Ϸվ

ճܲá - A10-0079/2025ճܲá
A10-0079/2025

TUARASCÁILar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh

25.4.2025-( – C10‑0041/2025 – )-***

An Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Borys Budka


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A10-0079/2025
Téacsanna arna gcur síos :
A10-0079/2025
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh

( – C10‑0041/2025 – )

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),

ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C10‑0041/2025),

ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Márta 2025[1],

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ...[2],

ag féachaint do Riail60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0079/2025),

1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

𲹲ú1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

de bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3] mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann leis an soláthar gáis agus ar mhéaduithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar phraghsanna de dheasca géarú ar chogadh foghach leantach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó bhí mhí Feabhra 2022 ann, rud a spreag an tAontas chun gníomhú ar bhealach comhordaithe cuimsitheach chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh suaitheadh breise sa soláthar gáis a sheachaint.

(2)Le Rialachán (AE) 2022/1032, leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 trí chreat dlíthiúil sealadach a thabhairt isteach le haghaidh bearta maidir le leibhéal líonta saoráidí stórála faoi thalamh chun slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a neartú, go háirithe soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint.

(3)Leis na saoráidí stórála gáis, rannchuidítear foráil maidir le 30% de thomhaltas gáis an Aontais le linn mhíonna an gheimhridh, agus leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá líonta go maith chomh maith le laghdú ar an éileamh ar ghás go mór le slándáil an tsoláthair gáis trí ghás breise a chur ar fáil i gcás ina bhfuil éileamh mór nó suaitheadh sa soláthar.

(4)Sprioc shainordaitheach a leagan síos chun a áirithiú go mbeadh saoráidí stórála gáis 90% lán faoin 1Samhain (sprioc líonta), mar aon le sraith spriocanna idirmheánacha do gach Ballstát i mí Feabhra, i mí na Bealtaine, i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair den bhliain ina dhiaidh sin ▌(conair líonta), le linn na géarchéime fuinnimh lenar spreagadh cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus soláthairtí gáis na Rúise á n-úsáid aici mar uirlis troda, cruthaíodh go raibh sé sin bunriachtanach chun an dá rud seo a leanas araon a bhaint amach: (i) na ganntanais soláthair gáis a shárú; agus (ii) éiginnteachtaí sa mhargadh agus luaineacht praghsanna a laghdú.

(5)D’ainneoin feabhas mór a bheith tagtha ar staid an mhargaidh gáis i gcomparáid leis an ٰé 2022-2023 ▌, tá margadh gáis na hEorpa fós teann agus tá an staid gheopholaitiúil fós doiléir. D’fhéadfadh iomaíocht níos láidre le haghaidh soláthairtí domhanda GNL neamhchosaint na mBallstát ar luaineacht praghsanna a mhéadú. ▌Sa chás sin, tá ról na stórála gáis ríthábhachtach i gcónaí. ▌

(6)De bhun Rialachán (AE) 2017/1938, tá oibleagáid ar na á conair líonta bhliantúil a leanúint agus a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta faoin 1 Samhain gach bliain, rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2025.

(6a)Ó 2022 i leith, d’éirigh go mór leis an Aontas soláthairtí gáis a dhéanamh níos sláine trí allmhairí GNL ó chomhpháirtithe iontaofa domhanda a mhéadú agus tá sé mar aidhm aige deireadh iomlán a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, agus iad ag cur leis an dul chun cinn ar REPowerEU. Tá saoráidí nua athghásaithe agus críochfoirt chalafoirt forbartha ag an Aontas, agus margadh gáis leachtach á bhunú aige ag an am céanna, rud lena n‑áiritheofar athléimneacht láidir i gcoinne suaití a d’fhéadfadh a bheith ann sna soláthairtí píblíne atá fágtha ag an Rúis.

(6b)Ní mór an timpeallacht athraithe pholaitiúil dhomhanda a chur san áireamh maidir le hiontaofacht na soláthróirí gáis agus na dtíortha soláthair gáis.

