TUARASCÁILar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
25.2.2025-( – C9‑0448/2023 – )-***
An Coiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Dimitris Tsiodras
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
( – C9‑0448/2023 – )
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0448/2023),
–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20Márta2024[1],
–ag féachaint do Riail60 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0019/2025),
1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
ú1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
(1)Tá cuspóir leagtha síos ag an gCoimisiún, ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’2, gur cheart go n-aistreofaí i dtreo próisis ‘substaint amháin, measúnú amháin’ i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceán, ag iarraidh próisis measúnaithe riosca níos trédhearcaí agus níos simplí chun an t-ualach ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun dlús a chur le cinnteoireacht, agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht na gcinntí agus na dtuairimí eolaíocha a mhéadú. Is é conclúid an Choimisiúin, ina Theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht3, chun an cuspóir sin a bhaint amach, gur gá cuid den obair eolaíoch agus theicniúil ar cheimiceáin a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun tacú le reachtaíocht an Aontais a athshannadh ar na gníomhaireachtaí is oiriúnaí de chuid an Aontais. Leis sin, dhéanfaí an leagan amach atá ann faoi láthair a shimpliú, chuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar chomhleanúnachas na measúnuithe sábháilteachta ar fud reachtaíocht an Aontais, agus d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainní atá ann cheana. |
(1)Tá cuspóir leagtha síos ag an gCoimisiún, ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’2, gur cheart go n-aistreofaí i dtreo próisis ‘substaint amháin, measúnú amháin’ i measúnuithe ar shábháilteacht cheimiceán, ag iarraidh próisis measúnaithe riosca níos trédhearcaí agus níos simplí chun an t-ualach ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun dlús a chur le cinnteoireacht, agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht na gcinntí agus na dtuairimí eolaíocha a mhéadú. Is é conclúid an Choimisiúin, ina Theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht3, chun an cuspóir sin a bhaint amach, gur gá cuid den obair eolaíoch agus theicniúil ar cheimiceáin a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun tacú le reachtaíocht an Aontais a athshannadh ar na gníomhaireachtaí is oiriúnaí de chuid an Aontais. Leis sin, dhéanfaí an leagan amach reatha a shimpliú, chuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar chomhleanúnachas na measúnuithe sábháilteachta ar fud reachtaíocht an Aontais, agus d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainní atá ann cheana. Meastar chomh maith go gcuirfidh an cur chuige sin cost-éifeachtúlacht agus iomaíochas chun cinn trí nósanna imeachta rialála a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú, rud a áiritheoidh gur féidir le gnóthaí iad féin a chur in oiriúint go héifeachtúil do chreataí rialála atá ag teacht chun cinn. |
__________________ |
__________________ |
2 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, ( final an 11Nollaig2019). |
2 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, ( final an 11Nollaig2019). |
3 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] ( final an 14Deireadh Fómhair2020. |
3 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] ( final an 14Deireadh Fómhair2020. |
ú2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
(2)Is gá cúraimí eolaíocha agus teicniúla áirithe a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun próisis agus leibhéil an ghrinnscrúdaithe eolaíoch agus an digitithe a ailíniú le caighdeáin agus próisis reatha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Tá gá leis sin freisin chun caighdeán comhsheasmhach cáilíochta eolaíche, trédhearcachta, inchuardaitheachta sonraí agus idir-inoibritheachta a áirithiú, i gcomhréir leis an uaillmhian ‘substaint amháin, measúnú amháin’. |
(2)Is gá cúraimí eolaíocha agus teicniúla áirithe a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun próisis agus leibhéil an ghrinnscrúdaithe eolaíoch agus an digitithe a ailíniú le caighdeáin agus próisis reatha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Tá gá leis sin freisin chun caighdeán comhsheasmhach cáilíochta eolaíche, trédhearcachta, inchuardaitheachta sonraí agus idir-inoibritheachta a áirithiú, i gcomhréir leis an uaillmhian ‘substaint amháin, measúnú amháin’. Thairis sin, leis an digitiú agus le próisis chuíchóirithe laghdófar iarrachtaí dúblacha agus moilleanna riaracháin, ina soláthrófar coigilteas suaithinseach costais agus gnóthachain éifeachtúlachta do na Ballstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon |
ú3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(6a)Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta dá dtagraítear i dTreoir 2011/65/AE chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, don chomhshaol agus do shábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú. Is iomchuí tréimhse athbhreithnithe 36 mhí ar a laghad a shocrú, agus forbairtí sa mhargadh agus dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á gcur i gcuntas, agus ós féidir leis na Ballstáit sainchomhaid maidir le srianta a chur isteach tráth ar bith agus gur féidir bearta sriantacha cothrománacha a thionscnamh agus a ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Rialachán (AE) 2019/1021 nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceán guaiseach. |
ú4
Togra le haghaidh treorach
Aithris8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
(8)Chun forálacha nós imeachta a leasú faoi Threoir2011/65/AE, tá gá le hidirthréimhse 12mhí chun leithdháileadh iomchuí acmhainní agus cúraimí a cheadú don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. Meastar gur leordhóthanach an tráthchlár sin chun ligean d’iarratasóirí féideartha nó do na Ballstáit dul in oiriúint do na céimeanna nós imeachta modhnaithe faoin Treoir sin. |
(8)Chun forálacha nós imeachta a leasú faoi Threoir2011/65/AE, tá gá le hidirthréimhse 18mí chun leithdháileadh iomchuí acmhainní agus cúraimí a cheadú don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. Meastar gur leordhóthanach an tráthchlár sin chun ligean d’iarratasóirí féideartha nó do na Ballstáit dul in oiriúint do na céimeanna nós imeachta modhnaithe faoin Treoir sin. |
ú5
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe1 – pointea
Treoir2011/65/AE
Airteagal 5 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
I gcás nach gcomhlánaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas leis na heilimintí atá in easnamh arna sainaithint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinnV laistigh den sprioc-am a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe(c), féadfaidh an Ghníomhaireacht an t-iarratas sin a dhiúltú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an dáta a measfar an t-iarratas a bheith iomlán a bhunú agus a chur in iúl don iarratasóir gan moill mhíchuí. |
I gcás nach gcomhlánaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas leis na heilimintí atá in easnamh arna sainaithint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinnV laistigh den sprioc-am a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe(c), 徱úó an Ghníomhaireacht don iarratas sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an dáta a measfar an t-iarratas a bheith iomlán a bhunú agus a chur in iúl don iarratasóir gan moill mhíchuí. |
ú6
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe1 – pointeb
Treoir2011/65/AE
Airteagal5 – mír4a – fomhír5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht cad iad na codanna dá tuairimí agus d’aon cheangaltán a ghabhann leo ba cheart a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus cuirfidh sí na codanna sin ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin. |
Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht cad iad na codanna dá tuairimí agus d’aon cheangaltán a ghabhann leo ba cheart a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus cuirfidh sí na codanna sin ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, lena n-áirítear aon iarrataí a dhéantar i gcomhréir le pointe (c) den dara fomhír. |
ú7
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b a (nua)
Treoir2011/65/AE
Airteagal5 – mír5
|
|
An téacs reatha |
ú |
|
(ba)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír5: |
5. Déanfar iarratas chun díolúine a athnuachan tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dhul in éag na díolúine. Beidh an díolúine reatha fós bailí go dtí go mbeidh cinneadh ar an iarratas ar athnuachan déanta ag an gCoimisiún. |
"5. Déanfar iarratas chun díolúine a athnuachan tráth nach déanaí ná 18 mí roimh dhul in éag na díolúine. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de shé mhí tar éis na tuairimí a fháil ón nGníomhaireacht. Beidh an díolúine reatha fós bailí go dtí go mbeidh cinneadh ar an iarratas ar athnuachan déanta ag an gCoimisiún.” |
(32011L0065)
ú8
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe a
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal1 a ghnóthú agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, agus leasú ar liosta na substaintí srianta in IarscríbhinnII a mheas, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin ar a thionscnamh féin nó tar éis sainchomhad sriantach arna ullmhú ag Ballstát ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír2 a thíolacadh.; |
D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal1 a ghnóthú agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, agus leasú ar liosta na substaintí srianta in IarscríbhinnII a mheas, agus go tréimhsiúil agus ar a laghad gach 36 mhí ina dhiaidh sin ar a thionscnamh féin nó tar éis sainchomhad sriantach arna ullmhú ag Ballstát ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír2 a thíolacadh.; |
ú9
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
Beidh an t-athbhreithniú agus an leasú ar an liosta de shubstaintí srianta in IarscríbhinnII bunaithe ar shainchomhaid maidir le srianta arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna n-ullmhú ag Ballstát. |
Beidh an t-athbhreithniú agus an leasú ar an liosta de shubstaintí srianta, nó grúpa substaintí, in IarscríbhinnII bunaithe ar shainchomhaid maidir le srianta arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna n-ullmhú ag Ballstát. |
ú10
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
Déanfaidh an Ghníomhaireacht nó Ballstát aon fhaisnéis atá ar fáil agus aon mheasúnú riosca ábhartha a cuireadh isteach chun críocha reachtaíocht eile de chuid an Aontais a chumhdaíonn saolré na substainte a úsáidtear in TLL, an chéim dramhaíola go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh. |
Déanfaidh an Ghníomhaireacht nó Ballstát aon fhaisnéis atá ar fáil agus aon mheasúnú ábhartha a cuireadh isteach chun críocha reachtaíocht eile den Aontas a chumhdaíonn aon chuid de shaolré na substainte a úsáidtear in TLL, an chéim dramhaíola go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúram comhchosúil á chur i gcrích acu faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh. |
ú11
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(-a)aitheantas na substaine; |
ú12
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(-aa)foclaíocht bheacht agus shoiléir don iontráil den srianadh molta in Iarscríbhinn II; |
ú13
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe -a b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(-ab)tagairtí agus fianaise eolaíoch le haghaidh an tsrianta; |
ú14
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(ba)faisnéis ar roghanna féideartha eile, a n-infhaighteacht agus a n-oiriúnacht; |
ú15
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(bb)réasúnú chun srianadh uile-Aontais a bhreithniú mar an beart is iomchuí. |
ú16
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe3 – pointe c
Treoir2011/65/AE
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(bc)measúnú socheacnamaíoch |
Amendment17
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal1 – mír1 – pointe4 a (nua)
Treoir2011/65/AE
Airteagal 20 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(4a)In Airteagal20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas : |
|
“1.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13Aibreán2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. |
ú18
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Treoir2011/65/AE
Airteagal 24 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
|
(4b)In Airteagal24, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
“2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid maidir le hacmhainní na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus cúraimí, ualach oibre agus sainchúram choistí eolaíocha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus, i gcás inar gá, tíolacfaidh sé togra reachtach chun aon riachtanais de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán a eascraíonn as na cúraimí a thugtar isteach leis an Rialachán seo a léiriú agus chun rialachas a choistí eolaíocha a fheabhsú. " |
ú19
Togra le haghaidh treorach
Airteagal2 – mír1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
ú |
Beidh feidhm ag na forálacha faoin Treoir sin ón [IO: 12mhí tar éis fhoilsiú na Treorach sin]. |
Beidh feidhm ag na forálacha faoin Treoir seo ó [IO: 18 mí tar éis fhoilsiú na Treorach seo]. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Go ginearálta, measann an rapóirtéir go bhfuil Bunrialachán de dhíth ar ECHA chun a áirithiú go mbeidh sé oiriúnach don todhchaí agus gur féidir leis spriocanna agus uaillmhianta an Aontais a bhaint amach maidir le sábháilteacht ceimiceán, an tsláinte agus an comhshaol a chosaint agus tacú le hiomaíochas. Chun simpliú agus solúbthacht a áirithiú, ba cheart, leis an mbunrialachán, deis a thabhairt do ECHA líne bhuiséid aonair a bheith aige dá ranníocaíocht ón Aontas agus deis a bheith aige cúlchiste a thiomargadh ó tháillí.
Measann an rapóirtéir go mbeidh tionchar suntasach ag athshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla ar ECHA. Beidh gá le hathstruchtúrú ar obair na Gníomhaireachta chun a áirithiú gur féidir lena Ǿí déileáil leis an ualach oibre méadaithe gan baint de cháilíocht, poncúlacht agus tráthúlacht a gcuid oibre.
Sa chomhthéacs sin, is dócha go ndéanfar plé ar struchtúir nua – coistí nó meithleacha – chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann déileáil go héifeachtach leis na cúraimí nua. Ina theannta sin, is gá na struchtúir atá ann cheana (an Coiste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch) a threisiú.
Chomh maith leis an ngá atá le buiséad agus soláthar foirne breise, ní mór machnamh a dhéanamh ar bhunú agus eagrú na hoibre. Gan aon soiléireacht i dtaobh struchtúr choistí eolaíocha na Gníomhaireachta amach anseo, ní féidir socrú ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh na hacmhainní atá beartaithe leordhóthanach don Ghníomhaireacht chun an t-ualach oibre méadaithe a bhainistiú.
Tá sé fíorthábhachtach go nglacfar togra le haghaidh Bunrialachán de ECHA, toisc go gcuirfidh sé ar chumas na Gníomhaireachta na cúraimí nua a chomhtháthú go rianúil agus go héifeachtúil.
I ndáil leis sin, molann an rapóirtéir idirthréimhse atá níos faide ná an tréimhse 12mhí arna leagan amach sa togra dlíthiúil. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ó níl sé beartaithe aon acmhainní airgeadais ná daonna a sholáthar do ECHA faoi láthair go dtí go nglacfar an téacs dlíthiúil agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINEÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
De bhun Airteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sé ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na dréacht-tuarascála:
Eintiteas agus/nó duine |
CEFIC |
COSMETICS EUROPE |
EFPIA |
SFEE (Hellenic Association of Pharmaceutical Companies) |
BASF |
EFEO |
ECHA |
L'Oréal group in Europe |
AnimalhealthEurope |
ClientEarth |
European Environmental Bureau (EEB) |
FuelsEurope |
EFSA |
EEA |
EMA |
Croplife Europe |
DOW |
AESPG |
AISE |
SMEunited |
DUCC (Downstream Users of Chemicals Co-ordination group) |
SEVAS (Association of the Greek Industry of Detergents and Soaps) |
Eurometaux |
Eurocolour |
Déantar an liosta thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara.
I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir ainm, feidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sé Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh.484 (/data-protect/index.do) a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Re-attribution of scientific and technical tasks to the European Chemicals Agency |
|||
ղí |
– C9-0448/2023 – |
|||
Dáta tíolactha chun na Parlaiminte |
7.12.2023 |
|
|
|
An coiste freagrach/Na coistí freagracha |
ENVI |
|
|
|
鲹óéí Dáta an cheapacháin |
Dimitris Tsiodras 7.8.2024 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
25.11.2024 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
18.2.2025 |
|
|
|
|
BUDG |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
71 3 7 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Grégory Allione, Vytenis Povilas Andriukaitis, Pascal Arimont, Bartosz Arłukowicz, Sakis Arnaoutoglou, Anja Arndt, Thomas Bajada, Barbara Bonte, Stine Bosse, Lynn Boylan, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Annalisa Corrado, Antonio Decaro, Ondřej Dostál, Pietro Fiocchi, Emma Fourreau, Anne-Sophie Frigout, Heléne Fritzon, Gerben-Jan Gerbrandy, Andreas Glück, Hanna Gronkiewicz-Waltz, Anja Hazekamp, Esther Herranz García, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Romana Jerković, Radan Kanev, Stefan Köhler, Ewa Kopacz, András Tivadar Kulja, Katri Kulmuni, Peter Liese, Javi López, César Luena, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Ignazio Roberto Marino, Tilly Metz, Dolors Montserrat, Dan-Ştefan Motreanu, Jana Nagyová, Rasmus Nordqvist, Jacek Ozdoba, Jutta Paulus, Carola Rackete, Massimiliano Salini, Silvia Sardone, Majdouline Sbai, Lena Schilling, Jonas Sjöstedt, Sander Smit, Claudiu-Richard Târziu, Ingeborg Ter Laak, Beatrice Timgren, Dimitris Tsiodras, Filip Turek, Ana Vasconcelos, Aurelijus Veryga, Kristian Vigenin, Alexandr Vondra, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Milan Zver |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Stefano Cavedagna, Per Clausen, Valérie Deloge, Gabriella Gerzsenyi, Jens Gieseke, Sunčana Glavak, Nicolás González Casares, Michalis Hadjipantela, Matteo Ricci, Chloé Ridel, André Rodrigues, Bruno Tobback, Raffaele Topo, Laurence Trochu |
|||
í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Salvatore De Meo, Nora Junco García, Alexander Jungbluth, Julien Leonardelli |
|||
Dáta don chur síos |
25.2.2025 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH
71 |
+ |
ECR |
Stefano Cavedagna, Pietro Fiocchi, Nora Junco García, Jacek Ozdoba, Claudiu-Richard Târziu, Beatrice Timgren, Laurence Trochu, Aurelijus Veryga, Alexandr Vondra |
PPE |
Pascal Arimont, Bartosz Arłukowicz, Salvatore De Meo, Gabriella Gerzsenyi, Jens Gieseke, Sunčana Glavak, Hanna Gronkiewicz-Waltz, Michalis Hadjipantela, Esther Herranz García, Radan Kanev, Stefan Köhler, Ewa Kopacz, András Tivadar Kulja, Peter Liese, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Dolors Montserrat, Dan-Ştefan Motreanu, Massimiliano Salini, Sander Smit, Ingeborg Ter Laak, Dimitris Tsiodras, Milan Zver |
Renew |
Grégory Allione, Stine Bosse, Pascal Canfin, Gerben-Jan Gerbrandy, Andreas Glück, Martin Hojsík, Katri Kulmuni, Ana Vasconcelos, Emma Wiesner, Michal Wiezik |
S&D |
Vytenis Povilas Andriukaitis, Sakis Arnaoutoglou, Thomas Bajada, Delara Burkhardt, Annalisa Corrado, Antonio Decaro, Heléne Fritzon, Nicolás González Casares, Romana Jerković, Javi López, César Luena, Matteo Ricci, Chloé Ridel, André Rodrigues, Bruno Tobback, Raffaele Topo, Kristian Vigenin |
The Left |
Lynn Boylan, Per Clausen, Emma Fourreau, Anja Hazekamp, Carola Rackete, Jonas Sjöstedt |
Verts/ALE |
Pär Holmgren, Ignazio Roberto Marino, Tilly Metz, Rasmus Nordqvist, Jutta Paulus, Majdouline Sbai, Lena Schilling |
3 |
- |
ESN |
Anja Arndt, Alexander Jungbluth |
PfE |
Filip Turek |
7 |
0 |
NI |
Ondřej Dostál |
PfE |
Barbara Bonte, Valérie Deloge, Anne-Sophie Frigout, Julien Leonardelli, Jana Nagyová, Silvia Sardone |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+:i bhfabhar
-:i gcoinne
0:staonadh ó vótáil
- [1] IO C, C/2024/3381, 31.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52023AE5710.