An imirce agus tearmann san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun eolas a chur ar líon na ndaoine atá ag teacht chuig AE agus na hiarratais atá á bpróiseáil ag tíortha AE ar thearmann.
Clár ábhair
- Imirce san Eoraip: príomhfhigiúirí in 2023
- Sainmhínithe: cad is teifeach, iarrthóir tearmainn agus dídeanaí ann?
- Sonraí maidir le hiarrthóirí tearmainn san Aontas
- Céard atá i gceist le dídeanaí? Agus le hiarrthóir tearmainn?
- Cinntí mar gheall ar thearmann san Aontas Eorpach
- Trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais
- Tuairimí na nEorpach
Imirce san Eoraip: príomhfhigiúirí in 2023
3.7 milliún imirceach dlíthiúil
Téann formhór na ndaoine chun na hEorpa ar . Is sciar bheag de na daoine sin iad siúd a thagann go neamhdhleathach: bhí thart ar 385,000 inimirceach neamhrialta ann in 2023 ach, sa bhliain chéanna, tháinig 3.7 milliún duine isteach go dlíthiúil.
Breis agus milliún iarrthóir tearmainn
Cúis eile go bhféadfadh le daoine an Eoraip a roghnú mar cheann scríbe is ea cúrsaí tearmainn. Sa bhliain 2023, rinneadh breis agus milliún iarratas ar thearmann ar fud an Aontais. Ag deireadh 2021, b'fhiú líon na dteifeach aitheanta san Eoraip agus níos lú ná 10% den daonra iomlán de theifigh an domhain. D'ardaigh an sciar seo go dtí thart ar 20% de dheasca ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin in 2022.
Is saoránaigh neamh-AE iad 6% de dhaonra an Aontais
De réir fhigiúirí 2023, is saoránaigh neamh-AE iad. Tá tíortha lasmuigh d'AE, amhail an Eilvéis, an Ostair, an Astráil agus an Íoslainn, a bhfuil sciar i bhfad níos mó de chónaitheoirí acu a rugadh thar lear.
Tosaíocht sa bhainistíocht ar an imirce, ag leibhéal AE agus náisiúnta, is ea aisdúichiú shaoránaigh neamh-AE nach bhfuil cead faighte acu fanacht i dtír faoi leith.
Sainmhínithe: cad is teifeach, iarrthóir tearmainn agus dídeanaí ann?
Cad is teifeach ann?
Is daoine iad teifigh a bhogann ón ngnáth-theach atá acu, de ghnáth laistigh dá dtír fhéin nó go dtír tír eile, ar feadh tréimhse gearr nó fada, agus ar chúiseanna éagsúla. Baintear úsáid as an téarma chun tagairt a dhéanamh do réimse leathan daoine i gcásanna éagsúla.
Cad is iarrthóir tearmainn ann?
Bíonn amhras ar iarrthóirí tearmainn go ndéanfar géarleanúint orthu ar bhonn inscne, reiligiúin, náisiúntachta, polaitíochta nó toisc ballraíocht a bheith acu i ngrúpa sóisialta faoi leith a bhfuil tearmann á lorg acu. Tá seans ann nach ndearnadh próiseáil ar a n-iarratas do chosaint idirnáisiúnta nó nach bhfuil tearmann lorgtha acu go foirmiúil go fóill, ach go bhfuil sé ar intinn acu é a lorg fós. Faighdeann siad stádas dídeanaithe nó cosaint idirnáisiúnta eile nuair a thagann údaráis náisiúnta ar chinneadh dearfach maidir leis an iarratas ar tearmann atá déanta acu.
Cad is dídeanaí ann?
Tá a n-iarratas ar thearmann glactha ag teifigh agus aitheantas oifigiúil faighte acu ina Stát óstach.
Sonraí maidir le hiarrthóirí tearmainn san Aontas
Sa bhliain 2023, bhí 1,129,640 iarratas ar thearmann san Aontas Eorpach - méadú 18% ar 2022 agus an líon is mó ó 2016.
Tá an chuid is mó de na hiarrthóirí ag lorg tearmainn den chéad uair
B'fhiú líon na n-iarrthóirí tearmainn céaduaire san Aontas Eorpach in 2023 agus tromlach na n-iarrthóirí, ag seasamh ag 1,048,000, atá 20.1% níos airde ná an bhliain roimhe (873,680). Tugtar iarrthóir tearmainn céaduaire ar chosaint idirnáisiúnta ar dhuine a bhfuil iarratas curtha isteach acu ar thearmann den chéad uair i dtír ar bith de chuid an Aontais. Ní chuirtear athiarrthóirí i dtír faoi leith san áireamh sna huimhreachta seo.
Iarrthóirí céaduaire in aghaidh na tíre
Sa bhliain 2023, is sa Ghearmáin a cláraíodh an líon is mó iarrthóirí céaduaire, le 31.4% den líon iomlán san Aontas ag lonnú sa tír. Tháinig an Spáinn (15.3%), an Fhrainc (13.8%) agus an Iodáil (12.4%) ina diaidh. Bhí an líon is lú iarrthóirí céaduaire san Ungáir (30 iarrthóir), sa tSlóvaic (250), Málta (490) agus sa Liotuáin (510).
Bhí an méadú coibhneasta is mó i líon na n-iarrthóirí céaduaire sa Laitvia (+198.2%), sa Ghréig (+98.8%) agus san Iodáil (+69.1%)
Tír thionscnaimh na n-iarrthóirí tearmainn
Rinne muintir na Siria, na hAfganastáine, na Tuirce, Veiniséala agus na Colóime an líon is mó iarratas ar thearmann in 2023, le beagnach leath (48%) d'iarratais chéaduaire na bliana sin á ndéanamh acu.
Léirigh an ghéarchéim imirce sa bhliain 2015 laigí móra i gcóras tearmainn an Aontais, agus tá feisirí na Parlaiminte ag obair go dian chun beartas imirce Eorpach a bhunú a bheidh éifeachtach, daonnúil agus féaráilte.
De bharr cogaí, géarleanúna, sceimhlitheoireachta nó tubaistí nádúrtha bíonn ar na milliúin duine - idir mhná, fhir agus pháistí - a bhfód dúchais a thréigean gach uile bliain chun tearmann a lorg. I láthair na huaire, tá easáitithe ar domhan, ar figiúr é atá beagáinín níos lú ná daonra na Gearmáine.
Sa bhliain 2023, bhí 1,129,640 iarratas ar thearmann san Aontas Eorpach - méadú 18% ar 2022 agus an líon is mó ó 2016.
nuair a chuir 1.3 milliún duine iarratas ar thearmann isteach. Rinne an turas trasna na Meánmhara go dtí AE anuraidh, i gcomparáid le níos mó ná milliún duine sa bhliain 2015. Meastar go bhfuair 1,401 duine bás ag trasnú na Meánmhara in 2020, i gcomparáid le 1,335 duine sa bhliain roimhe sin.
De réir fhigiúirí Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, sa tréimhse 1 Eanáir go dtí 1 Lúnasa 2021, rinne beagnach 48,000 duine an turas trasna na Meánmhara agus chuig na hOileáin Chanáracha, agus cailleadh níos mó ná 1,000 dóibh. Tháinig méadú suntasach in 2020 ar líon na ndaoine a rinne iarracht an Iodáil agus Málta a bhaint amach (níos mó ná 35,600 duine i gcomparáid le beagnach 11,500 sa bhliain 2019).
Tuilleadh eolais san alt seo thíos faoin ngéarchéim imirce san Eoraip, faoina bhfuil ar siúl ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an gceist, agus faoi impleachtaí airgeadais na géarchéime.
Céard atá i gceist le dídeanaí? Agus le hiarrthóir tearmainn?
Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir dhídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn. Is daoine iad dídeanaithe a bhfuil a dtír dhúchais éalaithe acu agus a bhfuil tearmann á lorg acu i dtír eile tar éis a bheith i mbaol ar chúiseanna ciníocha, creidimh, náisiúntachta nó polaitiúla, nó mar go bhfuil siad ina mball de ghrúpa sóisialta áirithe. De réir dlí idirnáisiúnta ní féidir dídeanaithe a dhíbirt nó a chur ar ais chuig áit ina mbeadh a saol agus a saoirsí bunúsacha faoi bhagairt.
Is daoine iad iarrthóirí tearmainn a dhéanann iarratas foirmiúil ar thearmann agus a bhfuil cosaint dhlíthiúil agus cabhair ábhartha á fáil acu. Ní mór d'iarrthóirí tearmainn fianaise a chur ar fáil d'údaráis sa tír aíochta go bhfuil siad i mbaol ina dtír dhúchais.
San Aontas Eorpach, leagtar amach treoirlínte i dtaca le cosaint idirnáisiúnta . Faoi rialacha AE, caitheann náisiúnaigh tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur isteach sa chéad tír AE a bhain siad amach. Tar éis dóibh iarratas a chur isteach, tá stádas iarrthóra ar thearmann acu. Bronntar stádas dídeanaí orthu (nó cineál eile cosanta idirnáisiúnta) má ghlacann údaráis na mballstát lena n-iarratas.
Cinntí mar gheall ar thearmann san Aontas Eorpach
Sa bhliain 2020, bhronn ballstáit an Aontais Eorpaigh cosaint idirnáisiúnta ar , laghdú 5% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (295,600). Ba de bhunadh na Siria níos mó ná iarrthóir amháin as ceathrar (27%), agus bhí an Afganastáin (15%) agus Veiniséala (17%) ag barr an tábla chomh maith. (Sna blianta agus amháin, chuir 2,459,900 duine .
Trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais
Is é Frontex an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, bailíonn sé sonraí údaráis na mballstát maidir le . Sna blianta 2015 agus 2016, rinneadh teorainneacha seachtracha AE a thrasnú go neamhdhleathach . (Ar ndóigh, is féidir le duine na teorainneacha a thrasnú níos mó ná uair amháin; mar sin tá líon na n-imirceach a bhain AE amach sa tréimhse sin níos ísle ná an figiúr sin.)
Sa bhliain 2020, rinneadh teorainneacha seachtracha AE a thrasnú go neamhdhleathach , an leibhéal is ísle ó 2013 agus laghdú 13% ar fhigiúirí 2019. Ba de bhunadh na Siria, Mharacó, na Túinéise agus na hAilgéire an chuid is mó dóibh. Ar ndóigh stoptar roinnt daoine ag teorainneacha AE agus diúltaítear cead isteach dóibh – go minic is imircigh eacnamaíocha ón Afraic Thuaidh iad. Sa bhliain 2020, diúltaíodh cead isteach do ag teorainneacha seachtracha an Aontais.
Sa bhliain 2015, bhí san Aontas Eorpach (gan an Ríocht Aontaithe san áireamh). Thit an figiúr sin go 557,455 duine anuraidh. Meastar go bhfuil duine i láthair go neamhdhleathach san Aontas más rud é nár chláraigh siad i gceart nó má d’fhág siad an ballstát atá freagrach as a n-iarratas ar thearmann a phróiseáil.
Tuairimí na nEorpach
éíDzԲ go measann beagnach triúr Eorpach as ceathrar (72%) gur chóir tuilleadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic leis an imirce. Sa tréimhse 2021-2027, déanfaidh an tAontas Eorpach €22.7 billiún a infheistiú i mbeartais imirce agus i mbainistíocht teorainn (i gcomparáid le thart ar €10 billiún sa tréimhse 2014-2020).
De réir fhigiúirí Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, is sa Tuirc atá an líon is mó dídeanaithe ar domhan, agus thart ar 3.7 milliún dídeanaithe ag cur fúthu sa tír sin. Ag barr an tábla freisin tá an Cholóim (1.7 milliún), an Phacastáin (1.4 milliún), Uganda (1.4 milliún) agus an Ghearmáin (1.2 milliún). Níl ach 14% de dhídeanaithe an domhain ag cur fúthu i dtíortha forbartha. Is de bhunús na Siria, Veiniséala, na hAfganastáine, na Súdáine Theas agus Mhaenmar thart ar 68% de na dídeanaithe ar domhan. Is páistí iad 42% de dhídeanaithe an domhain.