(7)I bhfianaise rath na hEorpa an riosca a bhaint dá struchtúr allmhairithe gáis, ní mór don chreat foriomlán riachtanas an Aontais a chomhlíonadh maidir le gás nádúrtha cothromaíocht a bhaint amach idir slándáil fuinnimh agus filleadh ar phrionsabail mhargadhbhunaithe. Dá bhrí sin, ní mór dó a bheith solúbtha go leor le linn an tséasúir líonta chun freagairt thapa a thabhairt ar dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus go háirithe chun leas a bhaint as na dálaí ceannaigh is fearr chun praghsanna gáis a laghdú san Eoraip. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc líonta a ísliú go 83%

(8)Chun cobhsaíocht an mhargaidh a fheabhsú agus chun maolú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luaineacht mhíchuí praghsanna ann a d’fhéadfadh eascairt as spriocanna líonta idirmheánacha, is iomchuí solúbthacht mhéadaithe a sholáthar maidir le líonadh stórála. Dá bhrí sin, ba cheart do na á pleananna táscacha líonta a sholáthar ar bhonn bliantúil lena bhféadfaí conair líonta ٳá a áireamh i gcás inarb iomchuí agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir le líonadh stórála ar bhealach ina mbeidh solúbthacht leordhóthanach ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh i rith na bliana, agus Moladh (2025)1481 á chur san áireamh.

(8a)Ba cheart an deis a bheith ag na á imeacht suas le ceithre phointe céatadáin ón sprioc líonta i gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha, a bhaineann, inter alia, le tosca amhail soláthar agus éileamh agus iomaíocht, nó i gcás gníomhaíochtaí trádála a chuireann bac ar líonadh stórála costéifeachtach, a chuireann teorainn shuntasach leis an gcumas a áirithiú go mbeidh na stórais gháis líonta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(8b)Thairis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh, ar feadh séasúr líonta amháin, ar leibhéal an imeachta ceadaithe de cheithre phointe céatadáin trí é a mhéadú suas le ceithre phointe céatadáin sa bhreis, i gcás dálaí margaidh atá neamhfhabhrach go leanúnach.

(8c)Níor cheart go ndéanfadh éifeachtaí carnacha na solúbthachtaí agus na maoluithe sa Rialachán seo na hoibleagáidí foriomlána líonta stórála a laghdú faoi bhun 75%.

(9)Leis an measúnú ón gCoimisiún ar an gcreat slándála fuinnimh atá ann faoi láthair, deimhníodh tionchar dearfach na gceanglas stórála agus líonta ar shlándáil an tsoláthair gáis agus ba cheart na héifeachtaí dearfacha sin a chaomhnú tar éis 2025. Ní hamháin go rannchuideodh leathnú na mbeart sin le slándáil an tsoláthair a choimirciú go leanúnach, ach bheadh sé ina phríomhionstraim freisin in iarrachtaí an Aontais deireadh a chur lena spleáchas ar allmhairí gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise.

(9a)Ag an am céanna, ba cheart don Rialachán seo freagairt d’athruithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sna margaí gáis nádúrtha agus rannchuidiú leis an gcuspóir straitéiseach praghsanna fuinnimh a laghdú agus filleadh de réir a chéile i dtreo sásraí margadhbhunaithe le haghaidh athlíonadh stórála a éascú.

(9b)Chun slándáil an tsoláthair agus an leibhéal iomchuí líonta a choinneáil ar bun, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar an margadh agus féachaint ar bhealaí a d’fhéadfadh cabhrú leis an sprioc líonta a bhaint amach, mar shampla trí úsáid a bhaint as comhiomlánú éilimh agus sásraí ceannaigh chomhpháirtigh.

(10)Is gá, dá bhrí sin, síneadh 2 bhliain a chur leis na forálacha ábhartha maidir le líonadh stórais gáis lena gcuirtear ar fáil intuarthacht agus trédhearcacht maidir le húsáid saoráidí stórála gáis ar fud an Aontais agus roinnt solúbthachta a thabhairt isteach sa Rialachán seo ag an am céanna.

