Ϸվ

Comhthairiscint i gcomhair rúin - RC-B9-0270/2023Comhthairiscint i gcomhair rúin
RC-B9-0270/2023

COMHTHAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le hatógáil agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

14.6.2023-()

de bhun Riail132(2) agus (4) de na Rialacha Nós Imeachta
ag ionadú na rún seo a leanas:
9‑0270/2023 (Verts/ALE)
9‑0274/2023 (S&D)
9‑0275/2023 (PPE)
9‑0278/2023 (Renew)
9‑0281/2023 (ECR)

Michael Gahler, Andrius Kubilius, Rasa Juknevičienė, Željana Zovko, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Siegfried Mureşan, Jerzy Buzek, Isabel Wiseler‑Lima, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Gheorghe Falcă, Tomasz Frankowski, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Andrey Kovatchev, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Aušra Maldeikienė, Lukas Mandl, Liudas Mažylis, Dace Melbārde, Gheorghe‑Vlad Nistor, Janina Ochojska, Radosław Sikorski, Michaela Šojdrová, Eugen Tomac, Inese Vaidere, Tom Vandenkendelaere, Tomáš Zdechovský, Milan Zver
thar ceann an Ghrúpa PPE
Pedro Marques, Tonino Picula, Sven Mikser, Juozas Olekas
thar ceann an Ghrúpa S&D
Petras Auštrevičius, Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Beer, José Ramón Bauzá Díaz, Katalin Cseh, Bernard Guetta, Klemen Grošelj, Karin Karlsbro, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Karen Melchior, Javier Nart, Urmas Paet, Frédérique Ries, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache
thar ceann an Ghrúpa Renew
Viola vonCramon‑Taubadel
thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Anna Fotyga, Ryszard Czarnecki, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Jadwiga Wiśniewska, Anna Zalewska, Dominik Tarczyński, Bogdan Rzońca, Elżbieta Rafalska, Witold Jan Waszczykowski, Roberts Zīle, Eugen Jurzyca, Zbigniew Kuźmiuk, Tomasz Piotr Poręba, Joachim Stanisław Brudziński
thar ceann an Ghrúpa ECR


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
RC-B9-0270/2023
Téacsanna arna gcur síos :
RC-B9-0270/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tairiscint i gcomhair Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hatógáil inbhuanaithe agus lánpháirtiú na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin, go háirithe ó mhí Feabhra2022 nuair a tháinig géarú ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin[1], agus an Úcráin, den pháirt eile, agus don Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in2014,

ag féachaint don iarratas ar bhallraíocht in AE a rinne an Úcráin an28 Feabhra2022, agus don stádas mar iarrthóir a dheonaigh an Chomhairle Eorpach an23 Meitheamh2022,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach tar éis an 24ú cruinniú mullaigh idir AE agus an Úcráin, an 3Feabhra2023, i gCív,

ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh ECAT i mBúcairist an 3Aibreán2008,

ag féachaint don Ráiteas ó Cheannairí G7 an 27 Meitheamh 2022 maidir le tacaíocht don Úcráin agus don Ráiteas is déanaí ó Cheannairí G7 an 19 Bealtaine 2023,

ag féachaint do ráiteas an 6 Meitheamh 2023 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Josep Borrell agus ón gCoimisinéir um Bainistiú Géarchéime, Janez Lenarčič, maidir le damba Kakhovka a scriosadh,

ag féachaint don doiciméad toraidh ó Chomhdháil Téarnaimh na hÚcráine (URC2022) a reáchtáladh in Lugano ón4 go dtí an5 Iúil2022 agus an URC2023 atá ar na bacáin i Londain ón21 go dtí an22 Meitheamh2023,

ag féachaint don toradh a bhí ar Chomhdháil na Saineolaithe Idirnáisiúnta maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine, a reáchtáladh i mBeirlín an25 Deireadh Fómhair2022,

ag féachaint do Riail132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí, ón 24 Feabhra 2022, nuair a chuir an Rúis tús arís lena cogadh ionsaitheach neamhdhleathacha gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine, tháinig athrú ó bhonn ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh ionsaitheach sin; de bhrí go n-éilítear leis na coireanna a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear coir an ionsaithe, coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a d’fhéadfadh a bheith ina gcinedhíothú, cuntasacht iomlán oifigeach rialtais, ceannairí míleata, bolscaireachtaithe sna meáin agus déantóirí eile, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an Úcráin agus a saoránaigh diongbháilte ina bhfrithbheartaíocht i gcoinne chogadh ionsaitheach na Rúise gur éirigh leo a dtír a chosaint, cé go bhfuil costas ard ag baint léi ó thaobh taismigh shibhialtacha agus mhíleata de, scriosadh an bhonneagair chriticiúil agus phoiblí, agus scriosadh an chomhshaoil nádúrtha agus na láithreán oidhreachta cultúrtha; de bhrí go bhfuil trian de dhaonra na hÚcráine tar éis teitheadh óna dtithe agus go meastar go bhfuil laghdú aon trian ar a laghad tagtha ar olltáirgeacht intíre (OTI) na tíre in 2022; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin le 16 mhí anuas fós ag bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain;

B.de bhrí go bhfuil an ceart bunúsach ag an Úcráin, mar thír neamhspleách cheannasach, a todhchaí féin a chinneadh; de bhrí go n-áirítear leis sin an tsaoirse chun a comhghuaillíochtaí a roghnú, a beartais féin a bhunú agus a leasanna náisiúnta a shaothrú i gcomhréir le toil a phobail; de bhrí go bhfuil lámh ar leith ag Úcráin láidir, cobhsaí agus neamhspleách do chobhsaíocht an limistéir Eora-Atlantaigh agus go bhfuil sí ríthábhachtach chun síochán agus cobhsaíocht ar leibhéal domhanda a chothú, agus chun prionsabail an daonlathais agus an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú;

C.de bhrí gur tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas í an Úcráin agus go bhfuil tacaíocht ollmhór faighte aici ó AE i ngach réimse; de bhrí go bhfuil dul chun cinn inbhraite déanta ag an Úcráin maidir le hathchóirithe ríthábhachtacha a chur chun cinn agus go léiríonn sí tiomantas soiléir do lánpháirtiú AE agus ECAT; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2023, go dtíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn na hÚcráine maidir le cur chun feidhme na seacht moladh a léirítear sa tuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 maidir le hiarratas na tíre ar bhallraíocht AE; de bhrí go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag an gcruinniú a bheidh aici i mí na Nollag 2023, cinneadh maidir le hullmhacht na hÚcráine do bhallraíocht AE agus maidir le céimeanna breise ar a conair Eorpach;

D.de bhrí go bhfuil AE agus a Bhallstáit, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus comhghuaillithe ECAT, ag tabhairt tacaíocht mhíleata shuntasach chun cabhrú leis an Úcráin a ceart dlisteanach féinchosanta a fheidhmiú i gcoinne chogadh ionsaitheach na Rúise;

E.de bhrí, i ndearbhú chruinniú mullaigh ECAT i mBúcairist, gur chuir na comhghuaillithe fáilte roimh mhianta Eora-Atlantacha na hÚcráine agus gur chomhaontaigh siad go mbeidh sí ina comhalta de ECAT; de bhrí le gach babhta de mhéadú ECAT gur cloíodh leis an bprionsabal gur cheart dó cur le slándáil bhreise na mball atá ann cheana; de bhrí go mbeidh ar Chruinniú Mullaigh ECAT i Vilnias i mí Iúil aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi conas obair leantach a dhéanamh ar an ráiteas tacaíochta do bhallraíocht na hÚcráine a eisíodh i mBúcairist in 2008;

F.de bhrí gur scriosadh damba Kakhovka, atá suite ar abhainn Dnipro sa chuid atá faoi fhorghabháil Rúiseach i ndeisceart na hÚcráine, d’aon ghnó i ngníomh sceimhlitheoireachta an 6 Meitheamh 2023; de bhrí go ndearna an pléascadh bearna ollmhór sa damba, agus go raibh tuilte uisce sa treo le sruth i dtreo Kherson; de bhrí go bhfuair roinnt daoine bás mar thoradh ar an damba bearnaithe, gurbh éigean an pobal sibhialta áitiúil a aslonnú, gur scriosadh bonneagar, tithe agus fiadhúlra, agus go raibh uisce éillithe le ceimiceáin thionsclaíocha agus ola; de bhrí gur mheas an Úcráin go bhfuil na mílte duine fós sáinnithe sa limistéar atá buailte agus gur fágadh na céadta míle duine gan rochtain ar uisce óil sábháilte; de bhrí go bhfuil mianaigh talún díláithrithe ag na tuilte, rud a spreag ábhair imní thromchúiseacha maidir le sábháilteacht; de bhrí go ndearnadh damáiste do na mílte heicteár de thalamh talmhaíochta agus go bhfágfaidh draenáil Thaiscumar Kakhovka 584000 heicteár de thalamh talmhaíochta gan uisciú; de bhrí gur chuir an taiscumar ollmhór uisce fuaraithe ar fáil do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhia (NPP) agus gur bagairt bhreise dó é an laghdú ar leibhéil uisce;

G.de bhrí go meastar sa dara Measúnú Mear ar Dhamáiste agus ar Riachtanais a rinne Rialtas na hÚcráine, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an Coimisiún agus na Náisiúin Aontaithe, a foilsíodh an 23 Márta 2023, go bhfuil méadú tagtha ar chostas na hatógála agus an téarnaimh san Úcráin go EUR383bhilliún ar a laghad; de bhrí go dtiocfaidh méadú breise ar an bhfigiúr sin de réir mar a dhéantar tuilleadh bonneagair a dhamáistiú nó a scriosadh, mar atá léirithe ag scriosadh damba Kakhovka; de bhrí gur seoladh an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin an 26 Eanáir 2023, inar tugadh le chéile oifigigh ardleibhéil ón Úcráin, ón Aontas, ó thíortha G7, ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda; de bhrí go bhfuil sé beartaithe leis an ardán seo go gcuirfí dlús le slógadh na ngealltanas idirnáisiúnta is gá chun freagairt do riachtanais na hÚcráine;

1.á athdhearbhú go seasann sí go daingean i ndlúthpháirtíocht le muintir chróga agus ceannairí cróga na hÚcráine, a bhfuil ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na tíre á gcosaint go misniúil acu, agus ag tabhairt ómós dóibh ina leith;

2.á athdhearbhú go gcáineann sí, go neamhbhalbh, cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine agus rannpháirtíocht an réimis sa Bhealarúis; á iarraidh ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus gach fórsa, seachionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, go háirithe leanaí;

3.á athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin go dtí go ndéanfar na teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus an smacht orthu a athchóiriú go hiomlán agus le linn phróiseas théarnamh agus atógáil inbhuanaithe na hÚcráine; ag aithint athléimneacht agus diongbháilteacht a léirigh muintir na hÚcráine agus iad ag saothrú luachanna daonlathacha, iarrachtaí athchóirithe agus mianta maidir le lánpháirtiú sa chomhphobal náisiún Eora-Atlantach;

4.ag cáineadh go neamhbhalbh an scriosta a rinne an Rúis ar dhamba Kakhovka an 6Meitheamh2023, arbh é ba chúis le tuilte forleathana, a chruthaigh tubaiste chomhshaoil agus éiceamharú san Úcráin agus ar coir chogaidh í; á athdhearbhú go dtabharfar chun cuntais i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh den sórt sin, lena n-áirítear scrios an damba; á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú tapa an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an cúnamh riachtanach uile is gá a chur ar fáil sa limistéar faoi thuilte, go háirithe trealamh agus innealra le haghaidh iarrachtaí fóirithinte, uisce óil agus bia; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhféadfadh scrios dhamba Kakhovka sábháilteacht núicléach Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia a chur i mbaol freisin; ag tacú le himscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta maidir leis an scrios a rinneadh ar dhamba Kakhovka;

5.á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí an staid ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia, atá faoi fhorghabháil go neamhdhleathach agus á rialú go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise; á éileamh go dtabharfaí rochtain láithreach do phearsanra na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) ar na saoráidí go léir ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia; ag tacú leis na hiarrachtaí chun láithreacht leanúnach IAEA a choinneáil ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an creat idirnáisiúnta a threisiú chun saoráidí núicléacha atá dírithe ar chuspóirí síochánta, lena n-áirítear i gcoinbhleachtaí armtha, a chosaint; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an tionchar fadtéarmach níos leithne atá ag an gcoinbhleacht ar an gcomhshaol; á mheabhrú agus ag cáineadh na ngníomhartha éiceamharaithe a rinne an Rúis roimhe seo i gcoinne fhlóra agus fhána na hÚcráine, lena n-áirítear lománaíocht foraoisí na hÚcráine, mianadóireacht limistéar mór agus nimhiú acmhainní aeir agus uisce;

6.á chur i bhfios go láidir nach mór an tsíocháin a thugtar le bua na hÚcráine a dhaingniú tríd an Úcráin a lánpháirtiú in AE agus in ECAT; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach stádas mar iarrthóir AE a dheonú don Úcráin; ag súil le moladh dearfach ón gCoimisiún tar éis chomhlíonadh na seacht gcéim a leagtar amach sa tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht AE; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún bealach soiléir le haghaidh thús na caibidlíochta aontachais a leagan amach, a bheidh bunaithe ar chur chuige céim ar chéim agus a bheidh dírithe ar bhuntáistí follasacha a chur ar fáil do shochaí agus saoránaigh na hÚcráine ó thús an phróisis; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin ionas gur féidir tús a chur i mbliana lena caibidlíocht maidir le haontachas le AE agus ag tabhairt dá haire go bhféadfadh comhdháil idir-rialtasach a bheith ann ina dhiaidh sin laistigh den tréimhse ama chéanna; á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta do bhallraíocht na hÚcráine in AE, lena léirítear athrú agus infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir;

7.á athdhearbhú a hiarrata go mbeadh idirghníomhaíocht nuálach chomhlántach agus sholúbtha ann idir an obair leanúnach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais atá i bhfeidhm agus an próiseas caibidlíochta aontachais, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh aonair agus i gcláir earnála AE, lena n-áirítear rochtain ar chistí AE sna réimsí faoi seach; ag tathant ar na Ballstáit staonadh ó aon ghníomhaíochtaí aontaobhacha a chuirfeadh teorainn le rochtain na hÚcráine ar mhargadh aonair AE;

8.á chur i bhfios go láidir nach mór próiseas an aontachais le AE a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, bunaithe ar na nósanna imeachta ábhartha a urramú agus ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos, go háirithe critéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht san Aontas, agus gur próiseas i gcónaí é atá bunaithe ar fhiúntas lena gceanglaítear athchóirithe ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, geilleagair margaidh agus chur chun feidhme acquis AE; ag tathant ar an Úcráin tosaíocht a thabhairt do threisiú an smachta reachta, leanúint den athchóiriú ar a breithiúna agus an t-éilliú a chomhrac, ós rud é, le dul chun cinn sna réimsí sin, go gcinnfear ní hamháin an chonair Eorpach ach freisin rath a hatógála agus a téarnaimh; á chreidiúint go láidir gur chun leasa pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála an Aontais féin é go mbeadh an deis sin, atá bunaithe ar fhiúntas, ag an Úcráin ar bhallraíocht san Aontas;

9.á mholadh do AE agus do na Ballstáit tacaíocht agus cúnamh méadaithe a chur ar fáil don Úcráin ar a conair chuig aontachas le AE, lena n-áirítear ó thaobh saineolas teicniúil, fothú acmhainneachta agus athchóirithe institiúideacha is gá chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas féin tabhairt faoi na hathchóirithe is gá i bhfianaise na méaduithe a dhéanfar amach anseo;

10.á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó chruinniú mullaigh Chomhairle na hEorpa an 17Bealtaine2023 i Réicivíc clár a bhunú le haghaidh damáiste a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a fheidhmíonn mar cheann de na chéad chéimeanna i dtreo sásra cúitimh idirnáisiúnta d’íospartaigh chogadh foghach na Rúise; á iarraidh ar na comhaltaí eile de Chomhairle na hEorpa páirt a ghlacadh sa chomhaontú a luaithe is féidir; sa chomhthéacs sin, á iarraidh an athuair ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit a gcuid oibre a chur chun cinn go huaillmhianach chun bunús dlí a bhunú chun sócmhainní poiblí na Rúise a choigistiú chun atógáil na hÚcráine a mhaoiniú agus íospartaigh ionsaitheacht na Rúise a chúiteamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim nach mór a bheith d’oibleagáid ar an Rúis, a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh, cúiteamh a fhorchuirtear uirthi a íoc chun a áirithiú go rannchuideoidh sí go suntasach le hatógáil na hÚcráine;

11.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé atógáil na hÚcráine a nascadh le hullmhúcháin aontachais na tíre le AE agus le hathchóirithe leanúnacha intíre; á athdhearbhú gur cheart bonneagar agus acmhainneacht thionsclaíoch a ndearnadh damáiste dóibh a atógáil i gcomhréir leis an bprionsabal ‘atógáil ar bhealach níos fearr’ agus le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus é mar aidhm leis sin geilleagar digiteach agus saor ó charbón a chur chun cinn agus an Úcráin a chlaochlú ina stát leasa agus geilleagar margaidh Eorpach nua-aimseartha;

12.á chur i bhfios go láidir gur gá tús áite a thabhairt do phacáiste cuimsitheach téarnaimh AE don Úcráin, ar cheart é a bheith dírithe ar fhóirithint, atógáil agus téarnamh láithreach, meántéarmach agus fadtéarmach na tíre; á iarraidh go dtacófar leis an bpacáiste téarnaimh trí chistiú inchreidte agus leormhaith ón Aontas i gcomhréir leis na riachtanais, agus ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus maidir le hiarrachtaí atógála na hÚcráine sna blianta amach romhainn a mhaoiniú tríd an tSaoráid ‘Rebuild Ukraine’, a luaithe a bhunófar í;

13.ag aithint na hoibre atá déanta ag an Úcráin, ag AE, ag G7, ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus ag comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo chun plean téarnaimh agus atógála a fhorbairt don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi go háirithe agus go dtacaíonn sí leis na seacht dtreoirphrionsabal atá i nDearbhú Lugano; á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta AE agus na hÚcráine, comhdháil ardleibhéil eile a thionól a bheadh tiomnaithe do phróiseas atógála agus téarnaimh na hÚcráine a chuirfeadh le torthaí chomhdhálacha idirnáisiúnta 2022 Lugano agus Bheirlín agus le comhdháil idirnáisiúnt Londan atá ar na bacáin, agus a rannchuideodh freisin leis an bpróiseas atógála a nascadh níos dlúithe le próiseas lánpháirtíochta na hÚcráine san Eoraip; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag AE ról ceannasach a bheith aige, go háirithe tríd an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí a comhaontaíodh leis an Úcráin, G7, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus príomh-chomhpháirtithe eile; ag cur béim ar an ngá atá ann go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach mar bhreathnóir; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dea-chomhordú agus roinnt chuí an tsaothair idir deontóirí agus an Úcráin; á chur i bhfios go láidir gur gá úinéireacht iomlán na hÚcráine ar an bpróiseas atógála a áirithiú, le dlúth-rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil; ag tathant ar AE, ar na Ballstáit agus ar institiúidí idirnáisiúnta airgeadais deontais choinníollacha seachas iasachtaí a chur ar fáil;

14.á thabhairt chun suntais gur réamhriachtanais iad dímhianú agus imréiteach ordanáis neamhphléasctha (UXO) d’atógáil na hÚcráine, lena n-áirítear a táirgeacht talmhaíochta, atá ríthábhachtach do gheilleagar na tíre agus do shlándáil bia dhomhanda; á mheabhrú go bhfuil cuid mhór de chríoch na hÚcráine éillithe ag mianaigh agus ag UXO; á thabhairt chun suntais nach gcumhdaítear an t-éileamh ar na gníomhaíochtaí sin leis na hiarrachtaí dímhianaithe agus imréitigh atá ann faoi láthair; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le dímhianú agus imréiteach UXO chun a bheith in ann cúnamh den mhéid is gá a thabhairt do na codanna den tír is mó a ndearna fogha na Rúise difear dóibh; á thabhairt chun suntais go mbeidh cistiú cuimsitheach, fadtéarmach ag teastáil chun na hiarrachtaí sin a dhéanamh;

15.á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine leanúint den fhéinrialtas áitiúil a neartú agus rath an athchóirithe dhíláraithe a leabú i struchtúr foriomlán phróisis deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine trí, inter alia, ról tábhachtach a thabhairt d’údaráis áitiúla sa chinnteoireacht maidir le tionscadail atógála; ag tarraingt aird ar Chomhlachas Chathracha na hÚcráine agus ar Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine, a seoladh an 30 Meitheamh 2022 mar fheithicil chun riachtanais áitiúla agus réigiúnacha san Úcráin a mhapáil;

16.á chur in iúl go gcreideann sí nach mór do phróiseas atógála agus téarnaimh na hÚcráine a bheith bunaithe go daingean ar phrionsabail na cothroime sóisialta agus an chuimsithe shóisialta, an chomhionannais inscne, na hinbhuanaitheachta agus an chlaochlaithe ghlais, na húinéireachta áitiúla, na trédhearcachta agus na cuntasachta agus gur cheart sásraí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis chun faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ailtireacht thrédhearcach rialachais, cuntasacht agus bainistíocht fhónta airgeadais; á chur i bhfáth gur gá measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a úsáid do thionscadail atógála amach anseo, go háirithe i láithreáin faoi chosaint, amhail iad siúd i sliabhraon Shléibhte Cairp;

17.ina theannta sin, á chur i bhfios go láidir gur gá ábhair imní, riachtanais agus saineolas daoine easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe a chur san áireamh mar go mbeidh a n-athimeascadh i bpobail áitiúla ríthábhachtach chun athléimneacht shochaíoch agus institiúideach na hÚcráine a neartú agus aontacht na hÚcráine a mhéadú; ag meabhrú an dúshláin mhóir a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar fhulaingt íospartach agus iarshaighdiúirí, a mbeidh deacracht ag go leor acu iad a athimeascadh go hiomlán sa saol sóisialta tar éis an chogaidh a bheith thart, go háirithe iad siúd a ndearna fórsaí forghabhála na Rúise iad a choinneáil, a chéasadh, a éigniú nó mí-úsáid orthu ar bhealach eile; á athdhearbhú go mbeidh athshlánú fadtéarmach síceolaíoch agus leighis agus cúnamh maidir le hathimeascadh ag teastáil ó go leor acu;

18.ag athdhearbhú a seasaimh nach mór d’ionadaithe ón bhféinrialtas áitiúil agus ón tsochaí shibhialta san Úcráin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas téarnaimh agus atógála agus nach mór don phróiseas sin na caighdeáin is airde trédhearcacht agus cuntasacht a chomhlíonadh; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar riachtanais agus ionchais grúpaí óga agus leochaileacha;

19.á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit aontacht AE a choinneáil agus brú breise a chur ar an Rúis agus ar a comhghuaillithe, lena n-áirítear trí phacáistí smachtbhannaí breise, atá dírithe ar acmhainneacht chogaidh na Rúise a lagú go straitéiseach; ag cáineadh iompar na stát, na n-eintiteas agus na ndaoine aonair a chuidíonn leis an Rúis éifeachtaí smachtbhannaí AE a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásra coisctheach a fhorbairt maidir le smachtbhannaí a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go ndéanfaí na smachtbhannaí a leathnú chun go gcuirfí san áireamh toirmeasc iomlán i ngach Ballstát, ar dhiamaint de thionscnamh na Rúise a mhargú agus a ghearradh nó a bheith á n-athonnmhairiú ag an Rúis, agus caidhp phraghais ar ola na Rúise a ísliú;

ag athdhearbhú a hiarrata ar chuideachtaí Eorpacha a n-oibríochtaí a tharraingt siar ón Rúis; á iarraidh ar na Ballstáit bearta ar leith a dhéanamh, maidir le táirgí ardteicneolaíochta atá á n-onnmhairiú chuig tíortha neamh-AE, go gcoscfaí gurbh í an Rúis ba cheann scríbe dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfí an dlí go dian ar dhaoine aonair nó ar eintitis atá rannpháirteach i dteacht timpeall ar smachtbhannaí AE; á iarraidh go neartófaí bearta sriantacha i gcoinne an réimis sa Bhealarúis, ar bearta iad nach bhfuil ar aon dul leis na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis in ainneoin go leor iarrataí go ndéanfaidís amhlaidh;

20.á chur i bhfios go láidir go dtéann tacaíocht an Aontais i bhfad thar an earnáil shibhialta agus go gcuimsítear tacaíocht fhorleathan sa réimse míleata léi freisin; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn feabhas a chur ar an gcomhar míleata leis an Úcráin, lena n-áirítear trí chumais mhéadaithe, oiliúint agus fothú acmhainní a sholáthar, chun cumais cosanta na hÚcráine a neartú go dtí an leibhéal is gá chun críoch na hÚcráine atá aitheanta go hidirnáisiúnta a shaoradh agus chun tuilleadh ionsaithe a dhíspreagadh ; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis na bearta sin agus lena leathnú suntasach agus gur gá lánúsáid a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána ina leith sin;

21.á chur i bhfios go láidir, trí stop a chur go rathúil le hionsaí na Rúise, go bhfuil arm na hÚcráine ar cheann de na hairm is mó a bhfuil cruachan déanta aige in aghaidh an chogaidh agus is mó a bhfuil taithí aige ar domhan; ag aithint agus ag moladh rannchuidiú suntasach na hÚcráine le slándáil an limistéir Eora-Atlantaigh agus le cosaint a luachanna trí chomhrac in aghaidh chogadh foghach na Rúise; ag meabhrú na rioscaí a bhaineann leis an Úcráin a fhágáil i limistéar slándála liath lena dtabharfaí deis don Rúis leanúint leis an gcogaíocht san fhadtéarma;

22.á iarraidh ar chomhghuaillithe ECAT a dtiomantas maidir le ballraíocht ECAT san Úcráin a urramú agus ag dréim leis go réiteoidh na cruinnithe mullaigh atá ar na bacáin i Vilnias agus in Washington an bealach chun síneadh a chur leis an iarraidh ar an Úcráin dul isteach in ECAT agus go gcuirfear tús leis an bpróiseas aontachais tar éis an chogaidh a bheith thart agus go gcuirfear bailchríoch air a luaithe is féidir; á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit, ar chomhghuaillithe ECAT agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo oibriú go dlúth leis an Úcráin chun creat sealadach a fhorbairt le haghaidh ráthaíochtaí slándála, a chuirfear chun feidhme díreach tar éis an chogaidh, go dtí go mbainfear ballraíocht iomlán ECAT amach; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirfeadh lánpháirtiú na hÚcráine in ECAT agus AE feabhas ar an tslándáil réigiúnach agus dhomhanda, go gcuirfí cobhsaíocht chun cinn agus go neartófaí spiorad an chomhair agus luachanna comhroinnte idir an Úcráin agus an comhphobal Eora-Atlantach;

23.á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit go ndéanfaí cumarsáid straitéiseach a neartú agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil maidir leis na tairbhí frithpháirteacha agus na deiseanna frithpháirteacha a bhaineann leis an méadú san Úcráin agus sna Ballstáit araon chun an tacaíocht a thugtar don phróiseas aontachais a mhéadú tuilleadh agus an tuiscint atá air a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit go ndéanfaí infheictheacht chistiú an Aontais agus a thorthaí nithiúla san Úcráin a fheabhsú; á áitiú gur cheart ról gníomhach a bheith ag an Aontas agus an Úcráin agus na cuspóirí sin á gcur chun feidhme;

24.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an Uachtarán, chuig an Rialtas agus chuig Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Ardrúnaí ECAT agus chuig Uachtarán Thionól Parlaiminteach ECAT, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meitheamh 2023
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais