Ϸվ

Tairiscint i gcomhair rúin - B10-0198/2024Tairiscint i gcomhair rúin
B10-0198/2024

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise

25.11.2024-()

chun an díospóireacht maidir leis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail 136(2) de na Rialacha Nós Imeachta
agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus
an Rúis

Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Dan Barna, Olivier Chastel, Veronika Cifrová Ostrihoňová, Engin Eroglu, Bart Groothuis, Karin Karlsbro, Ľubica Karvašová, Michał Kobosko, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Jan‑Christoph Oetjen, Urmas Paet, Marie‑Agnes Strack‑Zimmermann, Hilde Vautmans, Lucia Yar, Dainius Žalimas
thar ceann an Ghrúpa Renew

Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B10-0191/2024

Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
B10-0198/2024
Téacsanna arna gcur síos :
B10-0198/2024
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

10‑0198/2024

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a threisiú i gcoinne chogadh foghach na Rúise agus an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Chóiré Thuaidh agus an Rúis

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis ón 1 Márta 2022, go háirithe rúin an 17 Iúil 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach ón Aontas don Úcráin[1] agus an 19 Meán Fómhair 2024 maidir le tacaíocht leanúnach airgeadais agus mhíleata do Bhallstáit an Aontais[2],

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Háige, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo, agus do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29Feabhra2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin[3],

ag féachaint do bhunú Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin[4] (ULCM) chun cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, agus ó Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Cóiré, Cho Tae-yul, maidir le Comhar DPDC-na Rúise an 5 Samhain 2024,

ag féachaint don aitheasc ó Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy chuig Parlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2024, mar chomóradh ar 1000 lá ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin,

ag féachaint don ráiteas ó Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré an 8 Samhain 2024,

ag féachaint do Chomhpháirtíocht Straitéiseach 2010 AE-Phoblacht na Cóiré,

ag féachaint do Riail136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022, ag leanúint den mhéid ar chuir sí tús leis cheana in 2014 le hionghabháil na Crimé agus forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk dá éis sin;

B.de bhrí go seasann AE agus a Bhallstáit i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, agus tacaíocht shuntasach dhaonnúil, airgeadais agus mhíleata á tabhairt acu chun cabhrú le cosaint na hÚcráine go dtí go mbeidh bua agus téarnamh aici;

C.de bhrí gur sholáthair roinnt tríú tíortha, go háirithe an Iaráin, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) agus an Bhealarúis, seachadtaí suntasacha arm agus armlóin don Rúis agus gur lig an Bhealarúis don Rúis a críoch a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin; de bhrí, i gcás DPDC, go ndearnadh é sin de shárú neamhnáireach ar roinnt rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

D.de bhrí, in 2022, go raibh DPDC ar cheann den bheagán tíortha a vótáil i gcoinne rúin Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lenar cáineadh ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí, i mí na Bealtaine 2022, gur chros an Rúis den chéad uair rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna dhréachtú ag na Stáit Aontaithe, arb é ab aidhm dó smachtbhannaí ar DPDC a neartú tar éis di tástálacha diúracán balaistíoch a dhéanamh arís agus arís eile de shárú ar rúin roimhe sin ó na Náisiúin Aontaithe; de bhrí gur chros an Rúis rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí an Mhárta 2024 lena ndéantar sainordú Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe a athnuachan; de bhrí gur aistriú soiléir é sin i mbeartas smachtbhannaí na Rúise i dtreo DPDC;

E.de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar theagmhálacha ardleibhéil agus ar chuairteanna oifigiúla idir an Rúis agus DPDC ó 2023 i leith, arb é an toradh a bhí air cuairt an Uachtaráin Putin ar Pyongyang i mí an Mheithimh 2024; de bhrí gur fhógair an dá thír an uair sin comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach lena ngabhann foráil maidir le cosaint fhrithpháirteach; de bhrí gur shínigh an tUachtarán Putin an comhaontú cosanta frithpháirtí idir an Rúis agus DPDC an 10 Samhain 2024; de bhrí gur fhógair an Rúis i mí Mheán Fómhair 2024 go raibh dí-armáil núicléach DPDC ‘as an áireamh’, rud a bhain an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh núicléach agus a mhéadaigh an teannas ar leithinis na Cóiré agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

F.de bhrí, mar ghéarú suntasach, go ndearnadh thart ar 10000 saighdiúir de chuid DPDC a imscaradh i réigiún Kursk na Rúise i mí Dheireadh Fómhair 2024 in éineacht le fórsaí na Rúise agus é mar aidhm acu ionsaí díreach a dhéanamh ar fhórsaí míleata na hÚcráine; de bhrí go dtuairiscítear go bhfaigheann DPDC fuinneamh agus bia ón Rúis ach gur dócha go bhfaigheann sé cúnamh teicneolaíochta uaithi freisin; de bhrí go bhféadfaí níos mó trúpaí DPDC a imscaradh chun cabhrú leis an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí, in ainneoin na fianaise, gur shéan DPDC go dtí seo go raibh sé rannpháirteach sa chogadh ar chor ar bith;

G.de bhrí go bhfuil soláthar arm agus armlóin DPDC, agus anois trúpaí da chuid, bunriachtanach chun tacú le cogadh na Rúise san Úcráin agus go bhfuil leathnú agus fadú déanta aige cheana féin ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus é mar aidhm aige cogadh tnáite fadtréimhseach a dhéanamh de; de bhrí go bhfuil an comhar míleata atá ag dul i méid idir an Rúis agus DPDC ina bhagairt ar an gcobhsaíocht dhomhanda agus go mbaineann sé an bonn tuilleadh den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

H.de bhrí go bhfuil na céadta amhas Houthi earcaithe ag fórsaí armtha na Rúise chun troid sa choinbhleacht san Úcráin, arna n-éascú ag oibríocht gáinneála faoi choim, rud ar léiriú é ar na naisc mhéadaitheacha idir Moscó agus grúpa reibiliúnach Houthi;

I.de bhrí gurb í an tSín an soláthraí earraí dé-úsáide agus earraí míleata is mó sa lá atá inniu ann a chothaíonn bonn míleata agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil an tSín ag tabhairt cúnamh suntasach don Rúis chun a cumais mhíleata a neartú, sa bhreis ar theicneolaíochtaí dé-úsáide; de bhrí go bhfuil fianaise dhochloíte ag AE go bhfuil ladrainn armtha á dtáirgeadh d’arm na Rúise i réigiún Xinjiang thiar na Síne;

J.de bhrí gur údaraigh na Stáit Aontaithe le déanaí, faoin Uachtarán Biden, úsáid a bheith á baint ag an Úcráin as ardchórais roicéad i gcoinne spriocanna míleata dlisteanacha laistigh de chríoch na Rúise, chun féinchosaint na hÚcráine a neartú; de bhrí go bhfuil a dtoilteanas léirithe roimhe seo ag roinnt tíortha Eorpacha ina leith sin;

K.de bhrí gur bhain an Rúis úsáid as diúracáin bhalaistíocha idir-raoin nua ina hionsaithe i gcoinne na hÚcráine;

L.de bhrí gur reáchtáil AE agus na Stáit Aontaithe araon toghcháin dhaonlathacha chun a n-ionadaithe agus a gceannairí a roghnú in 2024; de bhrí gur gheall Uachtaráin nuathofa Pharlaimint na hEorpa an Choimisiúin araon go seasfaidís lena dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin; de bhrí nach bhfuil déanta amhlaidh go dtí seo ag Uachtarán toghaí na Stát Aontaithe; de bhrí go measfaí go forleathan gur cliseadh straitéiseach ar an Eoraip agus ar na Stáit Aontaithe araon é aon rud seachas bua don Úcráin agus go mbeadh iarmhairtí forleathana aige sin ar a slándáil;

M.de bhrí, ó mhí Feabhra 2022, go bhfuil 14 phacáiste de smachtbhannaí glactha ag an Aontas Eorpach arb é is aidhm dóibh go háirithe teorainn a chur, a mhéid is féidir, le cumas na Creimile an cogadh atá scaoilte aici a mhaoiniú; de bhrí gur go ceann tréimhsí sé mhí a leagtar síos na smachtbhannaí sin; de bhrí nár glacadh togra chun fad tréimhse na smachtbhannaí a shíneadh go trí bliana; de bhrí gur chuir cros na hUngáire bac ar an togra, rud ar constaic é ar chobhsaíocht agus ar thacaíocht níos fadtéarmaí don struchtúr iasachta sin;

N.de bhrí gurb ionann tacaíocht mhíleata fhoriomlán AE don Úcráin – arna soláthar tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus ag na Ballstáit go díreach – agus thart ar EUR 43.5 billiún; de bhrí, i mí Lúnasa 2024, nár shlóg AE ach an chéad tráinse de bhrabúis amhantair EUR 1.4 billiún ó shócmhainní reoite Bhanc Ceannais na Rúise tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, chun tacú le tuilleadh cúnaimh mhíleata don Úcráin;

O.de bhrí gur ghlac AE in éineacht le tíortha G7 Sásra Comhair Iasachta na hÚcráine a úsáideann brabúis amhantair shócmhainní reoite na Rúise chun na hiasachtaí a sholáthair AE don Úcráin a aisíoc; de bhrí nach bhfuil na sócmhainní reoite sin á n-úsáid go díreach fós chun tacú leis an Úcráin ó thaobh airgeadais de, ach gurb iad brabúis amhantair amháin na sócmhainní reoite sin a úsáidtear; de bhrí go gcuirfeadh úsáid sócmhainní atá reoite ag Ballstáit AE agus ag a gcomhghuaillithe cistiú breise a bhfuil géarghá leis ar fáil don Úcráin agus go mbeadh sé fónta ó thaobh an dlí de i bhfianaise an fhogha fhollasaigh a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go soláthróidh an tAontas Eorpach suas le EUR 35 bhilliún mar chúnamh macra-airgeadais nua mar chuid de Shásra Comhair Iasachta na hÚcráine;

P.de bhrí gur bagairt don chobhsaíocht ar Leithinis na Cóiré agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach é an caidreamh idir an Rúis agus DPDC a dhoimhniú;

1.ag cáineadh athuair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá ar siúl níos le mó ná 1000 lá, gan an fogha a thosaigh in 2014, ná rannpháirtíocht agus tacaíocht tríú tíortha sa chogadh sin, a chur san áireamh; á éileamh go gcuirfidh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, go dtarraingeoidh sí siar gan choinníoll na fórsaí agus an trealamh míleata uile ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, go scaoilfidh sí príosúnaigh chogaidh de chuid na hÚcráine agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach, go bhfillfidh sí leanaí fuadaithe de chuid na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinneadh dá muintir, dá talamh, dá dúlra agus dá bonneagar;

2.ag cáineadh tuilleadh an ghéaraithe leanúnaigh atá á dhéanamh ag an Rúis ar a cogadh foghach, go háirithe a buamáil ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil, a hiarraidh ar an gCóiré Thuaidh trúpaí sholáthar chun troid i gcoinne arm na hÚcráine agus a tástáil ar dhiúracáin nua bhalaistíocha san Úcráin; á mheas gur céim nua sa chogadh iad na bearta géaraitheacha sin a rinneadh le déanaí agus gur riosca nua iad do shlándáil na hEorpa ina hiomláine; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe eile na hÚcráine freagairt dá réir sin;

3.ag athdhearbhú thiomantas buanseasmhach AE do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ag leagan béim ar an ngá atá le dlúthpháirtíocht mhéadaithe agus luathaithe AE maidir le tacaíocht pholaitiúil, mhíleata, dhaonnúil, eacnamaíoch agus airgeadais a sholáthar don Úcráin; ag athdhearbhú thiomantas AE do shíocháin chóir bhuan san Úcráin, bunaithe ar a ceannasacht agus ar a hiomláine chríochach, agus ag tacú le Plean Síochána na hÚcráine mar chreat don rannpháirtíocht idirnáisiúnta;

4.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú go gníomhach chun an tacaíocht idirnáisiúnta is leithne is féidir don Úcráin a choinneáil agus a bhaint amach agus chun réiteach síochánta ar an gcogadh a shainaithint, ar réiteach é nach mór a bheith bunaithe ar lánurraim do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine, ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, ar chuntasacht as coireanna cogaidh agus as coir an fhogha arna dhéanamh ag an Rúis, agus ar chúiteamh na Rúise agus ar íocaíochtaí eile as an damáiste ollmhór a rinneadh san Úcráin; á áitiú nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh faoin Úcráin gan an Úcráin; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach AE ann maidir le Plean Síochána na hÚcráine a chur chun feidhme agus forais a chruthú chun an dara Cruinniú Mullaigh Síochána a thionól; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór do AE agus dá Bhallstáit páirt a ghlacadh i ráthaíochtaí láidre slándála na hÚcráine a bhunú amach anseo;

5.ag cáineadh na hIaráine, na Bealarúise agus DPDC as a dtacaíocht mhíleata don Rúis, agus go háirithe an tacaíocht mhíleata ghníomhach go léir a thugann DPDC don Rúis, a chuireann tuilleadh leis an gcoinbhleacht; á athdhearbhú gur bagairtí tromchúiseacha ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iad cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rannpháirtíocht DPDC sa choinbhleacht san Úcráin agus a cláir núicléacha agus diúracán araon; ag cáineadh shíniú agus dhaingniú Chonartha um Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach le déanaí idir DPDC agus an Rúis; á chur i bhfios go láidir gurb ann do chomhar míleata gan fasach idir an Rúis agus DPDC, réimeas atá faoin gcóras smachtbhannaí is cuimsithí arna fhorchur ag na Náisiúin Aontaithe; ag tabhairt rabhadh faoi impleachtaí tromchúiseacha na comhpháirtíochta míleata sin maidir le réimis uathlathacha eile a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh amach anseo i gcoinbhleachtaí míleata;

6.ag cáineadh go láidir sholáthar earraí dé-úsáide agus earraí míleata na Síne don Rúis; á mheabhrú don tSín na freagrachtaí atá uirthi mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe seasamh chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar Bhéising deireadh a chur le gach cúnamh míleata nó dé-úsáide don Rúis agus lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go ndéanfar difear tromchúiseach don chaidreamh déthaobhach idir AE agus an tSín má dhiúltaítear cúrsa ar an gceist sin a athrú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an éifeacht atá ag spleáchais Eorpacha ar an tSín ar inchreidteacht chumas na mBallstát a slándáil náisiúnta agus slándáil AE ina iomláine a choimirciú;

7.á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta neartaithe ann chun lastais arm ó DPDC go dtí an Rúis a chosc, lena n-áirítear sásraí feabhsaithe faireacháin agus forfheidhmithe laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe agus trí chomhghuaillíochtaí iltaobhacha; ag tathant ar AE gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun smachtbhannaí a chur ar dhaoine aonair agus ar eintitis i DPDC a bhfuil baint acu le haistrithe arm, chomh maith le hidirghabhálaithe a éascaíonn na hidirbhearta sin; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an chomhphobail idirnáisiúnta beart dianteannta a dhéanamh ar thrádáil aindleathach arm DPDC agus ag leagan béim ar an ngá atá le brú leanúnach a chur ar Pyongyang scor lena ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha;

8.ag tathant ar Bhallstáit AE an córas smachtbhannaí i gcoinne DPDC agus na hIaráine a leathnú agus a neartú tuilleadh i bhfianaise thacaíocht mhíleata na dtíortha sin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus príomheintitis agus príomhdhaoine aonair uile na Síne a thacaíonn go díreach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le hearnáil cosanta agus slándála na Rúise a chur le liosta smachtbhannaí AE;

