Ϸվ

Trascheist - G-001001/2023Trascheist
G-001001/2023

An Coimisinéir Schinas agus Catar

Trascheist mhór le haghaidh freagra i scríbhinn  G-001001/2023
ar an gCoimisiún
Riail 139
Ryszard Antoni Legutko, Zdzisław Krasnodębski
thar ceann Ghrúpa ECR

An 9 Nollaig 2022, rinne póilíní na Beilge ruathair ag seoltaí éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear ag oifigí i bParlaimint na hEorpa. Gabhadh ochtar, agus ina measc bhí 𾱲í reatha agus iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa don Ghrúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe. Rinneadh ruathair eile maidir leis an gcás seo san Iodáil agus sa Ghréig agus tá an t-imscrúdú fós ar siúl[1].

Rinneadh éilliú, sciúradh airgid agus ballraíocht in eagraíocht choiriúil líomhnaithe atá urraithe ag ‘Stát na Murascaille’ (Catar is dócha), arbh é ab aidhm léi tionchar aindleathach a imirt ar chinntí polaitiúla nó ar ghníomhaíochtaí polaitiúla a rinne na hinstitiúidí Eorpacha, a chur i leith na n-amhrastach a gabhadh. B’ionann méid carntha an airgid thirim a urghabhadh i mbreis agus 20 ruathar ar fud na hEorpa agus EUR 1.5 milliún.

Tá an scannal éillithe seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe tar éis smál mór a chur ar íomhá Pharlaimint na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine. Chun iontaoibh agus muinín na saoránach a athchothú, beidh sé riachtanach léargas iomlán a thabhairt ar líomhaintí comhchosúla maidir le trasnaíocht eachtrach a bhíonn os comhair institiúidí Eorpacha eile.

Sa chomhthéacs sin:

Curtha síos: 2.2.2023

An nuashonrú is déanaí: 15 Feabhra 2023
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais