Ϸվ

Tairiscint i gcomhair rúin - B10-0193/2024Tairiscint i gcomhair rúin
B10-0193/2024

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis

25.11.2024-()

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail136(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Yannis Maniatis, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Sven Mikser, Raphaël Glucksmann, César Luena, Evin Incir
thar ceann an Ghrúpa S&D

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B10-0191/2024

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
B10-0193/2024
Téacsanna arna gcur síos :
B10-0193/2024
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

10‑0193/2024

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis ón 1Márta2022, go háirithe an rún ón 17Iúil2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach ón Aontas don Úcráin[1],

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an staid ar Leithinis na Cóiré,

ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Cóiré, Cho Tae-yul, agus ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, an 4Samhain2024 maidir le Comhar idir DPDC agus an Rúis,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

ag féachaint do Rún CM/Res(2023)3 ó Chomhairle na hEorpa lena mbunaítear an Páirt-Chomhaontú Méadaithe maidir leis an gclár damáiste mar thoradh ar fhogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin,

ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive,

ag féachaint don dlí idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe agus an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach,

ag féachaint do rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC),

ag féachaint do Riail136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar á fhearadh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24Feabhra2022, ag leanúint de na foghanna a rinneadh roimhe seo ó 2014 i leith; de bhrí go leanann an Rúis de phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a shárú go leanúnach trína fogha leanúnach agus trí cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine a shárú agus den dlí daonnúil idirnáisiúnta, mar a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949, a shárú go follasach agus go mór;

B.de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2Márta2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14Samhain2022, gur aithin sé gur gá Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúiteamh a thabhairt i leith na ndíobhálacha agus an damáiste a rinneadh;

C.de bhrí go leanann AE agus a Bhallstáit, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus comhghuaillithe ECAT, de thacaíocht mhíleata a sholáthar don Úcráin chun cabhrú léi a ceart dlisteanach féinchosanta i gcoinne chogadh foghach na Rúise a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal51 de Chairt na Náisiún Aontaithe;

D.de bhrí, faoin dlí idirnáisiúnta, go n-áirítear le ceart féinchosanta na hÚcráine gníomhaíocht mhíleata chomhréireach a shíneann lasmuigh dá críoch féin;

E.de bhrí nach mór na cumais mhíleata is gá a chur ar fáil don Úcráin chomh fada agus a thógann sé uirthi bua míleata cinntitheach a bheith aici chun deireadh a chur le cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise, chun a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus chun aon fhogha amach anseo a dhíspreagadh; de bhrí go bhfuil an Úcráin freisin, agus í féin á cosaint aici, ag cosaint luachanna Eorpacha agus príomhleasanna slándála Eorpacha agus ag troid ar son na luachanna agus bpríomhleasanna sin;

F.de bhrí gur sholáthair AE os cionn EUR25bhilliún de thacaíocht mhacrairgeadais don Úcráin in 2022 agus 2023 agus gur bhunaigh sé an tSaoráid don Úcráin, ar ionstraim airgeadais thiomnaithe í lena gcuirfear ar a chumas suas le EUR50billiún de thacaíocht airgeadais intuartha agus sholúbtha a sholáthar don Úcráin le linn na mblianta 2024 go 2027, as ar eisíocadh EUR12.2billiún leis an Úcráin cheana féin;

G.de bhrí go leanann an Rúis dá cogadh foghach neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine a fhearadh, lena n-áirítear trí ionsaithe ollmhóra agus d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach ar fud na tíre ar fad; de bhrí go ndearna an Rúis, go bunúsach, suas le 80% de bhonneagar fuinnimh na tíre a dhamáistiú nó a scriosadh, rud a d’fhéadfadh géarchéim dhaonnúil thromchúiseach a chruthú san Úcráin le linn na míonna geimhridh atá le teacht;

H.de bhrí gur tuairiscíodh gur bhain an Úcráin úsáid as córais arm fadraoin deonaithe i gcoinne targaidí míleata laistigh de chríoch na Rúise tar éis do thíortha bronntacha deireadh a chur leis na srianta le déanaí;

I.de bhrí, an 18Meitheamh2024, gur shínigh an Rúis agus DPDC Conradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach, lena n-áirítear gealltanais fhrithpháirteacha cosanta, comhar míleata-teicniúil agus forálacha maidir le teicneolaíocht chosanta agus núicléach a mhalartú;

J.de bhrí gur luaigh Rialtas na Rúise, an 26Meán Fómhair2024, gur mheas sé go raibh dí-armáil núicléach DPDC gan bhrí agus gur ‘saincheist dhúnta’ í;

K.de bhrí gur sholáthair DPDC airm don Rúis dá cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine ó thús an chogaidh; de bhrí gur tuairiscíodh le déanaí go ndearna DPDC 15000 trúpa a imscaradh sa Rúis, rud atá ag géarú tuilleadh an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus ag baint an bhoinn den chobhsaíocht dhomhanda;

L.de bhrí go n-áirítear sa Chonradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach sásraí le haghaidh cúnamh cosanta, comhar núicléach agus trádáil a bhaineann an bonn de chórais smachtbhannaí atá ann cheana agus atá deartha chun uaillmhianta núicléacha DPDC a dhíspreagadh agus deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

M.de bhrí gur ghéaraigh DPDC a bhagairtí, gur thréig sé a bheartas aontaithe agus gur lean sé de bhriogadh sa réigiún, go háirithe trí thástálacha diúracán agus taispeántais mhíleata, rud a mhéadaíonn an baol coinbhleachta míleata agus a bhaineann an bonn d’iarrachtaí chun réiteach síochánta a fháil ar an staid ar Leithinis na Cóiré;

N.de bhrí gur cháin na Náisiúin Aontaithe Rialtas na Cóiré Thuaidh arís agus arís eile as sáruithe forleathana, córasacha agus tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, lena n-áirítear básuithe seachbhreithiúnacha, céasadh, coinneáil threallach agus séanadh saoirsí bunúsacha, amhail na cearta chun tuairimí a nochtadh, chun saoirse comhthionóil agus chun saoirse gluaiseachta; de bhrí go ndéanann tuarascálacha de chuid na Náisiún Aontaithe doiciméadú ar champaí príosúnach polaitiúil a bheith ann ina bhfulaingíonn na mílte daoine, lena-n-áirítear leanaí, saothar éigeantais, céasadh agus básuithe gan triail; de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, go bhfuil dídeanaithe ón gCóiré Thuaidh á gcur ar ais chuig DPDC ag an tSín, de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún maidir le Dídeanaithe 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis, lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine aonair a chur ar ais go héigeantach chuig tíortha ina mbeadh géarleanúint, céasadh nó íde mhídhaonna rompu;

1.ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus a tacaíochta daingne do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á athdhearbhú go dtacaíonn sí, dá bhrí sin, le gealltanais AE agus a Bhallstát cúnamh daonnúil, tacaíocht mhíleata, cabhair eacnamaíoch agus airgeadais agus tacaíocht pholaitiúil a sholáthar ar gach bealach is féidir chun deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i ndeireadh na dála agus lamháil don Úcráin a muintir uile a shaoradh, smacht iomlán a athbhunú ar a críoch iomlán laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus aon fhogha breise ón Rúis a dhíspreagadh;

2.á athdhearbhú go gcáineann sí go neamhbhalbh cogadh foghach neamhdhleathach agus gan údar a thug an Rúis i gcoinne na hÚcráine; á éileamh ar an Rúis, in éineacht lena seachfhórsaí, stop a chur láithreach leis na hoibríochtaí míleata uile agus an pearsanra míleata, na seach-ionadaithe agus an trealamh uile a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta;

3.ag cáineadh na dtíortha uile a chuireann trealamh míleata, tacaíocht airgeadais nó aon chineál eile cúnaimh ar fáil don Rúis, agus ar an gcaoi sin a fogha leanúnach a chumasú agus a ghéarú;

4.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an Conradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir an Rúis agus DPDC agus aistriú féideartha teicneolaíochta míleata agus núicléiche;

5.ag cáineadh go láidir imscaradh thrúpaí de chuid na Cóiré Thuaidh chun tacú le hoibríochtaí míleata na Rúise san Úcráin; á mheas gur géarú é sin ar an gcomhoibriú forlámhach i gcoinne an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe;

6.á iarraidh ar an Rúis deireadh a chur le gach cineál comhair mhíleata agus theicneolaíoch le DPDC agus cloí lena hoibleagáidí faoin gConradh maidir le Neamhleathadh agus faoi rúin iomadúla ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

7.ag tabhairt rabhaidh faoi na rioscaí thar a bheith tromchúiseach a d’eascródh as leathnú chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfáth nár cheart go gcuimseodh an Conradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir DPDC agus an Rúis an cogadh i gcoinne na hÚcráine, ós rud é gur cuireadh tús leis an gcogadh trí fhogha neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar a thug an Rúis i gcoinne na hÚcráine, agus nach féidir, dá bhrí sin, é a aicmiú mar chogadh cosantach; ag tathant ar DPDC a thrúpaí a tharraingt siar láithreach agus deireadh a chur le tacaíocht mhíleata a sholáthar don Rúis mar chuid dá cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

8.á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 18Samhain2024 ina leagtar béim ar ‘a thábhachtaí atá sé an Úcráin a thabhairt níos gaire do thionscnaimh chosanta AE, i gcomhréir leis na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a síníodh an 27Meitheamh2024’ agus lena spreagtar ‘na Ballstáit rannpháirteacha, le tacaíocht ó Rúnaíocht PESCO [Buanchomhar Struchtúrtha], chun rannpháirtíocht na hÚcráine i dtionscadail PESCO a éascú’;

9.ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit éifeachtacht agus inbhuanaitheacht a dtacaíochta don Úcráin a mhéadú, go háirithe trí thacaíocht mhíleata a fheabhsú agus a luasghéarú go mór agus trí ghealltanas a thabhairt i leith tacaíocht airgeadais fhadtéarmach chun cabhrú leis an Úcráin í féin a chosaint, a muintir a chosaint, seirbhísí bunriachtanacha a choinneáil dá saoránaigh, lamháil do théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta agus leanúint de na hathchóirithe is gá ar an mbealach chuig ballraíocht in AE;

10.á chur in iúl gur geal léi an cinneadh tuairiscithe ó roinnt stát comhghuaillithe deireadh a chur leis na srianta ar an úsáid a bhaineann an Úcráin as córais arm fadraoin an Iarthair i gcoinne targaidí míleata ar chríoch na Rúise, mar a cheadaítear faoin dlí idirnáisiúnta; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit uile deireadh a chur lena srianta féin ar úsáid na n-arm a dheonaigh siad don Úcráin chun díriú ar láithreáin mhíleata sa Rúis ós rud é go n-úsáidtear na láithreáin mhíleata sin chun ionsaithe a sheoladh ar phobal agus ar bhonneagar sibhialtach criticiúil na hÚcráine;

11.á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn de na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo mar gheall ar sheachadtaí neamhleora armlóin agus arm agus srianta ar a n-úsáid; á iarraidh an athuair, dá bhrí sin, ar na Ballstáit uile a ngealltanas ó mhí an Mhárta2023 a chomhlíonadh maidir le milliún urchar armlóin a sheachadadh chuig an Úcráin agus dlús a chur le seachadadh na n-arm uile arna n-iarraidh ag an Úcráin, go háirithe córais aerchosanta nua-aimseartha agus córais aerchosanta iniompartha atá i seilbh na mBallstát cheana féin; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht leanúnach d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin agus á iarraidh ar na Ballstáit oibríochtaí oiliúna a leathnú tuilleadh; ag tathant ar na Ballstáit brú a chur go gníomhach ar an Ungáir deireadh a chur lena himshuí mífhreagrach ar an tSaoráid Eorpach Síochána, lena n-áirítear an Ciste Cúnaimh nuabhunaithe don Úcráin, ar imshuí é a chuir cosc ar scaoileadh EUR6.6 billiún in aisíocaíochtaí páirteacha do na Ballstáit a thugann tacaíocht mhíleata don Úcráin;

12.ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit gealltanais Dhearbhú Versailles, 2022, a chomhlíonadh agus dlús a chur le cur chun feidhme iomlán an Chompáis Straitéisigh trí fheabhas a chur ar an gcomhar míleata Eorpach ar an leibhéal tionsclaíoch agus ar leibhéal na bhfórsaí armtha, chun soláthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí a dhéanamh de AE, ar soláthraí é a bheidh idir-inoibritheach agus comhlántach le ECAT; á chur in iúl gur geal léi buiséid mhéadaithe agus infheistíochtaí méadaithe na mBallstát agus institiúidí an Aontais i réimse na cosanta, agus á iarraidh go méadófaí tuilleadh caiteachas spriocdhírithe, soláthar comhpháirteach agus infheistíocht chomhpháirteach sa taighde agus san fhorbairt i réimse na cosanta; á chur i bhfáth gur cheart céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i mbeartais agus i gcláir cosanta agus cibearshlándála AE le linn an phróisis aontachais le AE; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, bunú Oifig Nuálaíochta Cosanta AE i gCív agus conclúidí 14375/24 ón gComhairle Eorpach an 18Samhain2024 lena spreagtar tuilleadh na Ballstáit rannpháirteacha chun rannpháirtíocht na hÚcráine i dtionscadail PESCO a éascú, laistigh den chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair lena rialaítear rannpháirtíocht tríú Stáit;

13.á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a eascraíonn as an gConradh maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach idir an Rúis agus DPDC agus freagairt go héifeachtach do na forbairtí sin, ós rud é go bhféadfaí leis an gConradh sin tuilleadh díchobhsaithe a spreagadh san Eoraip agus i Leithinis na Cóiré araon;

14.ag tathant ar DPDC stop a chur lena bhriogadh agus lena bhagairtí, a thiomantas do bheartais aontaithe shíochánta a athbhunú agus staonadh ó ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an réigiún a dhíchobhsú tuilleadh; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí dí-armáil núicléach iomlán ar Leithinis na Cóiré agus ag tathant ar DPDC céimeanna nithiúla a ghlacadh chun airm núicléacha, diúracáin bhalaistíocha agus cláir ghaolmhara uile a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe;

15.á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suntasach ag an tSín ar DPDC agus ar an Rúis agus ag tathant ar an tSín cuidiú leis an teannas a laghdú agus géarú breise ar an gcogaíocht a chosc; ag tathant ar Rialtas na Síne deireadh a chur le cleachtais refoulement agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a sholáthar do dhídeanaithe ón gCóiré Thuaidh; á iarraidh ar DPDC rochtain ar an tír a thabhairt do chomhlachtaí um chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cearta an duine, ar fhuadach forfheidhmithe agus ar dhálaí na gcimí agus na ndídeanaithe a cuireadh ar ais, lena n-áirítear cásanna Kim Cheol-ok agus misinéirí na Cóiré Theas Kim Jung Wook, Kim Kook Kie, Choi Chun Gil;

16.á iarraidh ar AE, ar na Náisiúin Aontaithe agus ar a mBallstáit faoi seach seasamh leis na smachtbhannaí ar DPDC agus ar an Rúis agus na smachtbhannaí sin a leathnú chun tuilleadh comhoibriú míleata a chosc, ar comhoibriú é lena dtacaítear le sárú an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus le haistriú aindleathach teicneolaíochtaí míleata; á iarraidh ar AE, ar na Náisiúin Aontaithe agus ar a mBallstáit faoi seach féachaint ar bhearta breise eacnamaíocha agus taidhleoireachta chun srian a chur le héifeachtaí díchobhsaitheacha na comhghuaillíochta idir DPDC agus an Rúis;

17.á iarraidh ar an gComhairle a smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, i gcoinne na Bealarúise, i gcoinne tíortha nach tíortha de chuid AE iad agus i gcoinne eintitis nach eintitis de chuid AE iad a mbíonn teicneolaíochtaí agus trealamh míleata agus dé-úsáide á soláthar acu do choimpléasc míleata na Rúise a leathnú; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí trádbhac iomlán ar allmhairí de bhreoslaí iontaise agus de ghás nádúrtha leachtaithe ón Rúis isteach in AE, agus go ndéanfaí an chaidhp phraghais ar tháirgí peitriliam ón Rúis a ísliú tuilleadh i gcomhar le comhpháirtithe G7 chun deireadh a chur le rannchuidiú le maoiniú chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise;

18.á chur in iúl gur geal léi an comhaontú leis an gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais don Úcráin suas le EUR35bhilliún, agus úsáid á baint as sócmhainní reoite na Rúise chomh maith le sásra iasachta nua G7; á iarraidh go ndéanfaí an dá uirlis a chur chun feidhme go pras chun lamháil don Úcráin tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí nua cistiúcháin sin a luaithe is féidir;

19.á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh airgeadais fadtéarmach tar éis 2027 a mholadh chun an Úcráin a atógáil, ag tógáil ar an taithí arna fáil ón tSaoráid don Úcráin;

20.ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe coiriúla leanúnacha atá á ndéanamh ag an Rúis i gcoinne bonneagar sibhialta criticiúil san Úcráin, amhail ionsaithe ar struchtúir chónaithe, ospidéil agus scoileanna, agus go háirithe an spriocdhíriú ar bhonneagar fuinnimh, agus é mar sprioc d’aon ghnó fulaingt mhuintir na hÚcráine a ghéarú; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí idirnáisiúnta práinneacha agus comhordaithe chun cúnamh daonnúil tráthúil a sholáthar dóibh siúd a ndéantar difear dóibh agus chun tacaíocht thiomnaithe agus ollmhór a áirithiú do shlándáil fuinnimh na hÚcráine i bhfianaise na míonna crua geimhridh atá le teacht;

21.ag athdhearbhú a tuairime daingne go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Rúis cúiteamh a íoc as an damáiste ollmhór ábhartha agus neamhábhartha a rinne sí san Úcráin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an cinneadh ón gComhairle ioncam urghnách a eascraíonn as sócmhainní blocáilte stáit na Rúise a dhíriú ar an gCiste Cúnaimh don Úcráin agus ar an tSaoráid don Úcráin chun tacú le cosaint agus atógáil na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi cinneadh G7 iasacht USD50billiún a thairiscint don Úcráin arna hurrú le sócmhainní blocáilte stáit na Rúise; á iarraidh ar AE leanúint den obair sin trína reachtaíocht maidir le smachtbhannaí a oiriúnú de réir mar is gá agus trí chóras fónta dlí a bhunú lena bhféadfar sócmhainní na Rúise atá faoi úinéireacht stáit, arna reo ag AE, a choigistiú agus iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí éagsúla fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil na tíre agus cúiteamh d’íospartaigh fhogha na Rúise;

22.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú go gníomhach chun tacaíocht leathan idirnáisiúnta a áirithiú do phlean síochána na hÚcráine; á athdhearbhú nach mór d’aon réiteach inghlactha ar an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine iomláine chríochach na hÚcráine, an dlí idirnáisiúnta agus na híoschaighdeáin dhlíthiúla idirnáisiúnta atá mar bhonn taca le colúin an cheartais idirthréimhsigh a urramú, lena n-áirítear ráthaíochtaí maidir le neamh-atarlú, cuntasacht as na coireanna cogaidh agus as coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus as coir an fhogha; á athdhearbhú nach mór don Rúis cúiteamh a íoc as an damáiste fairsing ábhartha agus neamhábhartha a rinneadh don Úcráin; á chur i bhfáth nach mór do Rialtas na hÚcráine a bheith rannpháirteach in aon phlé maidir le réitigh fhéideartha den sórt sin; á iarraidh ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn na prionsabail sin a urramú agus seasamh leo;

23.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine.

An nuashonrú is déanaí: 27 Samhain 2024
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais