Easpa tola na Comhairle an sásra trasteorann Eorpach a bhogadh ar aghaidh
10.9.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000061/2021
ar an gComhairle
Riail 136
Younous Omarjee
thar ceann an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach
Leis an togra le haghaidh rialachán maidir le sásra trasteorann Eorpach (ECBM) a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí na Bealtaine 2018 ar mholadh ó ٲáԲ na Comhairle a bhí ag Lucsamburg roimhe sin (COM(2018)0373), bhunófaí sásra lena gceadófaí, i réigiún trasteorann, forálacha dlí de chuid Ballstáit amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, i gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm fhorálacha dlí an Bhallstáit eile ina chonstaic dhlíthiúil a chuirfeadh bac ar chomhthionscadal a chur chun feidhme.
Bheadh feidhm aige sin maidir le tionscadail shonracha nó gníomhaíochtaí sonracha, agus iad teoranta ó thaobh ama de, agus ar siúl laistigh de réigiún teorann, agus á dtionscnamh ag údaráis phoiblí áitiúla agus/nó réigiúnacha. De réir anailís inmheánach cáis an Choimisiúin agus staidéar seachtrach ar an eolaíocht fheidhmeach a rinne Medeiros et al. in Regional Studies, d’fhéadfadh achtú an rialacháin atá beartaithe agus faoi thrácht cuidiú le 30 % ar a laghad, agus is dócha go gcuideodh sé fiú amháin le 50 %, de na constaicí a ndearnadh anailís orthu ar chomhar trasteorann a shárú.
An 2 Deireadh Fómhair 2019, tar éis ghlacadh an chéad léimh, vótáil an Pharlaimint chun tús a chur le caibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhaontú. Áiríodh sa seasamh a bhí aige foirmlithe sonracha lena n-áiritheofaí cur i bhfeidhm deonach na réiteach thuasluaite, chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit.
Sa Chomhairle, os a choinne sin, reáchtáil an Mheitheal um Bearta Struchtúracha roinnt malartuithe tuairimí maidir leis an togra, roimh agus tar éis thuairim sheirbhís dlí na Comhairle a mheas. An 10 Bealtaine 2021, chinn an Mheitheal nach leanfadh an Chomhairle den obair ar an togra.
- 1.Cathain a bhainfidh an Chomhairle an bac den phróiseas reachtach le haghaidh an tsásra trasteorann Eorpaigh agus cad é an réasúnú beacht a bhí lena cinneadh bac a chur de facto ar ghlacadh rialachán ECBM atá beartaithe, i bhfianaise oscailteacht agus thoilteanas na Parlaiminte é a ghlacadh?
- 2.An bhfuil an Chomhairle ar an eolas faoi na hanailísí agus na staidéir a thaispeánann go soiléir na hiarmhairtí diúltacha a bheidh ann mura nglacfar le rialachán ECBM atá beartaithe?
- 3.Ós rud é go bhféadfadh glacadh ECBM 30 % ar a laghad de na constaicí ar chomhar trasteorann a shárú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an saol atá ag go leor saoránach AE, cad a mholann an Chomhairle mar mhalairt ar ECBM chun na constaicí sin a shárú?
Curtha síos: 10.9.2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 11.12.2021