Cearta paisinéirí: ag taisteal san Aontas Eorpach gan strus a bheith ort

Ar cuireadh moill ar do thraen nó ar cuireadh d'eitilt ar ceal? Foghlaim tuilleadh faoi na cearta atá agat mar phaisinéir agus tú ag taisteal thart timpeall an Aontais.

Agus tú ag dul ar saoire nó ar thuras gnó, is maith an rud é a bheith ar an eolas go bhfuil cearta agat a laghdóidh an cur isteach ort i gcás fadhbanna a d'fhéadfadh teacht suas.

Faoi rialacha AE, bíonn cosaint faoi leith ann do phaisinéirí, is cuma an bhfuil siad ag eitilt, ar thraen, ar bhus, ar chóiste nó ar long.

Is féidir le turasanna éirí sách casta - le moilleanna fada, cealuithe agus bagáiste caillte. Thug feisirí rialacha nua AE isteach a chuireann ceangal ar chuideachtaí iompair béilí, sólaistí agus comhairle maidir le socruithe taistil agus lóistín a chur ar fáil do thaistealaithe i gcás go dtarlaíonn rud éigean.

Ní féidir le cuideachtaí iompair táille a ghearradh ar dhaoine dá dticéidí bunaithe ar a náisiúntacht nó an áit ina bhfuil an ticéad á cheannach acu.

Ina theannta sin, ní mór cúnamh faoi leith a thabhairt do agus a bhfuil sé de cheart acu tairbhe a bhaint as seirbhísí saor in aisce.

Cearta aerphaisinéirí


Cuirtear cearta aerphaisinéirí i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe, mar shampla agus tú ag eitilt laistigh den Aontas Eorpach nó má imíonn an t-eitleán ón Aontas Eorpach go dtí tír neamh-AE.

I gcás go ndeirtear nach féidir leat teacht ar bord, ní mór d'aerlínte cúnamh saor in aisce a thabhairt i gcás sólaistí, bia agus lóistín. Ní mór don aerlíne rogha a thairiscint idir aisíocaíocht agus athródú. Ina theannta sin, bíonn paisinéirí nach féidir leo teacht ar bord i dteideal cúitimh a fháil suas chomh fada le €600. Braitheann an méid cúitimh ar fhad an eitilt.

Cé mhéad cúitimh is féidir leat a fháil?

  • Má tá an t-achar eitilte 1,500 km nó níos lú: €250
  • Má tá an t-eitilt á feidhmiú laistigh den AE agus má tá an t-achar eitilte níos mó ná 1,500 km, nó má tá an t-achar eitilte idir 1,500 agus 3,500 km: €400
  • Má théann an eitilt thar theorainneacha an AE agus má tá an t-achar níos mó ná 3,500 km: €600

Má chuirtear d'eitilt ar ceal, tá an ceart agat cúnamh a fháil, chomh maith le haisíocaíocht, athródú nó filleadh abhaile, más mian leat. I gcás moill a bheith curtha ar d'eitilt, braitheann sé seo ar fhad an mhoille agus ar thréimhse an eitilte.


Is féidir le paisinéirí a ndearnadh a n-eitiltí a chealú ar ghearrfhógra nó a tháinig níos mó ná trí uair an chloig déanach a bheith i dteideal an méid cúitimh thuasluaite, ach le srianta áirithe i bhfeidhm. Ní bhaineann sé seo le cuideachtaí a dhéanann réitigh eile a thairiscint nó le cúinsí eisceachtúla, amhail cinntí bainistíochta aerthráchta, éagobhsaíocht pholaitiúil, drochaimsir nó rioscaí slándála.

Cearta paisinéirí iarnróid


Bíonn feidhm ag nuair a bhíonn tú ag taisteal ar iarnród ar bith laistigh de AE. Má dhéantar do thraein a chealú nó má chuirtear moill air, ní mór don oibritheoir faisnéis a thabhairt duit faoi stádas fíor-ama na dtraenach agus do chearta agus do dhualgaisí mar phaisinéir. Ag brath ar na cúinsí, d'fhéadfadh go mbeadh tú i dteideal cúnamh i bhfoirm béilí agus sólaistí, lóistín agus cúitimh.

Cearta paisinéirí bus


Baineann cearta paisinéirí bus le seirbhísí fad-achair a thosaíonn nó a chríochnaíonn i dtír AE go príomha. I gcás cealú nó moille, seans go mbeidh tú i dteideal béilí agus lóistín.


Cearta paisinéirí ar longa


Is gnách go mbaineann na rialacha maidir le báid farantóireachta agus le longa cúrsála (muir agus abhainn) nuair a thosaíonn nó a chríochnaíonn do thuras i gcalafort AE. Má cuireadh trasnú ar ceal nó má chuirtear moill ar imeacht na mbád, d'fhéadfadh go mbeadh tú i dteideal cúnamh i bhfoirm béilí agus lóistín. Má shroicheann tú do cheann scríbe níos mó ná uair an chloig déanach, bíonn tú i dteideal cúitimh.

Chun tuilleadh a fhoghlaim, íoslódáil an aip seo maidir le cearta paisinéirí ar agus ar .

Do chearta agus tú i mbun taistil san Eoraip