Ϸվ

Nósanna imeachta cinnteoireachta fornáisiúnta

Tá aontaithe ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh, mar thoradh ar a mballraíocht AE, cuid dá gcumhachtaí i réimsí beartais sonraithe a aistriú chuig institiúidí AE. Ar an tslí sin, déanann institiúidí AE cinntí ceangailteacha fornáisiúnta ina gcuid nósanna imeachta reachtacha agus feidhmiúcháin, nósanna imeachta buiséadacha, nósanna imeachta ceapacháin agus nósanna imeachta garbhunreachtúla.

Stair (1.1.1, 1.1.2, 1.1.3, 1.1.4 agus 1.1.5)

Le Conradh na Róimhe, tugadh cumhachtaí caibidlíochta agus cumhachtaí chun tograí a mholadh don Choimisiún, i réimsí na reachtaíochta agus a chaidrimh eacnamaíoch sheachtraigh go príomha, agus tugadh cumhachtaí cinnteoireachta don Chomhairle nó, i gcás ceapachán, d’ionadaithe rialtais na mBallstát. Don Pharlaimint, tugadh cumhacht chomhairleach. Tháinig fás ar ról na Parlaiminte de réir a chéile, sa réimse buiséadach leis na hathchóirithe in1970 agus in1975, sa réimse reachtaíochta leis an Ionstraim Eorpach Aonair agus le gach Conradh a lean í, le Conradh Maastricht ar an gcéad dul síos lenar tugadh isteach comhchinnteoireacht leis an gComhairle, rud a mhéadaigh freisin ról na Parlaiminte maidir le ceapacháin. Thairis sin, leis an Ionstraim Eorpach Aonair, tugadh an chumhacht don Pharlaimint chun daingniú conarthaí aontachais agus conarthaí comhpháirtíochta a údarú. Le Conradh Maastricht rinneadh an chumhacht sin a leathadh amach go dtí cineálacha ar leith conarthaí idirnáisiúnta eile. Rinneadh dul chun cinn suntasach le Conradh Amstardam i dtreo an Comhphobal a dhaonlathú, trí nós imeachta na comhchinnteoireachta a shimpliú agus a leathnú chuig réimsí nua, agus ról na Parlaiminte i gceapachán an Choimisiúin a neartú. Ag leanúint den chur chuige sin, cuireadh go mór le cumhachtaí na Parlaiminte le Conradh Nice. Ar thaobh amháin, cuireadh nós imeachta na comhchinnteoireachta (ina bhfuil na cumhachtaí céanna ag an bParlaimint agus ag an gComhairle) i bhfeidhm i mbeagnach gach réimse nua ina raibh an Chomhairle i dteideal cinneadh a dhéanamh le tromlach cáilithe. Ar an taobh eile, fuair an Pharlaimint na cumhachtaí céanna agus atá ag na Ballstáit maidir le hábhair a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Ba chéim cháilíochtúil bhreise é Conradh Liospóin i dtreo comhionannas iomlán a fháil leis an gComhairle i reachtaíocht agus airgeadais AE.

Nósanna imeachta reachtacha[1]

A. An gnáthnós imeachta reachtach (Airteagal289 agus Airteagal294 CFAE)

1. Raon feidhme

Faoi Chonradh Liospóin cuireadh 40bunús dlí breise, go háirithe i réimsí dlí, saoirse agus slándáil agus talmhaíocht, leis na réimsí faoina ndéanann an Pharlaimint cinntí anois maidir le gníomhartha reachtacha ar bhonn comhionann leis an gComhairle. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach, ar a dtugtaí nós imeachta na comhchinnteoireachta roimhe seo, maidir le 85bhunús dlí. Áirítear sa ghnáthnós imeachta reachtach vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle (Airteagal294CFAE). Níl feidhm aige, áfach, maidir le roinnt réimsí tábhachtacha, mar shampla an beartas fioscach a bhaineann le cánachas díreach nó gnéithe trasnáisiúnta den dlí teaghlaigh, a bhfuil formheas aontoilíochta de dhíth sa Chomhairle ina leith.

2. Nós imeachta

Leanann an gnáthnós imeachta reachtach na céimeanna céanna le nós imeachta na comhchinnteoireachta a tháinig roimhe. Tá foclaíocht CFAE athraithe go mór, áfach, go háirithe chun béim a leagan ar ról comhionann na Comhairle agus na Parlaiminte sa nós imeachta seo.

a. An togra ón gCoimisiún

b. An chéad léamh sa Pharlaimint

Glacann Parlaimint na hEorpa a seasamh trí thromlach simplí.

c. An chéad léamh sa Chomhairle

Glacann Parlaimint na hEorpa a seasamh trí thromlach cáilithe.

I réimsí na slándála sóisialta agus an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, is féidir an togra a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar iarraidh ó Bhallstát amháin (Airteagal48 agus Airteagal82 CFAE), agus cuirtear leis sin an gnáthnós imeachta reachtach ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach an cheist a athshannadh don Chomhairle (ar a dhéanaí, ceithre mhí ina dhiaidh sin). I gcás Airteagal82, féadfaidh naoi mBallstát ar a laghad a chinneadh leanúint leis an bplé faoi chomhar feabhsaithe (Airteagal20 CAE agus Airteagail326-334 CFAE).

Má fhormheasann an Chomhairle seasamh na Parlaiminte, glactar an gníomh leis an bhfoclaíocht a chomhfhreagraíonn do sheasamh na Parlaiminte.

d. An dara léamh sa Pharlaimint

Faigheann an Pharlaimint seasamh na Comhairle agus bíonn trí mhí aici chun cinneadh a ghlacadh. Dá réir sin, féadfaidh an Pharlaimint ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An togra mar atá leasaithe ag an gComhairle a fhormheas nó gan aon chinneadh a ghlacadh; sa dá chás sin, glactar an gníomh mar atá leasaithe ag an gComhairle;
  • Diúltú do sheasamh na Comhairle trí thromlach glan a 𾱲í; ní ghlactar an gníomh agus tagann deireadh leis an nós imeachta;
  • Leasuithe ar sheasamh na Comhairle a ghlacadh trí thromlach glan a 𾱲í, a chuirtear ar aghaidh ansin chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle dá dtuairimí.

e. An dara léamh sa Chomhairle

  • Má dhéanann an Chomhairle, leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas – trí bhíthin vótáil le tromlach cáilithe ar leasuithe na Parlaiminte agus d’aon toil ar na leasuithe ar thug an Coimisiún tuairim dhiúltach ina dtaobh – tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis iad a fháil, glactar an gníomh.
  • Mura ndéanfar sin, tionóltar an Coiste Idir-réitigh laistigh de thréimhse sé seachtaine.

f. 徱-éٱ𲹳

  • Tá an Coiste Idir-réitigh comhdhéanta de líon comhionann ionadaithe ón gComhairle agus ón bParlaimint, le cúnamh ón gCoimisiún. Déantar breithniú ar sheasaimh na Parlaiminte agus na Comhairle agus bíonn sé seachtaine aige téacs comhpháirteach a chomhaontú le tacaíocht ó vótáil trí thromlach cáilithe i measc ionadaithe na Comhairle agus ó thromlach ionadaithe na Parlaiminte.
  • Mura ndéanann an Coiste téacs comhpháirteach a chomhaontú faoin spriocdháta, tagann deireadh leis an nós imeachta agus ní ghlactar an gníomh.
  • I gcás comhaontuithe, cuirtear an téacs comhpháirteach chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint lena fhormheas.

g. An nós imeachta a thabhairt chun críche (an tríú léamh)

  • Bíonn sé seachtaine ag an gComhairle agus ag an bParlaimint chun an téacs comhpháirteach a fhormheas. Déanann an Chomhairle amhlaidh trí thromlach cáilithe agus déanann an Pharlaimint é trí thromlach na vótaí a chaitear.
  • Má fhormheasann an Chomhairle agus an Pharlaimint an téacs comhpháirteach, glactar an gníomh.
  • Mura bhfuil formheas déanta ag ceann de na hinstitiúidí faoin spriocdháta, tagann deireadh leis an nós imeachta agus ní ghlactar an gníomh.

Le bliana beaga anuas, tá líon na gcomhaontuithe ar an gcéad léamh atá bunaithe ar chaibidlíochtaí neamhfhoirmiúla idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa méadaithe go mór.

Ceadaíonn clásail idirlinne áirithe don Chomhairle Eorpach cur i bhfeidhm an ghnáthnós imeachta a leathnú go réimsí atá díolmhaithe uaidh (mar shampla, an beartas sóisialta: Airteagal153(2) CFAE).

