TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
3.10.2022-()
de bhun Riail132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Pedro Marques, Tonino Picula
thar ceann an Ghrúpa S&D
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B9-0430/2022
9‑0433/2022
Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine,
–ag féachaint do na dearbhuithe ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh, go háirithe dearbhuithe an 22 Meán Fómhair 2022 maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis na ‘reifrinn’ bhréagacha ag an Rúis i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia,
–ag féachaint don ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 30 Meán Fómhair 2022,
–ag féachaint don ráiteas ó cheannairí G7 an 23 Meán Fómhair 2022,
–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
–ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,
–ag féachaint do Riail132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil ceannasacht chomhionann ag gach stát agus nach mór dóibh staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit; de bhrí gur sárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta gurb ea ionghabháil arna dhéanamh ag stát ar chríoch stáit eile trí bhagairt nó úsáid fornirt;
B.de bhrí go bhfuil freagracht ar leith ar Chónaidhm na Rúise, mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, as an tsíocháin agus an tslándáil a chothabháil ar fud an domhain, ach go bhfuil sí ag déanamh sárú go leanúnach ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe trína gníomhaíochtaí ionsaitheacha i gcoinne cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, agus go bhfuil sí ag tabhairt dhúshlán an chomhphobail idirnáisiúnta go hoscailte trína cuid gníomhartha neamhdhleathacha a dhéanamh, de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe, fad is atá Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar siúl;
C.de bhrí, chomh fada siar le seacht mí ó shin, i rún uaithi an 2 Márta 2022, go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe cur síos ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin mar ghníomh ionsaithe de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus, i rún uaithi an 24 Márta 2022, gur iarr sé go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach leis an gcogaíocht i gcoinne na hÚcráine;
D.de bhrí, seachas sin, go bhfuil Cónaidhm na Rúise tar éis géarú suntasach a dhéanamh ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, go háirithe ón 21 Meán Fómhair 2022 i leith, trína daonra a shlógadh le haghaidh cogaidh, trí ‘reifrinn’ neamhdhleathacha, mar a thugtar orthu, a reáchtáil in Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia, na ceithre réigiún de chuid na hÚcráine atá faoi fhorghabháil pháirteach, agus trí úsáid an fhórsa núicléach a bhagairt ar an bpobal idirnáisiúnta;
E.de bhrí nach féidir a mheas in aon chor gur fíorléiriú ar thoil an phobail iad na ‘reifrinn’ neamhdhleathacha, mar a thugtar orthu, toisc gur reáchtáladh iad le linn chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, faoi fhorghabháil mhíleata na Rúise, lasmuigh de chreat dlíthiúil agus reachtúil na hÚcráine, agus i gcomhthéacs imeaglú tromchúiseach ar an bpobal áitiúil ag arm na Rúise agus a seach-ionadaithe;
1.á athdhearbhú go gcáineann sí go neamhbhalbh cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin a fhoirceannadh go hiomlán agus gan choinníoll láithreach, gach fórsa míleata, gach seach-ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine a urramú go hiomlán;
2.ag cáineadh go láidir na ‘reifreann’ neamhdhleathach, mar a thugtar orthu, a reáchtáladh ar chríoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil idir an 23 agus an 27 Meán Fómhair 2022, fhoraitheanta uachtaránachta na Rúise a eisíodh an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do ‘neamhspleáchas’ réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia san Úcráin, chomh maith leis na conarthaí neamhdhleathacha maidir le lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise a síníodh an 30 Meán Fómhair 2022, agus ag diúltú do na reifrinn, na foraitheanta agus na conarthaí sin; á éileamh go ndéanfaidh Cónaidhm na Rúise gach gníomh dlí a bhaineann le hionghabháil neamhdhleathach chríoch bhreise na hÚcráine i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia a neamhniú láithreach;
3.ag cur béim ar an bhfíoras gur sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe é forghabháil agus ionghabháil chríoch na hÚcráine gan aon agó, ar sárú é nach mór don chomhphobal idirnáisiúnta freagra a thabhairt air agus a dhéanfaidh sé amhlaidh, ar mhaithe leis an tslándáil dhomhanda agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;
4.ag diúltú go láidir d’aon éileamh ar dhlisteanacht maidir le toradh na ‘reifreann’ neamhdhleathach, mar a thugtar orthu, a forchuireadh ar an bpobal áitiúil faoi réimeas forghabhála agus a forfheidhmíodh trí phearsanra míleata agus airm mhíleata, nó a d’fhorfheidhmigh daoine a lig orthu go raibh siad ag déanamh ionadaíocht ar na ceithre réigiún atá faoi fhorghabháil san Úcráin, a thug toradh cumtha na ‘reifreann’ bréige d’údaráis na Rúise agus a shínigh conarthaí bréagacha maidir le lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise, agus neamhaird iomlán á tabhairt ar dhlí na hÚcráine agus ar an dlí idirnáisiúnta;
