun cinn tuilleadh; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún a iarraidh ar OIPE páirt a ghlacadh sa líonra comhair nuachruthaithe maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní; ag tabhairt dá haire gur féidir le himscrúdú agus ionchúiseamh tráthúil agus éifeachtach coireanna a bhaineann le calaois airgead mór a shábháil do bhuiséad an Aontais agus do bhuiséid na mBallstát;
33.á chur in iúl gur údar imní di líon méadaitheach imscrúduithe OIPE maidir le cur chun feidhme Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (PTAnna) (bhí 233 imscrúdú ann ag deireadh 2023, i gcomparáid le 15 imscrúdú ag deireadh 2022) agus maidir leis an damáiste airgeadais measta ábhartha a bhí ag baint leo (EUR1,86billiún); á chur in iúl gur údar sonrach imní di, d’ainneoin an líon mór imscrúduithe, nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit faoi láthair cásanna STA a thuairisciú don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta; á mheabhrú an oibleagáid na cásanna calaoise uile a dhéanann difear do STA a thuairisciú do OIPE agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil na cásanna den sórt sin ábhartha freisin maidir le bearta a bhaineann leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh; á chur i bhfáth go bhfuil méadú mór tagtha ar ualach oibre OIPE, ar mó é ná mar a measadh ar dtús, agus go bhfuil coinne leis go leanfaidh sé de bheith ag dul i méid go háirithe de thairbhe an mhéadaithe ar an líon cásanna a bhaineann le STA, agus go dtugtar le fios le hanailísí ábhartha go bhféadfadh méadú easpónantúil a bheith ar an líon cásanna calaoise, éillithe, cistithe dúbailte agus coinbhleachtaí leasa sna blianta amach romhainn; ag iarraidh ar OIPE anailís chórasach a dhéanamh ar phatrúin chalaoise, agus iad a shainaithint, sna Ballstáit sin inar braitheadh roinnt cásanna RRF, agus na patrúin sin a chur in iúl do na Ballstáit, an Coimisiún agus an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta, agus é ina cuspóir aige sin bearta coisctheacha a fheabhsú chun an riosca calaoise a mhaolú; ag iarraidh ar OIPE, ar an gCoimisiún agus ar OLAF oibriú i ndlúthchomhar agus é d’aidhm acu tionchar cásanna iompair calaoiseacha den sórt sin ar bhuiséad an Aontais a íoslaghdú a mhéid is féidir agus aidhmeanna STA a baineadh amach a chosaint;á mheabhrú an iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht leormhaith a chur ar fáil do OIPE maidir le conas tacú le glacadh na mbeart feabhais, agus sin a chothú, bearta tháinig i ndiaidh imscrúdú neamhspleách OIPE agus ionchúiseamh calaoise a dhéanann difear do STA, agus chun an t-údarás buiséadach a choinneáil ar an eolas maidir leis na roghanna atá ar fáil;
34.á chur in iúl go dtuigeann sí gur thug OIPE freagra ar iarraidh na Parlaiminte do chóras faireacháin níos fearr agus measúnú iar-iniúchta feabhsaithe ar imscrúduithe agus ionchúisimh trí thionscadal a sheoladh maidir le huirlisí staidrimh digiteacha, rud a d’fhágfadh go mbainfí úsáid níos fearr as na sonraí a phróiseálann sé, agus acmhainneacht anailíse straitéisí a fhorbairt chun patrúin chalaoise a shainaithint; á chur in iúl go bhfuil sí ag teacht le tuairim OIPE go bhfuil rath na n-iarrachtaí sin nasctha go díreach leis na hacmhainní atá ar fáil agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí sin agus na costais ghaolmhara a chur san áireamh le haghaidh tograí amach anseo maidir le Rialachán (AE)2017/1939 agus maidir le dearlaicí buiséadacha;
35.á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí OIPE maidir le heochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) le haghaidh gníomhaíochtaí oibriúcháin agus riaracháin ag a bhfuil spriocanna sonracha mar gheall ar a shamhail ghnó ar leith; ag cloí leis an méid a luaigh sí maidir leis an ngá atá ann le gníomhaíochtaí oibriúcháin chun tagairt a chur san áireamh do na méideanna a urghabhadh, a coigistíodh agus, faoi dheireadh, a aisghabhadh le haghaidh bhuiséad an Aontais, arb é cosaint an mhéid sin raison d’être ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais agus a bhfuil OIPE ina ghné thábhachtach de; á chur in iúl go dtuigeann sí nárbh amhlaidh gur de shainchúram OIPE faireachán agus gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh, lena n-áirítear tuairisciú ar thorthaí aisghabhála, agus go n-éilítear leo siúd acmhainní agus sainphribhléidí nach bhfuil mar chuid de mhisean OIPE; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le OIPE táscairí a shainaithint atá nasctha don chúraim fhíor-riachtanach sin a bhaint amach, á chur i dtábhacht go bhféadfadh tionchar níos follasaí a bheith ag imscrúduithe OIPE agus go bhféadfaí na patrúin chalaoise a shainaithint mar thoradh ar chóras faireacháin níos fearr, agus mar thoradh ar níos mó sonraí níos gráinní agus sonraí atá comhiomlánaithe i gcnuasach de réir típeolaíochta mí-iompair, earnála leasa nó limistéir geografaigh;
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
36.Ag tabhairt faoi deara na treochta aníos maidir le líon na foirne, a mhéadaigh ó 58 in 2020, go 122 in 2021, 217 faoi dheireadh 2022 agus 238 faoi dheireadh 2023; á chur in iúl gurb eol di gur iarr OIPE, don bhliain 2023, ar an údarás buiséadach go ndéanfaí 20 post mar ghníomhaire ar conradh a shochtadh agus go ndéanfaí 20 post mar ghníomhaire sealadach a chruthú, rud a dheonaigh OIPE agus a chuir sé chun feidhme sa bhliain chéanna, agus a d’fhág nár tháinig athrú ar líon iomlán na foirne (248, a bhí comhdhéanta de 171 TAnna, 48 CAnna agus 29 SNEnna), agus leithdháileadh éagsúil ann de phoist (191 TAnna, 28 CAnna agus 29 SNEnna); á thabhairt le fios, áfach, tar éis dó laigí slándála áirithe a shainaithint, gur iarr OIPE i mí na Bealtaine2023 buiséad leasaitheach agus poist bhreise chun feabhas a chur ar shlándáil fhisiciúil, faisnéise agus ar chibearshlándáil ar leibhéil lárnacha agus dhíláraithe agus as 21 phost slándála a sainaithníodh, nár deonaíodh ach ocht bpost (1 AD 9, 4 AD 6 agus 3 AST 3) i mí na Samhna2023 chun slándáil bhreise a chur chun feidhme, rud a cuireadh i gcrích in 2024;
37.á thabhairt le fios gurb é 92,97% é an ráta áitíochta ag an lároifig in 2023, a raibh 238 acu ina mball den fhoireann i gcomparáid le 256 phost buiséadaithe; á thabhairt dá haire go raibh 130 duine, as 140 post do na ITEnna, sa phost ag deireadh 2023 agus gur thosaigh deichniúr eile ag tús 2024, lenar mbaineadh amach ráta áitíochta 100%; á thabhairt faoi deara gur threisigh OIPE a acmhainneacht nósanna imeachta earcaíochta tráthúla agus trédhearcacha a reáchtáil trí 24 nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích in 2023, agus 45 bhall foirne reachtúla agus 8 n-Ionchúisitheoir Eorpacha nua á n-ionduchtú agus, an tráth céanna, 35 ITEnna nua á gceapadh;
38.á thabhairt dá haire gurbh é 4,62% a bhí i ráta athraithe na foirne (TAnna agus CAnna) faoi mhí na Nollag2023[15], agus tuairiscíodh gur éirigh 11 duine as oifig le linn na bliana, arb é an t-údar a tugadh leis sin, den chuid is mó, gur imigh siad chuig institiúid eile (ceithre chás) agus chun glacadh le róil níos sinsearaí a tairgeadh in institiúidí eile de chuid an Aontais (seacht gcás); á thabhairt faoi deara gurb í an phríomhchúis is bun leis an ráta athraithe sin sainiúlacht mhargadh saothair Lucsamburg, a bhfuil comhthiomsú tallainne an-teoranta aici chomh maith le tairiscint bheag sainscileanna;
39.á chur in iúl go n-aithníonn sí iarrachtaí an Choimisiúin iarrataí OIPE ar phoist bhreise a shásaimh; á chur in iúl go gcreideann sí go léiríonn peirspictíochtaí ualaigh oibre go bhfuil acmhainní breise de dhíth, go háirithe agus an riaráiste, cásanna breise eile a bhaineann le STA, agus calaois CBL fhadréimseach á gcur san áireamh, agus á chur san áireamh freisin go bhfuil coinne le fás ar na feidhmeanna riaracháin agus tacaíochta lárnaí, i gcomhréir leis an daonra oibriúcháin níos leithne; á thabhairt le fios an riosca a bhaineann le gannmheastachán a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainneachtaí; á thabhairt dá haire gurb é EUR4235242 an costas a baineadh amach in 2023 maidir le foireann eatramhach agus soláthraithe seirbhísí seachtracha a bhí ag obair intra-muros; ag spreagadh an Choimisiúin agus OIPE chun réiteach fadtéarmach inbhuanaithe a aimsiú lena gceadaítear comhleanúnachas, lena ndéantar rúndacht a chaomhnú agus lena gcoimeádtar inniúlachtaí ionsuite; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil riachtanais oibriúcháin bhreise OIPE comhtháite go huileghabhálach i nDoiciméad Clársceidealaithe Aonair OIPE 2024-2026 agus in iarrataí maidir le buiséad OIPE;
40.á thabhairt faoi deara agus is díol imní di gur margadh fíor-iomaíoch é margadh saothair Lucsamburg, nach bhfuil na coinníollacha airgeadais arna dtairiscint ag riarachán an Aontais tarraingteach i gcomparáid leis an margadh áitiúil (faoi réir innéacsuithe pá éagsúla le linn na bliana), agus nach dtugtar leo an aird chuí ar an ardchostas maireachtála in Lucsamburg, rud atá níos deacra faoi láthair mar gheall ar an ráta boilscithe agus mar gheall ar mhéadú ar chostas tithíochta; á thabhairt dá haire nach féidir le OIPE conair ghairme a thairiscint dá bhaill chun bheith ina nOifigigh de chuid an Aontais agus, dá bhrí sin, gur lú tarraingteacht a phost fós i gcomparáid leo sin i gceithre institiúid eile de chuid an Aontais atá ag feidhmiú i Lucsamburg; á chur i dtábhacht go bhfágann sé sin go ndéantar líon an-teoranta iarratas ar phoist fholmha nó go ndiúltaíonn na hiarrthóirí roghnaithe don tairiscint fostaíochta nuair a fhaightear é, mar gheall ar an ardchostas maireachtála; ag iarraidh ar OIPE agus ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme lena bhfeabhsaítear tarraingteacht OIPE do ghairmithe ardoilte a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu, amhail liúntas tithíochta d’fhoireann ar ghrád níos ísle a d’fhormheas an t-údarás buiséadach do 2025, mar a mhol an Grúpa Idirinstitiúideach Ardleibhéil; á thabhairt faoi deara ró-ionadaíocht ar náisiúntachtaí áirithe i measc na mball foirne;
41. á thabhairt dá haire, ag deireadh2023, go raibh cothromaíocht gheografach agus inscne á saothrú go leormhaith ar an bhforiomlán i measc na238 mball foirne (b’fhir iad137 díobh agus ba mhná iad101 díobh); á áitiú go ndéantar faireachán ar mhiondealú de réir náisiúntachtaí dhaonra OIPE i gcónaí tráth a dhéantar baill nua foirne a fhostú, chun féachaint go ndéantar cothromaíocht a áirithiú, go háirithe i bhfianaise leithdháileadh neamhchothrom na n-iarratasóirí, agus toisc go bhfuil ionadaíocht níos mó ag an Iodáil (34), an Rómáin (33), an Ghréig (26) agus an Bheilg (24) ar fud gach ceann de na 26 náisiúntacht éagsúla; á spreagadh OIPE chun bearta réamhghníomhacha a ghlacadh chun ionadaíocht chothrom ar náisiúntachtaí a áirithiú i measc a bhall foirne, rud a léiríonn éagsúlacht na mBallstát rannpháirteach; á chur in iúl ábhair imní maidir le dáileadh inscne i measc phoist na bainistíochta sinsearaí (ceathrar fear agus aon bhean amháin) agus á iarraidh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin faoi chuimsiú na straitéise iomláine maidir le héagsúlacht; á iarraidh go bhfoilseofar tuarascáil bhliantúil, agus í dí-chomhiomlánaithe de réir inscne, náisiúntachta agus catagóir fostaíochta, lena n-áirítear bearta nithiúla chun bearnaí san earcaíocht agus sa dul chun cinn gairme a dhúnadh agus chun faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí agus aghaidh a thabhairt orthu;
42.á chur in iúl gurb eol di go ndearnadh an cinneadh straitéis a chur chun feidhme maidir le hÉagsúlacht agus Cuimsiú in 2023, agus déanfar an straitéis a fhorbairt i gcaitheamh 2024; ag spreagadh OIPE chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le glacadh na straitéise agus suirbhéanna tréimhsiúla a sheoladh i measc a fhoirne, trí athbhreithniú piaraí a chur chinn in éineacht le gnéithe eile d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais, amhail Eurojust, OLAF agus Europol; á chur in iúl go dtuigeann sí go mbeidh beartas OIPE maidir le hÉagsúlacht & Cuimsiú bunaithe ar an gCairt um Éagsúlacht & Cuimsiú de chuid Líonra Gníomhaireachtaí AE, arna glacadh i mí an Mhárta2023, agus á chreidiúint go ginearálta go spreagfar leis éagsúlacht chun an áit oibre a bheith ina háit níos tarraingtí d’iarrthóirí a bhfuil riachtanais áirithe acu; ag iarraidh athuair ar OIPE a Chairt um Éagsúlacht agus Cuimsiú a ghlacadh gan mhoill, i bhfianaise an mhéadaithe ar an bhfoireann le linn 2023;
43.á thabhairt dá haire gur imscaradh 341 duine as 396 atá san fhoireann, lena n-áirítear TAnna, CAnna, SNEnna agus ITEnna, (i gcomparáid le 275 duine as 332 in 2022) i ngníomhaíochtaí imscrúduithe faoi dheireadh 2023 (is é sin 86,10% i gcomparáid le 82,83% in 2022 agus 86% in 2021) agus, an tráth céanna, bhí 55 bhall foirne (i gcomparáid le 57 in 2022) ag gabháil d’fheidhmeanna tacaíochta agus rialaithe riaracháin;
44.á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh 8 nIonchúisitheoir Eorpacha nua agus 35 ITE nua in OIPE in 2023; á chur in iúl athuair nach féidir le OIPE a ról a chomhlíonadh ach amháin má bhíonn neamhspleáchas breithiúnach iomlán aige, a eascraíonn as nós imeachta ceapacháin atá bunaithe ar fhiúntas agus atá oibiachtúil; ag spreagadh na mBallstát rannchuidiú le neamhspleáchas iomlán OIPE i ndáil leis sin;
45.á áitiú gurb í comhfhreagracht OIPE agus na mBallstát na ITEnna a cheapadh; á chur i bhfáth nach mór an nós imeachta ceapacháin a bheith i gcomhréir le hAirteagal17 de Rialachán (AE)2017/1939 chomh maith le prionsabal an neamhspleáchais náisiúnta nós imeachta;
46.á chur i bhfios go láidir an gá le tuilleadh deiseanna forbartha gairme beatha le haghaidh ITEnna chun gairmithe a bhfuil taithí acu a mhealladh agus a choinneáil; ag iarraidh dálaí fostaíochta feabhsaithe, lena n-áirítear conair ghairme shoiléir agus caighdeánú socruithe slándála sóisialta agus pinsin sna Ballstáit rannpháirteacha uile, rud lena n-áiritheofar nach ndíspreagfaidh neamhréireachtaí tuarastail náisiúnta iarrthóirí cáilithe ar chur isteach;
47.á chur in iúl gur mór aici gur bhain líon na ITEnna 140 amach i gcaitheamh 2023 agus ag tús 2024, is é sin an líon a bhí beartaithe ar dtús; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun luach saothair na ITEnna a ailíniú le pá Oifigigh an Aontais ar leibhéal coibhéiseach freagrachta, seachas 80% de thuarastal Oifigigh an Aontais, dá bhforáladh ar dtús; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go méadaítear tarraingteacht fheidhmeanna na ITEnna leis an gcinneadh sin, rud a réitíonn an bealach le haghaidh earcaíocht ionchúisitheoirí náisiúnta a bhfuil níos mó taithí acu agus a raibh tuarastal náisiúnta níos airde acu ná an luach saothair arna thairiscint ag OIPE, agus idir an dá linn, go laghdaítear leis an t-ualach riaracháin ar OIPE maidir le cur chun feidhme Airteagal16(1) i leith Choinníollacha Fostaíochta na ITEnna, ina ndéantar foráil, i gcás a mbíonn iomlán an luacha saothair níos ísle ná an tuarastal náisiúnta, go ndéantar méid breisithe a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil an luach saothair ag teacht leis an leibhéal roimhe sin;
48.á chur i bhfios go láidir nach ndéanann OIPE an próiseas roghnúcháin d’Ionchúisitheoirí Eorpacha agus do ITEnna a bhainistiú go huathrialaitheach, toisc go n-ainmníonn na Ballstáit Ionchúisitheoirí Eorpacha agus go gceapann an Chomhairle Eorpach iad ansin, cé go n-ainmníonn na Ballstáit ITEnna agus go gceapann an Coláiste iad siúd; á áitiú go bhféadfaí cur i bhfeidhm iarrthóirí cáilithe maidir le róil OIPE a mhéadú, agus go bhféadfadh an próiseas ceapacháin a bheith níos roghnaí trí pheirspictíocht ghairme níos soiléire agus smacht riaracháin níos fabhraí a ghlacadh maidir le slándáil shóisialta agus cumhdach árachais sláinte; á chur in iúl athuair go mbeadh cruthú stádais áirithe le haghaidh ITEnna comhsheasmhach le cineál a gcuid feidhmeanna breithiúnacha agus go rannchuideodh sé leis na poist sin a bheith níos tarraingtí; ag iarraidh ar an gCoimisiún réitigh leordhóthanacha a mholadh i gcás ina leasaítear Rialachán (AE)2017/1939;
49.á chur in iúl go dtuigeann sí go gceanglaítear ar gach ceann de na Ballstáit (faoi Airteagal96(6) de Rialachán(AE)2017/1939) socruithe de chineál reachtach nó riaracháin a chur i bhfeidhm chun cleamhnacht agus cumhdach na ITEnna a choinneáil ar bun, lena n-áirítear aon ranníocaíocht leis na scéimeanna ábhartha slándála, pinsin agus árachais sóisialta náisiúnta, ach tá roinnt Ballstát ann nach ndearna an oibleagáid sin a chomhlíonadh go hiomlán go fóill; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, réiteach éifeachtúil a mholadh ar bhearna cumhdaigh shlándáil sóisialta agus árachas sláinte na ITEnna agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE)2017/1939;
50.á thabhairt dá haire gur tugadh cúig ghearán faoi cheapadh na ITEnna os comhair na Cúirte Breithiúnais go dtí 2023, ar dúnadh trí cinn díobh (diúltaíodh dóibh nó tarraingíodh siar iad) agus ar dífhostaíodh duine amháin díobh, ach tá achomharc ar feitheamh faoi láthair os comhair na Cúirte Breithiúnais, agus glacadh leis an gcaingean dheireanach le haghaidh neamhniú chinneadh an Choláiste i mí Iúil2024 lenar diúltaíodh d’ainmniú duine arna ainmniú ag Ballstát mar ITE ar an bhforas go raibh easpa réasúnaíochta leormhaithe ann maidir le cinneadh an Choláiste agus tá anailís i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an gcaoi a gcuirfear an neamhniú chun feidhme; á thabhairt faoi deara nach bhfuil aon ghearán nua á thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta a bhaineann le ceapacháin chun OIPE;
51.á thabhairt dá haire gur seoladh straitéis foghlama agus forbartha OIPE in 2023, lena ndírítear ar chultúr foghlama leanúnach a chur chun cinn agus measúnú agus oiriúnú riachtanais foghlama athraitheacha na foirne a éascú, in éineacht leis an anailís phíolótach ar riachtanais foghlama;
52.á thabhairt dá haire, maidir le bearta agus beartais atá i bhfeidhm chun dea-bhail mheabhrach agus fhisiciúil na foirne a chosaint, go raibh gach beart faoi réir athbhreithniú agus comhairliúcháin in 2023 ag na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann (an coiste foirne, baill foirne go ginearálta, agus an lucht bainistíochta), agus iad ag féachaint le cothromaíocht a aimsiú idir ionchais agus réaltacht OIPE mar eagraíocht atá ag fás agus ag athrú go tapa; á thabhairt faoi deara go n-oibríonn OIPE scéim fleisc-ama agus scéim chaighdeánach um obair ón mbaile, lena bhforáiltear maidir le lá amháin teilea-oibre in aghaidh na seachtaine mar bhonn agus 3 lá in aghaidh na seachtaine ar a mhéad, chomh maith le síntí ama a nglacfaí leo i bhfianaise srianta dáiríre sláinte nó teaghlaigh; á thabhairt dá haire go n-áirítear leis an gcreat reatha 10 lá oibre ó lasmuigh den áit fostaíochta in aon bhliain ar leith, atá le húsáid gan iad a nascadh le laethanta eile saoire; á chur in iúl go gcreideann sí go gceadaítear le coinníollacha oibre reatha OIPE don fhoireann tairbhe a bhaint as réitigh dhigiteacha trí leibhéal maith neamhspleáchais a chomhtháthú i mbainistiú na bpatrún oibre, lena ndéantar idir-réiteach ar shaol príobháideach agus oibre a éascú agus lena ndéantar meanma agus sprid na foirne a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi beartas atá á fhorbairt faoi láthair maidir le dea-bhail ina mbeidh roinn maidir le dea-bhail don fhoireann a bhaineann tairbhe as teilea-obair;
53.á chur i dtábhacht, arna mholadh sin don Pharlaimint, go raibh comhairliúchán oscailte ar siúl sa dara seimeastar in 2023 maidir le socruithe oibre solúbtha, agus go ndearnadh athbhreithniú ex post ar na cinntí a glacadh in 2021 agus 2022; á thabhairt dá haire agus ionchur na bpáirtithe leasmhara uile á chur san áireamh, i mí na Nollag2023 go ndearna an Stiúrthóir Riaracháin nuashonruithe ar na forálacha a chomhtháthú; á thabhairt dá haire gur áiríodh leis na hathruithe méadú ar an gcoincheap ‘ionad teilea-oibre’ (ó 2 go 2,5 uair an chloig/fad de réir ga timpeall lároifig OIPE), agus socruithe oibre hibrideacha a thabhairt isteach le haghaidh fhoireann na gníomhaireachta eatramhaí; á thabhairt faoi deara nár glacadh aon athrú breise le cinntí ón gColáiste, agus é á chur san áireamh gur achtaíodh conclúidí chomhairliúcháin na foirne cheana féin le cinntí ón Stiúrthóir Riaracháin;
54.á thabhairt dá haire go bhfuil, tar éis iarrataí na Parlaiminte, tá suirbhé (rannpháirtíochta) ar shásaimh foirne beartaithe sa chéad ráithe in 2025; á chur in iúl go dtuigeann sí gur reáchtáil coiste foirne OIPE suirbhé ar thosaíochtaí foirne freisin, agus á spreagadh go ndéanfar comhrá níos déine chun coinníollacha oibre agus saoil a éascú;
55.á chur in iúl gur geall léi nár tuairiscíodh aon chás traochta ná ciaptha agus go bhfuil an líon saoire breoiteachta fadtéarmaí an-teoranta; á chur in iúl gur geal léi feasacht OIPE i dtaobh a dhualgais chun dul chun cinn agus caomhnú na sláinte agus na dea-bhaile a áirithiú ar fud na foirne, chomh maith leis na cleachtais faireacháin chun tuiscint den sórt sin a bhaint amach, cleachtais lena gcuirtear saoire bhliantúil nár glacadh léi san áireamh, in éineacht le saoire bhliantúil agus neamhláithreachtaí arna dtabhairt anonn, an líon foirne ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach agus fad na neamhláithreachtaí sin; á mheabhrú go bhfuil sé tábhachtach nós imeachta soiléir struchtúrtha a bhunú chun cásanna ciaptha ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus ag na hIonchúisitheoirí Eorpacha a thuairisciú chomh maith lena nochtadh don fhoireann uile;
56.á thabhairt dá haire go ndearna lároifig OIPE cúrsa oiliúna ar bhonn píolótach go luath in 2023 agus gur óstáil aonad seirbhísí dlíthiúla OIPE beirt oiliúnaithe agus ina dhiaidh sin beirt oiliúnaithe eile i mí an Mhárta agus i mí Mheán Fómhair 2023 le haghaidh cúrsaí oiliúna luacha saothair, duine le duine, 5 mhí; á thabhairt faoi deara gur dréachtaíodh beartas maidir le tréimhsí oiliúna, bunaithe ar thorthaí dearfacha an chúrsa phíolótaigh, agus go ndearnadh é a fhormheas in 2024, agus go raibh an chéad timthriall d’oiliúnaithe éifeachtacha ann ina dhiaidh sin sa bhliain chéanna; á chur in iúl gur geal léi seoladh an tionscnaimh um thógáil caidrimh thurgnamhach leis an ollscoil áitiúil, agus má éiríonn leis, ag iarraidh é a leathnú go hollscoileanna breise ar fud an Aontais, rud lena bhféadfaí peirspictíochtaí suimiúla a chur ar fáil chun na cláir tallainne luatha maidir le héagsúlacht a fhorbairt a thuilleadh; á chur i bhfáth gur bac mór an costas ard maireachtála i Lucsamburg roimh oiliúnaithe féideartha; á chur i dtábhacht gur cheart luach saothair a thabhairt d’oiliúnuithe i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le cláir oiliúna ardcháilíochta san Aontas (, ina iarrtar go n-íocfar as gach intéirneacht san Aontas;
57.á chur in iúl gur geal léi gníomhaíocht dhian an choiste foirne, glacadh deiridh a chuid rialacha inmheánacha nós imeachta, seoladh an chéad lae oscailte de chuid an choiste foirne, seoladh an chéad suirbhé de chuid na foirne ar fud OIPE, rannpháirtíocht a n-ionadaithe sna nósanna imeachta roghnúcháin, an t-athbhreithniú cúlghabhálach ar na forálacha ginearálta cur chun feidhme uile a ghlac OIPE roimh bhunú an choiste foirne, cur isteach an ionchuir maidir le hatheagrú inmheánach, uaireanta oibre agus obair hibrideach, rialacha a chur chun feidhme agus dálaí oibre a fheabhsú;
58.á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil OIPE ag dul chun cinn i dtreo plean leanúnach gnó a thabhairt chun críche, rud a áirítear i gcaighdeáin bhainistíochta riaracháin an Aontais, agus á thathant ar OIPE é a ghlacadh gan mhoill;
Creat eitice agus trédhearcacht
59.á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil creat eitice OIPE á thógáil de réir a chéile; á thabhairt faoi deara go bhfuil príomhluachanna an chreata eitice sin leagtha amach go soiléir sna cóid iompair, ina dtugtar breac-chuntas ar chaighdeáin iompair a bhfuil coinne leo i ndáil le fostaithe ar gach leibhéal; á thabhairt faoi deara freisin go mbraitheann an creat eitice ar chód um dhea-iompraíocht riaracháin OIPE, chomh maith lena straitéis frithchalaoise agus a chlár oiliúna maidir le heitic, lena gcuimsítear ciapadh, sceithireacht, cosc ar choinbhleachtaí leasa agus ceisteanna eiticiúla eile; á chur in iúl gur oth léi nach gceanglaítear ar bhaill foirne OIPE freastal ar an gclár oiliúna sin, rud lena n-áiritheofaí tuiscint agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach maidir le cóid iompair OIPE; ag iarraidh ar OIPE an cás sin a leigheas;
60.Ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht OIPE i ngníomhaíochtaí múscailte feasachta i measc na foirne maidir leis an gcreat eitice agus ábhair ghaolmhara; ag spreagadh OIPE chun láithreacht na nIonchúisitheoirí Eorpacha agus na ITEnna a dhéanamh sainordaitheach i seisiúin den sórt sin ar ghlacadh a ndualgas dóibh; á chur in iúl go gcreideann sí gur gá an t-idirphlé inmheánach a bheith níos déine;
61.á thabhairt dá haire nár braitheadh aon chás coinbhleachta leasa in 2023; á chur in iúl gurb eol di go ndearnadh foirmeacha dearbhaithe tiomnaithe maidir le coinbhleacht leasa a bhunú agus go bhfuil rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa i bhfeidhm maidir le comhaltaí den Choláiste, ITEnna, agus baill foirne na n-aonad oibriúcháin, agus poist íogaire eile; á chur in iúl gur geall léi an fhorbairt leanúnach ar bheartas struchtúrtha coinbhleachta leasa agus ag iarraidh ar OIPE a ghlacadh a thabhairt chun críche; ag iarraidh go gcuirfear chun feidhme cúrsa oiliúna athnuachana, go bliantúil agus go sainordaitheach, maidir le heitic agus sláine, le haghaidh foireann OIPE uile;
62.Ag tathant sé ar OIPE a chreat inmheánach sláine a fheabhsú trí shainordú a thabhairt maidir le nochtadh poiblí leasanna airgeadais uile agus gníomhaíochtaí seachtracha oifigeach sinsearach, lena n-áirítear comhaltaí an Choláiste; ag iarraidh iniúchadh tréimhsiúil ar na nochtaí sin chun rioscaí de thionchar míchuí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a mhaolú;
63.á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil OIPE ag féachaint le cosc a chur ar dhorais imrothlacha go háirithe trí fheidhmiú dáiríre fhorálacha na Rialachán Foirne a fhormhuiniú, atá leagtha amach i ngach ceann de chonarthaí OIPE, lena n-áirítear foirmeacha imeachta ad hoc a léiríonn na hoibleagáidí atá i bhfeidhm tar éis rannpháirtíocht a fhoirceannadh; á chur in iúl gur geal léi maidir leis sin, glacadh na dtreoirlínte maidir le Gníomhaíochtaí agus Tascanna Seachtracha le haghaidh Fhoireann OIPE in 2023, a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí nach meastar go mbaineann siad le caithimh aimsire gníomhaíochtaí fóillíochta lasmuigh de shainchúram OIPE;
64.á iarraidh go dtabharfaí isteach beartas iontrála imrothlach níos láidre, lena n-áirítear tréimhse fhadaithe fuaraithe 2 bhliain ar a laghad d’oifigigh shinsearacha OIPE sular féidir leo dul i mbun fostaíochta san earnáil phríobháideach a bhaineann le himscrúduithe OIPE; á iarraidh go ndéanfaidh OIPE athbhreithniú bliantúil ar chomhlíonadh na srianta iarfhostaíochta sin;
65.ag iarraidh ar OIPE nós imeachta tiomnaithe um sceithireacht agus frithbheartaíocht a ghlacadh chun na rialacha cur chun feidhme a chomhtháthú sna Rialacháin Foirne arna nglacadh ag an gColáiste (Cinneadh 2021/077 ón gColáiste lena leagtar síos treoirlínte maidir le sceithireacht is infheidhme laistigh de OIPE) agus chun bheith in éineacht le hAirteagal45.12 de Rialacha Airgeadais OIPE (lena mbunaítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh sna cásanna lena mbaineann), chun áit oibre atá slán agus cosanta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh chun cumarsáid inmheánach a threisiú maidir leis an gcéad líonra de chomhairleoirí rúnda agus maidir leis na forálacha frithchiaptha agus le haghaidh na gCúntóirí Ionchúiseoirí Tarmligthe Eorpacha Náisiúnta (CITENanna) maidir le sásra sceithireachta le haghaidh sáruithe in aghaidh shainordú OIPE;
Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí
66.á chur in iúl gur údar náire di an cás ina bhfuil OIPE i réimse a neamhspleáchais TF, rud a bhfuil droch-thionchar ag cinneadh Ard-Stiúrthóirtheacht na Seirbhísí Digiteacha de chuid an Choimisiúin(‘AS na Seirbhísí Digiteacha’, ar a dtugtaí DIGIT roimhe sin) air, chun scor de sholáthar seirbhísí um an áit oibre dhigiteach; á thabhairt le fios go gceanglaítear le neamhspleáchas TF OIPE acmhainní daonna agus airgeadais breise nár deonaíodh go dtí seo mar gheall ar an teorainn atá á cur i bhfeidhm leis na hacmhainní foriomlána airgeadais atá ar fáil sna línte lena mbaineann; á chur in iúl gur oth léi go raibh ar OIPE, ar fhoras na rioscaí a ghabhann lena ghníomhaíochtaí oibriúcháin, a acmhainneacht dhigiteach féin a bhunú chun freastail ar na hacmhainní daonna breise a deonaíodh air i bhfianaise rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne;
67.á thabhairt dá haire gur tugadh le cur chuige tosaigh OIPE tosaíocht d’acmhainní maidir le seirbhísí digiteacha bunriachtanacha atá nasctha lena ghníomhaíochtaí oibriúcháin a bhunú agus a oibriú, amhail a chóras bainistithe cásanna, agus á chur in iúl go n-aithníonn sí ag an am céanna go mbeadh cur chuige saincheaptha ag teastáil ó sheirbhísí digiteacha OIPE, sa mheántéarma, atá éagsúil, i bpáirt ar a laghad, le seirbhísí an Choimisiúin; á thabhairt faoi deara go bhfuil an Coimisiún ag cur deireadh leis an tseirbhís ag céim ríthábhachtach chomhdhlúthú bhunú OIPE;
68.á chur in iúl go dtuigeann sí gur lean aonad Sheirbhísí Corparáide agus Slándála TF OIPE, in 2023, de bheith ag cur dhá phríomhchlár chun feidhme: Clár Neamhspleáchais TF, chun catalóg chríochnaitheach de sheirbhísí riaracháin TF a thairiscint arna bainistiú ar bhonn iomlán inmheánach, agus clár CBC OIPE, chun digitiú na heagraíochta a fhorbairt a thuilleadh maidir lena réimse lárnach gnó; á chur in iúl go n-aithníonn sí gur lean OIPE in 2023 de bheith ag ullmhú chun aistriú ó áit oibre dhigiteach arna soláthar ag AS na Seirbhísí Digiteacha chuig réiteach oibriúcháin faoi úinéireacht OIPE; á chur in iúl gurb eol di nár dheonaigh an t-údarás airgeadais na hacmhainní atá de dhíth chun an t-athrú sin a chur chun feidhme, cé nár áiríodh iad in iarraidh OIPE ar bhuiséad don bhliain 2023; á thabhairt dá haire, tar éis an fhógra ó AS na Seirbhísí Digiteacha, gur thosaigh OIPE caibidlíocht a dhéanamh chun féachaint le réiteach a fháil nár baineadh amach go fóill;
69.á chur in iúl gur mór aici gur leathnaigh an Coimisiún soláthar seirbhísí TF go dtí mí an Mheithimh2025 ach á áitiú gur réiteach fo-optamach é na seirbhísí uile sin a sheachfhoinsiú sa staid reatha; á chur in iúl go dtuigeann sí nach bhfuil cásanna a bhaineann le slándáil agus rúndacht amháin ina gcúis le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh, ach gur cúis iad freisin gnéithe iomlán airgeadais leis sin a dhéanamh, toisc gur chosúil go mbeadh costas i bhfad níos airde ar an seachfhoinsiú ná an costas ar réiteach inmheánach, agus toisc gurb é OIPE a dhéanfadh glacadh an réitigh inmheánaigh sin a bhainistiú, tar éis do AS na Seirbhísí Digiteacha deireadh a chur lena chuid seirbhísí a sholáthar; á chur i bhfáth go mbeidh gá le buiséad níos ábhartha agus tréimhse aistrithe fhada mar gheall ar ghnéithe casta riaracháin, amhail easpa taithí OIPE agus foirmíocht dhíláraithe OIPE ina mbíonn ITEnna agus CITENanna lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud an Aontais, chun réiteach inmheánach níos fearr a chur chun feidhme;
70.ag iarraidh athuair ar AS na Seirbhísí Digiteacha gan a bheith ag cur isteach ar a thacaíocht le OIPE go dtí tráth a bheidh córas TF dá chuid féin ag OIPE ar féidir brath air; á chur in iúl go mbraitheann sí go bhfuil gá le caillteanas shonraí a sheachaint agus OIPE a choimeád go hiomlán oibríochtúil le linn an aistrithe idir soláthraithe seirbhísí TF; á áitiú go ndéantar cumarsáid shoiléir agus comhordú oibriúcháin maidir leis an aistriú a áirithiú agus go mbeidh leibhéil chinnteoireachta is airde an Choimisiúin agus OIPE rannpháirteach ann; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar OIPE comhaontú ar aistriú inniúlachtaí de réir a chéile ionas go mbeidh aistriú rianúil agus leanúnach ann sa tréimhse tar éis an tsínte ama, tréimhse ar féidir síneadh a chur léi thar mhí an Mheithimh2025;
71.á thabhairt faoi deara gur diúltaíodh d’iarrataí OIPE maidir le poist bhuana bhreise chun an bhearna a eascraíonn as deireadh a chur le AS na Seirbhísí Digiteacha a líonadh, i mí Eanáir2023, nuair a d’iarr OIPE 45 phlean bunaíochta, agus ag deireadh mhí Feabhra2024, nuair a diúltaíodh d’iarraidh ar bhuiséad leasuithe 2024 ar fiú EUR2,98milliún é agus diúltaíodh d’iarraidh ar 37 bpost plean bunaíochta freisin; á thabhairt dá haire gurbh fhéidir an réiteach atá ann maidir le conraitheoirí intra-muros a earcú a bheith ina chuid de réiteach eatramhach chun aghaidh a thabhairt ar dheireadh a chur le AS na Seirbhísí Digiteacha, ach cé go gcuirfí leanúnachas oibriúcháin láithreach ar fáil leis an gcur chuige sin, níor cheart é a cheapadh mar réiteach deiridh le haghaidh OIPE, agus cineál fíor-íogair a ghníomhaíochtaí á chur san áireamh in éineacht leis an ngá le leanúnachas agus iontaofacht a chuid seirbhísí digiteacha a áirithiú, chomh maith leis an leibhéal is airde slándála maidir lena bhonneagar, córas agus trealamh TF; á chur in iúl go bhfuil sí ag teacht leis an tuairim go léirítear le diúltú d’iarrataí airgeadais OIPE na difríochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar fhadhb, ag a bhfuil tionchar diúltach ar ghníomhaíochtaí oibriúcháin OIPE agus ar riosca féideartha clú í don Aontas i gcás ina ndéantar acmhainneacht oibriúcháin OIPE a lagú mar thoradh air sin;
72.á chur in iúl go dtuigeann sí gur gá do gach ITE úsáid a bhaint as aon CBC náisiúnta nó as CBC OPIE, atá i mbunachair sonraí éagsúla arna rialú ag cearta rochtana éagsúla; á chur in iúl go gcreideann sí go ndéantar leis an gcás sin an chastacht laethúil a mhéadú i leith bainistiú sonraí; á chur in iúl gurb eol di freisin, chun gur féidir próiseáil agus malartú na faisnéise idir seirbhísí lárnacha na ITEnna agus OIPE a dhéanamh, go gcaithfidh na ITEnna atá ag baint úsáide as uirlisí digiteacha náisiúnta na cáschomhaid uile a dhigitiú agus go gcaithfear é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; á chur in iúl gur mór aici, maidir leis sin, cruthú foirmiúil stádas CITEN sa chairteagraíochta oifigiúil lena gceadaítear rochtain a dheonú ar CITENanna (foireann na hoifige náisiúnta) go díreach ar CBC OIPE, cosúil leis an ualach a bhaintear de chúraimí riaracháin OIPE agus lena gcruthaítear an bonn do chruinneas agus leanúnachas breise i leith sonraí cáis idir an dá chóras maidir le bainistiú cáis; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go ndéanfaí an bealach i dtreo comhtháthú idir CBC OIPE agus córais bainistithe cásanna náisiúnta a éascú trí athbhreithniú iomchuí a dhéanamh ar rialachán agus go méadófar éifeachtúlacht imscrúduithe OIPE leis na céimeanna sin; á thabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sé gur ábhar a bhaineann le réitigh teicneolaíochta comhoiriúnacha a bheith in úsáid i mBallstáit éagsúla é an comhtháthú sin agus go bhféadfadh sé a bheith nasctha le leibhéal iarbhír dhigitiú na nósanna imeachta breithiúnacha sna Ballstáit sin; á thabhairt faoi deara go ndéantar ualach na gcostas bunúsach a chomhroinnt faoi láthair, agus costais an trealaimh a bhfuil gá leis chun críche idirghníomhaíochta leis na córais bainistithe cásanna náisiúnta á gcumhdach leis an mbuiséad náisiúnta, agus earraí crua agus socrú na timpeallachta oibre digití atá chomh slán céanna le caighdeán slándála fhoireann lároifige OIPE á gcumhdach le buiséad OIPE, ar rud é sin a mheastar gur chuid de chostais cumarsáide oibriúcháin é dá bhforáiltear i Rialachán (AE)2017/1939;
73.á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil idir-inoibritheacht ábhartha maidir le malartú sonraí éifeachtúil agus comhar éifeachtúil a bhaint amach agus, chun comhaontuithe coiteanna malartaithe sonraí íosta a ghlacadh agus chun na huirlisí idir-inoibritheachta breithiúnacha a chur chun feidhme, go raibh roinnt ceardlann ann mar chuid de thionscadal OIPE maidir le cásanna úsáide e-CODEX, arna thionscnamh in 2023, ceardlanna arna reáchtáil ag Cuibhreannas e-CODEX chun ailíniú a dhéanamh ar cheanglais theicniúla agus feidhmiúla; á chur in iúl gur oth léi, gur cuireadh an tionscadal ar sos, tar éis roinnt ceardlann le Cuibhreannas e-CODEX, chun an t-aistriú chuig bainisteoir clár nua e-CODEX , eu-LISA, a cheadú agus mar gheall ar easpa acmhainní OIPE a bhfuil saineolas acu sa réimse sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú mar éascaitheoir chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa tionscadal agus na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh sa mheastachán ar riachtanais airgeadais OIPE;
74.á chur in iúl gurb eol di go bhfuil bagairt mhéadaithe ar shláine struchtúrach TF OIPE a eascraíonn as ionsaitheacht na coireachta eagraithe, atá á comhrac ag OIPE, agus as a dtagann an gá le dlús a chur leis an tslándáil fhisiciúil agus dhigiteach; á thabhairt dá haire gur dhírigh OIPE in 2023 ar rialú slándála a éascú; á chur in iúl gur mór aici cinneadh OIPE maidir le haonad tiomnaithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar chibearshlándáil agus ar shlándáil fhisiciúil; á thabhairt faoi deara gur ullmhaigh OIPE creat lena n-áirítear próisis, róil agus freagrachtaí nua chomh maith le bearta chun slándáil na gcóras digiteach a mhéadú, córais a úsáidtear chun sonraí oibriúcháin agus riaracháin a láimhseáil; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndearnadh roinnt measúnaithe ar riosca chun measúnú a dhéanamh ar chreat slándála na gcóras digiteach, lenar moladh bearta breise teicniúla agus riaracháin a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar thimpeallacht slándála OIPE; á thabhairt dá haire go ndearnadh an creat beartais a fheabhsú sa chás lena mbaineann, trí straitéis slándála agus beartas slándála i leith faisnéis dhomhanda a mholadh in 2023 agus a fhormheas agus a ghlacadh go foirmiúil in 2024;
75.á thabhairt faoi deara go ndearna OIPE bunú na bpointí teagmhála slándála a chur i gcrích, in 2023, i ngach ceann de na Ballstáit a bhí rannpháirteach chun feabhas a chur ar chomhar maidir le hábhair slándála a bhaineann le foireann oifigí OIPE atá lonnaithe sna Ballstáit sin; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhaontú ar leibhéal seirbhíse i bhfeidhm le CERT-EU lena soláthraítear tacaíocht agus faireachán maidir le seirbhísí áirithe i leith na n-ábhar a bhaineann le freagairt ar theagmhas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil struchtúr maith i gceist leis an gcóras a cuireadh chun úsáide chun measúnú a dhéanamh ar riosca agus chun teagmhais a thuairisciú agus go déantar oiliúint a sholáthar ar bhealach éifeachtach; á chur in iúl gur mór aici an measúnú seachtrach a cuireadh i bhfeidhm ar mhaithe le slándáil fhisiciúil, ar measúnú é ar bhain an tír óstach úsáid as na torthaí a bhí air chun treochlár maidir le feabhsú a chruthú;
76.Ag moladh an dul chun cinn shuntasaigh a rinneadh in 2023 i dtreo ionad sonraí cúltaca a chur chun feidhme agus cás athshlánaithe ó thubaiste lena mbaineann a chur chun úsáide; á chur in iúl gur mór aici, sa mhéid sin, an fhorbairt a rinne OIPE ar a éiceachóras bainistithe cásanna féin, a bhfuil a chomhpháirteanna uile á n-óstáil in ionad sonraí OIPE agus á mbainistiú ag foireann OIPE, lena ráthaítear rialú, coinneáil agus úinéireacht OIPE ar chórais agus ar shonraí a phróiseáiltear;
77.á chur in iúl go n-aithníonn sí gur gá do OIPE trealamh agus córais TF cothrom le dáta chun déileáil le coireanna atá ag éirí níos casta a mbíonn gnéithe digiteacha agus modheolaíochtaí digiteacha ag baint leo go minic; á chur i bhfáth freisin a phráinne atá creat láidir cibearshlándála a fhorbairt, i bhfianaise na rioscaí atá ag dul i méid a bhaineann líonraí coiriúla atá thar a bheith eolach ar an teicneolaíocht mar aon le cur isteach eachtrach, trí chibirionsaithe; ag tacú le OIPE ina iarraidh ar acmhainní a leithdháileadh chun a chibearshlándáil a chosaint agus á iarraidh go gcuirfí straitéis láidir cibearshlándála chun feidhme go pras chun oibríochtaí agus sláine sonraí OIPE a chosaint;
78.á chur i bhfáth go bhfágann cineál ghníomhaíochtaí OIPE go bhfuil gá le formhaoirseacht áirithe agus aird thiomnaithe ar chosaint na sonraí pearsanta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do OIPE agus do na ITEnna idirphlé leanúnach a dhéanamh chun in-úsáidteacht na sonraí a áirithiú maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh agus, an tráth céanna, urramú ar chosaint sonraí pearsanta a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-eascraíonn na ceanglais a bhaineann le láimhseáil cosanta sonraí as Rialachán (AE)2017/1939 agus as Rialachán (AE)2018/1725[16] agus go ndéantar na ceanglais sin a chur i gcrích agus a chur chun feidhme le cinntí ón gColáiste, arna nglacadh tar éis comhairle a dhéanamh leis na ITEnna; á chur in iúl gur mór aici an cinneadh oiliúint éigeantach a sholáthar do bhaill uile na foirne, lena n-áirítear oiliúint cosanta sonraí thiomnaithe atá riachtanach chun rochtain a fháil ar CBC OIPE;
Foirgnimh agus slándáil
79.á thabhairt faoi deara, a bhuí leis an gcomhaontú léasa trína ndéanann údaráis Lucsamburg an foirgneamh atá ina cheanncheathrú de OIPE a sholáthar ar bhonn saor ó chíos (foirgneamh TOB), go bhfuil na costais teoranta do mhuirear seirbhíse ar fiú EUR716724 in aghaidh na bliana é; á thabhairt dá haire gur íocadh EUR248103 chuig údaráis chéanna Lucsamburg in 2023 as suiteálacha slándála sa dá urlár breise (9 agus 10) arna seachadadh chuig OIPE i R1 2023;
80.á chur in iúl gur geal léi, agus í ag féachaint do shlándáil fhisiciúil, leithdháileadh - le buiséad leasuithe 2023 agus buiséad 2024 - na n-acmhainní a bhfuil gá leo ionas go mbeadh acmhainneacht chomhréireach ann chun seirbhísí slándála feabhsaithe a sholáthar (21 phost breise chun a acmhainneacht slándála a fheabhsú) chomh maith le hiarrachtaí OIPE i dtaobh fheabhsú leanúnach agus ailíniú éifeachtach na bpróiseas slándála fisiciúla; á áitiú go gcuirtear in iúl le hoibriú ceart OIPE gur gá ionchúisitheoirí agus an fhoireann a chosaint chun leanúint go iomlán lena misin a chur i gcrích, gan aon bhagairt, tionchar ná brú;
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
81.á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart d’údaráis Lucsamburg a sholáthraíonn ceanncheathrú OIP breithniú ar a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta fhuinniúil; ag iarraidh ar OIPE dul i mbun plé le húdaráis Lucsamburg chun iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sonracha chun lorg comhshaoil a áitribh a fheabhsú, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil amhail painéil ghréine, bearta fritháirithe CO2 a thabhairt isteach agus an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil a chur chun feidhme chun meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochtaí, agus í a fheabhsú agus chun fuinneamh a shábháil; ag iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé idir OIPE agus na húdaráis óstacha áitiúla a éascú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus oibríochtaí OIPE a ailíniú le hinbhuanaitheacht an Aontais;
82.á thabhairt dá haire go bhfuil lároifig OIPE comhtháite i líonra iompair phoiblí saor in aisce Lucsamburg, rud a fhágann go bhfuil sé éasca é a shroicheadh trí mhodhanna a mbíonn tionchar íseal acu ar an gcomhshaol, saor ó chostas don fhoireann agus do chuairteoirí agus go soláthraítear crios tiomnaithe chun rothar a pháirceáil i gcarrchlós faoi thalamh na lároifige; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil malartuithe ar bun faoi láthair maidir le stáisiúin athluchtaithe a shuiteáil d’fheithiclí leictreacha sa charrchlós faoi thalamh céanna sin;
Comhar idirinstitiúideach
83.á áitiú nach féidir ról OIPE mar phríomh-chomhpháirt oibriúcháin d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais a shaothrú go héifeachtach ach amháin trí dianchomhar lena gcomhpháirtithe agus lena bpáirtithe leasmhara agus le tacaíocht uathu; á athdhearbhú nach féidir le OIPE a ról a chomhlíonadh mura bhfuil neamhspleáchas breithiúnach aige; ag spreagadh na mBallstát rannchuidiú le neamhspleáchas iomlán OIPE i ndáil leis sin agus ag spreagadh OIPE leanúint dá iarrachtaí cumarsáid agus comhordúcháin leis na comhpháirtithe éagsúla a bhfuil a ngníomhaíocht ceaptha chun bheith frithpháirteach comhlántach;
84.á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a sheol OLAF agus OIPE chun a gcomhar oibriúcháin a chuíchóiriú agus eolas a chomhroinnt i measc na ngníomhaithe lena mbaineann; á chur in iúl gur mór aici an chéad chomhdháil idirnáisiúnta a d’fhág gurbh fhéidir tuairimí a mhalartú idir ionchúisitheoirí OIPE agus imscrúdaitheoirí OLAF, arna hóstáil ag an bParlaimint in 2024; á chur i dtábhacht, leis an athbhreithniú ar chreata rialála OLAF agus OIPE, go dtugtar an deis chun an-chuid gnéithe a athbhreithniú maidir lena n-obair in éineacht a chéile i bhfianaise na taithí a baineadh amach sna chéad bhlianta sin de ghníomhaíocht oibriúcháin OIPE, agus ag féachaint go háirithe do thoiseacht imscrúduithe comhlántacha agus imscrúduithe riaracháin OLAF chun tacú le OIPE, chomh maith le ról méadaithe OLAF maidir le calaois a brath agus a thuairisciú do OIPE chun tacú le téarnamh ar an damáiste do bhuiséad an Aontais; á chur in iúl go gcreideann sí go bhféadfaí an t-idirphlé agus an comhar laistigh den ollstruchtúr frithchalaoise a dhéanamh níos éifeachtaí trí fhóram rialta idirinstitiúideach a bhunú d’fhonn éifeachtúlacht agus éifeachacht na n-acmhainní atá ar fáil i ngníomhaíocht a bharrfheabhsú;
85.á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a sheol OLAF agus OIPE chun dlús a chur leis an idirphlé oibriúcháin agus an comhordú a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhroinnt iomlán éifeachtach sonraí idir OIPE, OLAF, Eurojust agus Europol chun comhar gan uaim a áirithiú sa chomhrac in aghaidh na calaoise trasteorann; ag iarraidh go mbunófaí meitheal chomhpháirteach chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhtháthú sonraí agus ar éifeachtúlacht bainistithe cásanna i measc na gcomhlachtaí sin;
86.ag spreagadh comhar leanúnach agus feabhsaithe idir OIPE agus OLAF, i gcomhréir lena rialacháin féin, agus an oibleagáid ar OLAF amhras faoi theagmháil choiriúil a thuairisciú do OIPE, gan moill mhíchuí, chun go mbeidh sé in ann dul i ngleic le calaois, éilliú agus coireacht airgeadais a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag tacú le tuilleadh forbartha ar thionscnaimh chomhpháirteacha, comhroinnt faisnéise agus gníomhaíochtaí comhordaithe idir OIPE agus OLAF, ós rud é go bhfuil an comhar sin ríthábhachtach chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta airgeadais a neartú agus chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní an Aontais a áirithiú.
87.Ag moladh an dlúthchomhair idir EECP agus an Chúirt Iniúchóirí in 2023, arb é an toradh a bhí air gur tarchuireadh go tráthúil faisnéis maidir le hamhrais ar chionta coiriúla a thagann faoi inniúlachtaí EECP;
88.á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go n-áiritheofar, leis an meitheal arna bunú ag an gCoimisiún, chomh maith le cruinnithe maidir le cur chun feidhme an tSocraithe Oibre idir an Coimisiún agus OIPE, go ndéanfar le fógraí OIPE chun críche aisghabhála riaracháin, dá bhforáiltear le hAirteagal 103(2), pointe (c), de Rialachán (AE)2017/1939 é a chur ar a chumas don Choimisiún go cuí agus go héifeachtach aisghabháil a uasmhéadú i ndáil le buiséad an Aontais, agus an tráth céanna, rúndacht na ngníomhaíochtaí imscrúdaithe a chomhlíonadh agus iad a reáchtáil ar bhealach cuí; á chur i bhfáth nach ndearna ceachtar den dá pháirtí aon aiseolas a sholáthar go fóill, maidir leis an méid sonrach sin, rud a fhágann nach féidir le reachtóirí tuiscint chuimsitheach a fháil maidir leis na ceisteanna is bun leo, lena n-áirítear na méideanna sonracha a aisghabhann an Coimisiún gach bliain ó na Ballstáit i gcásanna damáiste do bhuiséad an Aontais; á chur i dtábhacht go bhfuil aisghabháil cistí ag údaráis náisiúnta fós faoi fhreagracht an Choimisiúin, mar a luaitear sa Litir Mhisin chuig an gCoimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí, agus nach bhfuil sainordú ag OIPE obair leantach a dhéanamh ar an bpróiseas aisghabhála; ag iarraidh ar na Ballstáit comhar a neartú agus an Coimisiún agus OIPE a chur ar an eolas faoi choigistiú deiridh; ag tathant athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin ábhartha chun ról OIPE sa phróiseas aisghabhála a shoiléiriú; ag tathant ar OIPE agus ar an gCoimisiún foirm chomhaontaithe tuairiscithe don Pharlaimint a ghlacadh; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhféadfadh sé go mbeadh gá le CBC OIPE a fhorbairt, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do leithdháileadh na n-acmhainní chuig OIPE chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;
89.á chur in iúl gur geal léi an comhar treisithe atá ann le Europol; á thabhairt faoi deara, leis an gclár ODIN (Líonra Bonneagair Dhigitigh Oibriúcháin), go mbeifí in ann leas iomlán a bhaint as méid iomlán na sonraí arna mbailiú ag OIPE le linn a imscrúduithe (níos mó ná 1000 teiribheart agus é ag dul i méid); á thabhairt dá haire gur shainaithin OIPE coireanna féideartha, sa chreat sin, atá lasmuigh dá inniúlacht, lena n-áirítear gáinneáil ar dhrugaí, táirgeadh aindleathach tobac, calaois infheistíochta, cearrbhachas neamhdhleathach agus striapachas (cionta neamh-CLA), agus coireanna eile, rud a d’fhág gur tarchuireadh roinnt comhad mar phríomhfhianaise maidir le himscrúduithe náisiúnta atá ar siúl faoi láthair agus gur chuir oifigí ionchúisimh náisiúnta tús le 28 gcás nua chun imscrúdú níos déine a dhéanamh ar na cionta neamh-CLA sin, atá lasmuigh de shainchúram OIPE; á chur in iúl go dtuigeann sí, maidir leis sin agus le hanailís eile, áfach, go bhfuil difear á dhéanamh don chomhar le Europol, mar gheall ar theorainneacha a eascraíonn as an nós imeachta dlí coiriúil náisiúnta chomh maith le hinrochtaineacht shonraí OIPE atá faoina úinéireacht; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú le hinniúlacht reatha OIPE imscrúdú a dhéanamh ar choireacht eagraithe agus sciúradh airgid a bhaineann le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais trí acmhainní leordhóthanacha agus trí chomhar éifeachtúil le Europol; á bhreithniú, cé nach mór tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar le Europol, nach féidir é a chur in ionad fhorbairt ardán anailíseach inmheánach OIPE, rud atá ábhartha fós maidir le léiriú tapa ar na sonraí a bailíodh le linn a imscrúduithe agus maidir le socrú a straitéisí oibriúcháin i gcásanna trasteorann lena n-éilítear rochtain ar CBC iomlán OIPE; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún, sa tuarascáil mheastóireachta uaidh atá ar na bacáin, anailís chúramach a dhéanamh ar cé na catagóirí coireanna is gá sainordú OIPE a leathnú chucu chun gur féidir leis leas iomlán a bhaint as a acmhainneacht; á chur in iúl gur geall léi iarraidh OIPE ar chomhar feabhsaithe le hinstitiúidí an Aontais;
90.á chur in iúl gur cúis imní di líon méadaitheach na gcásanna a bhaineann le STA; á chur in iúl gur mór aici an fhaisnéis thráthúil a soláthraíodh don Choimisiún agus do Choistí na Parlaiminte ábhartha maidir leis an ábhar sin; á chur in iúl go gcreideann sí go dtugtar údar le treisiú na malartuithe atá ar bun mar gheall ar líon ard na gcásanna gníomhacha a bhaineann le cistí STA, is é sin na malartuithe leis an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta go háirithe, atá dírithe ar fhormhaoirseacht nó bearnaí rialaithe féideartha nó patrúin chalaoise a shainaithint agus chun ligean don Choimisiún a chuid sásraí faireacháin feidhmíochta a choimeád cothrom le dáta agus na bearta laghdaithe agus aisghabhála a ceapadh le déanaí a chur chun feidhme; á chur in iúl athuair gur cistí de chuid an Aontais iad cistí STA seachas cistí náisiúnta agus go bhfuil siad faoi dhlínse OIPE agus ag spreagadh an Choimisiúin comhlachtaí agus údaráis eile de chuid an Aontais chun iarrachtaí braite a mhéadú agus chun gach cás ábhartha a thuairisciú do OIPE;
91.Á chur in iúl gur geal léi gur shínigh OIPE Socrú Oibre leis an bParlaimint i mí na Samhna 2024, lena mbunaítear módúlachtaí soiléire comhair chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
92.Á thabhairt dá haire gur lean OIPE, in 2023, de bheith ag brath ar chonarthaí idirinstitiúideacha agus ar chomhaontuithe déthaobhacha (SLAnna) chun earraí agus seirbhísí a cheannach ar chostas níos ísle; á thabhairt faoi deara go raibh 80 ball gníomhacha ag OIPE, ag deireadh2023, i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha agus go raibh 22 chomhaontú ar leibhéal seirbhíse nó chomhaontú déthaobhach eile aige le heintitis eile de chuid an Aontais agus é d’aidhm acu coigilteas airgeadais ó na huirlisí conarthacha atá i bhfeidhm a uasmhéadú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;
93.Á chur in iúl gur geal go mór léi rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne in OIPE; á chur in iúl gurb eol di go mbeidh tionchar aige sin ar riachtanais bhuiséadacha OIPE, agus go dtacaíonn sí le hiarraidh OIPE arb é is aidhm di OIPE a fheistiú leis na hacmhainní riachtanacha chun tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht na Polainne agus na Sualainne i ndáil lena ghníomhaíochtaí oibriúcháin; á thabhairt dá haire cé go leanann Éire agus an Danmhairg de bheith ag feidhmiú an chlásail um rogha gan bheith páirteach in OIPE faoi Phrótacail Uimh.21 agus 22 CFAE, gurb í an Ungáir an t-aon Bhallstát eile nár tháinig isteach go fóill in OIPE; ag iarraidh ar rialtas na hUngáire a bheith rannpháirteach in OIPE gan a thuilleadh moille; á mheabhrú gur bailíodh 680000 síniú i bhfabhar dul isteach in OIPE, rud a chuireann bonn faoi éileamh láidir sochaíoch ar choimircí dlíthiúla feabhsaithe i gcoinne calaoise agus éillithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
94.Á thabhairt faoi deara nár tháinig aon fheabhas mór i dtaobh rannpháirtíochta in OIPE, in 2023, le húdaráis na hÉireann; á chur i gcuimhne go ndearna OIPE an cás a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom)2020/2092[17]toisc gur dhiúltaigh siad oibriú i gcomhar le OIPE maidir le roinnt iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí arna seoladh ag na ITEnna a chomhlíonadh; á chur in iúl gur mhór aici an cinneadh seo a leanas dó údaráis na hÉireann chun a reachtaíocht intíre a leasú lena soláthraítear an creat dlíthiúil maidir le cúnamh frithpháirteach dlí do OIPE agus á chur i bhfios go láidir go soláthraíonn sí, ón 1Samhain 2023, cúnamh frithpháirteach dlí do OIPE bunaithe ar an aitheantas aontaobhach sin; á thabhairt dá haire nach raibh aon mhalartú ann i ndáil le meitheal idirghníomhaireachta na hÉireann arna bunú chun rannpháirtíocht fhéideartha na hÉireann in OIPE a scrúdú; ag tathant ar an gCoimisiún, ar OIPE agus ar údaráis na hÉireann páirt a ghlacadh in idirphlé fiúntach chun teacht ar bhealach comhair éifeachtaigh;
95.Á áitiú go gcruthaítear nideoga díolúine agus pribhléide a fhágann go bhfuil cosaint leasanna airgeadais an Aontais míchothrom agus neamhéifeachtúil sa chás is fearr, mar gheall ar aon easpa comhair le OIPE ó aon cheann de na Ballstáit, bíodh sé rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe lenar bunaíodh OIPE nó ná bíodh; ag iarraidh athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lena mbaineann aon iarracht a dhéanamh chun an cás reatha a chomhtháthú leis an líon beag comhpháirteanna atá in easnamh ach atá an-tábhachtach go fóill, agus leathnú rannpháirtíochta in OIPE ag na Ballstáit eile nach bhfuil rannpháirteach fós a chur chun cinn ar bhealach a neartóidh éifeachtacht chosaint an Aontais agus na mbuiséad náisiúnta; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE agus ag tathant ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcoinne aon Bhallstáit a chuireann bac córasach ar imscrúduithe faoi stiúir OIPE; á mheas gur cheart ballraíocht in OIPE a bheith ina réamhchoinníoll chun cistí de chuid an Aontais a fháil;
96.Á Cháineadh an spiaireacht chórasach a tuairiscíodh le déanaí a d’eagraigh rialtas na hUngáire in aghaidh fhoireann OLAF le linn misean imscrúdaithe maidir le mí-úsáid fhéideartha chistí an Aontais ag ELIOS, cuideachta atá nasctha le cliamhain Phríomh-Aire na hUngáire; á chur i dtábhacht go bhfuil OLAF agus OIPE, mar institiúidí is bunchloch ollstruchtúr frith-chalaoise an Aontais, neamhchosanta ar bhagairtí den sórt sin, ní hamháin ó thríú tíortha ach laistigh de Bhallstáit an Aontais freisin; á chur i bhfáth go ndéanann gníomhaíochtaí den sórt sin dochar mó mór don smacht reachta agus do shláine institiúidí an Aontais; ag iarraidh go mbunófaí go pras bearta cosanta láidre chun foireann institiúideach an Aontais ar misin sna Ballstáit a choimirciú agus chun sáruithe neamh-inghlactha den sórt a chosc amach anseo;
ܳá
97.Á thabhairt faoi deara go nglacann OIPE páirt in iarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar chumarsáid inmheánach agus sheachtrach; á chur in iúl gur mór aici na gníomhaíochtaí a rinneadh trí ardáin na meán sóisialta agus ag moladh do OIPE a chur chuige réamhghníomhach agus trédhearcach a choimeád;
98.Á chur in iúl go gcreideann sí go gcuirfí le dea-chlú na n-institiúidí a atreisiú i measc na saoránach agus go músclófaí feasacht i measc cáiníocóirí maidir leis an gcastacht a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, trí mhínithe a thabhairt ar na hidirghabhálacha agus oibríochtaí a dhéanann OIPE agus faoina gcúlra, nuair a dhéantar iad a thuairisciú sna meáin agus a chur in airde ar líonraí sóisialta;
99.Á áitiú go ndéanfaí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a mhéadú agus go gcuirfí níos mó ionchur imscrúdaithe féideartha isteach trí chumarsáid chuí agus chruinn ó OIPE; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-iarrann OIPE an rogha tuairiscithe a chur san áireamh i ngach léiriú caighdeánach do spriocghrúpaí seachtracha nó ag comhdhálacha agus seimineáir, nuair is féidir agus nuair is iomchuí; á thabhairt dá haire go ndearnadh suíomh gréasáin corparáide OIPE a athdhearadh go hiomlán in 2023, lenar díríodh go príomha ar fheabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar sho-úsáidteacht, agus go léirítear an rogha go soiléir chun coir a thuairisciú ag barr gach leathanaigh gréasáin in éineacht le fógra meirge lena dtarraingítear aird ar an ngné sin ar an leathanach baile;
100.Á thabhairt faoi deara go bhfuil leibhéal acmhainní OIPE atá tiomanta don chumarsáid teoranta, agus i bhfianaise an ghá atá ann neamhspleáchas digiteach OIPE a bhunú, go gcaithfear bainistiú shuíomh gréasáin OIPE a dhéanamh go hinmheánach, rud a éilíonn acmhainní breise a chur ar fáil, tar éis do AS na Seirbhísí Digiteacha deireadh a chur leis an tseirbhís sin a sholáthar; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear aird maidir le malartuithe leis na meáin, le hiriseoirí, saoránaigh agus an saol acadúil trí mhéid agus íogaireacht mhéadaitheach imscrúduithe OIPE; ag iarraidh athuair ar OIPE an chothromaíocht is fearr a bhaint amach idir trédhearcacht agus leas an phobail ar thaobh amháin agus rúndacht an imscrúdaithe agus é a reáchtáil ar bhealach cuí ar an taobh eile, agus chun neodracht a chuid cumarsáide a áirithiú maidir lena ghníomhaíochtaí;
101.á mheabhrú a thábhachtaí atá trédhearcacht in idirghníomhaíochtaí OIPE le gníomhaithe seachtracha; á iarraidh go mbunófaí clár poiblí sainordaitheach de na cruinnithe uile idir oifigigh OIPE agus ionadaithe tríú páirtithe, lena n-áirítear brústocairí agus ionadaithe rialtais náisiúnta, chun tionchar míchuí a chosc agus chun muinín an phobail i neamhspleáchas OIPE a threisiú;
Éifeacht chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
102.Á chur in iúl go gcreideann sí go bhféadfadh socruithe oibre i dáil le húdaráis inniúla na hÚcráine feabhas éifeachtach a chur ar leibhéal cosanta leasanna airgeadais an Aontais tar éis na ngealltanas ábhartha a rinneadh chun tacú leis an Úcráin agus lena pobal; á chur in iúl gurb eol di gur tarchuireadh fianaise maidir le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí a chur i gcrích agus gur geal léi an pheirspictíocht i ndáil le tascfhórsa comhpháirteach a ghníomhaíochtú le húdaráis na Úcráine chun imscrúduithe a chomhordú; á chur i gcuimhne don Choimisiún agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí institiúidí eile de chuid an Aontais an tábhacht a bhaineann le hionchar imscrúdaithe a bhrath agus é a chur faoi bhráid OIPE go tráthúil.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
I gcomhréir le hAirteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sé ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í::
Eintiteasagus/nóduine |
Laura Codruța Kövesi, an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach |
Petr Klement, Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach |
Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.
I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir ainm, feidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sé Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh.484 (/data-protect/index.do) a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ar fógra é lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE(10.2.2025)
chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach
ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023
()
Rapóirtéir don tuairim: Tomáš Zdechovský
TUAIRIM
Iarrann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an gCoiste um Rialú Buiséadach, mar an coiste atá freagrach, an méid seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1.ag tabhairt dá haire, i gcomparáid le 2022, gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar líon cásanna Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) in 2023, a shroich suas le 1 927 n-imscrúdú ghníomhacha; ag moladh ghníomhaíochtaí torthúla OIPE in 2023, a d’fholaigh 139 ndíotáil, 339 gcás a bhain le CBL agus os cionn 200 imscrúdú ar chur chun feidhme NextGenerationEU; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh OIPE ag tabhairt níos mó déantóirí calaoise AE os comhair na gcúirteanna náisiúnta;
2.ag moladh an dlúthchomhair idir OIPE agus an Chúirt Iniúchóirí, go háirithe maidir le haon amhras faoi chionta coiriúla a thagann faoina hinniúlacht a bhrath agus lena mbaineann Ballstáit rannpháirteacha;3. á chur in iúl gur geal léi an méadú ar leithreasuithe do bhuiséad OIPE in 2023, arb ionann é agus EUR 64,6 milliún san iomlán, a lamháil méadú 11% ar an bhfoireann sa bhliain sin; á aithint go meastar go gcuirfidh dlús le heisíocaíocht chistiú NextGenerationEU an méadú tapa ar ualach oibre OIPE – agus méadú 70% ar chásanna agus méadú 58% ar na himscrúduithe ó 2022 go 2023 – agus go gcuirfidh leathnú a bhallraíochta brú breise ar a acmhainní; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cistiú breise agus a fhoireann a neartú chun cur ar chumas OIPE an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach, leasanna airgeadais AE a chosaint, agus seasamh leis an smacht reachta, ar príomhthosaíochtaí de chuid AE iad; á chur in iúl gur oth léi nach leor an togra ón gCoimisiún maidir le buiséad 2025 OIPE agus seasamh na Comhairle chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú don ghníomhaireacht chun a sainordú a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go ngineann OIPE torthaí suntasacha airgeadais don Aontas, rud a léiríodh le hurghabháil EUR1.5 billiún in 2023, agus á iarraidh go dtiocfadh méadú tiomnaithe ar chistiú laistigh den chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 eile chun a áirithiú gur féidir leis leanúint dá chuspóirí agus dá oibleagáidí a chomhlíonadh;
4.ag aithint a thábhachtaí atá sé cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh chun coireacht an bhóna bháin a chomhrac, amhail an chalaois agus an t-éilliú, agus cineálacha coireachta níos traidisiúnta, amhail gáinneáil ar dhrugaí agus gáinneáil ar dhaoine, ós minic a bhíonn siad nasctha le chéile; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún, ina thuarascáil mheastóireachta atá le teacht, anailís chúramach a dhéanamh ar cad iad na catagóirí coireanna is gá sainordú OIPE a leathnú chucu chun go mbeidh sé in ann a ról a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr; idir an dá linn, ba cheart tacú le hinniúlacht reatha OIPE imscrúdú a dhéanamh ar choireacht eagraithe agus ar sciúradh airgid, nuair a bhíonn baint aici le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, trí acmhainní leormhaithe agus trí chomhar éifeachtúil le Europol, agus anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hoibríochtaí agus imscrúduithe OIPE éirí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus togra reachtach a thíolacadh chun gabháil leis an meastóireacht; ag meabhrú phleananna an Choimisinéara McGrath, i ndáil leis sin, dlús a chur leis an meastóireacht;
5.á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag aisghabháil sócmhainní le linn bac inchreidte a chruthú ar an gcoireacht eagraithe; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht OIPE i líonraí idirnáisiúnta chun a oibríochtaí aisghabhála sócmhainní a chur chun cinn tuilleadh; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún a iarraidh ar OIPE páirt a ghlacadh sa líonra comhair nuachruthaithe maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní; ag tabhairt dá haire gur féidir le himscrúdú agus ionchúiseamh tráthúil agus éifeachtach coireanna a bhaineann le calaois airgead mór a shábháil do bhuiséad an Aontais agus do bhuiséid na mBallstát;
6.ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag OIPE i gcur chuige an Aontais chun an t-éilliú agus mí-úsáid chistí an Aontais a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil 24 Bhallstát rannpháirteach in OIPE agus á iarraidh ar na Ballstáit eile é sin a dhéanamh chomh maith nó go ndiúltófaí an fhéidearthacht dóibh cistí AE a bhainistiú go hindíreach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE i dtuarascálacha ina dhiaidh sin agus leanúint d’idirphlé gníomhach a dhéanamh leis na Ballstáit neamh-rannpháirteacha chun OIPE a éascú go héifeachtach le linn a chúraimí a chur i gcrích; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart idirphlé den sórt sin a bheith ar siúl leis na Ballstáit atá rannpháirteach cheana in OIPE maidir le dul i ngleic le deacrachtaí a bhaineann le sáruithe ar an smacht reachta agus éilliú a chomhrac agus tacú leo na moltaí i ndáil leis sin a chur chun feidhme go praiticiúil sna tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta; á athdhearbhú, áfach, go n-iarrann Parlaimint na hEorpa gur cheart ballraíocht OIPE a bheith ina réamhchoinníoll chun cistí AE a fháil agus gur gá sainordú OIPE a leathnú; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Sualainne agus na Polainne in OIPE, a deimhníodh i mí Eanáir agus i mí Iúil 2024 faoi seach;
7.á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh 8 nIonchúisitheoir Eorpacha nua agus 35 Ionchúisitheoir Tharmligthe Eorpacha nua chun OIPE in 2023; á athdhearbhú nach féidir le OIPE a ról a chomhlíonadh ach amháin má bhíonn neamhspleáchas breithiúnach iomlán aige, a eascraíonn as nós imeachta ceapacháin atá bunaithe ar fhiúntas agus atá oibiachtúil; ag spreagadh na mBallstát rannchuidiú le neamhspleáchas iomlán OIPE i ndáil leis sin;
8.ag spreagadh comhar leanúnach agus feabhsaithe idir OIPE agus OLAF, i gcomhréir lena rialacháin faoi seach, agus oibleagáid OLAF amhras faoi theagmháil choiriúil a thuairisciú do OIPE, gan moill mhíchuí, chun go mbeidh sé in ann dul i ngleic le calaois, éilliú agus coireacht airgeadais a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag tacú le tuilleadh forbartha ar thionscnaimh chomhpháirteacha, ar chomhroinnt faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí comhordaithe idir OIPE agus OLAF, ó tá an comhar sin ríthábhachtach chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta airgeadais a neartú agus chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní an Aontais a áirithiú.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Dearbhaíonn an Rapóirtéir, faoina fhreagracht eisiach, nach bhfuair sé ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine a luadh cheana san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH DE RÉIR COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
6.2.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
46 13 1 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Giuseppe Antoci, Jaume Asens Llodrà, Nikola Bartůšek, Krzysztof Brejza, Saskia Bricmont, Jaroslav Bžoch, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Lena Düpont, Marieke Ehlers, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Branko Grims, Evin Incir, Irena Joveva, Erik Kaliňák, Marina Kaljurand, Fabienne Keller, András László, Juan Fernando López Aguilar, Erik Marquardt, Michael McNamara, Birgit Sippel, Krzysztof Śmiszek, Petra Steger, Cecilia Strada, Georgiana Teodorescu, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Charlie Weimers, Sophie Wilmès, Alessandro Zan, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Fredis Beleris, David Casa, Sigrid Friis, Markéta Gregorová, Hannah Neumann, Gaetano Pedulla’, Sandro Ruotolo, Oliver Schenk, Alexander Sell, Bartłomiej Sienkiewicz, Malika Sorel, António Tânger Corrêa, Marco Tarquinio, Pekka Toveri, Loránt Vincze, Petar Volgin, Axel Voss, Michał Wawrykiewicz, Lucia Yar |
|||
í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Bart Groothuis, Rima Hassan, Anja Hazekamp, Pär Holmgren, Sérgio Humberto, Evelyn Regner, Carla Tavares, Ingeborg Ter Laak |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
46 |
+ |
EPP |
Magdalena Adamowicz, Fredis Beleris, Krzysztof Brejza, David Casa, Lena Düpont, Branko Grims, Sérgio Humberto, Oliver Schenk, Bartłomiej Sienkiewicz, Ingeborg Ter Laak, Pekka Toveri, Loránt Vincze, Axel Voss, Michał Wawrykiewicz, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Veronika Cifrová Ostrihoňová, Sigrid Friis, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Bart Groothuis, Irena Joveva, Fabienne Keller, Michael McNamara, Sophie Wilmès, Lucia Yar |
S&D |
Evin Incir, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Evelyn Regner, Sandro Ruotolo, Birgit Sippel, Krzysztof Śmiszek, Cecilia Strada, Marco Tarquinio, Carla Tavares, Alessandro Zan |
An Chlé |
Giuseppe Antoci, Rima Hassan, Anja Hazekamp, Gaetano Pedulla' |
Na Glasaigh/SCE |
Jaume Asens Llodrà, Saskia Bricmont, Markéta Gregorová, Pär Holmgren, Erik Marquardt, Hannah Neumann |
13 |
- |
ECR |
Charlie Weimers |
ENC |
Alexander Sell, Milan Uhrík, Petar Volgin |
NI |
Erik Kaliňák |
TdE |
Nikola Bartůšek, Jaroslav Bžoch, Marieke Ehlers, András László, Malika Sorel, Petra Steger, António Tânger Corrêa, Tom Vandendriessche |
1 |
0 |
ECR |
Georgiana Teodorescu |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+:i bhfabhar
-:i gcoinne
0:staonadh
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
18.3.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
23 3 3 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Georgios Aftias, Arno Bausemer, Damian Boeselager, Gilles Boyer, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Tamás Deutsch, Dick Erixon, Daniel Freund, Esteban González Pons, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Virginie Joron, Kinga Kollár, Giuseppe Lupo, Marit Maij, Csaba Molnár, Fidias Panayiotou, Jacek Protas, Julien Sanchez, Jonas Sjöstedt, Carla Tavares, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Bert-Jan Ruissen, Annamária Vicsek |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Francisco Assis, Vilija Blinkevičiūtė, Gaetano Pedulla’, Georgiana Teodorescu |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLASA CHOISTE FREAGRACH
23 |
+ |
ECR |
Bert-Jan Ruissen, Georgiana Teodorescu |
NI |
Fidias Panayiotou |
PPE |
Georgios Aftias, Caterina Chinnici, Esteban González Pons, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Kinga Kollár, Jacek Protas, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Gilles Boyer, Olivier Chastel |
S&D |
Francisco Assis, Vilija Blinkevičiūtė, Giuseppe Lupo, Marit Maij, Csaba Molnár, Carla Tavares |
The Left |
Gaetano Pedulla', Jonas Sjöstedt |
Verts/ALE |
Damian Boeselager, Daniel Freund |
3 |
- |
ESN |
Arno Bausemer |
PfE |
Virginie Joron, Julien Sanchez |
3 |
0 |
ECR |
Dick Erixon |
PfE |
Tamás Deutsch, Annamária Vicsek |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IOC, C/2024/6332, 24.10.2024, ELI: .
- [2] IOC, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: .
- [3] IOL193, 30.7.2018, lch.1, ELI: .
- [4] IOL,2024/2509, 26.9.2024, ELI: .
- [5] IOL283, 31.10.2017, lch.1, ELI: .
- [6] IOL122, 10.5.2019, lch.1, ELI: .
- [7] IOC, C/2024/6332, 24.10.2024, ELI: .
- [8] IOC, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: .
- [9] IOL193, 30.7.2018, lch.1, ELI: .
- [10] IOL,2024/2509, 26.9.2024, ELI: .
- [11] IOL283, 31.10.2017, lch.1, ELI: .
- [12] IOL122, 10.5.2019, lch.1, ELI: .
- [13] Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IOL198, 28.7.2017, lch.29, ELI:).
- [14] Rialachán (AE)2017/1939 ón gComhairle an 12Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IOL283, 31.10.2017, lch.1, ELI:).
- [15] De réir na Tuarascála Bliantúla Comhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2023, ba é 5,9% a bhí sa ráta athraithe maidir le gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh.
- [16] Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23Deireadh Fómhair2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh.45/2001 agus Cinneadh Uimh.1247/2002/CE (IOL295, 21.11.2018, lch.39, ELI:).
- [17] Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais achosaint (IO L433I, 22.12.2020, lch.1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).