An Banc Eorpach Infheistíochta
Déanann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) cuspóirí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn trí mhaoiniú tionscadail fadtéarmach, ráthaíochtaí agus comhairle a chur ar fáil. Tacaíonn sé le tionscadail laistigh agus lasmuigh de AE. Is iad Ballstáit AE na scairshealbhóirí in BEI. Is é BEI an scairshealbhóir tromlaigh sa Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus, le chéile, is ionann an dá eagraíocht agus Grúpa BEI.
Bunús dlí
- Airteagail308 agus309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá forálacha breise a bhaineann le BEI luaite in Airteagail15, 126, 175, 209, 271, 287, 289agus343 CFAE;
- Prótacal (Uimh.5) maidir le Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Prótacal (Uimh.28) maidir le dzٳáٳú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus CFAE.
ܲóí
I gcomhréir le hAirteagal309 CFAE, is é is cúram do BEI ná rannchuidiú le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais. Déanann BEI, i ngach earnáil den gheilleagar, éascú ar mhaoiniú tionscadail:
- a fhéachann le forbairt a dhéanamh ar réigiúin bheagfhorbartha;
- a fhéachann le gnóthais a nuachóiriú nó a thiontú, nó gníomhaíochtaí nua a fhorbairt nach féidir a mhaoiniú go hiomlán le hacmhainní atá ar fáil i mBallstáit aonair;
- ar ábhair chomhleasa iad do roinnt Ballstát.
Chomh maith leis sin, rannchuidíonn sé le cur chun cinn an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus críche san Aontas (Airteagal175 CFAE agus Prótacal Uimh.28). Ina theannta sin, tacaíonn sé le cur chun feidhme beart lasmuigh de AE a thugann tacaíocht do bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt (Airteagal209 CFAE).
Díríonn gníomhaíochtaí BEI ar shé réimse tosaíochta: an comhshaol agus an aeráid; forbairt; nuálaíocht agus scileanna; gnólachtaí beaga; bonneagar; agus comhtháthú.
Բí agus ionstraimí
A. Բí
Agus a chuspóirí á mbaint amach aige, baineann BEI leas go príomha as a chuid acmhainní dílse agus as na margaí caipitil idirnáisiúnta (Airteagal309 CFAE).
1. Բí dílse
Is iad comhaltaí BEI, i.e. na Ballstáit, a chuireann na hacmhainní dílse ar fáil (Airteagal308 CFAE). Leagtar síos an ranníocaíocht leis an gcaipiteal ó gach Ballstát aonair in Airteagal4 de Reacht BEI agus déantar í a ríomh i gcomhréir le hualach eacnamaíoch na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit a suibscríobh caipitil a mhéadú ar bhonn deonach. Is ionann caipiteal suibscríofa iomlán BEI agus EUR248.8billiún.
2. Margaí caipitil
Cruinníonn BEI an chuid is mó dá acmhainní iasachta ó mhargaí caipitil idirnáisiúnta, trí eisiúint bannaí go príomha. Tá sé ar cheann de na hiasachtóirí fornáisiúnta is mó ar domhan. Chun cistiú cost-éifeachtúil a fháil, tá an-tábhacht le rátáil chreidmheasa atá sármhaith. I láthair na huaire, tugann na mórghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an rátáil chreidmheasa is airde is féidir a fháil do BEI, léiriú ar cháilíocht a phunainne iasachtaí. Go ginearálta, déanann BEI maoiniú ar aon trian de gach tionscadal, ach is féidir le maoiniú tacaíochta dul chomh hard le 50%.
B. DzԲٰí
Úsáideann BEI réimse leathan ionstraimí éagsúla, ach iasachtaí agus ráthaíochtaí go príomha. Tá forbairt déanta freisin, áfach, ar roinnt eile ionstraimí níos nuálaí, a bhfuil próifíl riosca níos airde ag baint leo. Déanfar tuilleadh ionstraimí a dhearadh, i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid AE. Féadfar maoiniú arna sholáthar ag BEI a chomhcheangal le maoiniú ó fhoinsí AE eile (inter alia buiséad AE), ar próiseas é sin ar a dtugtar meascadh. Chomh maith le maoiniú a dhéanamh ar thionscadail, feidhmíonn BEI i gcáil chomhairleach freisin.
Déantar iasachtú a sholáthar go príomha i bhfoirm iasachtaí díreacha nó idirmheánacha. Tá iasachtaí tionscadail díreacha faoi réir coinníollacha áirithe, e.g. caithfidh na costais infheistíochta iomlána a bheith os cionn EUR25mhilliún agus ní féidir leis an iasacht ach suas le50% de chostais an tionscadail a chlúdach. Is ionann iasachtaí idirmheánacha agus iasachtú do bhainc áitiúla nó d’idirghabhálaithe eile, a thugann, ina seal féin, tacaíocht don fhaighteoir deiridh. Tarlaíonn formhór an iasachtaithe in AE.
Sa bhreis ar a chuid gníomhaíochtaí traidisiúnta iasachtaithe, baineann BEI leas as saoráidí measctha chun a chuid iasachtaí a mheascadh le deontais ó chomhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí daonchairdiúla.
Rialachas agus struchtúr
A. Rialachas
Tá pearsantacht dhlítheanach ag BEI, i gcomhréir le hAirteagal308 CFAE. Déanann Bord Gobharnóirí, Bord Stiúrthóirí agus Coiste Bainistíochta é a stiúradh agus a bhainistiú. Déanann Coiste Iniúchóireachta iniúchadh ar ghníomhaíochtaí an Bhainc.
Is iad atá ar an mBord Gobharnóirí na hAirí atá ceaptha ag na Ballstáit. Leagann sé síos treoracha ginearálta do bheartas creidmheasa an Bhainc agus áirithíonn sé a chur chun feidhme. Tá sé riachtanach, i measc nithe eile;
- cinneadh a dhéanamh an bhfuil an caipiteal suibscríofa le méadú;
- na prionsabail is infheidhme ar na hoibríochtaí maoinithe arna ngabháil ar láimh faoi chuimsiú chúram an Bhainc a chinneadh;
- cinntí a ghlacadh maidir le maoiniú a dheonú chun oibríochtaí infheistíochta a chur i gcrích, ina n-iomláine nó i bpáirt, lasmuigh de AE; agus
- formheas a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil an Bhoird Stiúrthóirí, ar an gclár comhardaithe bliantúil deiridh, ar an gcuntas brábúis agus caillteanais, agus ar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc.
Tá 28stiúrthóir agus 31stiúrthóir mhalartacha ar an mBord Stiúrthóirí. Déanann an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí a cheapadh ar feadh tréimhse cúig bliana. Déanann gach Ballstát, chomh maith leis an gCoimisiún, stiúrthóir a ainmniú. Glacann an Bord Stiúrthóirí cinntí maidir le: maoiniú a dheonú, go háirithe i bhfoirm iasachtaí agus ráthaíochtaí; iasachtaí a chruinniú; na rátaí úis ar iasachtaí a dheonaítear a shocrú, mar aon leis an gcoimisiún agus muirir eile. Áirithíonn sé go bhfuil an Banc á rith mar is cuí agus á bhainistiú i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta, agus i gcomhréir leis na treoracha ginearálta arna leagan síos ag an mBord Gobharnóirí.
Tá an Coiste Bainistíochta comhdhéanta d’Uachtarán agus ochtar Leas-Uachtarán arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí go ceann tréimhse sé bliana ar thogra ón mBord Stiúrthóirí. Tá a gceapacháin in-athnuaite. Tá sé freagrach as gnóthaí laethúla an Bhainc, faoi údarás an Uachtaráin agus faoi mhaoirseacht an Bhoird Stiúrthóirí; ullmhaíonn sé cinntí an Bhoird Stiúrthóirí, agus áirithíonn sé go gcuirtear chun feidhme na cinntí sin.
Tá seisear comhaltaí ar an gCoiste Iniúchóireachta, arna gceapadh ag an mBord Gobharnóirí. Cinntíonn sé go bliantúil gur seoladh oibríochtaí an Bhainc agus gur coimeádadh a leabhair ar mhodh cuí.
B. ٰܳú
Bunaíodh Grúpa BEI in2000 agus is éard atá ann ná BEI agus CEI, a bunaíodh in1994. Bunaíodh é mar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le trí phríomhghrúpa scairshealbhóirí: BEI, mar scairshealbhóir tromlaigh le62.2%, an Coimisiún (30%), agus roinnt institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha (7.8%). Cuireann CEI foirmeacha éagsúla ionstraimí caipitil riosca ar fáil, e.g. caipiteal fiontair. Tá iasachtú CEI dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus úsáideann sé réimse leathan ionstraimí nuálacha agus é mar aidhm acu rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna.
Plean Infheistíochta don Eoraip
Ó thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta agus airgeadais dhomhanda, tá AE thíos le leibhéil infheistíochta íseal. Sa cuireadh treoraíocht ar fáil maidir le conas infheistíocht in AE a athbheochan, poist a chruthú agus fás fadtéarmach agus iomaíochas a chothú. Chun na críche sin, glacadh an 25Meitheamh2015.
Bhí sé mar aidhm le CEIS infheistíocht phríobháideach a ghiniúint trí airgead poiblí a chur chun úsáide agus timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht a chruthú. Baineadh úsáid as ráthaíocht tosaigh EUR16bhilliún chuig BEI agus as gealltanas EUR5bhilliún ó BEI féin chun airgead príobháideach a shlógadh agus, faoi lár2018, bhí a aidhm sáraithe ag CEIS EUR315bhilliún i maoiniú a ghiniúint d’infheistíocht in AE.
Le Rialachán CEIS bunaíodh an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) freisin, a bhfuil sé mar aidhm aige cúnamh comhairleach agus teicniúil a chur ar fáil chun tionscadail infheistíochta a shainaithint, a ullmhú agus a fhorbairt.
Glacadh i mí na Nollag2017 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1Eanáir2018. Leis an rialachán sin, cuireadh le ré CEIS (go dtí deireadh2020) agus rinneadh feabhsuithe breise ar an gciste agus ar MCEI, d’fhonn EUR500billiún de mhaoiniú breise le haghaidh infheistíochta a shlógadh.
InvestEU
Le , a glacadh i mí an Mhárta2021 mar chomharba ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip, déantar CEIS agus13 ionstraim airgeadais eile AE a thabhairt le chéile. Díríonn sé ar cheithre phríomhréimse beartais (bonneagar inbhuanaithe; taighde, nuálaíocht agus digitiú; FBManna; infheistíocht shóisialta agus scileanna) agus is é is aidhm dó EUR372 bhilliún d’infheistíocht bhreise a thabhairt chun úsáide idir2021 agus2027. Is éard atá sa chlár ná Ciste InvestEU, Mol Comhairleach InvestEU agus Tairseach InvestEU.
Beidh an rogha ag na Ballstáit leas a bhaint as InvestEU chun a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
‘Banc aeráide’ AE
I mí an Mheithimh2019, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar BEI ‘dlús a chur lena ghníomhaíochtaí chun tacú le gníomhú ar son na haeráide’. Is é a thug BEI mar fhreagra ar an iarraidh sin, i mí na Samhna2019, ná beartas nua maidir le straitéis aeráide agus iasachtú fuinnimh a chur ar fáil.
Thug BEI gealltanas go ndéanfadh sé a chuid gníomhaíochtaí maoinithe ar fad a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras. Go háirithe, déanfaidh BEI sciar na n-infheistíochtaí faoina thosaíocht maidir le ‘gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht comhshaoil’ a mhéadú go50% faoi2025. D’éirigh BEI as tionscadail breosla iontaise a mhaoiniú amhail ó dheireadh2021.
Tá beartas nua BEI maidir le hiasachtú fuinnimh, lena rialófar a chuid gníomhaíochtaí in earnáil an fhuinnimh, bunaithe ar chúig cinn de phrionsabail:
- tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh d’fhonn tacú leis an sprioc nua atá ag AE faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh AE;
- dícharbónú fuinnimh a chumasú trí thacaíocht mhéadaithe a thabhairt do theicneolaíocht ísealcharbóin nó do theicneolaíocht saor ó charbón, agus é mar aidhm sciar is ionann agus32% a bhaint amach don fhuinneamh inathnuaite ar fud AE faoi2030;
- méadú a dhéanamh ar mhaoiniú le haghaidh táirgeadh díláraithe fuinnimh, stóráil nuálaíoch fuinnimh agus leictrea-shoghluaisteachta;
- a áirithiú go ndéantar an infheistíocht san eangach is gá le haghaidh foinsí eadrannacha fuinnimh amhail gaoth agus grianfhuinneamh, chomh maith le hidirnaisc trasteorann a threisiú; agus
- tionchar na hinfheistíochta a mhéadú chun tacú le haistriú fuinnimh lasmuigh de AE.
Freagairt ar ghéarchéim COVID-19
Mar chuid de fhreagairt AE ar iarmhairtí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19, chruthaigh BEI, in2020, ciste ráthaíochta EUR25bhilliún chun a chur ar a chumas do Ghrúpa BEI cur leis an tacaíocht a thugann sé do chuideachtaí sna Ballstáit uile trí mhéid breise suas le EUR200billiún a chur chun úsáide.
Tháinig an méid sin sa bhreis ar phacáiste le haghaidh tacaíocht láithreach suas le EUR40billiún, arbh é a bhí ann:
- scéimeanna tiomnaithe ráthaíochta do bhainc bunaithe ar chláir atá ann cheana, ar scéimeanna iad a bhfuil feidhm le baint astu láithreach agus lena slógtar suas le EUR20billiún i maoiniú;
- línte tiomnaithe leachtachta do bhainc chun tacaíocht caipitil oibre breise is ionann agus EUR10mbilliún a áirithiú do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe; agus
- cláir ceannaithe thiomnaithe maidir le hurrús de bhun sócmhainní chun gur féidir leis na bainc riosca a aistriú ar phunanna iasachtaí de chuid FBManna, ar cláir iad lena ndéantar tacaíocht bhreise ar luach EUR10mbilliún a chur chun úsáide.
Freagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin
Téann gníomhaíochtaí BEI a bhaineann leis an Úcráin siar go2007. Feidhmíonn sé san Úcráin i gcomhréir le beartas comharsanachta na hEorpa, le Comhpháirtíocht an Oirthir agus le comhaontuithe déthaobhacha eile de chuid an Aontais. Ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá dlús curtha ag BEI lena thacaíocht. Tá sé mar aidhm ag an maoiniú ón ionstraim cabhrú leis an Úcráin bonneagar damáistithe a shocrú, seirbhísí bardasacha a atosú agus tacú le bearta práinneacha éifeachtúlachta fuinnimh mar ullmhúchán do na séasúir fhuair. Lena chois sin, tá comhordú déanta ag BEI ar thabhartais maidir le cabhair dhaonnúil, lena dtugtar tús áite d’fhóirithint éigeandála do dhaoine a raibh tionchar ag an gcoinbhleacht san Úcráin agus ina tíortha comharsanachta orthu.
I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an ghá atá le borradh a chur faoi acmhainneachtaí míleata na mBallstát, cuireadh tús le plé maidir le hinfheistíocht san earnáil cosanta a chur le cuspóirí BEI. Bheadh an Úcráin incháilithe do chistiú den sórt sin freisin. Imeacht radacach a bheadh sa mhéid sin ón gcleachtas atá ann faoi láthair, lena n-eisiatar tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht a bhaineann leis an gcosaint. Gné ar leith amháin atá le cur san áireamh is ea an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag cuspóir breise, dá mbeadh ar BEI a iasachtaíocht ar na margaí caipitil a mhéadú a bheith mar thoradh air, ar a chumas rátáil chreidmheasa ard a choinneáil. Luaitear sna conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 21-22Márta2024 ‘go n-iarrtar ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas maidir le hiasachtú don tionscal cosanta agus a shainmhíniú reatha ar earraí dé-úsáide a oiriúnú, agus a chumas maoiniúcháin á chosaint ag an am céanna’.
Ról Pharlaimint na hEorpa
I gcomhréir le hAirteagal 308CFAE, téitear i gcomhairle leis an bParlaimint nuair a dhéantar leasú ar Reacht BEI. Tá BEI freagrach go díreach do na Ballstáit. Níl oibleagáidí foirmiúla air tuairisciú don Pharlaimint, ná níl sé cuntasach di. Mar chomhartha dea-thola, áfach, glacann Uachtarán BEI le cuirí chun bheith i láthair sa suí iomlánach agus ag cruinnithe coiste ábhartha de chuid na Parlaiminte, agus tá BEI oscailte do cheisteanna ó na í.
Gach bliain, déanann an Coiste um Rialú Buiséadach (CONT) athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí BEI agus tíolacann sé tuarascáil sa seisiún iomlánach, a dtugtar cuireadh d’Uachtarán BEI chuige.
Faoin Rialachán atá ann faoi láthair, formheasann an Pharlaimint ceapachán an Stiúrthóra Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóra Bainistíochta ar CEIS. Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla ó bhuiséad AE a bhaineann leis an gciste ráthaíochta a údarú mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil.
Bhí an Pharlaimint páirteach, mar chomhreachtóir, i dtaca leis na tionscnaimh CEISagus InvestEU a ghlacadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta.
Christian Scheinert