Cibearfhoréigean i gcoinne na mban: cad is brí agus conas cosc a chur leis
Is minic a dhéantar ciapadh agus cibearfhoréigean ar mhná ar líne. Tá sé mar aidhm ag Parlaimint na hEorpa na cineálacha sin foréigin a chomhrac.
Cad is cibearfhoréigean ann?
Is iomaí cineál foréigin atá ann agus ní hamháin duine a ghortú go fisiciúil atá i gceist leis. D'fhéadfadh foréigean síceolaíoch a bheith chomh dochrach céanna. Is samplaí den chibearfhoréigean iad comhéigean, clúmhilleadh, masla ó bhéal nó ciapadh agus d'fhéadfadh leis tarlú ar- nó as líne.
Tá cibearfhoréigean i gcoinne na mban agus na gcailíní tagtha chun cinn mar gheall ar chumhacht mhéadaitheach an idirlín, scaipeadh sciobtha teicneolaíochtaí a bhfuil baint acu le cumarsáid mhóibíleach agus úsáid na meán sóisialta. Is féidir cibearchiapadh a ghlaoch air nuair a sheoltar ríomhphoist, téacsanna nó físteachtaireachtaí chugat le hábhar gnéasach follasach iontu nach bhfuil ag teastáil uait nó atá gránna, chomh maith le cluanaireacht atá gáirsiúil nó mí-oiriúnach ar láithreáin líonraithe sóisialta.
Ceann de na cloiche is mó atá ar pháidrín an phobail ná teicneolaíochtaí domhainbhrionnúcháin a dhéanann aithris ar ghuth, aghaidh, corp nó gníomhaíocht duine. Is minic a bhíonn domhainbhrionnuithe dírithe ar mhná, agus ar chruthú íomhánna nochta dóibh gan cead ach go háirithe.
Tá baol ann go mbeadh tionchar fadtéarmhach ag na cineálacha seo ionsaithe ar íospartaigh agus go ngearrfaí costas suntasach ar shochaithe toisc go bhféadfadh drogall a bheith ar mhná a bheith níos rannpháirtí sa saol polaitiúil agus poiblí dá bharr.
Is léir ó shuirbhé Eorabharaiméadair ó 2024 go ndiúltaíonn an chuid is mó de shaoránaigh an Aontais don smaoineamh gur féidir an cibearfhoréigean a dhlisteanú. Deir beagnach trí ceathrú de na freagróirí nach cuireadh do mhná glacadh le freagraí gnéasaíocha, dímheasúla agus/nó maslacha é a dtuairimí a chur in iúl ar na meáin shóisialta. Thaispeáin suirbhé a d'fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha in 2014 go ndearnadh cibearchiapadh ar bhean amháin as gach deichniúr san Aontas Eorpach ó 15 bliana d'aois
Foréigean ar líne ar mhná sa pholaitíocht
Tá mná fós faoi ghannionadaíocht i dtíortha AE ag gach leibhéal den phróiseas cinnteoireachta polaitiúil, mar aon leis na páirtithe polaitiúla. Is deacair teacht ar fhréamhacha an cháis seo, ach is féidir nasc a chruthú leis an bhforéigean ar- agus as líne ar mhná a bhfuil ról acu sa pholaitíocht, a chuireann drogall orthu a bheith rannpháirteach sa domhan polaitiúil.
Bíonn baol níos mó ann go dtabharfar drochíde ar pholaiteoirí, iriseoirí agus cosantóirí ar chearta an duine ar mhná iad sa domhan digiteach ná a leithéidí ar fhir iad. Is minic a dhéantar ionsaí agus a thugtar drochíde ar pholaiteoirí ar mhná iad ar líne, toisc gur fusa iad a dhéanamh go hanaithnid agus a scaipeadh i measc pobail mhóra chun na mná seo a chur ina dtost.
Reachtaíocht nua AE chun foréigean i gcoinne na mban a chomhrac
I mí Aibreán 2024, ghlac an Pharlaimint na chéad rialacha AE riamh maidir le foréigean i gcoinne na mban a chomhrac. Leagtar béim leis ar rialacha níos déine a chur i bhfeidhm i gcoinne an cibearfhoréigin, cabhair níos fearr a thabhairt d'íospartaigh, chomh maith le céimeanna chun sainmhíniú níos cruinne a thabhairt ar thoiliú gnéasach.
Leagtar amach sna rialacha nua treoirlínte faoi leith maidir le coireanna a dhéantar ar líne, amhail nochtadh sonraí príobháideacha agus grianghraif gháirsiúla a sheoladh do dhaoine. Beidh ceangal ar thíortha an Aontais a reachtaíocht náisiúnta a chur in oiriúint do na riachtanais nua faoi mhí an Mheithimh 2027 ar a dhéanaí.
Ina theannta sin, is coir é an foréigean i gcoinne ionadaithe poiblí , iriseoirí agus cosantóirí ar chearta an duine faoin treoir seo.
Bíonn sé mar aidhm freisin ag reachtaíocht AE ar chosaint príobháideachais srian a chur leis an gcibearfhoréigean. Mar shampla, cuireann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha ceangal ar ardáin mhóra san Aontas Eorpach ábhair neamhdhleathacha a bhaint ó na suíomhanna gréasáin atá acu. Ceaptar go gcabhróidh sé seo le híomhánna dlúthphearsanta nó hionramháilte a bhaint a roinntear ar an idirlíon gan toiliú an duine atá iontu.
Sábháilteacht ar líne mar ábhar cainte i Seachtain um Chomhionannas Inscne 2024
Teastaíonn ón bParlaimint béim a leagadh agus réitigh a fháil ar an méadú atá tagtha ar fhadhb an chiaptha ar líne, chomh maith leis an gcibearfhoréigean. Is dá bharr a roghnaíodh Mná sa Saol Digiteach: Sábháilteacht agus Cumhachtú mar phríomhábhar Sheachtain um Chomhionannas Inscne 2024.
Eagraíonn coistí, toscaireachtaí, grúpaí polaitíochta agus riarachán na Parlaiminte imeachtaí don tseachtain seo. Gheofar tuilleadh eolais sa chlár.
Conas a chuireann Parlaimint na hEorpa comhionannas inscne chun cinn
Cosnaíonn Parlaimint na hEorpa cearta na mban ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá reachtaíocht chinniúnach tagtha i bhfeidhm toisc a hiarrachtaí chun comhionannas inscne a chur chun cinn san áit oibre, sa pholaitíocht agus i réimsí eile. Cumhdaítear leis na bearta nua, atá ceangailteach ó thaobh dlí, réimse leathan ábhar: deireadh a chur le neamhionannas pá, deireadh a chur le leithcheal bunaithe ar inscne, borradh a chur faoi ghuth na mban ar bhoird chorparáide agus foiréigean i gcoinne na mban a chomhrac.