ú ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 le moltaí don Choimisiún maidir leis an sásra atá beartaithe a leasú chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0228/2018),
–ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle dar teideal ‘Boosting growth and cohesion in EU border region’ [Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann AE] (),
–ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC)(1),
–ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach a ullmhaíodh d’Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2017 dar teideal ‘Bacainní dlí agus riaracháin a chosc i réigiúin teorann AE’(2),
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne an 20 Meitheamh 2018, a tíolacadh faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
–ag féachaint do rún uaithi an 11Meán Fómhair 2018 maidir le borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann AE(3),
–ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(4),
–ag féachaint do rún reachtach uaithi an 14 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann(5),
–ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Márta 2019(6),
–ag féachaint do thuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle an 2 Márta 2020 (6009/20)(7),
–ag féachaint do rún uaithi an 17Aibreán2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(8),
–ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(9),
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ó mhí Iúil 2020 maidir le comhar trasteorann in AE(10),
–ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Feabhra 2021 maidir le ‘Cross-border public services in Europe’ [Seirbhísí poiblí trasteorann san Eoraip](11),
–ag féachaint don tuarascáil ó Choiste na Réigiún ó mhí Iúil 2021 maidir leis an gComhairliúchán Poiblí ar Thodhchaí an Chomhair trasteorann(12),
–ag féachaint do Cheist i gcomhair freagra ó bhéal O-000061/2021 an 10 Meán Fómhair 2021 ar an gComhairle maidir le heaspa toil na Comhairle an sásra trasteorann Eorpach a bhogadh ar aghaidh(13),
–ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas(14),
–ag féachaint d’fhoilseachán ‘b-réitigh: Bacainní Teorann a Réiteach. Coimre 2020-2021’ a foilsíodh an 9 Nollaig 2021(15),
–ag féachaint don tuarascáil ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ó mhí na Bealtaine 2022 maidir leis an toradh deiridh(16),
–ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Coiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal ‘The impact of the COVID-19 pandemic on EU cohesion and EU cohesion policy’ [Tionchair phaindéim COVID-19 ar chomhtháthú AE agus ar bheartas comhtháthaithe AE], a foilsíodh i mí Eanáir 2022,
–ag féachaint do rún uaithi an 8Márta 2022 ar an mbeartas comhtháthaithe mar ionstraim chun éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú agus chun feabhas a chur ar chomhar sláinte trasteorann(17),
–ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 maidir le Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050 - An tOchtú tuarascáil maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach,
–ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú tuarascáil faoin gComhtháthú(18),
–ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le réigiúin teorann AE: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí(19),
–ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dá Coiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal ‘Sásra chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann - Measúnú Breisluacha Eorpaigh’,(‘Staidéar EAVAEPRS’)(20),
–ag féachaint do Rialacha47 agus54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0252/2023),
A.de bhrí go ndéanann marthanacht na mbacainní trasteorann de chineál riaracháin agus dlíthiúil difear mór do shlí bheatha réigiúin teorann AE agus dá n-acmhainneacht inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta agus go gcuireann siad teorainn le feidhmiú na gceart a dheonaítear leis na Conarthaí do shaoránaigh agus do phobail na réigiún teorann;
B.De bhrí go mbaineann marthanacht na mbacainní sin agus a n-éifeachtaí an bonn ón muinín atá ag saoránaigh atá ina gcónaí i réigiúin teorann i lánpháirtiú na hEorpa agus in éifeachtacht na n-údarás poiblí;
C.De bhrí go bhfuil oibrithe aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna saincheisteanna cánach agus ar riaracháin fós i réigiúin teorann, ar saincheisteanna iad a éilíonn comhordú níos fearr idir riaracháin na mBallstát; de bhrí gur gá a chur i bhfios go láidir gur measa fós an treocht sin mar gheall ar an méadú ar chianobair trasteorann mar thoradh ar phaindéim COVID-19;
D.de bhrí go gcuimsíonn réigiúin teorann inmheánaí 40% de chríoch AE, arb ionann iad agus 30% dá dhaonra nó 150 milliún duine agus go bhfuil beagnach 2 mhilliún oibrí teorann ina gcónaí iontu; de bhrí gur measadh go bhféadfaí sochair eacnamaíocha 123 bhilliún euro a bhaint as uirlis reachtach a bhunú ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann, in éineacht leis na huirlisí atá ann cheana, agus go dtiocfadh tairbhí suas le 460 billiún euro as gach bacainn a bhaint; de bhrí go mbeadh tionchar dearfach ag baint le bacainní trasteorann ar chearta sóisialta, ar chomhionannas deiseanna, cosaint an chomhshaoil, agus ar rochtain níos fearr ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann(21);
E.Cé go n-éascófaí inrochtaineacht idir tíortha comharsanachta trí dheireadh a chur le bacainní trasteorann freisin, e.g. trí na naisc atá fós in easnamh idir réigiúin teorann áirithe a bhaint amach. Dá mbeadh idirnascadh níos fearr ann idir réigiúin teorann, bheadh lánpháirtiú na hEorpa níos nithiúla agus thabharfadh sé deis do shaoránaigh soghluaisteacht trasteorann atá éifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a bheith acu;
F.de bhrí go bhfuil conarthaí agus comhaontuithe déthaobhacha nó ilpháirtithe tugtha i gcrích cheana ag roinnt Ballstát agus gur féidir leo dul ina muinín chun struchtúir agus nósanna imeachta a bhunú chun bacainní trasteorann a bhaint;
G.de bhrí go rachadh gníomh reachtach de chuid an Aontais lena leagtar síos forálacha ginearálta agus socruithe nós imeachta do na Ballstáit agus do réigiúin AE chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann chun tairbhe na mBallstát trí raon níos leithne roghanna beartais a chur ar fáil dóibh, agus tríd an bhféidearthacht réitigh shaincheaptha a cheapadh ag brath ar an mbacainn ar leith;
H.De bhrí go rachadh sé chun tairbhe do phobail agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu le tionscadail chomhpháirteacha a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon ar fud an Aontais, a mbeadh cur chuige tiomnaithe gníomhaíochta acu a bheadh oscailte dóibh chun bacainní trasteorann a chur in iúl agus chun aghaidh a thabhairt orthu;
I.de bhrí gur eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le sásra chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (‘togra ECBM’) in 2018; de bhrí, ó shin i leith, gur tháinig dúshláin nua de chineál nach bhfacthas a leithéid riamh chun cinn, amhail Brexit, paindéim COVID-19, an gá atá le haghaidh a thabhairt go práinneach ar an éigeandáil aeráide, agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go raibh tionchar ag na géarchéimeanna sin ar leibhéal trasteorann, ar cheart é a chur san áireamh i leagan leasaithe nua den togra sin;
J.de bhrí, ina fhoilsiú, ‘b-réitigh: Bacainní Teorann a Réiteach: Coimre de 43 chás’(22), mheas an Coimisiún go mbeadh an gníomh reachtach sin maidir le bacainní trasteorann a bhaint ina uirlis iomchuí chun bacainní dlí agus riaracháin a shárú in 38% ar a laghad de na cásanna a ndearnadh anailís orthu;
K.de bhrí gur ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh maidir le togra ECBM in 2019; de bhrí gur chuir Meitheal na Comhairle um Bearta Struchtúracha stop leis an obair ar thogra ECBM in 2021, gan seasamh foirmiúil ón gComhairle a ghlacadh;
L.de bhrí, mar sin féin, gur tharraing an Chomhairle anuas roinnt ábhar imní dlí intuigthe ar cheart aghaidh a thabhairt orthu i gcomhthéacs togra nua;
M.de bhrí go bhfuil gach iarracht is gá déanta ag an bParlaimint chun tús a chur le caibidlíocht idirinstitiúideach leis an gComhairle ar bhealach oscailte agus cuiditheach; de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile ar an gCoimisiún togra reachtach leasaithe nua a thíolacadh i rúin iomadúla agus i malartuithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla ar an leibhéal polaitiúil is airde; de bhrí go bhfuil glacadh an ghnímh reachtaigh sin mar chuid de na tograí atá i dTuarascáil Chríochnaitheach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa(23);
N.de bhrí nach ndearnadh iarrataí na Parlaiminte a leanúint go dtí seo le haon ghníomhaíocht fhóinteach ón gCoimisiún ná ón gComhairle; de bhrí go dtugann Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de chumhacht don Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a thíolacadh maidir le hábhair a mheasann sé gur gá gníomh Aontais a bheith ann ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme;
1.á mheas, i bhfianaise na dtreochtaí is déanaí maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla dhéimeagrafacha, shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, chun éagothromaíochtaí a laghdú, agus chun imirce daoine oilte a chosc, ní mór don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin trasteorann leanúnacha i gcomhthéacs níos leithne an chomhtháthaithe trí chomhar i bhfad níos éifeachtúla idir údaráis na réigiún teorann chomh maith le hionstraim nua éifeachtach;
2.á thabhairt dá haire, in ainneoin gníomhaíochtaí críochacha trasteorann a forbraíodh thar na blianta, arna dtacú agus arna n-éascú ag an Aontas le hionstraimí dlíthiúla agus airgeadais, gur minice a bhíonn ar shaoránaigh ó réigiúin teorann aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trí gan rochtain a bheith acu ar an tseirbhís phoiblí is gaire, rud a tharlaíonn a bheith ar an taobh eile den teorainn, nó go bhfuil níos lú deiseanna ag a ngnólachtaí;
3.ag tacú leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag na b-réitigh, ar tionscnamh é a chuir Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (AS REGIO) chun cinn agus atá á bhainistiú ag Comhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa (AEBR) mar cheann de na gníomhaíochtaí a mholtar sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Boosting growth and cohesion in EU border regions’ [Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin teorann an Aontais Eorpaigh];
4.á mheas go bhfuil rath ar an tionscnamh réitigh, ach á aithint freisin go bhfuil sé ar cheann de na huirlisí teicniúla, amhail Grúpáil Eorpach an Chomhair Chríochaigh (EGTC), Líonra na bPointí Fócais Teorann, nó straitéisí macrairéigiúnacha, lena gcomhlánaítear comhar trasteorann an Aontais ach nach dtugann freagairt chuimsitheach agus éifeachtach ar na bacainní a dhéanann difear do réigiúin teorann;
5.á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat comhordaithe uile-Aontais chun comhtháthú an Aontais a áirithiú agus chun réiteach a bhfuiltear ag súil leis le fada a chur ar fáil do na réigiúin teorann uile lena gceadaítear dóibh deireadh a chur le bacainní a éilíonn leibhéal níos airde iarrachta agus comhair idir na Ballstáit lena mbaineann agus prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh;
6.á áitiú gur cheart go ndíreodh an leasú ar thogra ECBM ar chreat comhordaithe simplí agus éasca a chruthú lena gceadófar d’údaráis ar leibhéil éagsúla bacainní dlíthiúla agus riaracháin a bhaint, agus go gcoscfaí dúbláil comhlachtaí agus údarás agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chruthú, chun rannchuidiú le forbairt limistéar teorann agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh; ba cheart go ndíreodh raon feidhme thogra athbhreithnithe ECBM ar thionscadail chomhpháirteacha;
7.á chreidiúint, chun a bheith ina fhíorionstraim chomhtháthaithe, gur cheart do chreat comhordaithe den sórt sin sainchumais bhunreachtúla agus reachtacha na mBallstát a urramú go hiomlán, agus na difríochtaí institiúideacha maidir le réimsí idirghabhála na gcomhlachtaí náisiúnta riaracháin lena mbaineann, agus leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit á gcur san áireamh;
8.á mholadh an creat nua comhordúcháin a ghairm: ‘Ionstraim na Réigiún Teorann ar mhaithe le Forbairt agus Fáis in AE’ (BRIDGEU);
9.á chur i bhfáth gur príomhghníomhaithe iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i gcur chun cinn an chomhtháthaithe chríochaigh agus gur cheart go mbeadh siad in ann páirt a ghlacadh ar bhealach fóinteach agus cuimsitheach i bhfoirmliú beart atá dírithe ar bhacainní trasteorann a bhaint, agus gur cheart gníomhaithe ábhartha áitiúla na sochaí sibhialta agus grúpaí pobail ábhartha a choinneáil ar an eolas faoin bpróiseas;
10.á chur i bhfáth nach mór d’aon togra reachtach maidir leis an ábhar sin údaráis agus comhlachtaí na mBallstát a shainiú go soiléir ar gach leibhéal lena mbaineann agus a bheith rannpháirteach le linn an phróisis, chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú do ghníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla;
11.ag creidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach Pointí Comhordúcháin Trasteorann a bhunú chun idirghabhálaí a chur ar fáil d’údaráis phoiblí, don tsochaí shibhialta, do shaoránaigh, agus do chomhlachtaí príobháideacha a bheidh in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla nó riaracháin a chuireann bac ar chur chun feidhme comhthionscadail;
12.á áitiú gur cheart do na Ballstáit, trí Phointí Comhordúcháin Trasteorann, measúnú a dhéanamh, ar bhonn deonach agus cás ar chás, i dtaobh ar cheart aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ar chúnamh chun deireadh a chur leis na bacainní agus leis an ualach riaracháin agus conas aghaidh a thabhairt uirthi;
13.á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur bealach chun borradh a chur faoin rialachas il-leibhéil, faoin nuálaíocht agus faoin gcomhar níos láidre idir réigiúin teorann é a chur ar chumas Pointí Comhordúcháin Trasteorann Coistí Trasteorann a bhunú agus aghaidh á tabhairt ar bhacainn chasta a éilíonn comhar níos airde i measc údaráis ábhartha na réigiún teorann ar gach leibhéal;
14.á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit, agus cinneadh deonach á dhéanamh acu an ionstraim a ghníomhachtú, bearta éagsúla beartais a bheith acu chun aghaidh a thabhairt ar an mbac, amhail athbhreithniú ar a chreat riaracháin nó dlíthiúil trí ghníomhaíochtaí aontaobhacha a dhéantar ar an leibhéal ábhartha, ionstraimí dlí boga, bainistiú na bacainne a tharchur chuig na comhlachtaí inniúla arna mbunú le conarthaí déthaobhacha nó ilpháirtithe atá ann cheana, nó ar deireadh trí Choiste Trasteorann a bhunú a mbeidh sé de chúram air réiteach ad hoc a dhréachtú chun aghaidh a thabhairt ar cheann amháin nó níos mó de na bacainní a sainaithníodh;
15.ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé de rogha ag na húdaráis inniúla ar leibhéal ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir le haon réiteach ad hoc a dhréachtaigh an Coiste Trasteorann a chur chun feidhme, agus gur cheart do na Ballstáit é a dhéanamh in aon chás i gcomhréir iomlán lena gcreat reachtach agus bunreachtúil;
16.á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt Ballstát, mar shampla, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg agus Málta, atá ina réigiúin aonair ar leibhéal NUTS 2, á n-eisiamh ón togra ón gCoimisiún ó raon feidhme geografach leibhéal NUTS 3 bunaidh, de bhrí go bhfreagraíonn réigiúin NUTS 1 na Gearmáine do na Stáit chónaidhme, gur ceantair iad NUTS 2 do réigiúin rialtais agus réigiúin NUTS 3 de ghnáth; ag áitiú, i gcás bacainní trasteorann, nach é leibhéal NUTS 3 an leibhéal is fearr i gcónaí chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcásanna trasteorann éagsúla; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór don chreat comhordúcháin a bheidh ann amach anseo solúbthacht áirithe a cheadú maidir lena chur chun feidhme chun go mbeidh sé chomh hábhartha agus chomh héifeachtach agus is féidir trí dhíriú ar an gcríoch is oiriúnaí i ngach cás;
17.á thabhairt chun suntais nach gcuireann aon ní cosc ar na Ballstáit na socruithe nós imeachta céanna dá bhforáiltear leis an Rialachán atá beartaithe a leagtar amach in íԲ I a ghabhann leis an rún seo a leanúint go deonach nuair a aontaíonn siad bacainní dlíthiúla agus riaracháin ar réigiúin teorann an Aontais a réiteach le tíortha is iarrthóirí, agus dlí an Aontais á urramú;
18.á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn an tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra le haghaidh rialachán maidir le hIonstraim um Fhorbairt agus Fás na Réigiún Teorann in AE a thíolacadh, i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach san íԲ a ghabhann leis seo;
19.á mheabhrú go bhfuil Uachtarán an Choimisiúin tiomanta do cheart tionscnaimh na Parlaiminte agus a gealltanas obair leantach a dhéanamh ar thuarascálacha reachtacha féintionscnaimh na Parlaiminte le gníomh reachtach, i gcomhréir le prionsabail dhlí an Aontais, atá sna Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024; ag dréim leis, dá bhrí sin, go leanfaidh an Coimisiún an rún sin le togra reachtach;
20.á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeadh cistiú leordhóthanach riachtanach le haghaidh na dtograí a leagtar amach anseo agus á mheas gur cheart go gcumhdófaí impleachtaí airgeadais na dtograí iarrtha le leithdháileadh ábhartha ón mbuiséid Aontais; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfaí cur chun feidhme an Rialacháin nua a éascú trí ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (TAIEX) nó de chuid na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil a shlógadh, d’fhonn fothú acmhainneachta údaráis na mBallstát a chur chun cinn ar gach leibhéal;
21.á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún.
Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (2023). ‘Sásra chun bacainní dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann’. Measúnú Breisluacha Eorpaigh, lch.48.
An Coimisiún Eorpach Ard Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (2020). ‘B- Réitigh : bacainní teorann a réiteach: coimre ina bhfuil 43 chás: iarscríbhinn’, Oifig na bhFoilseachán. https://data.europa.eu/doi/10.2776/36819.
An tuarascáil chríochnaitheach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Togra 12, beart 15, lch.56.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:
MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hIonstraim na Réigiún Teorann ar mhaithe le Forbairt agus Fás san Aontas Eorpach
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal175 de,
Ag féachaint don iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le gníomhartha sonracha atá le glacadh lasmuigh de na Cistí is ábhar don chéad mhír den Airteagal sin, chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach atá beartaithe ag CFAE a bhaint amach. Le forbairt chomhchuí chríoch iomlán an Aontais agus níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, éilítear comhar críochach a neartú. Chuige sin, is iomchuí na bearta a ghlacadh is gá leis na coinníollacha cur chun feidhme a fheabhsú le haghaidh gníomhartha comhair chríochaigh.
(2)Ba cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil oibriú le chéile chun cur chun feidhme éifeachtach gníomhaíochtaí comhair chríochaigh agus faireachán orthu a áirithiú, d’fhonn críoch Aontais atá níos comhoiriúnaí agus níos comhtháite a bhaint amach.
(3)In Airteagal174 CFAE tugtar aitheantas do na dúshláin atá le sárú ag réigiúin teorann agus déantar foráil ann gur cheart don Aontas aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin sin, agus gníomhaíochtaí á bhforbairt agus á saothrú aige, gníomhartha a mbeidh neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais mar thoradh orthu.
(4)I dTeachtaireacht uaidh an 20 Meán Fómhair 2017 dar teideal ‘Borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú i réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh’ (‘Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann’), tá sé á leagan amach ag an gCoimisiún go bhfuil próiseas lánpháirtíochta na hEorpa ag cabhrú, le roinnt mhaith blianta anuas, le réigiúin teorann inmheánacha iad féin a athrú ó cheantair imeallacha den chuid is mó go ceantair fáis ina bhfuil deiseanna ar fáil. A bhuí le tabhairt chun críche an mhargaidh aonair in 1992, tá borradh tagtha faoi tháirgiúlacht an Aontais agus laghdú ar chostais trí dheireadh a bheith curtha le foirmiúlachtaí custaim, trí rialacha teicniúla a bheith comhchuibhithe nó aitheanta go frithpháirteach agus trí phraghsanna níos ísle a bheith ann de bharr iomaíochais;
(5)Thug an Coimisiún chun suntais freisin go bhfuil bacainní dlíthiúla iomadúla fós ann i réigiúin teorann, go háirithe iad siúd a bhaineann le seirbhísí sláinte, rialáil saothair, cánacha, forbairt gnó, agus bacainní a bhaineann le difríochtaí i gcultúir riaracháin agus i gcreataí dlíthiúla náisiúnta. Ní leor cistiú an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh ná an tacaíocht institiúideach don chomhar ó ghrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECCanna) astu féin chun aghaidh a thabhairt ar réiteach na mbacainní sin atá ina bhfíorbhaic ar chomhar éifeachtach.
(6)I dtuarascáil ón gCoimisiún an 21 Iúil 2021 dar teideal ‘Réigiúin teorann: saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí’, foráiltear gur ghéaraigh ráig phaindéim COVID-19 sa chéad ráithe de 2020 níos measa fós ar an treocht sin, trí na teorainneacha a dhúnadh a d’fhorchuir na Ballstáit chun leathadh an víris a shrianadh. Ina thuarascáil ó mhí Eanáir 2021 dar teideal ‘Éifeachtaí dúnadh teorainneacha de bharr COVID-19 ar réigiúin trasteorann’, thug an Coimisiún dá aire gur chuir na rialuithe sláinte arna bhforchur ag an teorainn soghluaisteacht oibrithe trasteorann thar a bheith teoranta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhraitheann ar chustaiméirí agus cliaint trasteorann, agus go ndearna siad róchasta ar an rochtain ar shlándáil shóisialta d’oibrithe trasteorann a raibh orthu dul i muinín na cianoibre. Bhí tionchar tromchúiseach ag an dodhéantatacht saoráidí cúraim sláinte agus scoileanna a bhaint amach ar an taobh eile den teorainn ar shláinte agus ar shlándáil líon suntasach saoránach.
(7)Ó 1990 i leith, tá cláir faoi sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, ar a dtugtar ‘Interreg’(1) níos fearr, ag tacú le cláir um chomhar trasteorann feadh réigiúin teorann an Aontais. Thug sé maoiniú do na mílte tionscadal agus tionscnamh a chabhraigh le feabhas a chur ar lánpháirtiú na hEorpa agus a bhfuil fíordhifríocht déanta aige do réigiúin teorann, rud a chuir lena gclaochlú. Ar phríomh-mhórghníomhartha chláir Interreg tá an méid seo a leanas: muinín mhéadaithe i measc réigiúin teorann, nascacht níos airde, caighdeáin chomhshaoil níos fearr, sláinte níos fearr agus méadú ar shaibhreas saoránach.
(8)Tá tacaíocht tugtha ag Interreg do chomhar ar theorainneacha muirí ar leith freisin. Is fadhb i bhfad níos lú iad na baic dlí i réigiúin na dteorainneacha muirí, áfach, mar nach féidir go fisiciúil an teorainn a thrasnú gach lá nó cúpla uair sa tseachtain chun obair, foghlaim agus oiliúint, nó siopadóireacht a dhéanamh nó chun úsáid a bhaint as áiseanna agus seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta nó le haghaidh idirghabhálacha éigeandála pras.
(9)Tá ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna a bhfuil ar mhacrairéigiúin aghaidh a thabhairt orthu. Is ardáin iad le haghaidh líonrú straitéiseach, agus oibríonn siad thar theorainneacha, earnálacha agus leibhéil rialachais chun cabhrú le comhordú a dhéanamh ar chomhbheartais agus ar ghníomhaíochtaí sa mhacrairéigiún lena mbaineann. Ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir na macrairéigiúin ina bhfuil riachtanais choiteanna, d’fhéadfaí an comhar a neartú trí dheireadh a chur leis na bacainní, rud a d’fhágfadh go mbeadh na réigiúin níos láidre, níos athléimní agus níos tarraingtí chun cónaí iontu.
(10)Ina thuarascáil i mí an Mhárta 2017 dar teideal ‘Easing legal and administrative obstacles in EU border regions’ [Bacainní dlíthiúla agus riaracháin a chosc i réigiúin teorann AE] rinne an Coimisiún staidéar ar 239 mbacainn san iomlán. Bíonn tionchar ag dhá thrian de na bacainní sin ar an teorainn talún ina hiomláine agus bíonn tionchar diúltach ard ag beagnach 60% díobh ar chomhtháthú trasteorann, rud a fhágann go mbíonn tionchar nithiúil aige sin ar dheiseanna i margadh an tsaothair agus ar chearta sóisialta na saoránach.
(11)Ina chomhairliúchán poiblí in 2020 maidir le bacainní trasteorann a shárú, obair leantach ar athbhreithniú trasteorann 2015 ag AS REGIO, thug an Coimisiún dá aire cé go measann 45% de fhreagróirí gur deis í teorainn, measann níos mó ná an tríú cuid díobh gur bacainn í an teorainn.
(12)Ina mheasúnú ar shonraí idir 2014-2019, fuarthas amach sa staidéar ábhartha ar Mheasúnú Breisluacha Eorpaigh (EAVA) a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa go mbeadh tairbhí suntasacha ann do réigiúin teorann NUTS 3 agus do gheilleagar iomlán an Aontais dá gcuirfí deireadh le bacainní. Níos cruinne fós, bheadh sochar Oll-Bhreisluacha (GVA) iomlán thart ar EUR 457 mbilliún mar thoradh ar dheireadh iomlán a chur le bacainní dlíthiúla agus riaracháin, arb ionann é agus 3,8% d’iomlán GLC AE 2019. Dá mbainfí 20% de na bacainní ar gach réigiún teorann, bheadh tairbhe iomlán EUR 123 bhilliún d’oll-bhreisluacha mar thoradh air sin, arb ionann é agus thart ar 1% d’iomlán oll-bhreisluacha an Aontais do 2019, chomh maith le tairbhe iomlán fostaíochta de 1 mhilliún post arb ionann iad agus 0,5% den fhostaíocht iomlán ar leibhéal an Aontais(2).
(13)I measc na dtairbhí féideartha eile tá tionchair dhearfacha ar chearta sóisialta agus deireadh a chur le héagothromaíochtaí maidir le rochtain ar sheirbhís phoiblí do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann, rud a chuirfeadh le tallann a choinneáil agus leas níos mó a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún sin.
(14)Ina Theachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann, rinne an Coimisiún tagairt, i measc bearta eile, do thionscnamh ar cuireadh tús leis in 2015. Tá roinnt Ballstát ag smaoineamh ar fhiúntas ionstraime nua chun tionscadail trasteorann a shimpliú trína chur ar chumas na n-údarás inniúil atá i gceannas maoluithe sealadacha ón reachtaíocht atá ann cheana a cheadú nó réitigh ad hoc a ghlacadh, ar bhonn deonach agus arna gcomhaontú ag na húdaráis inniúla atá i gceannas. Bheadh feidhm aige sin maidir le tionscadal aonair nó gníomhaíocht atá teoranta ó thaobh ama de, lonnaithe i réigiún teorann agus tosaithe ag údaráis áitiúla nó réigiúnacha.
(15)Cé go bhfuil roinnt conarthaí, comhaontuithe agus ionstraimí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar an leibhéal idir-rialtasach, réigiúnach agus áitiúil i réigiúin áirithe den Aontas, ní chumhdaíonn siad réigiúin teorann uile an Aontais. Ina theannta sin, níor leor na hionstraimí maoinithe (Interreg den chuid is mó) agus na hionstraimí dlí (GECCanna den chuid is mó) a cuireadh ar fáil ar leibhéal an Aontais go dtí seo chun bacainní trasteorann a réiteach ar fud an Aontais. Chun na córais atá ann cheana a chomhlánú, agus chun bacainní nós imeachta a chuireann bac ar fhorbairt limistéar teorann a bhaint, is gá, dá bhrí sin, creat deonach comhordaithe a bhunú lena leagfar síos forálacha ginearálta agus socruithe nós imeachta soiléire a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní a chuireann bac ar chur chun feidhme comhthionscadail i gcomhthéacs trasteorann. Ba cheart go dtiocfadh aon chinneadh faoi shainchúram na mBallstát lena mbaineann maidir le dul i ngleic le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann agus conas dul i ngleic leo.
(16)Bíonn tionchar ag bacainní dlí ar dhaoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún den chuid is mó, amhail oibrithe trasteorann, a thrasnaíonn teorainneacha ar bhonn laethúil nó seachtainiúil. Chun éifeacht an Rialacháin sin a dhíriú ar na réigiúin is gaire don teorainn agus leis an leibhéal is airde lánpháirtíocht agus idirphlé idir Ballstáit chomharsanachta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le réigiúin trasteorann de réir bhrí na críche a chumhdaítear le réigiúin teorann comharsantacha talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal 2 agus 3 NUTS.
(17)Chun comhordú a dhéanamh ar chúraimí údarás éagsúil, ina n-áireofar i roinnt Ballstát comhlachtaí reachtacha náisiúnta agus réigiúnacha, laistigh de Bhallstát ar leith agus idir údaráis de chuid Ballstáit comharsanachta amháin nó níos mó, ba cheart a cheangal ar gach Ballstát Pointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta a bhunú nó a ainmniú mar chomhlacht ar leithligh, nó laistigh d’údarás nó comhlacht náisiúnta atá ann cheana nó tríd an gcúram a chur ar údarás nó ar chomhlacht iomchuí. Leagtar amach cúraimí na bPointí Comhordúcháin Trasteorann sa Rialachán seo, i gcomhréir le hinniúlachtaí náisiúnta.
(18)I gcás ina gcomhaontaíonn dhá Bhallstát teorann aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhacainn a shainaithnítear trí dhoiciméad tionscnaimh, ba cheart Coiste trasteorann a thionól ar a mbeidh ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla arna n-ainmniú ag Pointí Comhordúcháin Trasteorann na mBallstát lena mbaineann. Ba cheart do gach Coiste Trasteorann a bheith ina chomhlacht sealadach, a bhfuil a chúraimí leagtha amach sa Rialachán sin, agus ba cheart é a bheith teoranta do réiteach ad hoc a fhoirmliú chun bacainn trasteorann a bhaint.
(19)Leagtar amach sa Rialachán seo an nós imeachta a bhaineann le doiciméad tionscnaimh, lena n-áirítear a shainiú cé is féidir a bheith ina thionscnóir, an nós imeachta chun doiciméad tionscnaimh a ullmhú agus a thíolacadh, ábhar an doiciméid tionscnaimh sin, réamhanailís ar an doiciméad tionscnaimh agus ar na bearta leantacha ina leith. Is féidir le húdaráis áitiúla nó réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tionscnaimh ó na saoránaigh nó comhlachtaí eile, bíodh pearsantacht dhlítheanach acu nó ná bíodh, a bheith ina dtionscnóirí, ar choinníoll go bhfuil siad freagrach as comhthionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon. Ba cheart go leagfaí amach sa Rialachán seo liosta iomlán d’eintitis ar féidir leo gníomhú mar thionscnóirí.
(20)Tagraítear don Phointe Comhordúcháin Trasteorann a fhaigheann doiciméad tionscnaimh mar Phointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála. Leagtar amach sa nós imeachta freisin freagairt ó Bhallstát teorann ar iarraidh ar Choiste Trasteorann a chur ar bun.
(21)Tar éis doiciméad tionscnaimh a fháil, ba cheart do Phointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha uile ina Bhallstát agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann sa Bhallstát/sna Ballstáit teorann lena mbaineann. Ba cheart do Phointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála réamh-mheasúnú a thabhairt don tionscnóir i dtaobh an gcomhlíonann an doiciméad tionscnaimh na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus an ann don bhacainn. Ba cheart an réamh-mheasúnú sin a chur ar fáil go poiblí arna iarraidh sin. Ba cheart do Phointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála a bheith in ann a chinneadh an bhfuil nós imeachta chun réiteach ad hoc a thabhairt i gcrích le seoladh, an bhfuil réiteach le fáil ar an leibhéal náisiúnta, nó an measann sé go dtagann deireadh le bacainn amháin nó níos mó a chuireann bac ar chur chun feidhme comhthionscadail faoi shainchúram na socruithe idirnáisiúnta atá ann cheana. Ba cheart go bhféadfadh an Ballstát a chinneadh gan aghaidh a thabhairt ar na bacainní. Tá aon chinneadh fós faoi rogha na mBallstát lena mbaineann agus ba cheart údar cuí a bheith leis agus ba cheart é a chur in iúl in am trátha do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann agus a chur ar fáil go poiblí arna iarraidh sin.
(22)Leagtar amach sa Rialachán seo an nós imeachta atá le leanúint nuair a chomhaontaíonn dhá Phointe Comhordúcháin Trasteorann nó níos mó dréachtú réitigh ad hoc a chur de chúram ar Choiste Trasteorann, lena n-áirítear ábhar an dréachtréitigh ad hoc agus tarchur an dréachtréitigh ad hoc chuig na Ballstáit lena mbaineann.
(23)Bunaítear leis an Rialachán freisin an nós imeachta atá le leanúint chun an réiteach ad hoc a thabhairt i gcrích tar éis d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar an réiteach ad hoc agus teacht ar chomhaontú ina leith.
(24)Leagtar amach sa Rialachán rialacha maidir le cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an réitigh ad hoc.
(25)Ba cheart na coinníollacha don chomhar críochach a chruthú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá cumhdaithe in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, ar prionsabal é nár cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Dá bhrí sin, níor cheart go mbainfeadh glacadh an Rialacháin sin an bonn ó chur i bhfeidhm aon chonartha nó comhaontuithe déthaobhacha nó ilpháirtithe atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDILI
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Á
1.Bunaítear leis an Rialachán sin creat comhordaithe lena leagtar síos forálacha ginearálta agus socruithe nós imeachta do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhacainn a chuireann bac ar phleanáil, ar fhorbairt, ar sholáthar foirne, ar mhaoiniú nó ar fheidhmiú comhthionscadail i gcomhthéacs trasteorann i gcomhar lena n-údaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha.
2.Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhonn deonach cás ar chás ar cheart na socruithe nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil II a ghníomhachtú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
(a)eagrúchán agus tascanna Pointí Comhordúcháin Trasteorann sna Ballstáit,
(b)comhdhéanamh agus cúraimí Coistí Trasteorann,
(c)ról comhordúcháin an Choimisiúin.
4.Beidh an Rialachán sin gan dochar do chur chun feidhme conarthaí déthaobhacha nó ilpháirtithe atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit faoin dlí idirnáisiúnta nó do shainchumais agus do chúraimí comhlachtaí arna mbunú leis na conarthaí sin.
Airteagal2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tionscadail chomhpháirteacha i gcomhthéacs trasteorann, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2).
Airteagal 3
ԳíԾٳ
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘réigiún trasteorann’ an chríoch a chumhdaítear le réigiúin teorann talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin NUTS leibhéal 2 agus 3;
(2)ciallaíonn ‘comhthionscadal’ aon mhír bonneagair ag a bhfuil tionchar i réigiún trasteorann ar leith nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear i réigiún trasteorann ar leith, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar sin le sonrú ar dhá thaobh na teorann nó ar thaobh amháin di;
(3)ciallaíonn ‘bacainn’ aon fhoráil dlí nó riaracháin maidir le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail, a chuireann bac ar phoitéinseal dúchasach réigiúin teorann agus idirphlé trasna na teorann ar siúl;
(4)ciallaíonn ‘tionscnóir’ an gníomhaí a shainaithníonn bacainn amháin nó níos mó agus a chuireann an creat comhordúcháin ar obair trí dhoiciméad tionscnaimh a chur ar obair;
(5)ciallaíonn ‘doiciméad tionscnaimh’ an doiciméad arna ullmhú ag tionscnóir amháin nó níos mó chun an ionstraim a chur ar obair ;
(6)ciallaíonn ‘limistéar cur i bhfeidhm’ an limistéar críochach i mBallstát amháin nó níos mó ina mbeidh feidhm ag réiteach dlíthiúil ad hoc, agus é teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an comhthionscadal a chur chun feidhme;
(7)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás arna ainmniú ag gach Ballstát chun cúraimí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i gcrích.
Airteagal 4
Pointí Comhordúcháin Trasteorann
1.Déanfaidh gach Ballstát, agus a chreat reachtach agus bunreachtúil á chomhlíonadh go hiomlán aige, Pointe Comhordúcháin Trasteorann a bhunú nó a ainmniú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)pointe Comhordúcháin Trasteorann a ainmniú, ar leibhéal na mBallstát, mar chomhlacht ar leithligh;
(b)pointe Comhordúcháin Trasteorann a bhunú laistigh d’údarás nó de chomhlacht atá ann cheana; nó
(c)na cúraimí breise a thabhairt d’údarás iomchuí nó do chomhlacht iomchuí mar Phointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta.
2.Cuirfidh na Ballstáit céannacht an Phointe Comhordúcháin Trasteorann in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an t-údarás nó an comhlacht atá bunaithe mar Phointe Comhordúcháin Trasteorann, nó a ghlacann cúraimí breise ar Phointe Comhordúcháin Trasteorann, an fothú acmhainneachta agus an tacaíocht is gá chun na cúraimí a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 5 a dhéanamh.
Airteagal 5
Cúraimí na bPointí Comhordúcháin Trasteorann
1.Déanfaidh gach Pointe Comhordúcháin Trasteorann na cúraimí agus na nósanna imeachta a bhunaítear i gCaibidil II, agus go háirithe:
(a)réamhanailís a dhéanamh ar dhoiciméid uile an tionscnaimh a fuarthas, idirchaidreamh a dhéanamh leis an tionscnóir agus trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid a áirithiú;
(b)ullmhú, tabhairt i gcrích agus cur chun feidhme na réiteach ad hoc uile a bhaineann le críoch a Bhallstáit a chomhordú;
(c)idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann sa Bhallstát teorann nó sna Ballstáit teorann;
(d)idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún, agus tacú le nuashonrú a bhunachair sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe
(e)na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shainaithint agus idirchaidreamh a dhéanamh leo, a gcuirfear de chúram orthu réiteach ad hoc a dhréachtú i gcomhthéacs Coiste Trasteorann, i gcásanna ina gcinneann na Ballstáit lena mbaineann go comhpháirteach na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(1), pointe (d) agus in Airteagal 12 a ghníomhachtú.
(f)a áirithiú, má iarrtar sin, go soláthrófar faisnéis do shaoránaigh agus do na geallsealbhóirí ábhartha maidir le haon chinntí arna ndéanamh faoin Rialachán seo.
2.Féadfaidh gach Ballstát a chinneadh na cúraimí breise seo a leanas a chur ar iontaoibh an Phointe Comhordúcháin Trasteorann:
(a)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na réiteach ad hoc uile a bhaineann le críoch a Bhallstáit;
(b)údarás inniúil a Bhallstáit a leagan síos maidir lena oibleagáid cloí leis na sprioc-amanna arna mbunú le réiteach ad hoc ar leith, agus maidir le haon sprioc-amanna a chailltear agus a leagtar síos sa réiteach ad hoc gaolmhar;
(c)an tionscnóir a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach ar an doiciméad tionscnaimh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) á spreagadh.
Airteagal 6
Cúraimí agus comhdhéanamh Coistí Trasteorann
1.Cinnfidh na Ballstáit trí chomhaontú frithpháirteach, tar éis dóibh dul i gcomhairle lena n-údaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla, agus ar bhonn measúnú cás ar chás de bhun Airteagal 11(1), pointe (d), agus Airteagal 12, Coiste Trasteorann a chur ar bun a mbeidh sé de chúram air réiteach ad hoc a fhoirmliú chun aghaidh a thabhairt ar bhacainn amháin nó níos mó arna sainaithint trí dhoiciméad tionscnaimh.
2.Leagfar síos leis an dréachtréiteach ad hoc socruithe dlíthiúla nó riaracháin chun aghaidh a thabhairt ar an mbacainn a leagtar amach i ndoiciméad tionscnaimh amháin. Déanfar tabhairt i gcrích agus cur chun feidhme an réitigh ad hoc a chur faoi chúram údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir iomlán lena gcreat reachtach agus bunreachtúil.
3.Beidh na Coistí Trasteorann comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla arna n-ainmniú ag Pointí Comhordúcháin Trasteorann na mBallstát lena mbaineann. Áiritheofar sna Pointí Comhordúcháin Trasteorann rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil sa Choiste Trasteorann i gcás ina dtagann baint na bacainne laistigh dá n-inniúlachtaí.
Airteagal 7
Tascanna comhordúcháin an Choimisiúin
1.Déanfaidh an Coimisiún na tascanna comhordúcháin seo a leanas:
(a)idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann;
(b)faisnéis phraiticiúil agus léirmhíniú a sholáthar, má iarrtar sin, ar réimse ábhair agus fócas téamach an Rialacháin seo;
(c)cúnamh teicniúil a chur ar fáil don Choiste Trasteorann, má iarrtar sin, agus réiteach ad hoc á dhréachtú;
(d)malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;
(e)bunachar sonraí poiblí nuashonraithe de na Pointí Comhordúcháin Trasteorann uile agus dá sonraí teagmhála, agus de na réitigh ad hoc uile, a chruthú, a fhoilsiú agus a choinneáil.
CAIBIDILII
Roghanna na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann
Airteagal 8
An doiciméad tionscnaimh a ullmhú agus a chur isteach
1.Sainaithneoidh an tionscnóir aon bhacainn i ndáil le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail.
2.Ceann de na heintitis seo a leanas a bheidh sa tionscnóir, bíodh sé ina aonar nó i gcomhpháirt:
(a)an comhlacht poiblí nó príobháideach atá freagrach as comhtionscadal a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;
(b)údarás áitiúil nó réigiúnach amháin nó níos mó i réigiún trasteorann ar leith;
(c)comhlacht, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, a chuireann comhar trasteorann chun cinn atá lonnaithe i réigiún trasteorann ar leith nó a chumhdaíonn réigiún trasteorann ar leith go páirteach ar a laghad, lena n-áirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3), Euro-réigiúin, Euregios agus comhlachtaí comhchosúla;
(d)eagraíocht arna bunú thar ceann réigiún trasteorann a bhfuil sé mar aidhm léi leasa na gcríoch trasteorann a chur chun cinn agus líonrú gníomhaithe agus roinnt eispéireas a éascú, amhail Comhlachas Réigiúin Theorann na hEorpa, an Mission Opérationnelle Transfrontalière nó Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann;
3.Ullmhóidh an tionscnóir doiciméad tionscnaimh arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 9, agus iarrataí ó dhaoine nó ó iontrálaithe lena mbaineann an comhthionscadal á gcur san áireamh, i gcás ina n-údaraítear sin faoin dlí is infheidhme.
4.Cuirfidh an tionscnóir an doiciméad tionscnaimh faoi bhráid Phointe Comhordúcháin Trasteorann a Bhallstáit agus seolfaidh sé cóip chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstáit teorann nó na mBallstát lena mbaineann. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointí (c) agus (d), beidh an tsaoirse ag an tionscnóir a chinneadh cén Pointe Comhordúcháin Trasteorann de chuid na mBallstát lena mbaineann a sheolfaidh sé an doiciméad tionscnaimh.
Airteagal 9
Inneachar an doiciméid tionscnaimh
1.Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa doiciméad tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal8:
(a)tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, lena n-áirítear an plean tionscadail, sceideal an tionscadail agus an riosca tionscadail agus aird á tabhairt ar thionchar na mbacainní;
(b)tuairisc ar na bacainní a thoimhdítear a chuireann bac ar chur chun feidhme an chomhthionscadail;
(c)i gcás inar féidir agus i gcás inarb ábhartha, réamh-mheasúnú ar conas a d’fhéadfaí na bacainní trasteorann a shárú trí réiteach ad hoc;
(d)liosta de na forálacha reachtacha agus riaracháin ba cheart a chur san áireamh don réiteach ad hoc atá beartaithe;
(e)dáta a bhfuiltear ag súil leis chun an réiteach ad hoc a thabhairt chun críche ionas go leanfaidh tionscadal de bheith inmharthana;
(f)fad beartaithe an réitigh ad hoc;
(g)bonn cirt le réimse chur i bhfeidhm an réitigh ad hoc.
2.Beidh réimse chur i bhfeidhm an réitigh ad hoc teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an comhthionscadal a chur chun feidhme go héifeachtach.
Airteagal 10
Réamhanailís ar an doiciméad tionscnaimh ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála
1.Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann a fhaigheann doiciméad tionscnaimh (‘Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála’) réamhanailís. Déanfaidh sé idirchaidreamh leis na húdaráis ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann sa Bhallstát teorann lena mbaineann.
2.Laistigh de mhí amháin tar éis dó doiciméad tionscnaimh a fháil, seolfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstáit teorann lena mbaineann a réamhfhreagairt chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála.
3.Tar éis an doiciméad tionscnaimh a fháil, déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, a bheidh le tarchur chuig an tionscnóir i scríbhinn:
(a)i gcásanna inar ullmhaíodh an doiciméad tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 9, a chur in iúl don tionscnóir laistigh de mhí amháin go bhfuil sé inghlactha agus dá bhí sin gur ann do bhacainn;
(b)a iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin, más gá, doiciméad tionscnaimh leasaithe nó faisnéis shonrach bhreise a thíolacadh, ina leagfar amach na cúiseanna nach meastar gur leor an doiciméad tionscnaimh; ar dhoiciméad tionscnaimh leasaithe a fháil, déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála ceann de na bearta seo a leanas:
(i)dul ar aghaidh le ceann de na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 11(1);
(ii)i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil an doiciméad tionscnaimh athbhreithnithe fós ullmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 9 nó nach leor fós an fhaisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an doiciméad tionscnaimh athbhreithnithe a fháil, an tionscnóir a chur ar an eolas i scríbhinn faoina chinneadh an nós imeachta a fhoirceannadh; leagfar amach na cúiseanna leis an gcinneadh sin;
(c)an tionscnóir a chur ar an eolas laistigh de thrí mhí faoina mheasúnú nach bhfuil aon bhacainn ann, agus na cúiseanna lena chinneadh á leagan amach i scríbhinn ag an am céanna, na modhanna athbhreithnithe atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne a chinnidh, agus, i gcás inarb ábhartha, moltaí maidir le conas leanúint ar aghaidh.
(d)i gcás ina gcuirtear bac ar chur chun feidhme tionscadail trasteorann de dheasca gníomhartha dlíthiúla nó riaracháin ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé ceann de na bearta seo a leanas:
(i)dul ar aghaidh le ceann de na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 11(1), tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla réigiúnacha nó áitiúla agus creat bunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann á chomhlíonadh go hiomlán; nó
(ii)an doiciméad tionscnaimh a chur siar chuig na húdaráis inniúla réigiúnacha nó áitiúla.
4.Déanfar na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo a iontráil sna taifid a chuirfear ar fáil go poiblí arna iarraidh sin.
Airteagal 11
Bearta leantacha ar réamhanailís an doiciméid tionscnaimh
1.Tar éis doiciméad tionscnaimh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 a fháil, agus tar éis fógra a thabhairt faoina réamhanailís dhearfach de bhun Airteagal 10(3), pointí (a) agus (b), déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála, laistigh de thrí mhí tar éis an doiciméad sin a fháil, ceann de na bearta seo a leanas:
(a)an tionscnóir a chur ar an eolas go measann sé go dtagann baint ceann amháin nó níos mó de na bacainní a chuireann bac ar chur chun feidhme an chomhthionscadail faoi raon feidhme na socruithe idirnáisiúnta atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus go molann sé don tionscnóir a dhoiciméad tionscnaimh a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí inniúla;
(b)an tionscnóir a chur ar an eolas go measann sé go bhféadfaí deireadh a chur le bacainn amháin nó níos mó a chuireann bac ar chur chun feidhme an chomhthionscadail ar bhealach níos éifeachtaí trí bhearta neamhcheangailteacha amhail:
(i)múscailt feasachta agus fothú acmhainneachta trí eolas a chomhroinnt;
(ii)forbairt acmhainní na ngeallsealbhóirí áitiúla;
(iii)Treoir a iarraidh ar an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht ábhartha an Aontais i bhfeidhm i gceart;
(c)a chur in iúl don tionscnóir go gcuirtear bac ar chur chun feidhme an tionscadail mar gheall ar bhacainn de chineál riaracháin, is é sin le rá gur féidir é a réiteach gan nós imeachta reachtach, amhail forálacha, rialacha nó cleachtais atá éagsúil go soiléir le foráil arna glacadh faoi nós imeachta reachtach agus ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(i)cinneadh a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an mbacainn agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás inniúil náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil laistigh de thrí mhí chun na críche sin;
(ii)cinneadh a dhéanamh gan aghaidh a thabhairt ar an mbacainn agus forais an chinnidh á leagan amach i scríbhinn ag an am céanna, agus na modhanna athbhreithnithe atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;
(d)a tiomantas a chur in iúl don tionscnóir deireadh a chur leis an mbacainn trí na nósanna imeachta a ghníomhachtú chun réiteach ad hoc a fhoirmliú le húdaráis ábhartha an Bhallstáit teorann lena mbaineann trí Choiste Trasteorann a chur ar bun; Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála Pointe Comhordúcháin Trasteorann na mBallstát teorann ar an eolas i scríbhinn, agus liostóidh sé údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla Bhallstát na chéad teagmhála a bheadh rannpháirteach in ullmhú an réitigh ad hoc;
(e)a chur in iúl don tionscnóir go gcuirtear bac ar chur chun feidhme an tionscadail mar gheall ar bhacainn de chineál dlíthiúil agus dá bhrí sin nach féidir é a réiteach ach amháin trí nós imeachta reachtach, agus:
(i)gealltanas a thabhairt aghaidh a thabhairt ar an mbac trí gach beart is gá a dhéanamh agus a chreat reachtach á chomhlíonadh go hiomlán aige, agus idirchaidreamh a dhéanamh chuige sin leis an údarás inniúil náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil; nó
(ii)cinneadh a dhéanamh gan aghaidh a thabhairt ar an mbacainn, agus na forais atá leis agus na leigheasanna atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh á gcur in iúl i scríbhinn;
2.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála síneadh trí mhí ar a mhéad a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), aon uair amháin, agus cuirfidh sé an tionscnóir agus an Ballstát teorann lena mbaineann ar an eolas dá réir, agus leagfaidh sé amach i scríbhinn na cúiseanna atá leis an síneadh.
3.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála faoin Airteagal seo, agus cuirfidh siad na cinntí sin isteach sna taifid atá le cur ar fáil go poiblí arna iarraidh sin.
Airteagal 12
Freagairt an Bhallstáit teorann lena mbaineann don iarraidh ar Choiste Trasteorann a bhunú
1.Tar éis don phointe Comhordúcháin Trasteorann fógra a thabhairt don chéad phointe teagmhála go n-iarrann sé réiteach ad hoc a dhréachtú i gcomhthéacs Coiste Trasteorann de bhun Airteagal 11(1), pointe (c), cinnfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstáit teorann lena mbaineann cibé acu a thionscnófar nó nach dtionscnóidh sé na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 laistigh de mhí amháin ón bhfógra sin, agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl i scríbhinn do Phointe Comhordúcháin Trasteorann na chéad teagmhála. Má chinneann Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstáit teorann lena mbaineann na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a leanúint, liostóidh sé na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a ghlacfaidh páirt in ullmhú an réitigh ad hoc.
2.I gcás ina gcuireann Pointe Comhordúcháin Trasteorann an Bhallstáit teorann lena mbaineann a chinneadh in iúl i scríbhinn gan na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a thionscnamh, leagfaidh sé amach na cúiseanna lena chinneadh i scríbhinn. Cuirfidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát na chéad teagmhála in iúl don tionscnóir go bhfuil cinneadh déanta ag ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann gan na bacainní arna sainaithint ag an tionscnóir a réiteach.
Airteagal 13
Á an dréachtréitigh ad-hoc
1.Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sa dréachtréiteach ad-hoc dá dtagraítear in Airteagal(6)2:
(a)tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar bhacainn comhfhreagrach amháin nó níos mó a chuireann bac ar a chur chun feidhme, chomh maith leis an réasúnaíocht chun ceann amháin nó níos mó de na bacainn sin a réiteach;
(b)liosta na bhforálacha sonracha dlí nó na bhforálacha sonracha arb ionann iad agus bacainn amháin nó níos mó ar an gcomhthionscadal;
(c)an réiteach ad hoc atá beartaithe, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí uile is gá d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a dhéanamh;
(d)réimse chur i bhfeidhm an réitigh ad hoc.
(e)fad chur i bhfeidhm an réitigh ad hoc agus an t-údar atá leis an tréimhse sin;
(f)an t-údarás nó na húdaráis ó na Ballstáit nó ó na Ballstáit atá inniúil chun gach beart is gá a dhéanamh chun an réiteach ad hoc a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air;
(g)dáta theacht i bhfeidhm an réitigh ad hoc mar a chomhaontaigh na húdaráis inniúla é.
Airteagal 14
Tarchur an réitigh ad hoc
1.A luaithe a bheidh an dréachtréiteach ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 6(2) comhaontaithe ag an gCoiste Trasteorann, déanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann na mBallstát lena mbaineann an dréacht sin a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann laistigh de mhí amháin.
2.Seolfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann cóip mar fhaisnéis chuig an tionscnóir, agus seolfaidh sé cóip chuig na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha i gcás nach raibh siad rannpháirteach sa Choiste Trasteorann.
Airteagal 15
An réiteach ad hoc a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme
1.Scrúdóidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an dréachtréiteach ad hoc a gheofar de bhun Airteagal 14 agus, laistigh de thrí mhí ar a mhéad tar éis dóibh an dréacht a fháil, déanfaidh siad ceann de na nithe seo a leanas:
(a)teacht ar chomhaontú maidir leis an dréachtréiteach ad hoc, na bearta uile is gá a ullmhú agus a ghlacadh chun é a chur chun feidhme, a mbeidh amchlár ag gabháil leis;
(b)a chinneadh gan teacht ar chomhaontú maidir leis an dréachtréiteach ad hoc agus bonn cirt mionsonraithe a ullmhú ina luafar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.
2.Tarchuirfidh údaráis inniúla cóip dá gcinneadh chuig Pointí Comhordúcháin Trasteorann ábhartha na mBallstát lena mbaineann, agus chuig an tionscnóir.
3.A luaithe a bheidh cur chun feidhme an réitigh ad hoc tugtha chun críche, agus na ceanglais uile is gá faoi mhír 1, cuirfidh na Pointí Comhordúcháin Trasteorann an méid sin in iúl i scríbhinn don tionscnóir, do na húdaráis ábhartha sna Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.
CAIBIDILIII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 16
ѱó
Laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste na Réigiún ina ndéanfar measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin bunaithe ar tháscairí ar a éifeachtacht, a éifeachtúlacht, a ábharthacht, a bhreisluach Eorpach agus a scóip don simpliú. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún, inter alia, measúnú ar leathnú raon feidhme an Rialacháin seo chuig réigiúin trasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa ...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Bhí cúig chlárthréimhse Interreg ann i ndiaidh a chéile: INTERREGI (1990-1993), INTERREGII (1994-1999), INTERREGIII (2000-2006), INTERREGIV (2007-2013) agus INTERREGV (2014-2020).
Rialachán(CE) Uimh.1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5Iúil2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (GECC) (IOL210, 31.7.2006, lch.19).