éá
Comhoibriú leis na hOllscoileanna
Is iad na hollscoileanna a chuireann oiliúint ar na hateangairí na páirtithe is tábhachtaí a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus cáilíocht ateangairí oilte a áirithiú. Cé go bhfuil freagracht fhoriomlán ar na Ballstáit agus ar ollscoileanna as ateangairí a chur faoi oiliúint, féadfaidh seirbhís ateangaireachta PE cúnamh a sholáthar sa tasc tábhachtach seo.
I gcás ina gcomhlíonann cúrsa na caighdeáin is gá agus ina dtagann próifíl theanga na mac léinn le riachtanais earcaíochta na Parlaiminte, féadfar cúltacú le hiarrachtaí na n-ollscoileanna trí thacaíocht oideolaíoch nó airgeadais a sholáthar i bhfoirm deontas.
Tá réimse leathan beart i bhfeidhm a bhfuil sprioc amháin acu - na mic léinn is éirimiúla a ullmhú do ghairm an ateangaire comhdhála.
I measc na ngníomhaíochtaí reatha áirítear:
- máistir-ranganna fíorúla agus ríomhfhoghlaim
- ateangairí foirne cleachta a bheith rannpháirteach i scrúduithe deiridh
- seimineáir do cheannairí cúrsa agus d'oiliúnóirí
- deontais chun cúrsaí iarchéime a eagrú san ateangaireacht chomhdhála agus tionscadail atá dírithe ar thacú le hateangairí a chur faoi oiliúint
- cuairteanna mac léinn chuig Parlaimint na hEorpa
Féadfaidh ateangairí cleachta comhairle ó thaobh ábhair phraiticiúla a chur ar ollscoileanna freisin ar mian leo a gcláir a fheabhsú agus faisnéis a sholáthar ar na hinniúlachtaí is gá chun an scrúdú creidiúnaithe a ghnóthú.