9.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le straitéis chuimsitheach AE chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí níos leithne a bhaineann le comhghuaillíochtaí forlámhacha, go háirithe idir an Rúis, DPDC, an Bhealarúis, an Iaráin, an tSín agus stáit eile a bhaineann an bonn den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit iarrachtaí gníomhacha a dhéanamh chun an córas domhanda maidir le neamhleathadh arm núicléach a chur chun cinn agus go mbeadh comhar níos dlúithe ann le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a laghdú;

10.á iarraidh go mbeadh cuntasacht ann as coireanna cogaidh agus as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta arna ndéanamh ag an Rúis agus ag a comhghuaillithe, lena n-áirítear DPDC, trí chomhar neartaithe leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le comhlachtaí breithiúnacha eile; ag tathant ar AE agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta dlús a chur leis na hiarrachtaí déantóirí uile na coire a thabhairt chun cuntais;

11.ag athdhearbhú ról cuiditheach Phoblacht na Cóiré (ROK) san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena n-áirítear a tiomantas buanseasmhach don Úcráin; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i rannpháirtíocht le ROK agus féachaint lena sheasamh a athrú maidir leis an Úcráin a armáil, chun acmhainní suntasacha míleata a sholáthar chun cabhrú le hoibríochtaí cosanta na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an chéad Idirphlé Straitéiseach riamh idir AE agus ROK a tionóladh i Súl an 4 Samhain 2024 agus an Chomhpháirtíocht Slándála agus Cosanta ina dhiaidh sin idir AE agus Poblacht na Cóiré; ag tacú le doimhniú chaidreamh an Aontais le ROK agus le comhar déthaobhach feabhsaithe sa chomhar slándála agus cosanta, lena n-áirítear comhar maidir le hábhair a bhaineann leis an tslándáil eacnamaíoch, leis an gcibearshlándáil agus le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus ionramháil agus trasnaíocht eachtrach faisnéise; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, i gcomhar leis an Úcráin agus le ROK, tréigean féideartha ball d’Arm Pobail na Cóiré a spreagadh agus a bheith ullamh dó;

12.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a gcomhar le ROK a dhoimhniú maidir le todhchaí na hÚcráine, agus béim á leagan ar a mianta i leith AE, a ráthaíochtaí slándála agus atógáil chothrom agus inbhuanaithe na tíre;

13.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a dtacaíocht mhíleata don Úcráin a neartú tuilleadh, lena n-áirítear diúracáin fadraoin, córais aerchosanta nua-aimseartha, airtléire agus cláir oiliúna d’fhórsaí na hÚcráine a sholáthar, agus á iarraidh ag an am céanna go gcuirfear dlús le seachadadh trealaimh a gealladh chun freastal ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine;

14.á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an togra gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT tacú leis an Úcráin go míleata ar mhéid nach lú ná 0.25% dá OTI in aghaidh na bliana;

15.á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit rannchuidiú go gníomhach le haontacht maidir le smachtbhannaí a choinneáil, glacadh an 15ú pacáiste smachtbhannaí a shaothrú go pras, go háirithe smachtbhannaí a fhorchur ar allmhairiú fhuinneamh núicléach na Rúise agus smachtbhannaí i gcoinne ghás nádúrtha leachtaithe na Rúise a dhoimhniú agus díriú ar bhealach níos éifeachtaí ar ghníomhaíochtaí ‘scáthchabhlach’ na Rúise; ag easaontú go láidir le cur chuige aonair na hUngáire agus leis na bacanna a chuireann sí ar an tSaoráid Eorpach Síochána; á chur in iúl gur oth léi glao teileafóin gan chomhordú gan tairbhe a chuir Sheansailéir na Gearmáine ar Vladimir Putin, glao ar lean buamáil threisithe na Rúise ar an Úcráin é;

16.ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit dul i ngleic go córasach le teacht thart ar smachtbhannaí ag cuideachtaí atá bunaithe san Aontas, ag tríú páirtithe agus ag stáit neamh-AE agus bearta sriantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme go docht i gcoinne na n-eintiteas uile a éascaíonn teacht thart ar smachtbhannaí agus a sholáthraíonn teicneolaíochtaí agus trealamh míleata agus dé-úsáide do choimpléasc míleata na Rúise, á áirithiú nach mbainfear leas as aon lúb ar lár chun airm nó acmhainní a dhíriú chuig an Rúis; á iarraidh go gcuirfí dlús práinneach leis an athbhreithniú ar thrádáil Bhallstáit AE le tíortha na hÁise Láir, chomh maith leis an Tuirc agus an Asarbaiseáin i measc tíortha eile, toisc gur léir go n-úsáidtear iad chun smachtbhannaí AE a sheachaint;

17.á iarraidh athuair ar AE agus ar a Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fhad tréimhse reatha na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis, agus an tréimhse bhailíochta á síneadh ó na sé mhí atá ann cheana go tréimhse trí bliana, tréimhse a bheadh níos láidre agus níos straitéisí; á thabhairt dá aire go gcuirfeadh beart den sórt sin feabhas ar chomhsheasmhacht agus intuarthacht sheasamh bheartas eachtrach an Aontais agus go gcosnódh sé é ar ionstraimiú mí-úsáideach ceanglas aontoilíochta, go neartódh sé tionchar na smachtbhannaí, agus gur teachtaireacht shoiléir tiomantais a bheadh ann maidir le seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus le slándáil na hEorpa, agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le hathnuachan rialta á laghdú ag an am céanna;

18.á chur in iúl gur geal léi cinneadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Biden, cead a thabhairt don Úcráin ardchórais roicéad a úsáid i gcoinne spriocanna míleata laistigh de chríoch na Rúise, agus á thabhairt chun suntais go n-urramaíonn an t-údarú sin ceart dlisteanach na hÚcráine chun féinchosanta faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta comhchosúla a ghlacadh, lena gcuirfear deireadh le srianta ar úsáid córas míleata arna soláthar ag an Iarthar le haghaidh oibríochtaí cosanta dlisteanacha lasmuigh de theorainneacha na hÚcráine chun fogha breise ón Rúis a dhíspreagadh;

19.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, i gcomhar le comhpháirtithe G7 agus G20, sásra malartach do Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe a fhorbairt agus a ghlacadh pras a chur chun cinn chun faireachán agus forfheidhmiú éifeachtúil smachtbhannaí ar DPDC a áirithiú;

20.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i rannpháirtíocht leis an rialtas nua in Washington chun comhar trasatlantach comhthairbheach a neartú, agus béim á leagan ar an leas straitéiseach comhroinnte a bhaineann le tacú leis an Úcráin, agus chun a thabhairt chun suntais go bhfuil an Rúis agus a comhghuaillithe ina mbagairt ní hamháin ar chobhsaíocht na hEorpa ach gur baol suntasach iad freisin don tslándáil dhomhanda agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

21.á chur in iúl go bhfuil súil aici go leanfaidh riarachán nua Trump de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus de bheith diongbháilte ina thiomantas do ECAT, agus ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit, idir an dá linn, beart a dhéanamh de réir a mbriathar agus fíor-Aontas Cosanta a bhunú, ag tosú lena chumais chosanta a neartú;

22.á iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh chun tacú le geilleagar na hÚcráine trí thuilleadh tacaíochta airgeadais a thabhairt isteach agus deiseanna infheistíochta a éascú;

23.á iarraidh go ndéanfaí méadú suntasach ar chabhair dhaonnúil AE chun aghaidh a thabhairt ar an staid uafásach is toradh le hionsaithe córasacha na Rúise ar bhonneagar sibhialtach, go háirithe bonneagar fuinnimh, ionsaithe a d’fhág na milliúin Úcránach gan seirbhísí bunriachtanacha;

24.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tosaíocht a thabhairt do chumais chumarsáide spáis Eorpacha IRIS2 a dhéanamh lánoibríochtúil agus rochtain air a thabhairt don Úcráin (agus don Téaváin) a luaithe is féidir;

25.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Saoráid na hÚcráine mar shásra le haghaidh tacaíocht airgeadais fhadtéarmach, atógála agus iarrachtaí téarnaimh, agus ag tathant go gcuirfí chun feidhme go pras agus go héifeachtúil í;

26.á chur in iúl gur geal léi an Sásra nua Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, lena soláthraítear suas le EUR 35 bhilliún le tacaíocht ó ioncam de thionscnamh sócmhainní ceannasacha blocáilte de chuid na Rúise; á iarraidh athuair ar AE agus ar a Bhallstáit bearta níos substaintiúla a dhéanamh chun réitigh chruthaitheacha a bhunú faoi chóras fónta dlí lena gceadófar sócmhainní de chuid na Rúise faoi úinéireacht stáit arna reo ag AE a choigistiú, agus iad a úsáid iad chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí éagsúla chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear tuilleadh scriosta agus báis a chosc, an tír a atógáil agus cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh fhogha na Rúise; á chur i bhfáth nach bhféadfar aon éileamh ón Rúis amach anseo ar na sócmhainní sin a shocrú ach amháin tar éis breithniú foriomlán a dhéanamh ar na cúitimh gan réiteach atá dlite don Úcráin;

27.á chur i bhfáth gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit tionscnaimh bhreise a dhéanamh chun acmhainní a shlógadh chun cúnamh airgeadais breise a sholáthar don Úcráin;

28.ag leagan béim ar an ngá atá le creat níos cobhsaí agus níos intuartha a chruthú don chaidreamh trádála idir AE agus an Úcráin trí léirscaoileadh buan agus cómhalartach ar tharaifí; i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na comhairliúcháin leis an Úcráin faoi Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais agus ag tathant ar an dá thaobh teacht ar chomhaontú maidir leis an leibhéal léirscaoilte is uaillmhianaí is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthpháirt a thabhairt don Pharlaimint san athbhreithniú ar an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA);

29.ag cur suntas sna srianta ar allmhairiú táirgí agraibhia ón Úcráin arna bhforchur go haontaobhach ag roinnt Ballstát, a dhéanann difear d’inniúlacht eisiach AE maidir le trádáil faoin gcomhbheartas tráchtála agus d’oibleagáidí AE faoi LDCST leis an Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar réitigh Eorpacha ar shaobhadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar insreabhadh méadaithe de tháirgí agraibhia na hÚcráine, i gcomhairle leis an Úcráin agus leis na Ballstáit ábhartha;

30.ag aithint na hoibre a dhéanann go leor eagraíochtaí de chuid na hÚcráine agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta chun cúnamh a thabhairt do theaghlaigh na leanaí de chuid na hÚcráine a fuadaíodh, do phríosúnaigh chogaidh agus do shibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach agus a n-iarrachtaí gan stad gan staonadh chun a ndaoine muinteartha a thabhairt abhaile; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta tacú lena ngníomhaíochtaí agus gach fóram idirnáisiúnta atá ar fáil a úsáid chun brú a chur ar an Rúis leanaí de chuid na hÚcráine a fuadaíodh, príosúnaigh chogaidh de chuid na hÚcráine agus sibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil go neamhdhleathach a thabhairt ar ais;

31.á chur in iúl gur saoth léi marú agus drochíde príosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine a dhéanann an Rúis d’aon ghnó agus á iarraidh ar an Rúis a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive, agus a ligean d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ICRC cuairt a thabhairt ar na príosúnaigh chogaidh agus measúnú a dhéanamh ar a staid sláinte; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, athbhreithniú a dhéanamh ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta agus ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus iad a oiriúnú d’fhírinní an lae inniu agus iad a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais príosúnach cogaidh;

32.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhreasúra na Rúise, a gcosaint a áirithiú agus iad a spreagadh chun comhrac i gcoinne réimeas Putin, go háirithe i gcoinne na mothúchán míleatach, rónáisiúnach agus impiriúlach i sochaí na Rúise, agus tacaíocht don Úcráin a léiriú go láidir agus a lorg go gníomhach;

33.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig ag an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. chuig an gCoimisinéir Eorpach um Chosaint agus Spás, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Rialtas na Rúise, chuig Rialtais ROK agus DPDC agus chuig na rialtais eile lena mbaineann, agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

An nuashonrú is déanaí: 27 Samhain 2024
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais