Seandúshláin agus cleachtais tráchtála nua sa mhargadh inmheánach
8.4.2025
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000012/2025
ar an gCoimisiún
Riail 142
Anna Cavazzini
thar ceann an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Treisíonn Parlaimint na hEorpa an ról lárnach atá ag an margadh aonair i gcomhtháthú eacnamaíoch na hEorpa a chothú agus i saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine a éascú. D’ainneoin an rath a bhí air, tá gá le hathchóirithe spriocdhírithe pragmatacha toisc bacainní leanúnacha agus dúshláin nua. I measc na ndúshlán sin, tá: ilroinnt an mhargaidh, ualach mór riaracháin agus costais chomhlíonta, forfheidhmiú neamhréireach dhlíthe an Aontais agus easpa acmhainní a leithdháiltear air sin, bacainní gan údar ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, rochtain ar earraí bunúsacha poiblí faoi bhrú, agus bearnaí infheistíochta sa nuálaíocht dhigiteach agus san oiriúnú comhshaoil a mhéadaíonn neamhionannais eacnamaíocha san Aontas. Le leathadh tapa na n-ardán digiteach agus na ríomhthráchtála, tugadh dinimicí nua margaidh isteach. Cuireann treochtaí atá ag teacht chun cinn sa ríomhthráchtáil dhomhanda agus in athstruchtúrú na slabhraí soláthair brú breise ar rialuithe custam, ar fhaireachas margaidh agus ar údaráis cosanta tomhaltóirí, a fhágann gur gá margadh aonair treisithe. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun cothrom na Féinne a áirithiú, iomaíochas a fheabhsú, cosaint tomhaltóirí a chosaint, agus sláine an mhargaidh aonair a choinneáil.
- 1.Conas a thabharfar aghaidh sa straitéis nua maidir leis an margadh aonair atá ar na bacáin ar na rioscaí do shláine an mhargaidh aonair arb iad teannas geopholaitiúil, an t-athrú aeráide, dúshláin d’iomaíochas an Aontais agus éagothromaíochtaí eacnamaíocha is cúis leo?
- 2.Cad iad na hathchóirithe sonracha atá beartaithe ag an gCoimisiún chun ilroinnt an mhargaidh agus ualaí riaracháin araon a laghdú i roinnt earnálacha sonracha? An bhfuil sé i gceist tograí spriocdhírithe a bheith ann chun comhsheasmhacht fhorfheidhmiú dhlí an Aontais a fheabhsú ar fud na mBallstát, lena n-áirítear trí chreat comhchuibhithe simplithe?
- 3.Tá méadú tagtha ar an bhfeasacht ar chásanna ina dtugtar níos lú ó thaobh cainníochta nó cáilíochta de le hearraí agus seirbhísí agus inar mar a chéile na praghsanna nó ina dtagann méadú orthu. Conas a mheasúnóidh an Coimisiún scála agus bunchúiseanna na gcleachtas sin agus conas a fhéachfaidh sé ar bhearta iomchuí chun trédhearcacht agus feasacht tomhaltóirí a fheabhsú? Thairis sin, conas a imscrúdóidh an Coimisiún na cúiseanna leis na leibhéil éagsúla boilscithe earraí bunúsacha agus na méaduithe ar phraghsanna tomhaltóirí a fheictear i roinnt Ballstát?
- 4.Conas a bheidh tionchar ag an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha ar dhinimic na gcleachtas tráchtála nua laistigh den mhargadh aonair agus cad iad na bearta ba cheart a dhéanamh chun cosaint tomhaltóirí ar líne a neartú tuilleadh, agus simpliú agus comhleanúnachas i reachtaíocht dhigiteach an Aontais á n-áirithiú ag an am céanna?
- 5.Cad iad na hathchóirithe sonracha atá beartaithe ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar fhorálacha seirbhíse trasteorann agus ar shoghluaisteacht oibrithe, agus cad iad na hearnálacha ina measann sé gur gá creataí dlíthiúla ilroinnte na mBallstát a ailíniú i ndáil leis sin?
- 6.Cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na ceanglais tuairiscithe a bhaineann le gnólachtaí Eorpacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a shimpliú?
Curtha síos: 8.4.2025
Spriocdháta i gcomhair freagra: 9.7.2025