5.á chur in iúl go dtacaíonn sí go huile is go hiomlán le beartas AE maidir le neamhaitheantas ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear ionghabháil; á iarraidh ar an gComhairle, dá bhrí sin, smachtbhannaí tromchúiseacha breise a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe leanúnacha agus follasacha na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar iomláine chríochach na hÚcráine maidir le ‘reifrinn’ neamhdhleathacha, mar a thugtar orthu, a reáchtáil mar ullmhúchán chun ionghabháil a dhéanamh ar chríoch bhreise na hÚcráine;
6.á chur in iúl go bhfuil sí éadóchasach faoi shlógadh dhaonra na Rúise le haghaidh cogaidh, rud a bhíonn ina cúis le tuilleadh fulaingt dhaonna, go príomha do dhaonra na hÚcráine, ach freisin do mhuintir na Rúise; á iarraidh go láidir ar mhuintir uile na Rúise diúltú do pháirt a ghlacadh sa chogadh seo, ar cogadh é a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus a cháin tromlach mór de thíortha dá bhrí sin, arbh é an t-aon chúis a fógraíodh é ná chun réimeas creachlathach neamhdhaonlathach sa Rúis a dhearbhú, agus a scriosfaidh geilleagar na Rúise agus ionchais mhuintir na Rúise maidir le todhchaí shábháilte agus rathúil ar deireadh;
7.ag cáineadh an fhíorais go bhfuil ceannaireacht na Rúise ag dul ar iontaoibh bagairtí a eisiúint go meargánta maidir le húsáid arm núicléach ollscriosta, ar bagairt í ní hamháin don Úcráin agus dá comharsana Eorpacha ach don chomhphobal idirnáisiúnta agus don chine daonna ina iomláine freisin;
8.ag tacú leis an iarraidh ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar chomhaltaí uile na Náisiún Aontaithe go seasfaidh siad leis an Aontas agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile maidir le diúltú do thoradh bréagach ‘reifrinn’ neamhdhleathacha na Rúise agus í ag iarraidh a cuid sáruithe follasacha ar an dlí idirnáisiúnta a cheilt agus bunús dlí bréagach a chur ar fáil dá hionghabháil neamhdhleathach ar chríoch na hÚcráine; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfágann sáruithe leanúnacha na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta go bhfuil an tír aonraithe tuilleadh laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta;
9.á iarraidh ar an gComhairle líon na ndaoine agus na n-eintiteas a ndírítear orthu le smachtbhannaí aonair a mhéadú go suntasach trí na daoine agus na heintitis sin go léir atá freagrach as ‘reifrinn’ neamhdhleathacha agus aon ionghabháil bhreise a ordú, a ullmhú agus a eagrú a chur san áireamh, agus cur le liosta na n-earnálacha de gheilleagar na Rúise a ndírítear orthu trí smachtbhannaí d’fhonn an bonn a bhaint go héifeachtach de chumas na Rúise leanúint dá pleananna neamhdhleathacha a chur i gcrích; á iarraidh ar na Ballstáit aon dul timpeall ar na smachtbhannaí a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go gníomhach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí oibriú go pras chun an córas dlí maidir le coigistiú sócmhainní arna reo leis na smachtbhannaí a thabhairt chun críche;
10.ag tathant ar an gComhairle leanúint ar aghaidh go pras le glacadh a chéad phacáiste smachtbhannaí eacnamaíocha eile i gcoinne na Rúise, leanúint de bheith aontaithe agus a bheith réidh chun smachtbhannaí comhchosúla a fhorchur orthu siúd a thugann tacaíocht pholaitiúil nó eacnamaíoch d’ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar chríoch na hÚcráine;
11.á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte an Choimisiúin maidir le heisiúint ginearálta víosaí i ndáil le hiarratasóirí Rúiseacha agus rialuithe shaoránaigh na Rúise ag na teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme go hiomlán, i gcomhréir iomlán le dlí AE agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus a áirithiú go ndéileálfar le gach iarratas ar thearmann ar bhonn aonair agus i gcomhréir le acquis tearmainn AE; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid maidir le víosaí Rúiseacha;
12.ag aithint go hiomlán cheart dlisteanach na hÚcráine chun féinchosanta i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, agus ag cur béim ar an gceart sin, ar ceart é a bhfuil sí i dteideal a agairt chun críche í féin a chosaint i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus chun smacht iomlán a ghabháil an athuair ar a críoch iomlán a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, leanúint den oiread tacaíochta míleata agus is féidir a chur ar fáil don Úcráin agus ag tathant ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála leanúint de thacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí sin trí chur chuige comhordaithe agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána; á chur i bhfios go láidir gur tugadh tacaíocht mhíleata don Úcráin mar thoradh díreach ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar tacaíocht í atá dírithe ar stop a chur leis an sárú ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine de shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus, contrártha d’iarrachtaí bolscaireachta na Rúise, nach bhféadfar í a léirmhíniú mar ionsaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise dá bhrí sin; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar sháruithe leanúnacha na Rúise ar iomláine chríochach na hÚcráine agus a hionghabháil neamhdhleathach leanúnach ar chríoch na hÚcráine, gur spreagadh an Úcráin a chur in iúl an athuair gur mian léi dul isteach in ECAT;
13.ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig na Náisiúin Aontaithe, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise.