Tar éis na dtoghchán Eorpach, comhdhéanfar Parlaimint nua na hEorpa, formheasfaidh feisirí an Coimisiún Eorpach nua agus leanfar ar aghaidh ag obair ar reachtaíocht AE.
Tá toghcháin Eorpacha 2024 tagtha chun deiridh. Ó fheachtas faisnéise na Parlaiminte go dtí torthaí na dtoghchán agus na céad chéimeanna eile, seo chugat gach eolas cuí.
Seasann feisirí ar do shon i bpróisis chinnteoireachta an Aontais. Bain leas as na hacmhainní ar shuíomh na Parlaiminte chun foghlaim faoin méid a dhéanann siad agus mar a vótálann siad.
Tá páirtithe polaitiúla Eorpacha tar éis a n-iarrthóirí a chur in iúl do phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Féach ar an díospóireacht i bParlaimint na hEorpa ar an 23 Bealtaine.
Tá Roberta Metsola ag iarraidh ar gach duine againn ár vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha ón 6-9 Meitheamh toisc go n-imreoidh cinntí na bhfeisirí a thoghfar tionchar orainn ar fad.
Foghlaim faoi agus glac páirt i bpobal lecheile.eu: pobal atá bunaithe ar chomhluachanna Eorpacha agus an creideamh comónta atá againn ar fad i gcumhacht an daonlathais.
Tá athruithe móra tagtha ar fhógraíocht pholaitiúil ar líne de bharr teicneolaíochtaí digiteacha a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don daonlathas mura ndéantar smacht a choimeád orthu.
Gach cúig bliana bíonn deis agat do chuid feisirí a roghnú sna toghcháin Eorpacha, ach an raibh a fhios agat go mbíonn tionchar agat ar chruth institiúidí eile an Aontais?