B. An nós imeachta comhairliúcháin

Sula nglacann sí cinneadh, ní mór don Chomhairle tuairim na Parlaiminte a thabhairt dá haire agus, más gá, tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste Eorpach na Réigiún a thabhairt dá haire freisin. Tá de cheangal ar an gComhairle é sin a dhéanamh mar in éagmais comhairliúchán den sórt sin tá an gníomh neamhdhleathach agus is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais an gníomh a chur ar neamhní (féach an breithiúnas i gCásanna138 agus139/79). Nuair atá sé ar intinn ag an gComhairle an togra a leasú go suntasach, ní mór di dul i mbun comhairliúcháin leis an bParlaimint arís (breithiúnas i gCás65/90).

C. Nós imeachta an toilithe

1. Raon feidhme

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá feidhm ag nós imeachta an toilithe go háirithe maidir le clásal cothrománach na solúbthachta buiséadaí, mar a shonraítear in Airteagal352 CFAE (sean-Airteagal308 CCE). Is samplaí eile iad gníomhaíocht chun idirdhealú a chomhrac (Airteagal19(1) CFAE agus ballraíocht an Aontais (Airteagal49 agus Airteagal50 CAE). Thairis sin, tá toiliú na Parlaiminte de dhíth le haghaidh comhaontuithe comhlachais (Airteagal217CFAE), aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (Airteagal 6(2) CAE), agus comhaontuithe lena mbunaítear creat institiúideach ar leith a bhfuil impleachtaí móra buiséadacha ag baint leis nó a bhaineann le réimsí a bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach (Airteagal218(6) CFAE) maidir leo.

2. Nós imeachta

Déanann Parlaimint na hEorpa dréachtghníomh atá curtha ar aghaidh ag an gComhairle a bhreithniú; cinneann sí i dtaobh an ndéanfaidh sí an dréacht a fhormheas (ní féidir léi é a leasú) trí thromlach glan de na vótaí arna gcaitheamh. Faoin gConradh, níor thugtar aon ról foirmiúil don Pharlaimint ag céimeanna an nós imeachta roimhe sin chun an togra ón gCoimisiún a bhreithniú, ach mar thoradh ar shocruithe idirinstitiúideacha is cleachtas anois é go mbíonn baint ag an bParlaimint leis go neamhfhoirmiúil (féach Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa).

Nósanna imeachta ceapacháin

  1. Déanann Parlaimint na hEorpa Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh (Airteagal14(1) CAE) (1.3.8).
  2. Déanann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh (Airteagal18(1) CAE).
  3. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an liosta de na daoine eile a bheartóidh sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí (Airteagal17(7) CAE).
  4. Glacann an Chomhairle na liostaí seo a leanas:
  5. Déanann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman Eorpach a thoghadh (Airteagal228 CFAE).

Tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta

Agus pearsantacht dhlítheanach bainte amach aige, is féidir leis an Aontas comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích anois (Airteagal218 CFAE). Faoi Chonradh Liospóin, ní mór toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil in aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích i réimse an chomhbheartais tráchtála agus chomh maith leis sin i ngach réimse lena dtagann a mbeartais faoi ghnáthnós imeachta reachtach an Aontais Eorpaigh. Is trí thromlach cáilithe a dhéanann an Chomhairle a cinntí, seachas i gcás comhaontuithe comhlachais agus aontachais, comhaontuithe atá i mbaol dochar a dhéanamh d’éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais, agus comhaontuithe i réimsí ina mbeadh aontoilíocht de dhíth chun gníomhartha inmheánacha a ghlacadh.

  • Nós imeachta: Cuireann an Coimisiún nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála moltaí faoi bhráid na Comhairle, sainmhíníonn an Chomhairle sainordú na gcaibidlíochtaí agus ainmníonn sí idirbheartaí an Aontais (ón gCoimisiún nó an tArdionadaí) chun na caibidlíochtaí a sheoladh. Ní mór Parlaimint na hEorpa a chur go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta (Airteagal218(10) CFAE).
  • Cinneadh: An Chomhairle, trí bhíthin vótáil trí thromlach cáilithe, cé is moite de na réimsí thuasluaite.
  • Ról na Parlaiminte: toiliú i bhformhór na gcomhaontuithe (féach thuas), comhairliúchán i gcás comhaontuithe a thagann go heisiatach faoi réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

Nósanna imeachta garbhunreachtúla

A. Córas acmhainní dílse (Airteagal311 CFAE)

  • Togra: An Coimisiún;
  • Ról na Parlaiminte: comhairliúchán;
  • Cinneadh: an Chomhairle, d’aontoil, faoi réir ghlacadh na mBallstát i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla faoi seach.

B. Forálacha do thoghchán na Parlaiminte trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (Airteagal223 CFAE)

  • Togra: Parlaimint na hEorpa;
  • Cinneadh: an Chomhairle, d’aontoil tar éis di toiliú na Parlaiminte a fháil agus a mholadh do na Ballstáit an togra a ghlacadh i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

C. Glacadh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (Airteagal223(2) CFAE) agus Reacht an Ombudsman (Airteagal228(4) CFAE)

  • Togra: Parlaimint na hEorpa;
  • Ról an Choimisiúin: tuairim;
  • Ról na Comhairle: toiliú (trí thromlach cáilithe ach amháin i ndáil le rialacha nó coinníollacha faoina rialaítear socruithe cánacha na bh𾱲í nó na n-iar-Fheisirí, agus sa chás sin bíonn aontoilíocht i bhfeidhm);
  • Cinneadh: Parlaimint na hEorpa.

D. Leasú ar an bPrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Airteagal281 CFAE)

  • Togra: an Chúirt Bhreithiúnais (i mbun comhairliúcháin leis an gCoimisiún) nó an Coimisiún Eorpach (i mbun comhairliúcháin leis an gCúirt Bhreithiúnais);
  • Cinneadh: an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa (gnáthnós imeachta reachtach).

Ról Pharlaimint na hEorpa

Ag Comhdháil Idir-rialtasach 2000, rinne Parlaimint na hEorpa roinnt moltaí chun réimsí chur i bhfeidhm an ghnáthnós imeachta reachtaigh (ar a dtugtaí ‘comhchinnteoireacht’ roimhe seo) a leathnú. Chuir an Pharlaimint a tuairim in iúl arís agus arís eile á rá gur cheart comhchinnteoireacht a chur i bhfeidhm go huathoibríoch dá mbeifí ag athrú ó aontoilíocht go tromlach cáilithe. Tacaíodh leis an staid sin faoi Chonradh Nice ach níor tugadh tromlach cáilithe agus comhchinnteoireacht go hiomlán de réir a chéile sa Chonradh sin. Mar thoradh air sin, bhí simpliú na nósanna imeachta ar cheann de na príomhghnéithe ar tugadh aghaidh orthu ag an gCoinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa. Moladh go gcuirfí deireadh le nós imeachta an chomhairliúcháin agus le nós imeacht an chomhair, go ndéanfaí nós imeachta na comhchinnteoireachta a shimpliú agus a leathnú amach chun iomlán an réimse reachtaigh a chumhdach, agus go ndéanfaí nós imeachta an aontaithe a theorannú go daingniú comhaontuithe idirnáisiúnta. Cuireadh go leor de na feabhsuithe sin chun feidhme faoi Chonradh Liospóin (1.1.5).

Maidir le ceapacháin, níor éiríodh le Conradh Liospóin deireadh a chur leis an raon leathan nósanna imeachta éagsúla, cé gur baineadh roinnt athchóirithe chun éifeachta amach. Cuirtear aontoilíocht i bhfeidhm fós i roinnt cásanna, agus is minic é sin ina chúis le díospóidí polaitiúla agus go laghdaíonn sé tionchar na Parlaiminte. Rinneadh dul chun cinn go háirithe tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Nice, leis an athrú ó aontoilíocht go tromlach cáilithe i gcás cheapadh Uachtarán an Choimisiúin. Déantar foráil faoi Chonradh Liospóin, thairis sin, go ndéanann Parlaimint na hEorpa Uachtarán an Coimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Maidir le ceapadh an Uachtaráin thoghaí, tar éis dul i mbun comhairliúcháin iomchuí leis an bParlaimint, ní mór aird chuí a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán Eorpach. Léirítear leis sin cuntasacht pholaitiúil agus dlisteanacht an Choimisiúin Eorpaigh. Cuireadh na forálacha sin chun feidhme den chéad uair tar éis na dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa in2014. Aontaíodh sa Chomhairle Eorpach go ndéanfaí Jean-Claude Juncker a ainmniú ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach mar gurb é Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (EPP) an grúpa ba mhó i bParlaimint na hEorpa tar éis na dtoghchán.

[1]Faoi Chonradh Liospóin cuireadh deireadh leis an nós imeachta comhair a tháinig i bhfeidhm leis an Ionstraim Eorpach Aonair in1986.

Martina Schonard