Ϸվ

An ateangaireacht i PE

An ateangaireacht i bParlaimint na hEorpa

  • Tá difríocht ann idir Parlaimint na hEorpa (PE) agus na hinstitiúidí eile in éagsúlacht na gcruinnithe agus na n-ábhar a bhíonn á bplé inti agus toisc go bhfuil na cruinnithe go léir ann ilteangach.

    Bíonn teangacha éagsúla in úsáid ag brath ar chineál an chruinnithe agus riachtanais dháiríre na rannpháirtithe.

    Baintear feidhm i PE as prionsabal an 'ilteangachais rialaithe iomlán' chun ceart na bh𾱲í a urramú an teanga oifigiúil is rogha leo a úsáid sna cruinnithe go léir.

    Cuireann An Ardstiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha anateangaireacht ar fáil do:

    • Na suíonna iomlánacha, i gcónaí i 24 theanga, sa Bhruiséil agus in Strasbourg;
    • Cruinnithe na gcoistí parlaiminteacha, na dtoscaireachtaí parlaiminteacha agus na gcomhthionól parlaiminteach gach áit ar domhan;
    • Cruinnithe na ngrúpaí polaitiúla;
    • ʰ𲹲dzá;
    • Cruinnithe chomhlachtaí cinnteoireachta inmheánacha na Parlaiminte (an Biúró, Comhdháil na nUachtarán, na Caestóirí etc.);
    • Cruinnithe Choiste na Réigiún;
    • Cruinnithe na Cúirte Iniúchóirí;
    • Cruinnithe an Ombudsman Eorpaigh;
    • Cruinnithe an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí;
    • Cruinnithe an Lárionaid Aistriúcháin i Lucsamburg.

    Ina theannta sin, eagraíonn siad na cruinnithe lasmuigh de na trí láthair oibre agus déanann said seomraí agus teicneoirí na gcomhdhálacha a bhainistiú.

  • Is de réir na riachtanas a chuirtear an modh ateangaireachta ar fáil.

      An ateangaireacht chomhuaineach
      Déantar ateangaireacht ar aitheasc i bhfíor-am.
      Cuirtear isteach an t-ateangaire i mboth fuaimdhíonach (caighdeán ISO) agus bíonn léargas díreach aige ar an seomra.
      Éisteann na rannpháirtithe leis an ateangaireacht trí chluasáin.

      Ateangaireacht chomhleanúnach
      Déanann an t-ateangaire an t-aitheasc a thugtar a atáirgeadh le cabhair ó nótaí atá glactha aige roimh ré. Bíonn sé sa seomra taobh leis an óráidí.
      Déantar an ateangaireacht sin a úsáid i gcruinnithe déthaobhacha, in aithisc fhoirmiúla nó in agallaimh.

      Ateangaireacht i gcogar
      Bíonn an t-ateangaire sa seomra agus déanann sé an óráid a chogarnaíl i gcluais an rannpháirtí.

      Ateangaireacht i dtrucaid
      Cineál ateangaireachta comhuainí a úsáideann gaireas teicniúil ar a dtugtar 'ateangaireacht i dtrucaid', arb é atá ann córas cluasán atá ceangailte le micreafón. Úsáidtear í i láithreacha nach féidir bothanna ateangaireachta a chur iontu.

    Seirbhísí breise a sholáthraítear

      Ateangaireacht ad Personam (IAP)
      Seirbhís ateangaireachta a thugtar i gcásanna an-sonrach trí ateangaireacht chomhleanúnach agus trí ateangaireacht i gcogar.

      Teilea-ateangaireacht
      Ateangaireacht chomhuaineach a dhéantar agus gan an t-ateangaire ná na bothanna sa seomra. Le córas scáileán, féadtar léargas iomlán a fháil ar an seomra (ní hionann é agus cruinnithe fís-chomhdhála).

  • Is de réir na dteangacha a úsáidtear sna cruinnithe atá na foirne ateangairí comhdhéanta.

    • Beirt ateangairí in aghaidh an bhotha: cruinnithe a bhfuil sé theanga ghníomhacha agus/ nó fhulangacha ar a mhéad iontu
    • Triúr ateangairí in aghaidh an bhotha: cruinnithe a bhfuil seacht dteanga ghníomhacha agus/nó fhulangacha ar a laghad iontu

    Le cruinniú ag a bhfuil 24 theanga ghníomhacha agus fhulangacha, bheadh 72 ateangaire ag teastáil chun foireann iomlán ateangaireachta a chur ar fáil.

    Sna láithreacha oifigiúla oibre atá ag Parlaimint na hEorpa, tá seomraí na gcruinnithe go léir feistithe le bothanna ateangaireachta a chloíonn leis na normanna idirnáisiúnta (caighdeáin ISO).

    Chun an dea-fheidhmiú teicniúil a áirithiú, tá foireann de theicneoirí comhdhálacha de chúnamh ag na hateangairí. Déanann na teicneoirí sin bainistiú oibríochtúil agus cothabháil na gcóras ateangaireachta a áirithiú roimh na cruinnithe agus lena linn.

    Soláthraíonn PE an ateangaireacht chomh maith nuair a bhíonn na 𾱲í ag taisteal ar fud an domhain.

Interpreters at work