Ϸվ

Tá sé mar aidhm le beartas sábháilteachta bia an Aontais sláinte an duine agus leasanna tomhaltóirí a chosaint, agus oibriú rianúil an mhargaidh aonair a chothú. Mar thoradh ar fhorbairtí le déanaí, cuireadh le cuspóirí sábháilteachta bia chun maolú ar sholáthair bia de dheasca géarchéime a chur san áireamh. Déanann an tAontas a áirithiú go gcloítear le caighdeáin sna réimsí a bhaineann le sláinteachas beatha agus táirgí bia, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, galair zónóiseacha bia-iompartha agus éilliú bia a chosc. Déanann an tAontas rialáil ar lipéadú le haghaidh táirgí bia agus beatha freisin.

Bunús dlí

Airteagail43 (talmhaíocht agus iascach), 114 (margadh aonair), 168(4) (sláinte phoiblí) agus169 (cosaint tomhaltóirí) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cúlra ginearálta

I ndiaidh sraith géarchéimeanna maidir le bia don duine agus beatha ainmhithe (m.sh. agus na scannail dhé-ocsain), rinneadh athchóiriú suntasach ar bheartas sábháilteachta bia an Aontais go luath sna2000idí. Mar thoradh air sin, forbraíodh an cur chuige ‘, a fhéachann le hardleibhéal sábháilteachta a áirithiú ag gach céim den phróiseas táirgthe agus dáilte le haghaidh gach táirge bia a mhargaítear laistigh den Aontas, cibé a tháirgtear laistigh den Aontas iad nó a allmhairítear ó thíortha nach tíortha den Aontas iad. Daingníodh agus forbraíodh an cur chuige sin tuilleadh sa Chomhaontú uileghabhálach Glas don Eoraip in 2020 agus is é is aidhm dó táirgeadh bia sábhailte agus sláintiúil a ailíniú le caomhnú an chomhshaoil. I gcomhréir leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, tháinig córas casta comhtháite rialacha chun cinn, lena gcumhdaítear an slabhra bia iomlán, ó bheatha agus sláinte ainmhithe, trí chosaint plandaí agus táirgeadh bia, go próiseáil, stóráil, iompar, allmhairiú, onnmhairiú, agus miondíolacháin. Cloíonn reachtaíocht an Aontais le hardchaighdeáin sábháilteachta bia agus beatha agus tá ról tábhachtach aici maidir le caighdeáin a bhunú ar fud an domhain, ach tarlaíonn teagmhais sábháilteachta bia agus beatha fós. Chuir an tAontas, i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), córas mear-rabhaidh láidir i bhfeidhm chun na fadhbanna sábháilteachta sin a bhrath agus a fhreagairt.

A bhfuil bainte amach

A. Reachtaíocht ghinearálta

Le rialachán creata ó2002, déantar dhlí bia agus beatha an Aontais a leagan síos agus cuirtear ‘prionsabal an réamhchúraim’ (2.5.1) san áireamh. Sa rialachán sin, leagadh cur chuige measúnaithe riosca amach agus bunaíodh forálacha ginearálta ann maidir le hinrianaitheacht le haghaidh bia agus beatha. Tugadh isteach ann an , lena gcumasaítear na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis a mhalartú go tapa agus comhordú a dhéanamh ar a gcuid freagairtí ar bhagairtí sláinte de bharr bia nó beatha. Bunaíodh EFSA ann freisin, a bhfuil sé de chúram air faisnéis maidir le gach riosca a bhaineann leis an slabhra bia a mheas agus a sholáthar. Rinneadh , i.e. measúnú beartais iomlánaíoch, ar Dhlí Ginearálta an Bhia, chun a mheas an raibh sé oiriúnach don fheidhm. I ndiaidh na seiceála oiriúnachta sin a chur i gcrích i mí Eanáir2018, agus mar fhreagairt ar Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh maidir le gliofosáit, tháinig i bhfeidhm maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht den mheasúnú riosca an Aontais sa slabhra bia. Tá sé mar aidhm leis Dlí Ginearálta an Bhia a chomhlánú agus feabhas a chur ar , neamhspleáchas na mbunstaideár eolaíochta agus comhar leis na Ballstáit maidir le saineolaithe agus sonraí a sholáthar.

B. Sláinteachas bia-ábhar

Tá sé mar aidhm ag an Aontas sláinteachas bia ó fheirmeacha go tomhaltóirí a áirithiú. I mí Aibreáin2004, mar chuid den chur chuige ‘ón bhfeirm gó dtí an forc’, glacadh le creat reachtach nua, ar a dtugtaí an ‘Pacáiste Sláinteachais’, lenar tugadh aghaidh ar shláinteachas bia-ábhar () agus rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch a leagan síos (). Chuir sé tuilleadh leis an gcreat Comhphobail le haghaidh rialuithe oifigiúla maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha do thomhaltas an duine, a aisghaireadh faoin am seo ag . Faoin bpacáiste, déantar, trí chóras féinrialaithe ina mbaintear úsáid as an modh anailíse guaise agus pointí rialúcháin criticiúla, sláinteachas na mbia-ábhar a chur mar chúram díreach ar na gníomhaithe éagsúla sa slabhra bia, agus déantar faireachán ar an gcóras sin trí bhíthin rialuithe oifigiúla. Le maidir le prionsabail ghinearálta dhlí bia an Aontais, cuirtear rialacha maidir le hinrianaitheacht ar an bhfód. Dá réir sin, má tá baol don tsláinte mar gheall ar bhia, ní mór do ghnólachtaí é a tharraingt siar ón margadh go pras, úsáideoirí a chur ar an eolas faoi agus fógra a thabhairt don údarás ábhartha ina leith.

C. Éilliú bia

Is féidir éilliú bia tarlú go nádúrtha nó is féidir leis eascairt as cleachtais saothraithe nó próisis táirgthe. D’fhéadfadh iarmhair i mbia-ábhair a bheith de bhunadh bia-ainmhithe freisin, ar ainmhithe iad a cóireáladh le cógais tréidliachta nó nach ndearnadh a chosaint ar lotnaidicídí ná táirgí bithicíde. Leagtar amach i uasleibhéil le haghaidh éilleáin, amhail níotráití, miotail throma agus dé-ocsainí, i mbia ainmhíbhunaithe agus plandabhunaithe, agus leagtar síos ann uasteorainneacha iarmhair, chun sláinte phoiblí a chosaint, Ní fhéadfar bia-ábhair ina bhfuil cainníochtaí do-ghlactha de shubstaintí éilleáin a mhargú san Aontas.

Ina theannta sin, tá rialacha ann a bhaineann le hábhair a bhíonn i dtadhall le bia, amhail ábhair a úsáidtear chun bia a iompar nó a phróiseáil, ábhair phacáistíochta agus earraí cistine nó earraí boird. Leagtar síos i , , na ceanglais ghinearálta maidir le gach ábhar agus earra ábhartha, lena n-áirithítear nach mbíonn comhábhair na n-ábhar sin i mbia ag leibhéil atá díobhálach do shláinte an duine. Féadfar bearta sonracha an Aontais ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe a ghlacadh don17 ábhar agus earra teagmhála bia a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sin. Leagtar amach i na caighdeáin dea-chleachtais monaraíochta d’ábhair agus d’earraí atá beartaithe a bheith i dtadhall le bia. In2011, leag an tAontas na ceanglais síos maidir le plaistigh a úsáidtear in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia (), agus in 2022, ghlac sí le rialacha maidir le sábháilteacht ábhar agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia (). Leo sin, déantar na rialacha ginearálta arna leagan síos sa chreat-Rialachán a fhorlíonadh.

D. Lipéadú bia

Tá sé mar aidhm leis an gcreat dlíthiúil maidir le lipéadú bia-ábhar a chinntiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar fhaisnéis shoiléir, intuigthe agus iontaofa faoi ábhar agus comhdhéanamh táirgí chun a sláinte agus a leas a chosaint. Is é gné nua is suntasaí den , a bhfuil feidhm aige ó mhí na Nollag2016, an ceanglas ar tháirgeoirí a thabhairt le fios go bhfuil ailléirginí i mbianna neamhphacáistithe, m.sh. i mbialanna agus i gceaintíní. Ní mór do tháirgeoirí tionscnamh de chineál áirithe feola neamhphróiseáilte agus tionscnamh aithrisí bia a léiriú.

Níor cheart go ndéanfadh lipéadú, cur i láthair ná fógraíocht bia tomhaltóirí a chur amú. Tá rialacha soiléire ann le haghaidh maímh chothúcháin agus shláinte (amhail ‘saill íseal’) a bunaíodh le . Ní mór do na maímh sin a bheith bunaithe ar thaighde eolaíoch agus ar fáil i gá poiblí de chuid an Aontais do Mhaímh Shláinte. Le rialachán ó 2013 maidir le , a ndearnadh an nuashonrú is déanaí air in , cuirtear deireadh leis an gcoincheap maidir le catagóir leathan de bhia ‘diaitéiteach’ agus cuirtear ina ionad rialacha le haghaidh grúpaí sonracha tomhaltóirí leochaileacha amhail naíonáin agus leanaí óga, daoine a bhfuil riochtaí sláinte speisialta orthu agus daoine atá ar aistí bia fuinneamhshrianta chun meáchan a rialú.

I ndiaidh togra ón gCoimisiún in 2023, meastar go mbeidh lipéid a chur ar na táirgí (lena n-áirítear bia) faoi réir tuilleadh rialacháin i dtaca le maímh ghlasa (amhail ‘aeráidneodrach’). Is é an sprioc ná aghaidh a thabhairt ar mhaímh bhréagacha comhshaoil agus a chinntiú go bhfaighidh ceannaitheoirí faisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe, a chuirfidh ar chumas dóibh cinntí níos inbhuanaithe a dhéanamh. Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir le ‘’ i mí Feabhra2024 agus, nuair a ghlacfar go foirmiúil é, cuirfear tuilleadh feabhais ar cheanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí le haghaidh mil, subha torthaí, súnna torthaí agus bainne díhiodráitithe.

E. Substaintí a chuirtear le bia

Is ionann breiseáin bia, einsímí bia nó blastáin bia – ar a dtugtar ‘oibreáin feabhsaithe bia’ freisin – agus substaintí a chuirtear d’aon turas le bia-ábhair chun feidhmeanna áirithe teicneolaíochta a chur i gcrích amhail, mar shampla, dathú, milsiú nó caomhnú. Tá rialacha i bhfeidhm faoina rialaítear nós imeachta údaraithe, coinníollacha úsáide agus lipéadú na substaintí sin. I gcomhréir le dlíthe an Aontais, ní mór do bhreiseáin bia a bheith údaraithe sula n-úsáidtear iad i dtáirgí bia. I ndiaidh formheas a fháil, déantar na substaintí sin, agus na coinníollacha faoinar féidir iad a úsáid, a liostú i gclár an Aontais de bhreiseáin bia cheadaithe (Rialachán ), lena leasaítear an liosta a leagan síos in Iarscríbhinn II den rialachán ginearálta maidir le breiseáin bia (Rialachán ). Is amhlaidh atá i gcás forbhianna amhail vitimíní agus mianraí, ar féidir iad a chur le bia chun é a shaibhriú nó chun béim a leagan ar a ghné chothaithe ar leith, ar choinníoll go bhfuil siad ar liostaí sonracha de shubstaintí ceadaithe agus a gcuid foinsí ceadaithe ().

F. Sláinte ainmhithe agus plandaí

Áirítear i rialacha an Aontais forálacha ginearálta maidir le faireachas, fógra agus cóireáil a dhéanamh ar ghalair thógálacha agus a veicteoirí chun sábháilteacht an tslabhra bia a áirithiú. Tá an reachtaíocht reatha ann go príomha mar thoradh ar an Straitéis um Shláinte Ainmhithe 2007-2013 agus ar phacáiste beart a thionscain an Coimisiún in 2013. Dá thoradh sin, glacadh an , a bheidh infheidhme ó mhí Aibreáin2021, agus a dhírítear ar ghalair ainmhithe a chosc agus a dhíothú trí fhreagrachtaí a shoiléiriú agus luathbhrath agus rialú a áirithiú. Leis an rialachán sin, comhdhlúthaítear forálacha dlíthiúla iomadúla maidir le sláinte ainmhithe i ndlí aontaithe. Tháinig an ina dhiaidh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis, maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar chun a chinntiú go gcuirtear dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, agus sláinte plandaí agus tairgí cosanta plandaí i bhfeidhm.

Déantar sláinte plandaí a rialú ar bhealach níos sonraí sa Dhlí maidir le Sláinte Plandaí ), a bhfuil sé mar aidhm leis barraí, torthaí, glasraí agus foraoisí a chosaint ar theacht isteach nó scaipeadh lotnaidí plandaí nó galar. Déanann sé seiceálacha allmhairiúcháin a fheabhsú freisin do phlandaí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad agus pasanna plandaí a chaighdeánú, agus raon na bplandaí a bhfuil pasanna le haghaidh plandú ag teastáil ina leith a leathnú ag an am céanna. Tháinig formhór na bhforálacha den Dhlí maidir le Sláinte Plandaí i bhfeidhm i mí na Nollag2019.

G. Reachtaíocht maidir le beatha ainmhithe agus lipéadú beatha

Is gá d’oibreoirí gnólachtaí bia a áirithiú go bhfuil gach céim den táirgeadh, próiseáil agus dáileadh atá faoina rialú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le agus inrianaitheacht iomlán a ráthú. Áirítear leis sin allmhairí agus onnmhairí beatha ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus go tíortha nach bhfuil san Aontas agus an ceanglas chun an riosca éillithe ó bheatha, ainmhithe agus táirgí ainmhithe a choinneáil chomh íseal agus is indéanta le réasún. Leagtar amach sa uasteorainneacha le haghaidh substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe, lena n-áirítear miotail throma, agus toirmisctear inti ábhair bheatha éillithe a chaolú. Déantar rialacha maidir le a leagan síos chun ardleibhéal sábháilteachta beatha agus leibhéal ard cosanta sláinte poiblí a áirithiú agus faisnéis leormhaith a sholáthar d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí. Déanfaidh tuilleadh reachtaíochta agus a rialú.

H. Bianna núíosacha

Sula ndéantar iad a mhargú san Aontas, is gá measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar bhianna núíosacha, i.e. bianna nach n-ití mórán puinn (m.sh. próitéiní malartacha, forbhianna, srl.), san Aontas Eorpach roimh Bhealtaine1997. Ó2018 i leith, tá sé mar aidhm ag rochtain a éascú ar bhianna nuálacha agus leibhéal ard sláinte bia a choinneáil ag an am céanna. Tugtar isteach leis nós imeachta údaraithe simplithe agus láraithe ar líne ar fud an Aontais le haghaidh bianna núíosacha agus bianna traidisiúnta ó thíortha nach bhfuil san Aontas (a mheastar gur bianna núíosacha iad san Aontas). Sula ndéantar na bianna den sórt sin a údarú ag an gCoimisiún, déanann EFSA meastóireacht sábháilteachta eolaíoch láraithe, ina sainítear na coinníollacha maidir lena n-úsáid, a n-ainmniú mar bhia agus na ceanglais maidir le lipéadú. Beidh na bianna núíosacha údaraithe uile ar liosta dearfach.

I. Orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)

Is ionann OGM agus ‘orgánach, cé is moite de dhaoine, ina bhfuil an t-ábhar géiniteach atá ann modhnaithe ar shlí ionas nach dtarlódh sé go nádúrtha trí chúpláil agus/nó trí athchuingriú nádúrtha’ (). Is féidir plandaí a mhodhnú trí úsáid a bhaint as biteicneolaíocht nua-aimseartha, mar shampla, chun iad a dhéanamh frithsheasmhach in aghaidh galar nó chun a dtáirgeacht a mhéadú. I gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, tá docht bunaithe ag an Aontas maidir le OGManna a úsáidtear i mbia nó i mbeatha a shaothrú nó a thráchtálú. Sular féidir aon OGM a chur ar an margadh, déanann EFSA, in éineacht le comhlachtaí eolaíocha na mBallstát, measúnú eolaíoch riosca chun aon bhaol do shláinte an duine, na n-ainmhithe nó an chomhshaoil a eisiamh. Tar éis dó an tuairim ó EFSA a fháil, déanfaidh an Coimisiún dréacht-tuairim a ullmhú a bheidh faoi réir vótáil ag coiste saineolaithe a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát. Aon bhia údaraithe nó aon bheatha údaraithe a dhéantar as OGManna, nó ina bhfuil OGManna, is gá go mbeadh an bia nó an bheatha sin inrianaithe agus lipéadaithe amhlaidh ionas gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Tá cead ag na Ballstáit a chur ar bharraí ina bhfuil OGManna a shaothrú ar a gcríoch féin, fiú má cheadaítear é ar leibhéal an Aontais.

An 5Iúil2023, d’fhoilsigh an Coimisiún chun rialáil a dhéanamh ar phlandaí a chruthaítear trí mhodhanna géanómaíocha sonracha chun críocha bia agus beatha. Tagann sé sin i ndiaidh próisis ar cuireadh tús leis in2018 nuair a rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais gur cheart orgánaigh a forbraíodh trí na teicnící sin a rialáil mar ‘OGManna’ faoi , an Treoir de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le OGManna.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tar éis scannal na feola capaill agus cásanna calaoise bia eile, d’iarr an Pharlaimint go ndéanfaí léiriú sainordaitheach maidir le tír tionscnaimh na feola a úsáidtear go háirithe mar chomhábhar i mbianna próiseáilte. Tá an Pharlaimint an-airdeallach freisin maidir le bagairtí do shláinte an tomhaltóra a bhaineann le hainmhithe clónáilte agus nana-ábhair nó OGManna. Déanann sí grinnscrúdú go minic ar dhréacht-tograí maidir le plandaí nua géinmhodhnaithe amhail arbhar Indiach nó pónairí soighe a údarú nó a athnuachan, agus cuireann sí ina n-aghaidh go rialta freisin.

Mar fhreagra ar chúiseanna imní i leith na rioscaí a bhaineann leis an tsubstaint luibhicíde gliofosáit, bhunaigh Parlaimint na hEorpa coiste speisialta in2018 chun iniúchadh a dhéanamh ar nós imeachta údaraithe an Aontais maidir le lotnaidicídí. Le linn an athbhreithnithe ar Dhlí Ginearálta an Bhia a bhfuil sé mar aidhm leis níos mó trédhearcachta a bhaint amach ar fud an tslabhra bia, throid an Pharlaimint chun a chinntiú go bhfoilseofar staidéir shábháilteachta sula n-údaraítear táirge a chur ar an margadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, téigh chuig suíomh gréasáin an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI).

Christian Kurrer / Zuzanna Wala