(10a)I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus simpliú, agus i gcomhréir leis an bhfeabhas foriomlán ar chreat slándála fuinnimh an Aontais, ba cheart go gcuirfeadh an faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin seo níos mó muiníne as acmhainneachtaí riaracháin na mBallstát. Ba cheart an t‑ualach maoirseachta ar an gCoimisiún a laghdú dá réir, agus aistríodh i dtreo oibleagáidí tuairiscithe níos éadroime agus nósanna imeachta cuíchóirithe. Leis an gcur chuige sin, neartaítear prionsabal na coimhdeachta, seachnaítear castacht riaracháin nach bhfuil gá léi, agus tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí simplithe an Choimisiúin mar a leagtar amach ina Chlár Oibre 2025.

(10b)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1938 in am trátha agus roimh 2027 chun é a oiriúnú don tírdhreach fuinnimh a bhíonn ag síorathrú agus chun machnamh a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo maidir le stóráil gáis. I measc saincheisteanna eile, ba cheart aghaidh a thabhairt in aon leasú ar theorainneacha an tsainmhínithe atá ann faoi láthair ar ‘custaiméirí cosanta’, ar chosc a chur ar amhantraíocht ar na margaí gáis agus ar ghníomhaíochtaí amhantracha lena ndéantar praghsanna a bhoilsciú go saorga, ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh as a n-eascraíonn laghdú infhíoraithe ar an éileamh ar ghás agus ar an gcaoi a bhféadfadh na á é sin a úsáid chun tuilleadh solúbthachtaí a fháil agus breithniú a dhéanamh ar an gcreat faoi mheascán fuinnimh atá ag athrú a mbeidh ról méadaithe aige mar fhoinsí malartacha ar ghás amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite, hidrigin mar aon le ról na héifeachtúlachta fuinnimh.

(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁNSEO A GHLACADH:

Airteagal 1

𲹲ú ar Rialachán (AE) 2017/1938

𲹲íٱ𲹰 Rialachán (AE) 2017/1938 mar a leanas:

(1)in Airteagal2, scriostar pointe27;

(2)leasaítear Airteagal6a mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘An sprioc líonta’;

(b)i mír1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.Faoi réir mhíreanna 2 go 5, comhlíonfaidh na á an sprioc líonta de 83% maidir le hacmhainn chomhiomlán gach saoráide stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit féin agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ar a gcríoch agus i gcás na saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib ag am ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig gach bliain.’;

(c)cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘5. D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh na á a chinneadh imeacht suas le ceithre phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1 do gach Ballstát, más rud é go bhfuil dálaí an mhargaidh neamhfhabhrach chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh.

5b.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil dálaí margaidh atá neamhfhabhrach go leanúnach, agus ar choinníoll nach mbaintear an bonn de shlándáil sholáthar an Aontais agus na mBallstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a leasú tríd an imeacht ceadaithe do Bhallstáit a mhéadú suas le 4 phointe céatadáin, mar a leagtar síos i mír 5a.

Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe an leibhéal líonta stórála sna á, an soláthar domhanda gáis, ionchas soláthair séasúrach ENTSOG, agus tásca cúblála margaidh. Féadfaidh sé bearta na mBallstát a chur san áireamh freisin, amhail bearta chun an t-éileamh ar ghás a laghdú le haghaidh gáis lena mbaintear amach laghduithe coibhéiseacha ar ghás le linn an tséasúir aistarraingthe ina dhiaidh sin.

5c.Féadfaidh na á dá dtagraítear i mír 2, faoi na coinníollacha céanna dá bhforáiltear i mír 5a, a chinneadh imeacht suas le 1.55% faoi bhun an mhéid a leagtar amach i mír 2.

5d.Sula n-úsáidfidh gach Ballstát aon cheann de na himeachtaí dá bhforáiltear i míreanna 5a agus 5c, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún agus soláthróidh sé údar cuí lena chinneadh gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go pras faoi éifeachtaí carnacha na n-imeachtaí uile de bhun mhíreanna 5a agus 5c agus aon Bhallstáit a ndéantar difear díreach dóibh.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.Chun an sprioc líonta a bhaint amach, déanfaidh na á gach beart is gá agus féachfaidh siad leis an bplean líonta a shainmhínítear i gcomhréir le mír 7 a leanúint.

7.Déanfaidh na á a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu plean líonta táscach don bhliain féilire iomlán a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha chun an sprioc bhliantúil líonta stórála gáis a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. Áireofar sa phlean faisnéis theicniúil maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch agus beidh sé idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh i bhfoirm chomhiomlán.’;

(e)scriostar mír8;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 10 agus 11:

‘10.Déanfaidh údarás inniúil gach á faireachán leanúnach ar an gcomhlíontacht maidir leis an sprioc líonta mar a leagtar amach i bplean líonta agus tuairisceoidh sé go tráthrialta agus uair sa mhí ar a laghad don choimisiún agus do GCG. Má fhoráiltear nach féidir an sprioc a bhaint amach, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan mhoill, bearta éifeachtacha chun an sprioc a bhaint amach. Cuirfidh na á an Coimisiún agus GCG ar an eolas maidir leis na Bearta a rinneadh.

11.I gcás ina n-imeoidh Ballstát go suntasach agus go marthanach ón bplean líonta, rud a chuireann comhlíonadh na sprice líonta i mbaol nó i gcás ina n-imeoidh sé ón sprioc líonta, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG agus leis na á lena mbaineann, moladh a eisiúint don Bhallstát sin nó do na á eile lena mbaineann maidir le bearta atá le déanamh láithreach chun an t-imeacht a leigheas nó chun an tionchar ar shlándáil an tsoláthair a íoslaghdú, i bhfianaise inter alia dálaí margaidh neamhfhabhracha a d’fhéadfadh a bheith ann agus sainiúlachtaí na mBallstát, amhail saintréithe teicniúla agus méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, tábhacht laghdaitheach na saoráidí stórála gáis calracha faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an acmhainn stórála GNL atá ann cheana.

11a.I gcás nach gcomhlíonann Ballstát an sprioc líonta a leagtar síos i mír 1, rud a chuireann slándáil sholáthar an Aontais i mbaol, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena socrófar plean líonta don Bhallstát sin don bhliain ina dhiaidh sin, bunaithe ar an bhfaisnéis theicniúil arna soláthar ag gach Ballstát agus an measúnú ar GCG á chur san áireamh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal18a(2). Beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair gáis agus ar fhorbairt ar an éileamh ar ghás agus ar fhorbairt an tsoláthair gáis san Aontas agus i má aonair d’fhonn slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú.’;

(3)leasaítear Airteagal6b mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘An sprioc líonta a chur chun feidhme’;

(b)i mír1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

1.Déanfaidh na á gach beart is gá, chun na spriocanna líonta de bhun Airteagal6a a chomhlíonadh. Agus comhlíonadh na sprice líonta á áirithiú acu, tabharfaidh na á tús áite, i gcás inar féidir, do bhearta margadhbhunaithe.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír2:

‘2.Beidh na bearta arna nglacadh ag na á de bhun mhír 1 teoranta don mhéid is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach. Sainmhíneofar na bearta sin go soiléir, agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás, ní mhéadóidh siad costais fuinnimh go míchuí agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol. Déanfaidh na á an Coimisiún agus GCG a chur ar an eolas maidir le haon beart den chineál sin.’;

(4)leasaítear Airteagal6c mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

‘1.Áiritheoidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Bhallstát sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i má a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Nollaig, d’úsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15% ar a laghad dá n-ídiú bliantúil gáis den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an5bliana roimhe sin sa Bhallstát nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Bhallstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15% de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Ballstát sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil.’;

(b)i mír2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Léireoidh na á nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonfaidh siad le mír 1 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.’;

(c)i mír 5, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘()áiritheoidh siad, faoin 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála do mheánúsáid, ar a laghad, nahacmhainne stórála na 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na á ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn Ib, i gcás saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe i mBallstát amháin nach gcumhdaítear le mír 5 ach atá nasctha go díreach le limistéar margaidh á eile, áiritheoidh an Ballstát eile sin, idir an 1 Deireadh Fómhair an 1 Nollaig, go gcomhfhreagróidh na toirteanna stórála, ar a laghad, don mheán-acmhainn stórála arna chur in áirithe ag an bpointe trasteorann ábhartha thar an 5 bliana roimhe sin.

(5)leasaítear Airteagal6d mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna1 agus 2:

‘1.Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta don údarás inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát sin (‘an t-údarás ainmnithe’) mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a

2.Déanfaidh an t-údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach á faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad gach mí na torthaí don Choimisiún gan aon mhoill. Cuirfidh an t-údarás inniúil faisnéis san áireamh freisin maidir leis an sciar gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise atá á stóráil sa Bhallstát sin, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.’;

(b)cuirtear an méid seo aleanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.Tabharfaidh GCG cúnamh don Choimisiún leis an bhfaireachán a dhéanfar ar an sprioc ▌líonta, agus forbróidh sé treoraíocht don Choimisiún maidir le bearta leormhaithe chun ailiniú níos fearr a áirithiú i gcás nach gcuireann na á bac ar na rátaí líonta a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sprioc líonta.

4a.I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún bearta chun feidhme a chuidíonn leis na á an sprioc líonta a bhaint amach, lena n‑áirítear bearta chun rannpháirtíocht a spreagadh sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2022/2576 (‘AggregateEU’)* .

5.Déanfaidh na á agus, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún na bearta is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a fhorfheidhmiú ar rannpháirtithe sa mhargadh. Féadfar a áireamh ar na bearta sin smachtbhannaí agus fíneálacha atá sách díspreagthach, amhail pionóis leormhaithe airgeadais.

___________________

*Rialachán (AE)2022/2576 ón gComhairle an 19Nollaig2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IOL335, 29.12.2022, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj).’;

(6)in Airteagal17a, mír1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(岹)an fhaisnéis faoin sciar gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a stóráiltear i stórais an Aontais, arna soláthar ag na á i gcomhréir le hAirteagal 6d(2).’;

(7)in Airteagal22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

‘Beidh feidhm ag Airteagal2, pointí (27) go (31), Airteagal 6a go Airteagal 6d, Airteagal16(3), Airteagal17a, Airteagal18a, Airteagal20(4) agus Iarscríbhinn Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.’;

(8)Scriostar IarscríbhinnIa.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus beidh feidhm leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINEÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

I gcomhréir le hAirteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sé ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas agus an tuarascáil á hullmhú aige, go dtí go nglacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

Eurogas

Energy Traders Europe

Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.

I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an rapóirtéir go ndearna sé Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh.484 (/data-protect/index.do) a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, ar fógra é lena leagtar amach na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh

ղí

– C10-0041/2025 –

Dáta tíolactha chun PE

5.3.2025

Coiste/coistí atá freagrach

ITRE

鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Borys Budka

29.1.2025

Pléite sa choiste

9.4.2025

Dáta an ghlactha

24.4.2025

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

64

10

12

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Wouter Beke, Tom Berendsen, Michael Bloss, Barbara Bonte, Paolo Borchia, Markus Buchheit, Borys Budka, João Cotrim De Figueiredo, Raúl de la Hoz Quintano, Elena Donazzan, Matthias Ecke, Sofie Eriksson, Jan Farský, Niels Fuglsang, Bruno Gonçalves, Nicolás González Casares, Giorgio Gori, Niels Flemming Hansen, Eero Heinäluoma, Ivars Ijabs, Fernand Kartheiser, Seán Kelly, Rudi Kennes, Ondřej Krutílek, Eszter Lakos, Isabella Lövin, Yannis Maniatis, Sara Matthieu, Marina Mesure, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Thomas Pellerin-Carlin, Tsvetelina Penkova, Pascale Piera, Jüri Ratas, Aura Salla, Elena Sancho Murillo, Jussi Saramo, Paulius Saudargas, Diego Solier, Marcin Sypniewski, Beata Szydło, Dario Tamburrano, Bruno Tobback, Matej Tonin, Yvan Verougstraete, Mariateresa Vivaldini, Andrea Wechsler, Elena Yoncheva, Auke Zijlstra, Nicola Zingaretti

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christophe Bay, Adam Bielan, Marc Botenga, Andi Cristea, Kamila Gasiuk-Pihowicz, Chiara Gemma, Andreas Glück, Michalis Hadjipantela, Martin Hojsík, Radan Kanev, Katri Kulmuni, Sergey Lagodinsky, András László, Marion Maréchal, Virginijus Sinkevičius, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Pierre-Romain Thionnet, Francesco Torselli, Marie Toussaint

𾱲í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Marie-Luce Brasier-Clain, Krzysztof Brejza, Jaroslav Bžoch, José Cepeda, Vivien Costanzo, Ton Diepeveen, Siegbert Frank Droese, Anne-Sophie Frigout, Kinga Gál, Svenja Hahn, Andrzej Halicki, Ilia Lazarov, Jan-Christoph Oetjen, Vlad Vasile-Voiculescu, Axel Voss

Dáta don chur síos

25.4.2025


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH

64

+

ECR

Adam Bielan, Elena Donazzan, Chiara Gemma, Ondřej Krutílek, Marion Maréchal, Diego Solier, Beata Szydło, Francesco Torselli, Mariateresa Vivaldini

NI

Elena Yoncheva

PPE

Magdalena Adamowicz, Wouter Beke, Tom Berendsen, Krzysztof Brejza, Borys Budka, Raúl de la Hoz Quintano, Jan Farský, Kamila Gasiuk-Pihowicz, Michalis Hadjipantela, Andrzej Halicki, Niels Flemming Hansen, Radan Kanev, Seán Kelly, Eszter Lakos, Angelika Niebler, Jüri Ratas, Aura Salla, Paulius Saudargas, Matej Tonin, Axel Voss, Andrea Wechsler

Renew

João Cotrim De Figueiredo, Andreas Glück, Svenja Hahn, Martin Hojsík, Ivars Ijabs, Katri Kulmuni, Jan-Christoph Oetjen, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Vlad Vasile-Voiculescu, Yvan Verougstraete

S&D

José Cepeda, Vivien Costanzo, Andi Cristea, Matthias Ecke, Sofie Eriksson, Niels Fuglsang, Bruno Gonçalves, Nicolás González Casares, Giorgio Gori, Eero Heinäluoma, Yannis Maniatis, Thomas Pellerin-Carlin, Tsvetelina Penkova, Elena Sancho Murillo, Bruno Tobback, Nicola Zingaretti

Verts/ALE

Michael Bloss, Sergey Lagodinsky, Isabella Lövin, Sara Matthieu, Ville Niinistö, Virginijus Sinkevičius, Marie Toussaint

10

-

PPE

Ilia Lazarov

PfE

Christophe Bay, Marie-Luce Brasier-Clain, Anne-Sophie Frigout, Pascale Piera, Pierre-Romain Thionnet

The Left

Marc Botenga, Rudi Kennes, Jussi Saramo, Dario Tamburrano

12

0

ECR

Fernand Kartheiser

ESN

Markus Buchheit, Siegbert Frank Droese, Marcin Sypniewski

PfE

Barbara Bonte, Paolo Borchia, Jaroslav Bžoch, Ton Diepeveen, Kinga Gál, András László, Auke Zijlstra

The Left

Marina Mesure

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh ó vótáil

An nuashonrú is déanaí: 5 Bealtaine 2025
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais