TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine
20.1.2025-()
de bhun Riail136(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Yannis Maniatis, Nacho Sánchez Amor, Thijs Reuten, Raphaël Glucksmann
thar ceann an Ghrúpa S&D
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B10-0074/2025
10‑0074/2025
Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le bréagaisnéis agus falsú staire na Rúise chun údar a thabhairt lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine,
–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
–ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),
–ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive,
–ag féachaint do Riail 136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí gur dhearbhaigh réimeas na Rúise an 24 Feabhra 2022 tús a chur le ‘hoibríocht mhíleata speisialta’ a dhéanamh san Úcráin bunaithe ar éilimh bhréagacha chun sibhialtaigh a chosaint;
B.de bhrí, ina ionad sin, go bhfuil cogadh foghach gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine ar bun ag Cónaidhm na Rúise ón 24 Feabhra 2022 i leith, ag leanúint de na hionsaithe a rinneadh roimhe seo ó 2014 i leith, agus go leanann sí, go dtí seo, le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a shárú go leanúnach trína gníomhaíochtaí ionsaitheacha i gcoinne cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shárú go follasach agus go mór, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949, go háirithe trí úsáid ollmhór a bhaint as ionsaithe spriocdhírithe ar an daonra sibhialtach agus ar bhonneagar;
C.de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2Márta2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14Samhain2022, gur aithin sé gur gá Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúiteamh a thabhairt i leith na ndíobhálacha agus an damáiste a rinneadh;
D.de bhrí go bhfuil an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ag déanamh imscrúdú ar an staid san Úcráin ón 2 Márta 2022 i leith agus gur eisigh sí, an 17 Márta 2023, barántais ghabhála do Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus Maria Lvova-Belova, an Coimisinéir um Chearta Leanaí, mar a thugtar air, in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise, as coir chogaidh an díbeartha neamhdhleathaigh a dhéanamh ar leanaí as an Úcráin; de bhrí gur lean an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta le roinnt barántais ghabhála eile a eisiúint i gcoinne oifigigh mhíleata na Rúise;
E.de bhrí go ndearna Uachtarán Chónaidhm na Rúise roinnt dearbhuithe poiblí sular cuireadh tús le cogadh foghach lánscála na Rúise i gcoinne na hÚcráine ag iarraidh údar a thabhairt d’úsáid fornirt i gcoinne na hÚcráine comharsanachta le hargóintí stairiúla saofa;
F.de bhrí go bhfuil réimeas na Rúise ag baint úsáide as bréagaisnéis, as ionramháil faisnéise eachtrach agus as trasnaíocht chun daonra na Rúise a ghríosú chun tacú le réimeas neamhdhleathach agus cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine comharsanachta agus chun laghdú a dhéanamh ar thacaíocht dhaonra na dtíortha iasachta do chúnamh agus tacaíocht idirnáisiúnta leanúnach don Úcráin i gcoinne chogadh foghach na Rúise;
1.á athdhearbhú go gcáineann sí sna téarmaí is láidre cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, neamhdhleathach agus gan údar é; á iarraidh ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus gach fórsa, ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, go háirithe leanaí;
2.ag diúltú do na héilimh éagsúla atá déanta ag réimeas na Rúise mar iarrachtaí in aisce údar a thabhairt do chogadh foghach neamhdhleathach arb ionann é agus sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar fhreagracht Chónaidhm na Rúise mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe é an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothabháil agus arna aithint a bheith amhlaidh láithreach ag buanchomhaltaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ag tromlach mór i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe;
3.ag cáineadh réimeas na Rúise as argóintí stairiúla saofa a úsáid in iarracht tuairim an phobail Rúiseach a ionramháil chun tacú le gníomhaíochtaí coiriúla amhail an cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine, an tír chomharsanachta;
4.á chur in iúl gur geal léi iarratas láithreach na hÚcráine i gcoinne na Rúise os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) an 26 Feabhra 2022 chun a shuíomh nach raibh aon bhunús dleathach ag an Rúis gníomhaíocht mhíleata a dhéanamh san Úcráin bunaithe ar líomhaintí cinedhíothaithe gan bhunús;
5.á mheabhrú gur coir chogaidh iad na hionsaithe d’aon ghnó de Chónaidhm na Rúise i gcoinne dhaonra sibhialtach na hÚcráine, scrios an bhonneagair shibhialta, úsáid an chéasta, an fhoréigin ghnéasaigh agus an éignithe mar arm cogaidh, díbirt na mílte saoránach Úcránach chuig críoch Chónaidhm na Rúise, aistriú agus uchtú éigeantach leanaí ón Úcráin, agus sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar chearta an duine a gcaithfidh déantóirí uile na gcoireanna a bheith cuntasach ina leith;
6.á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) ar chúrsaí san Úcráin agus ar na coireanna cogaidh, na coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus an cinedhíothú a líomhnaítear atá á ndéanamh; á chur in iúl gur geal léi ballraíocht fhoirmiúil na hÚcráine den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta amhail an 1 Eanáir 2025 mar rannchuidiú tábhachtach le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun cuntasacht a bhunú i leith coireanna idirnáisiúnta tromchúiseacha; á iarraidh ar an Aontas tuilleadh iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh chun daingniú Reacht na Róimhe agus na leasuithe ar fad atá air a chur chun cinn ar fud an domhain;
7.á athdhearbhú an athuair go mbunófaí binse speisialta chun coir an fhogha a rinne ceannaireacht Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á athdhearbhú a iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí gach tacaíocht pholaitiúil, airgeadais agus phraiticiúil is gá a sholáthar chun binse speisialta a bhunú; á chur in iúl go dtugann sí a tacaíocht iomlán do Lárionad Idirnáisiúnta um ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin, a thacóidh le hiarrachtaí leanúnacha na Foirne Comhpháirtí um Imscrúdú agus a bheidh lonnaithe sa Háig, mar chéad chéim nithiúil i dtreo an binse speisialta a bhunú;
8.ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a mhéadú tuilleadh chun cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise, ionramháil faisnéise eachtrach agus trasnaíocht chun sláine a bpróiseas daonlathach a chosaint agus chun athléimneacht na sochaithe Eorpacha a neartú, inter alia trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn go gníomhach agus trí thacú leis na meáin ardcháilíochta agus le hiriseoireacht ghairmiúil, go háirithe iriseoireacht imscrúdaithe a nochtaíonn bolscaireacht na Rúise agus a gcuid modhanna agus líonraí;
9.á iarraidh ar an Aontas a gcuid smachtbhannaí a leathnú i gcoinne eagraíochtaí meán na Rúise a dhéanann bréagaisnéis agus ionramháil faisnéise a thacaíonn le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a thugann bonn cirt dó agus á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gcogaíocht hibrideach sin;
10.á iarraidh ar shaoránaigh an Aontais meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar fhaisnéis trína mbunús agus a gcuid rún a cheistiú, go háirithe nuair a bhaineann sí le scéalta a bhaineann leis an Rúis, agus cros-seiceáil a dhéanamh ar fhíorais trí úsáid a bhaint as foinsí éagsúla iontaofa chun cur i gcoinne iarrachtaí ionramhála gníomhaithe mailíseacha eachtracha;
11.á chreidiúint go bhféadfaí iarrachtaí na Rúise chun stair na hÚcráine a mhíléiriú agus a shaobhadh a léirmhíniú freisin mar iarrachtaí an bonn a bhaint de chomhchuimhne agus d’fhéiniúlacht na hEorpa ina hiomláine; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san oideachas agus i dtaighde faoi stair chomhchoiteann na hEorpa agus tacú le tionscadail a chuireann eolas níos fearr chun cinn ar an tionchar a bhí ag deighilt na hEorpa le linn an Chogaidh Fhuair;
12.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine.