Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII:SEISIÚIN
CAIBIDIL 2:ORD GNÓ NA PARLAIMINTE

Riail 170:An nós imeachta i gcás práinne

1.Maidir le hiarraidh go ndéanfar cinneadh go práinneach faoi thogra a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 48(1) de bharr forbairtí gan choinne, féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi. I gcás iarrataí arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle, beidh bonn cirt mionsonraithe le gach togra sa ráiteas ar chúiseanna agus, i gcás inarb iomchuí, léiriú beacht ar na spriocdhátaí is gá de réir dlí le haghaidh ghlacadh nó theacht i bhfeidhm an gnímh bheartaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí.

2.Déanfar iarrataí ar chinneadh práinneach a fhógairt sa Pharlaimint a luaithe is féidir tar éis don Uachtarán iad a fháil. Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh ar na Feisirí sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar chinneadh práinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar chinneadh práinneach i gcás iarrataí go léir den sórt sin.

3.Roimh an vótáil ar an iarraidh ar chinneadh práinneach, ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, agus do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó don bheirt acu. Ní fhéadfaidh aon duine de na cainteoirí sin labhairt ar feadh tréimhse níos faide ná trí nóiméad.

4.I gcás ina bhformheasfar an iarraidh ar chinneadh práinneach, tabharfar tosaíocht don mhír ar mhíreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht, i gcás inarb iomchuí, agus an t-am don vótáil.

5.Déanfaidh an Pharlaimint an cinneadh práinneach ar an togra ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de ghnáth agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Sa chás sin, tabharfar tosaíocht don scrúdú ar an togra ar mhíreanna eile ar chlár oibre an choiste agus déanfaidh an coiste freagrach, más caoithiúil, an nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm de bhun Riail 52.

6.Arna iarraidh sin don Uachtarán, do choiste, do ghrúpa polaitiúil nó d’Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh go heisceachtúil an cinneadh práinneach ar an togra a dhéanamh gan tuarascáil nó ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach. I gcásanna den sórt sin, má tharlaíonn caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, ní bheidh feidhm ag Riail 71 ná ag Riail 72 agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 75.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais