Ϸվ

Comhthairiscint i gcomhair rúin - RC-B10-0191/2024Comhthairiscint i gcomhair rúin
RC-B10-0191/2024

COMHTHAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis

26.11.2024-()

de bhun Riail136(2) agus (4) de na Rialacha Nós Imeachta
ag ionadú na rún seo a leanas:
10‑0191/2024 (Verts/ALE)
10‑0192/2024 (PPE)
10‑0193/2024 (S&D)
10‑0198/2024 (Renew)
10‑0200/2024 (ECR)

Michael Gahler, Danuše Nerudová, Sandra Kalniete, Andrzej Halicki, David McAllister, Sebastião Bugalho, Željana Zovko, Siegfried Mureşan, Nicolás Pascual de la Parte, Isabel Wiseler‑Lima, Mika Aaltola, Wouter Beke, Krzysztof Brejza, Daniel Caspary, Jan Farský, Rasa Juknevičienė, Andrey Kovatchev, Andrius Kubilius, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Mirosława Nykiel, AnaMiguel Pedro, Paulius Saudargas, Davor Ivo Stier, Michał Szczerba, Alice Teodorescu Måwe, Ingeborg TerLaak, Matej Tonin, Pekka Toveri, Inese Vaidere
thar ceann an Ghrúpa PPE
Yannis Maniatis, Nacho Sánchez Amor, Sven Mikser, Thijs Reuten, Raphaël Glucksmann, César Luena, Evin Incir
thar ceann an Ghrúpa S&D
Joachim Stanisław Brudziński, Adam Bielan, Rihards Kols, Mariusz Kamiński, Reinis Pozņaks, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Michał Dworczyk, Sebastian Tynkkynen, Roberts Zīle, Assita Kanko, Charlie Weimers, Aurelijus Veryga, Jaak Madison, Jadwiga Wiśniewska, Maciej Wąsik, Małgorzata Gosiewska
thar ceann an Ghrúpa ECR
Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Dan Barna, Benoit Cassart, Olivier Chastel, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Engin Eroglu, Bart Groothuis, Karin Karlsbro, Ľubica Karvašová, Michał Kobosko, Moritz Körner, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Jan‑Christoph Oetjen, Urmas Paet, Marie‑Agnes Strack‑Zimmermann, Hilde Vautmans, Lucia Yar, Dainius Žalimas
thar ceann an Ghrúpa Renew
Villy Søvndal
thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Per Clausen, Hanna Gedin, Jonas Sjöstedt, Li Andersson, Merja Kyllönen, Jussi Saramo


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
RC-B10-0191/2024
Téacsanna arna gcur síos :
RC-B10-0191/2024
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe iad sin an 17 Iúil 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach ón Aontas don Úcráin[1] agus an 19 Meán Fómhair 2024 maidir le tacaíocht leanúnach airgeadais agus mhíleata do Bhallstáit an Aontais[2], agus do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an staid ar Leithinis na Cóiré,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Háige, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo agus do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, do Chairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua agus do Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Ráthaíochtaí Slándála,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine[3], do Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin[4], agus do chineálacha eile tacaíochta ón Aontas don Úcráin,

ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Cóiré, Cho Tae-yul, agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, an 4Samhain2024 maidir le Comhar DPDC-na Rúise,

ag féachaint don aitheasc ó Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy chuig Parlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2024, mar chomóradh ar 1000 lá ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin,

ag féachaint don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus do na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCóiré Thuaidh, lena n-áirítear Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 14 Deireadh Fómhair 2006,

ag féachaint don ráiteas ó Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh, an 8 Samhain 2024, maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré,

ag féachaint do Chomhpháirtíocht Straitéiseach 2010 AE-Phoblacht na Cóiré,

ag féachaint do Rialacha136(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022, ag leanúint dá fogha ó 2014 i leith, lena n-áirítear ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk, agus sárú á dhéanamh go leanúnach, go follasach agus go náireach aici ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin 1949 na Ginéive;

B.de bhrí go ndearna fórsaí na Rúise ionsaí córasach agus neamh-idirdhealaitheach ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, rud ba chúis le bás na mílte sibhialtach de chuid na hÚcráine agus le scriosadh maoine poiblí agus príobháidí; de bhrí go bhfuil fórsaí na Rúise freagrach as díbirt éigeantais, as fuadach, lena n-áirítear leanaí, as príosúnacht neamhdhleathach, as céasadh, as sibhialtaigh, saighdiúirí agus príosúnaigh chogaidh a chur chun báis, agus as gníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus olléigniú a úsáid mar airm chogaidh, chomh maith le leanúint de chomhdhéanamh eitneach chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil a athrú;

C.de bhrí go bhfuil géarú déanta ag an Rúis ar a hionsaithe aeir i gcoinne na hÚcráine, agus líon suntasach diúracán agus ladrann á n-imscaradh aici chun díriú ar ghiniúint leictreachais agus ar bhonneagar tarchurtha ar fud na tíre, rud a fhágann go bhfuil cur isteach ar chumhacht agus go bhfuil gá leis na bearta ciondála náisiúnta a d’fhógair Ukrenergo, príomhsholáthraí leictreachais na hÚcráine, chun an córas fuinnimh a chobhsú;

D.de bhrí go seasann AE agus a Bhallstáit i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, agus tacaíocht shuntasach dhaonnúil, airgeadais agus mhíleata á tabhairt acu chun cabhrú le cosaint na hÚcráine go dtí go mbeidh bua agus téarnamh aici; de bhrí, áfach, go bhfuil leibhéal neamhleor cabhrach míleata fós ann ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de agus moill ar sheachadadh iarbhír arm agus armlóin chuig an Úcráin tar éis cinntí seachadta a dhéanamh; de bhrí nár seachadadh go fóill líon suntasach de na córais a bhí an Úcráin ceaptha a fháil tar éis an chinnidh a rinneadh ag Cruinniú Mullaigh ECAT;

E.de bhrí gur sholáthair roinnt tríú tíortha, go háirithe an Iaráin, an Chóiré Thuaidh agus an Bhealarúis, seachadtaí suntasacha arm agus armlóin don Rúis agus gur lig an Bhealarúis don Rúis a críoch a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin;

F.de bhrí go sainordaítear leis an gConradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir an Rúis an Chóiré Thuaidh), a síníodh an 18 Meitheamh 2024, cúnamh míleata frithpháirteach, lena n-áirítear tacaíocht núicléach agus tacaíocht thraidisiúnta, i gcás fogha armtha, lena ndoimhnítear, dá bhrí sin, naisc mhíleata idir an dá náisiún; de bhrí go gcomhcheanglaítear leis an bhforbairt sin dúshláin shuntasacha slándála san Áise agus san Eoraip araon, lena ndéantar an chobhsaíocht dhomhanda níos casta fós;

G.de bhrí go bhfuil géarú díreach déanta ag an gCóiré Thuaidh agus ag an Rúis ar an gcoinbhleacht san Úcráin le himscaradh trúpaí de chuid na Cóiré Thuaidh taobh le fórsaí na Rúise, lena léirítear leathnú contúirteach ar an gcogadh, a bhfuil impleachtaí tromchúiseacha aige don tslándáil réigiúnach agus dhomhanda; de bhrí gurb ionann aistrithe arm na Cóiré Thuaidh chuig an Rúis, lena n-áirítear soláthar muinisean agus trealaimh mhíleata, agus sárú soiléir ar smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe atá dírithe ar leathadh arm ón gCóiré Thuaidh a chosc;

H.de bhrí gur thuairiscigh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, go bhfuil 11000 saighdiúir de chuid na Cóiré Thuaidh imscartha cheana féin gar do theorainneacha na hÚcráine, agus go bhféadfaí an díorma sin a mhéadú tuilleadh; de bhrí go bhfaigheann an Chóiré Thuaidh, mar mhalairt ar armlón agus trúpaí a sholáthar, bia, ola agus airgead a bhfuil géarghá leis ón Rúis, agus, b’fhéidir, tuilleadh cúnaimh chun airm núicléacha agus saineolas teicneolaíochta diúracán a fhorbairt;

I.de bhrí gur ghéaraigh an Chóiré Thuaidh a bhagairtí, gur thréig sí a beartas aontaithe agus gur lean sí de bhriogadh sa réigiún, go háirithe trí thástálacha diúracán agus taispeántais mhíleata, a mhéadaíonn an baol coinbhleachta míleata agus a bhaineann an bonn d’iarrachtaí chun réiteach síochánta a fháil ar choimhlint na Cóiré;

J.de bhrí go dtuairiscítear go bhfuil na céadta amhas Houthi earcaithe ag fórsaí armtha na Rúise chun troid sa choinbhleacht san Úcráin, arna éascú ag oibríocht gáinneála faoi choim, rud ar léiriú é ar na naisc mhéadaitheacha idir Moscó agus grúpa reibiliúnach Houthi;

K.de bhrí gur aistrigh an Iaráin lastais diúracán balaistíoch neasraoin Fath-360 chuig an Rúis; de bhrí go bhfuil smachtbhannaí nua tugtha isteach ag AE, ag an bhFrainc, ag an nGearmáin agus ag an Ríocht Aontaithe i gcoinne na hIaráine mar fhreagairt air sin;

L.de bhrí gurb í an tSín an soláthraí earraí dé-úsáide agus earraí míleata is mó sa lá atá inniu ann a chothaíonn bonn míleata agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil fianaise dhochloíte ag AE go bhfuil ladrainn armtha á dtáirgeadh d’arm na Rúise i réigiún Xinjiang thiar na Síne;

M.de bhrí gur gheall Uachtaráin nuathofa Pharlaimint na hEorpa an Choimisiúin araon go seasfaidís lena dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin; de bhrí go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh Uachtarán toghaí na Stát Aontaithe amhlaidh; de bhrí go measfaí go forleathan gur cliseadh straitéiseach ar an Eoraip agus ar na Stáit Aontaithe araon é aon rud seachas bua don Úcráin agus go mbeadh iarmhairtí forleathana aige sin ar a slándáil;

N.de bhrí gur thug Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, údarú don Úcráin Córais Diúracán Oirbheartaíocha Arm (ATACMS) a dhéantar sna Stát Aontaithe a úsáid i réigiún Kursk de Chónaidhm na Rúise; de bhrí gur chuir an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe diúracáin chúrsála Storm Shadow/SCALP ar fáil don Úcráin, agus a n-úsáid i gcoinne targaidí sa Rúis á ceadú ag an dá thír; de bhrí go leanann an Ghearmáin dá beartas gan diúracáin fhadraoin Taurus a sheachadadh chuig an Úcráin;

O.de bhrí, faoin dlí idirnáisiúnta, go n-áirítear le ceart féinchosanta na hÚcráine gníomhaíocht mhíleata chomhréireach a shíneann lasmuigh dá críoch féin; de bhrí gur tuairiscíodh gur bhain an Úcráin úsáid as na córais arm fadraoin a deonaíodh i gcoinne targaidí míleata laistigh de chríoch na Rúise tar éis do thíortha bronntacha deireadh a chur leis na srianta le déanaí;

P.de bhrí gur ionsaigh an Rúis cathair Dnipro na hÚcráine an 21 Samhain 2024 le diúracán balaistíoch idir-raoin;

Q.de bhrí, ó mhí Feabhra 2022, go bhfuil 14 phacáiste de smachtbhannaí glactha ag AE arb é is aidhm dóibh go háirithe teorainn a chur, a mhéid is féidir, le cumas na Creimile an cogadh atá scaoilte aici a mhaoiniú; de bhrí gur go ceann tréimhsí sé mhí a leagtar síos na smachtbhannaí sin; de bhrí nár glacadh togra chun fad tréimhse na smachtbhannaí a shíneadh go trí bliana; de bhrí gur chuir cros na hUngáire bac ar an togra, rud ar constaic é ar chobhsaíocht agus ar thacaíocht shlán agus níos fadtéarmaí don struchtúr iasachta sin;

R.de bhrí gurb ionann tacaíocht mhíleata fhoriomlán AE don Úcráin – arna soláthar tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) agus ag na Ballstáit go díreach – agus thart ar EUR 43.5 billiún; de bhrí, i mí Lúnasa 2024, nár shlóg AE ach an chéad tráinse – EUR 1.4 billiún – de bhrabúis amhantair ó shócmhainní reoite Bhanc Ceannais na Rúise tríd an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le tuilleadh cúnaimh mhíleata don Úcráin;

S.de bhrí gur ghlac AE in éineacht le tíortha G7 Sásra Comhair Iasachta na hÚcráine a úsáideann brabúis amhantair shócmhainní reoite na Rúise chun na hiasachtaí a sholáthair AE don Úcráin a aisíoc; de bhrí nach bhfuil na sócmhainní reoite sin á n-úsáid go díreach fós chun tacú leis an Úcráin ó thaobh airgeadais de, ach gurb iad brabúis amhantair amháin na sócmhainní reoite sin a úsáidtear; de bhrí go soláthróidh AE suas le EUR 35 bhilliún mar chúnamh macra-airgeadais nua mar chuid de Shásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin;

T.de bhrí go bhfuil an Ungáir ag cur bac ar an gCiste Cúnaimh don Úcráin, ar ciste nuabhunaithe ar fiú EUR5bhilliún é, a bunaíodh i mí an Mhárta2024 laistigh de EPF agus ar an ochtú tráinse d’aisíocaíochtaí EPF do na Ballstáit a bhfuil cabhair mhíleata á seachadadh acu chuig an Úcráin le nach mór dhá bhliain anuas; de bhrí gur thaistil Príomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hUngáire go Moscó chun dul i dteagmháil le stát is ionsaitheoir;

U.de bhrí gur chuir an tUachtarán Volodymyr Zelenskyy, ina aitheasc chuig Verkhovna Rada an 19 Samhain 2024, Plean Athléimneachta Inmheánaí na hÚcráine i láthair, ina raibh deich bpríomhphointe: aontacht, fronta, armáil, airgead, fuinneamh, slándáil, pobail, caipiteal daonna, ceannasacht chultúrtha, agus beartas laochra; de bhrí gur chuir an tUachtarán Zelenskyy Plean Síochána na hÚcráine i láthair i mí Mheán Fómhair 2022, inar leagadh amach 10 gceanglas maidir le síocháin chóir don Úcráin agus maidir leis an ord riailbhunaithe a athbhunú;

1.ag cáineadh athuair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá ar siúl níos le mó ná 1000 lá, gan an fogha a thosaigh in 2014, ná rannpháirtíocht agus tacaíocht tríú tíortha sa chogadh sin, a chur san áireamh; á éileamh go gcuirfidh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, go dtarraingeoidh sí siar gan choinníoll na fórsaí agus an trealamh míleata uile ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, go scaoilfidh sí príosúnaigh chogaidh de chuid na hÚcráine agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach, go bhfillfidh sí leanaí fuadaithe de chuid na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinneadh dá muintir, dá talamh, dá dúlra agus dá bonneagar;

2.ag cáineadh tuilleadh an ghéaraithe leanúnaigh atá á dhéanamh ag an Rúis ar a cogadh foghach, go háirithe a buamáil ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil, a hiarraidh ar an gCóiré Thuaidh trúpaí sholáthar chun troid i gcoinne airm na hÚcráine agus a tástáil ar dhiúracáin nua bhalaistíocha san Úcráin; á mheas gur céim nua sa chogadh iad na bearta géaraitheacha sin a rinneadh le déanaí agus gur riosca nua iad do shlándáil na hEorpa ina hiomláine; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar chomhpháirtithe eile na hÚcráine freagairt dá réir sin;

3.á mheabhrú nach gcuirfidh aon bhagairtí núicléacha ón Rúis bac ar an Aontas cúnamh breise a chur ar fáil don Úcráin dá féinchosaint; ag tathant ar gach stát diúltú do normalú an imeaglaithe núicléach;

4.á chur in iúl go bhfuil sí ag seasamh i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine; ag athdhearbhú thiomantas buanseasmhach AE do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ag cur béim ar an ngá atá le dlúthpháirtíocht mhéadaithe agus luathaithe AE maidir le tacaíocht pholaitiúil, mhíleata, dhaonnúil, eacnamaíoch agus airgeadais a chur ar fáil don Úcráin go dtí go mbeidh buaite ag an Úcráin, chun stop a chur le cogadh foghach na Rúise agus chun ligean don Úcráin a muintir uile a shaoradh; á athdhearbhú go bhfuil ceart dlisteanach féinchosanta ag an Úcráin, mar íospartach ionsaithe, i gcomhréir le hAirteagal51 de Chairt NA; ag athdhearbhú thiomantas AE do shíocháin chóir bhuan san Úcráin, bunaithe ar a ceannasacht agus ar a hiomláine chríochach, agus ag tacú le Plean Síochána na hÚcráine mar chreat don rannpháirtíocht idirnáisiúnta;

5.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú go gníomhach chun an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir don Úcráin a choinneáil agus a bhaint amach agus chun réiteach síochánta ar an gcogadh a shainaithint, ar réiteach é nach mór a bheith bunaithe ar lánurraim do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, ar chuntasacht as coireanna cogaidh agus as coir an fhogha arna dhéanamh ag an Rúis, agus ar chúiteamh na Rúise agus ar íocaíochtaí eile as an damáiste ollmhór ábhartha agus neamhábhartha a rinneadh san Úcráin; á áitiú nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh faoin Úcráin gan an Úcráin; á iarraidh go mbeadh AE agus na Ballstáit rannpháirteach i bhFoirmle Síochána na hÚcráine a chur chun feidhme agus na coinníollacha is gá a bhunú chun an dara Cruinniú Mullaigh maidir leis an tSíocháin a thionól, agus tíortha ón Domhan Theas a rannpháirtiú freisin; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór do AE agus dá Bhallstáit páirt a ghlacadh i mbunú ráthaíochtaí láidre slándála na hÚcráine amach anseo, bunaithe ar Fhoirmle Síochána agus ar Phlean Bua na hÚcráine, le straitéis shoiléir, spriocanna sonracha agus treochlár nithiúil; á chur in iúl gur oth léi an glao gutháin a chuir Seansailéir na Gearmáine ar Vladimir Putin le déanaí;

6.ag cáineadh na hIaráine, na Bealarúise agus na Cóiré Thuaidh as a dtacaíocht mhíleata don Rúis, agus go háirithe tacaíocht mhíleata uile na Cóiré Thuaidh don Rúis, rud a chuireann leis an gcoinbhleacht tuilleadh; á athdhearbhú gur bagairtí tromchúiseacha ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iad cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rannpháirtíocht na Cóiré Thuaidh sa chogadh agus a cláir núicléacha agus diúracán araon; ag cáineadh an Chonartha um Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir an Chóiré Thuaidh, ar réimeas é atá faoin réimeas smachtbhannaí is cuimsithí arna fhorchur ag na Náisiúin Aontaithe, agus an Rúis, a siníodh agus a daingníodh le déanaí; ag tathant ar an gCóiré Thuaidh a trúpaí a tharraingt siar agus deireadh a chur leis an gcomhar míleata leis an Rúis; á iarraidh ar an Rúis deireadh a chur le gach cineál comhair mhíleata agus theicneolaíoch leis an gCóiré Thuaidh agus cloí lena hoibleagáidí faoin gConradh maidir le Neamhleathadh agus faoi rúin iomadúla ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; ag tabhairt rabhadh faoi impleachtaí tromchúiseacha na comhpháirtíochta míleata sin maidir le réimis uathlathacha eile a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh amach anseo i gcoinbhleachtaí míleata;

7.ag cáineadh go neamhbhalbh sholáthar earraí dé-úsáide agus earraí míleata na Síne don Rúis; á mheabhrú don tSín na freagrachtaí atá uirthi mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe seasamh chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar Bhéising deireadh a chur le gach cúnamh míleata nó dé-úsáide don Rúis agus lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go ndéanfar difear tromchúiseach don chaidreamh déthaobhach idir AE agus an tSín má dhiúltaítear cúrsa ar an gceist sin a athrú; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suntasach ag an tSín ar an gCóiré Thuaidh agus ar an Rúis agus ag tathant ar an tSín cabhrú le teannas a laghdú agus géarú breise ar an gcogaíocht a chosc; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an éifeacht atá ag spleáchais Eorpacha ar an tSín ar inchreidteacht chumas na mBallstát a slándáil náisiúnta agus slándáil AE ina iomláine a choimirciú;

8.ag tathant ar an gcomhphobal idirnáisiúnta gníomhaíocht mhear agus chinntitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarú scáfar sin; á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta neartaithe ann chun lastais arm ón gCóiré Thuaidh go dtí an Rúis a chosc, lena n-áirítear sásraí feabhsaithe faireacháin agus forfheidhmithe laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe agus trí chomhghuaillíochtaí iltaobhacha; ag tathant ar AE gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun smachtbhannaí a chur ar dhaoine aonair agus ar eintitis sa Chóiré Thuaidh a bhfuil baint acu le haistrithe arm, chomh maith le hidirghabhálaithe a éascaíonn na hidirbhearta sin; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an chomhphobail idirnáisiúnta beart dianteannta a dhéanamh ar thrádáil aindleathach arm na Cóiré Thuaidh agus ag leagan béim ar an ngá atá le brú leanúnach a chur ar Pyongyang scor dá ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha; á iarraidh ar Bhallstáit uile AE agus na Náisiún Aontaithe a seacht ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme rúin uile Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCóiré Thuaidh agus bac réamhghníomhach a chur ar aon bhealaí don Chóiré Thuaidh chun maoiniú, ábhair agus eolas a fháil dá cláir arm neamhdhleathach;

9.ag tathant ar na Ballstáit an córas smachtbhannaí i gcoinne na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine a leathnú agus a neartú tuilleadh i bhfianaise thacaíocht mhíleata na dtíortha sin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus príomheintitis agus príomhdhaoine aonair uile na Síne a thacaíonn go díreach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le hearnáil cosanta agus slándála na Rúise a chur le liosta smachtbhannaí AE;

10.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfaí teicneolaíocht a bhaineann le diúracáin núicléacha nó bhalaistíocha a aistriú chuig an gCóiré Thuaidh, rud a bhainfeadh an bonn ó na hiarrachtaí idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus a bheadh ina bhagairt thromchúiseach ar an tsíocháin agus ar an gcobhsaíocht ar Leithinis na Cóiré agus ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, i gcomhar le comhpháirtithe G7 agus G20, sásra malartach do Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn chun faireachán agus forfheidhmiú éifeachtúil smachtbhannaí ar an gCóiré Thuaidh a áirithiú;

11.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na sáruithe leanúnacha agus tromchúiseacha ar chearta an duine sa Chóiré Thuaidh, áit a bhfuil fulaingt fhorleathan i measc mhuintir na tíre mar thoradh ar bheartais leatromacha agus faillí chórasach an réimis ar bhunriachtanais; ag cáineadh atreorú acmhainní i dtreo gníomhaíochtaí míleata agus coinbhleachtaí seachtracha, lena n-áirítear tacaíocht do chogadh foghach na Rúise, chun aimhleasa aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla phráinneacha laistigh den Chóiré Thuaidh; á iarraidh ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun réimeas na Cóiré Thuaidh a thabhairt chun cuntais as a sáruithe ar chearta an duine; ag tathant go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine atá ag obair chun mí-úsáidí a dhoiciméadú agus chun cúnamh a chur ar fáil do shaoránaigh na Cóiré Thuaidh; ag tathant ar Rialtas na Síne deireadh a chur le cleachtais refoulement agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a sholáthar do dhídeanaithe ón gCóiré Thuaidh; á iarraidh ar an gCóiré Thuaidh rochtain ar an tír a thabhairt do chomhlachtaí um chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cearta an duine, ar fhuadach forfheidhmithe agus ar dhálaí na gcimí agus na ndídeanaithe a cuireadh ar ais, lena n-áirítear cásanna Kim Cheol-ok agus misinéirí na Cóiré Theas Kim Jung-wook, Kim Kook-kie, Choi Chun-gil;

12.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le straitéis chuimsitheach AE chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí níos leithne a bhaineann le comhghuaillíochtaí forlámhacha, go háirithe idir an Rúis, an Chóiré Thuaidh, an Bhealarúis, an Iaráin, an tSín agus stáit eile a bhaineann an bonn den ord riailbhunaithe idirnáisiúnta; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit iarrachtaí gníomhacha a dhéanamh chun an córas domhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach a chur chun cinn agus go mbeadh comhar níos dlúithe ann le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a laghdú;

13.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a dtacaíocht mhíleata don Úcráin a neartú tuilleadh, lena n-áirítear aerárthaí, diúracáin fadraoin, lena n-áirítear diúracáin Taurus, córais aerchosanta nua-aimseartha, lena n-áirítear diúracáin Patriot agus armlón SAMP/T, chomh maith le MANPADS, airtléire, agus cláir oiliúna d’fhórsaí na hÚcráine a sholáthar, agus seachadadh brostaithe trealaimh gheallta á iarraidh ag an am céanna chun freastal ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT, i dteannta a chéile agus ar a gconlán féin, geallúint a thabhairt go dtacóidh siad, ar bhealach míleata, leis an Úcráin trí mhéid nach lú ná 0.25% dá OTI in aghaidh na bliana; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir AE agus an Úcráin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go pras chun na gealltanais a tugadh a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tosaíocht a thabhairt do chumais chumarsáide spáis Eorpacha IRIS2 a dhéanamh lánoibríochtúil agus rochtain air a thabhairt don Úcráin (agus don Téaváin) a luaithe is féidir;

14á iarraidh ar an gComhairle a smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a leathnú; á iarraidh go mbeadh tuilleadh smachtbhannaí ann i gcoinne earnálacha a bhfuil tábhacht eacnamaíoch ar leith ag baint leo don Rúis (na hearnálacha miotalóireachta, núicléacha, ceimiceacha, talmhaíochta agus baincéireachta) agus ar amhábhair na Rúise, amhail alúmanam, táirgí cruach, úráiniam, tíotáiniam agus nicil, go mbeadh trádbhac iomlán ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus gás nádúrtha leachtaithe (GNL) a allmhairiú isteach san Aontas, agus go ndéanfaí an chaidhp phraghais ar tháirgí peitriliam na Rúise a ísliú tuilleadh i gcomhar le comhpháirtithe G7, chun deireadh a chur le maoiniú chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise; á iarraidh go mbeadh smachtbhannaí níos láidre agus níos spriocdhírithe ann i gcoinne scáthchabhlach na Rúise; á chur i bhfios go láidir gur gá deireadh a chur le haon chomhar leis an Rúis in earnáil an fhuinnimh núicléach;

15.á iarraidh, go háirithe, ar na Ballstáit sin nach bhfuil ag comhlíonadh a ngealltanas féin maidir le táirgí cosanta a tháirgeadh agus tacaíocht dhíreach a thabhairt d’acmhainneachtaí táirgeachta ábhartha chun dul i mbun comhfhiontar leis an Úcráin nó orduithe a dhéanamh go díreach san Úcráin; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí díreacha chun acmhainneacht thionsclaíoch mhíleata na hÚcráine a mhéadú, agus an tsamhail atá in úsáid ag an Danmhairg á leanúint; á iarraidh ar AE an tsamhail sin a áireamh sa Chiste Cúnaimh don Úcráin;

16.á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit rannchuidiú go gníomhach le haontacht maidir le smachtbhannaí a choinneáil agus glacadh an 15ú pacáiste smachtbhannaí a shaothrú go pras; ag tathant ar na Ballstáit brú a chur go gníomhach ar an Ungáir deireadh a chur lena himshuí mífhreagrach ar an tSaoráid Eorpach Síochána, lena n-áirítear an Ciste Cúnaimh nuabhunaithe don Úcráin, ar imshuí é a chuir cosc ar scaoileadh EUR6.6 billiún in aisíocaíochtaí páirteacha do na Ballstáit a thugann tacaíocht mhíleata don Úcráin; á chur i bhfáth, má fhanann an tSaoráid Eorpach Síochána blocáilte go dtí an chéad Chomhairle Eorpach eile, nach mór formáid nua a bhunú láithreach nach n-áireofar inti ach na Ballstáit sin atá toilteanach agus ábalta cabhair mhíleata a chur ar fáil don Úcráin, nó nach mór ranníocaíochtaí náisiúnta a aisíoc chun nach gcuirfear bac ar mhaoiniú rianúil na cabhrach déthaobhaí;

17.ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit dul i ngleic go córasach le teacht thart ar smachtbhannaí ag cuideachtaí agus daoine aonair atá bunaithe san Aontas, ag tríú páirtithe agus ag stáit neamh-AE agus bearta sriantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme go docht i gcoinne na n-eintiteas uile a éascaíonn teacht thart ar smachtbhannaí agus a sholáthraíonn teicneolaíochtaí agus trealamh míleata agus dé-úsáide do choimpléasc míleata na Rúise, á áirithiú nach mbainfear leas as aon lúb ar lár chun airm nó acmhainní a dhíriú chuig an Rúis; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach rialuithe a neartú maidir le honnmhairiú agus cothabháil trealaimh ardteicneolaíochta a tháirgtear in AE, agus bearta forfheidhmithe dlí agus comhar a mhéadú chun cosc a chur ar theacht timpeall ar smachtbhannaí; á iarraidh go gcuirfí dlús práinneach leis an athbhreithniú ar thrádáil Bhallstáit AE le tíortha na hÁise Láir, chomh maith leis an Tuirc agus an Asarbaiseáin i measc tíortha eile, toisc gur léir go n-úsáidtear iad chun smachtbhannaí AE a sheachaint;

18á iarraidh athuair ar AE agus ar a Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fhad tréimhse reatha na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis, agus an tréimhse bhailíochta á síneadh ó na sé mhí atá ann faoi láthair go tréimhse trí bliana, tréimhse a bheadh níos láidre agus níos straitéisí; á thabhairt dá aire go gcuirfeadh beart den sórt sin feabhas ar chomhsheasmhacht agus intuarthacht sheasamh bheartas eachtrach an Aontais agus go gcosnódh sé é ar ionstraimiú mí-úsáideach ceanglas aontoilíochta, go neartódh sé tionchar na smachtbhannaí, agus gur teachtaireacht shoiléir tiomantais a bheadh ann maidir le seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus le slándáil na hEorpa, agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le hathnuachan rialta á laghdú ag an am céanna;

19.á chur in iúl gur geal léi cinneadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, cead a thabhairt don Úcráin ardchórais roicéad a úsáid i gcoinne spriocanna míleata laistigh de chríoch na Rúise, agus á thabhairt chun suntais go n-urramaíonn an t-údarú sin ceart dlisteanach na hÚcráine chun féinchosanta faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta comhchosúla a ghlacadh, lena gcuirfear deireadh le srianta ar úsáid córas míleata le haghaidh oibríochtaí cosanta dlisteanacha lasmuigh de theorainneacha na hÚcráine chun fogha breise ón Rúis a dhíspreagadh;

20.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i rannpháirtíocht leis an rialtas nua in Washington chun comhar trasatlantach comhthairbheach a neartú, agus béim á leagan ar an leas straitéiseach comhroinnte a bhaineann le tacú leis an Úcráin, agus chun a thabhairt chun suntais go bhfuil an Rúis agus a comhghuaillithe ina mbagairt ní hamháin ar chobhsaíocht na hEorpa ach gur baol suntasach iad freisin don tslándáil dhomhanda agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; á chur in iúl go bhfuil súil aici go leanfaidh riarachán nua Trump de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus de bheith diongbháilte ina thiomantas do ECAT, agus ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit, idir an dá linn, beart a dhéanamh de réir a mbriathar agus fíor-Aontas Cosanta a bhunú, mar chonair Eorpach de ECAT, ag tosú lena chumais chosanta a neartú;

21.á iarraidh go mbeadh cuntasacht ann as coireanna cogaidh agus as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta arna ndéanamh ag an Rúis agus ag a comhghuaillithe, lena n-áirítear an Chóiré Thuaidh, trí chomhar neartaithe leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le comhlachtaí breithiúnacha eile; ag tathant ar AE agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta dlús a chur leis na hiarrachtaí déantóirí uile na coire a thabhairt chun cuntais;

22.á iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh chun tacú le geilleagar na hÚcráine trí thuilleadh tacaíochta airgeadais a thabhairt isteach agus deiseanna infheistíochta a éascú; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú leis an gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais don Úcráin suas le EUR35bhilliún, agus úsáid á baint as sócmhainní reoite na Rúise chomh maith le sásra iasachta nua G7; á iarraidh go ndéanfaí an dá uirlis a chur chun feidhme go pras chun lamháil don Úcráin tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí nua cistiúcháin sin a luaithe is féidir;

23.á iarraidh athuair ar AE agus ar a Bhallstáit bearta níos substaintiúla a dhéanamh chun réitigh chruthaitheacha a bhunú faoi chóras fónta dlí lena gceadófar sócmhainní de chuid na Rúise faoi úinéireacht stáit arna reo ag AE a choigistiú, agus iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí éagsúla chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear tuilleadh scriosta agus báis a chosc, an tír a atógáil agus cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh fhogha na Rúise; á chur i bhfáth nach bhféadfar aon éileamh ón Rúis amach anseo ar na sócmhainní sin a shocrú ach amháin tar éis breithniú foriomlán a dhéanamh ar na cúitimh gan réiteach atá dlite don Úcráin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Saoráid na hÚcráine mar shásra le haghaidh tacaíocht airgeadais fhadtéarmach, atógála agus iarrachtaí téarnaimh, agus ag tathant go gcuirfí chun feidhme go pras agus go héifeachtúil í; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh airgeadais fadtéarmach tar éis 2027 a mholadh chun an Úcráin a atógáil, ag tógáil ar an taithí arna fáil ón tSaoráid don Úcráin;

24.ag leagan béim ar an ngá atá le creat níos cobhsaí agus níos intuartha a chruthú don chaidreamh trádála idir AE agus an Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, dlús a chur leis na comhairliúcháin leis an Úcráin faoi Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais agus ag tathant ar an dá thaobh teacht ar chomhaontú maidir leis an leibhéal léirscaoilte is uaillmhianaí is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthpháirt a thabhairt don Pharlaimint san athbhreithniú ar an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA); ag cur suntas sna srianta ar allmhairiú táirgí agraibhia ón Úcráin arna bhforchur go haontaobhach ag roinnt Ballstát, a dhéanann difear d’inniúlacht eisiach AE maidir le trádáil faoin gcomhbheartas tráchtála agus d’oibleagáidí AE faoi DCFTA leis an Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar réitigh Eorpacha ar shaobhadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar insreabhadh méadaithe de tháirgí agraibhia na hÚcráine, i gcomhairle leis an Úcráin agus leis na Ballstáit ábhartha;

25.á iarraidh, i bhfianaise aimsir chrua an gheimhridh, go ndéanfaí méadú suntasach ar chabhair dhaonnúil AE chun aghaidh a thabhairt ar an staid uafásach is toradh le hionsaithe córasacha na Rúise ar bhonneagar sibhialtach, go háirithe bonneagar fuinnimh, ionsaithe a d’fhág na milliúin Úcránach gan seirbhísí bunriachtanacha; ag aithint na hoibre a dhéanann go leor eagraíochtaí de chuid na hÚcráine agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta chun cúnamh a thabhairt do theaghlaigh na leanaí de chuid na hÚcráine a fuadaíodh, do phríosúnaigh chogaidh agus do shibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach agus a n-iarrachtaí gan stad gan staonadh chun a ndaoine muinteartha a thabhairt abhaile; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta tacú lena ngníomhaíochtaí agus gach fóram idirnáisiúnta atá ar fáil a úsáid chun brú a chur ar an Rúis leanaí de chuid na hÚcráine a fuadaíodh, príosúnaigh chogaidh de chuid na hÚcráine agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach a thabhairt ar ais;

26.á chur in iúl gur saoth léi marú agus drochíde príosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine a dhéanann an Rúis d’aon ghnó agus á iarraidh ar an Rúis a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive, agus a ligean d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ICRC cuairt a thabhairt ar na príosúnaigh chogaidh agus measúnú a dhéanamh ar a staid sláinte; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, athbhreithniú a dhéanamh ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta agus ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus iad a oiriúnú d’fhírinní an lae inniu agus iad a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais príosúnach cogaidh;

27.ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an Rúis ag earcú daoine aonair go gníomhach ó réigiúin i bhfad i gcéin, lena n-áirítear an Afraic, an Meánoirthear agus Meiriceá Laidineach, trí úsáid a bhaint as meabhlaireacht nó comhéigean, chun iad a sheoladh chun troid sa chogadh i gcoinne mhuintir na hÚcráine; á iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe, ar an Aontas Afracach, chomh maith le tíortha a bhfuil Moscó dírithe ar a bpobail, bearta gníomhacha a dhéanamh chun cur i gcoinne na hearcaíochta sin

28.ag athdhearbhú ról cuiditheach na Cóiré Theas san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena n-áirítear a tiomantas buanseasmhach don Úcráin; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i rannpháirtíocht leis an gCóiré Theas agus féachaint lena sheasamh a athrú maidir leis an Úcráin a armáil, chun acmhainní suntasacha míleata a sholáthar chun cabhrú le hoibríochtaí cosanta na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an chéad Idirphlé Straitéiseach riamh idir AE agus ROK a tionóladh i Súl an 4 Samhain 2024 agus an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta ina dhiaidh sin idir AE agus an Chóiré Theas; ag tacú le doimhniú chaidreamh AE leis an gCóiré Theas agus le comhar déthaobhach feabhsaithe maidir le slándáil agus cosaint; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, i gcomhar leis an Úcráin agus leis an gCóiré Theas, tréigean féideartha ball d’Arm Pobail na Cóiré a spreagadh agus a bheith ullamh dó; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a gcomhar leis an gCóiré Theas a dhoimhniú maidir le todhchaí na hÚcráine, agus béim á leagan ar a mianta i leith AE, a ráthaíochtaí slándála agus atógáil; á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann le comhghuaillithe atá ar aon intinn léi, go háirithe an tSeapáin, an Astráil agus an Téaváin, agus ag leagan béim ar an ngá atá le hidirphlé níos fearr sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

29.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhreasúra daonlathach na Rúise, a gcosaint a áirithiú agus iad a spreagadh chun comhrac i gcoinne réimeas Putin, go háirithe i gcoinne na mothúchán míleatach, rónáisiúnach agus impiriúlach i sochaí na Rúise, agus tacaíocht don Úcráin a léiriú go láidir agus a lorg go gníomhach;

30.ag cáineadh gníomhartha a rinneadh le déanaí i Muir Bhailt a bhfuil damáiste déanta acu do bhonneagar criticiúil na hEorpa; á chur i bhfáth a phráinní atá sé imscrúdú a dhéanamh ar na teagmhais thromchúiseacha sin agus faisnéis a scaoileadh faoi dhéantóirí na coire agus faoina n-intinní; á chur i bhfios go láidir go gcreideann roinnt ionadaithe ó rialtais na hEorpa gur gníomh tromchúiseach sabaitéireachta é an teagmhas is déanaí a tharla; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar na Ballstáit freagairt le bearta iomchuí i gcoinne aon ghníomhaithe stáit nó neamhstáit atá freagrach, má chruthaíonn fianaise go bhfuil siad rannpháirteach;

31.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig ag an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Rialtas na Rúise, chuig Rialtais na Cóiré Theas agus na Cóiré Thuaidh agus chuig na rialtais eile lena mbaineann, agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

An nuashonrú is déanaí: 27 Samhain 2024
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais