MOLADHar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais
23.4.2020-(14209/2019 – C9‑0193/2019 – )-***
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Andris Ameriks
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais
(14209/2019 – C9‑0193/2019 – )
(մǾú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14209/2019),
–ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (14366/2010),
–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0193/2019),
–ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0086/2020),
1.ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIordáine.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara, déantar rialáil ar an gcaidreamh i réimse na heitlíochta idir AE agus a Bhallstáit agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine. Táthar á thabhairt i gcrích mar chuid de Bheartas Comharsanachta an Aontais Eorpaigh, agus is ceann de na haidhmeanna atá leis ná comhlimistéar eitlíochta a bhunú idir an tAontas Eorpach agus a chomharsana i réigiún na Meánmhara.
Nós imeachta
Is é an Coimisiún a rinne an comhaontú a chaibidliú faoi údarú a fuair sé ón gComhairle i Meitheamh 2007 agus síníodh an comhaontú an 15 Nollaig 2010, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh 2012/750/AE[1]. An 15 Samhain 2011, thug Parlaimint na hEorpa a toiliú maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích[2]. Ag leanúint as aontachas na Cróite leis an Aontas, rinneadh an Prótacal ábhartha maidir le haontachas Phoblacht na Cróite, atá ag gabháil leis an gComhaontú sin, a shíniú an 3 Bealtaine 2016[3].
Chun teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a chur san áireamh, áfach, chomh maith leis na modhnuithe dlíthiúla a rinneadh i ndiaidh rialú de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa[4] a bhaineann leis an bhfoclaíocht atá i gCinneadh 2012/750/AE, rinne an Chomhairle ar an 25 Meitheamh 2019 cinneadh nua a thíolacadh le haghaidh thoiliú na Parlaiminte.
Chun an Comhaontú a thabhairt i gcrích, caithfidh an Chomhairle toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2018 CFAE.
I gcomhréir le Rialacha 105 agus 114(5), (7) agus (8) de rialacha nós imeachta na Parlaiminte, déanfaidh an coiste freagrach moladh a thíolacadh chun an gníomh molta a fhormheas nó a dhiúltú. Ansin glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair, agus ní fhéadfar aon leasú ar an gComhaontú a chur síos. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm acu an moladh atá molta ag an Rapóirtéir a fhreaschur.
Príomhfhorálacha an Chomhaontaithe
Is cuid de Bheartas Comharsanachta an Aontais Eorpaigh é an Comhaontú seo. Tá sé ag tógáil ar an gcreat de chomhaontuithe aeriompair déthaobhacha idir Ballstáit AE agus an Iordáin, agus gabhann sé ionad an chreata sin, trí Limistéar Eitlíochta Eora-Mheánmhara a bhunú idir AE agus a Chomhpháirtithe i Réigiún na Meánmhara. Forálann sé don mhargadh a oscailt de réir a chéile ó thaobh rochtain ar bhealaí agus acmhainneacht de ar bhonn cómhalartach, áirithíonn sé machaire comhréidh do na hoibreoirí eacnamaíocha bunaithe ar phrionsabail AE agus forálann sé do reachtaíocht eitlíochta na hIordáine a ailíniú le reachtaíocht AE a mhéid a bhaineann le saincheisteanna amhail sábháilteacht, slándáil agus bainistiú aerthráchta.
Seasamh an Rapóirtéara
Is nós imeachta atá go hiomlán teicniúil é nós imeachta an toilithe seo, chun iarmhairtí dlíthiúla theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus an rialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais (Cás C-28/12) ó 2015 a chur san áireamh. In 2011, rinne an Pharlaimint substaint an Chomhaontaithe a fhormheas cheana agus ba cheart di a seasamh a choimeád.
I bhfianaise an mhéid sin thuas, molann an Rapóirtéir gur cheart do Choiste TRAN moladh fabhrach a thabhairt i leith thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú Eora-Meánmhuirí idir AE agus an Iordáin |
|||
ղí |
14209/2019 – C9-0193/2019 – 09189/2011 – C7-0122/2011 – |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
17.5.2011 |
|
|
|
Coiste freagrach Dáta a fhógartha sa suí iomlánach |
TRAN 19.12.2019 |
|
|
|
鲹óéí Dáta an cheapacháin |
Andris Ameriks 9.1.2020 |
|
|
|
Dáta a ghlactha |
21.4.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
47 0 0 |
||
í a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Clare Daly, Maria Grapini, Maximilian Krah |
|||
Dáta don chur síos |
23.4.2020 |
VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
47 |
+ |
ECR |
Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
GUE/NGL |
Clare Daly, Kateřina Konečná, Elena Kountoura |
ID |
Marco Campomenosi, Maximilian Krah, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Benoît Lutgen, Marian‑Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg‑Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska |
RENEW |
José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan‑Christoph Oetjen, Dominique Riquet |
S&D |
Andris Ameriks, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov |
VERTS/ALE |
Ciarán Cuffe, Karima Delli, Anna Deparnay‑Grunenberg, Tilly Metz |
0 |
- |
0 |
0 |
Eochair do na siombailí:
+:i bhfabhar
-:i gcoinne
0:staonadh
- [1]Cinneadh 2012/750/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 15 Deireadh Fómhair 2010, maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (IO L 334, 6.12.2012, lch. 1)
- [2] P7_TA(2011)0480
- [3]Cinneadh (AE) 2016/803 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 132, 25.5.2016, lch. 79)
- [4] Cás C-28/12, 28.4.2015