TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚNmaidir le leanúint de thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, tar éis 3 bliana de chogadh foghach na Rúise
7.3.2025-()
de bhun Riail136(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Özlem Demirel, Danilo Della Valle
thar ceann an Ghrúpa The Left
10‑0166/2025
Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar leanúint de thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, tar éis 3 bliana de chogadh foghach na Rúise
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe don oibleagáid atá ar gach stát faoi Airteagal 2 den Chairt staonadh, ina gcaidreamh idirnáisiúnta, ó bhagairt nó úsáid an fhornirt i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit, nó ar aon bhealach eile atá ar neamhréir le cuspóirí na Náisiún Aontaithe, agus a ndíospóidí idirnáisiúnta a réiteach trí mhodhanna síochánta,
–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe an ceart bunúsach féinchosanta faoi Airteagal 51 den Chairt i gcás ionsaí armtha,
−ag féachaint do Rún 2625 (XXV) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 1970, go háirithe do na prionsabail atá ann nach bhféadfaidh stát eile seilbh a ghabháil ar chríoch stáit mar thoradh ar bhagairt nó úsáid an fhornirt, agus go bhfuil aon iarracht atá dírithe ar chur isteach páirteach nó iomlán ar aontacht náisiúnta agus ar iomláine críochach stáit nó tíre nó ar a neamhspleáchas polaitiúil ar neamhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe,
−ag féachaint do Rún 3314 (XXIX) ó na Náisiún Aontaithe an 14 Nollaig 1974 lena sainmhínítear fogha mar ‘úsáid fornirt armtha ag Stát i gcoinne cheannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil Stáit eile, nó ar aon slí eile nach bhfuil i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe’;
−ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive, 1949, agus do Phrótacal Breise I 1977 a ghabhann leo,
−ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, do Chairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua agus do Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Ráthaíochtaí Slándála,
−ag féachaint do na tuarascálacha ó Oifig Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar staid chearta an duine san Úcráin,
−ag féachaint do na tuarascálacha rialta ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla,
−ag féachaint do rúin sin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna nglacadh ó thús an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin;
−ag féachaint don iarratas ar bhallraíocht san Aontas arna chur isteach ag an Úcráin an 28 Feabhra 2022,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 dar teideal 2022 Commission Opinion on Ukraine’s application for membership of the European Union [Tuairim ón gCoimisiún ar iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach] (),
–ag féachaint do chonclúidí iardain ón gComhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2022,
–ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin, an 30 Deireadh Fómhair 2024, dar teideal Ukraine 2024 Report [Tuarascáil 2024 ar an Úcráin] (SWD(2022)0699),
–ag féachaint do Riail136(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí go bhfuil cogadh foghach ceart á fhearadh ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, de shárú follasach agus neamhnáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta;
B.de bhrí, an 30MeánFómhair2022, go ndearna an Rúis a hionghabháil ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin, atá faoi fhorghabháil i bpáirt ag an Rúis, a dhearbhú go haontaobhach, sa bhreis ar an ionghabháil a rinne sí roimhe sin ar leithinis na Crimé;
C.de bhrí go bhfuil daoine ar fud na hEorpa an-bhuartha faoin gcogadh, cogadh a d’fhéadfadh éirí ina chogadh idir stáit a bhfuil airm núicléacha acu;
D.de bhrí gurb amhlaidh, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, atá bunáite mhuintir na hÚcráine i bhfabhar tús a chur le caibidlíocht agus deireadh a chur leis an gcogadh a luaithe is féidir;
E.de bhrí go raibh cainteanna síochána díreacha ann idir an Rúis agus an Úcráin in Iostanbúl i Márta agus Aibreán 2022, ar lena linn a pléadh comhaontú síochána a d’fhéadfadh a bheith ann;
F.de bhrí, mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, atá na céadta míle duine maraithe ar an dá thaobh, agus gurb amhlaidh, dar le hanailísithe míleata éagsúla, nach móide go dtiocfar ar réiteach míleata ar an gcoinbhleacht go luath amach anseo; de bhrí go bhfuil líon na dtréigtheoirí, a dhiúltaíonn troid sa chogadh, ag dul i méid i rith an ama san Úcráin agus sa Rúis araon;
H.de bhrí, ón uair a thosaigh an chogaidh, go bhfuil os cionn USD 167 mbilliún de chúnamh airgeadais, míleata, daonnúil agus dídeanaithe curtha ar fáil ag AE agus ag Ballstáit AE don Úcráin; de bhrí, i mí Iúil 2024, go ndearna AE an chéad USD 1.6 billiún a gineadh ó shócmhainní reoite na Rúise a chur ar fáil, a sholáthrófar tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus don tSaoráid don Úcráin chun cumas míleata na hÚcráine a neartú agus chun tacú le hatógáil na tíre; de bhrí gur chuir AE tús foirmiúil le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin i Meitheamh 2024;
I.de bhrí, an 17 Márta 2023, gur eisigh Dlísheomra Réamhthrialach II na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta barántais chun Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus an Coimisinéir um Chearta Leanaí in Oifig Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Maria Lvova-Belova, a ghabháil;
J.de bhrí gur údaraigh rialtas iarUachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, don Úcráin diúracáin fhadraoin, arna soláthar ag na Stáit Aontaithe, a úsáid chun ionsaithe níos doimhne a dhéanamh laistigh den Rúis agus gur mhéadaigh sé seachadtaí arm, lena n-áirítear soláthar mianach frithphearsanra;
K.de bhrí go dtoirmisctear le Conradh Ottawa, atá daingnithe ag bunáite Bhallstáit AE, mianaigh fhrithphearsanra a úsáid, a stoc-charnadh, a tháirgeadh agus a aistriú toisc gur féidir díobháil gan idirdhealú a dhéanamh trína n-úsáid agus toisc tionchar tubaisteach a bheith acu ar shibhialtaigh, go háirithe leanaí;
L.de bhrí go bhfuil athbhreithniú déanta ag an Rúis ar a dúnghaois núicléach agus go bhfuil comhaontú sínithe aici chun comhar míleata leis an gCóiré Thuaidh a mhéadú;
M.de bhrí go bhfuil geilleagar na hÚcráine ina chíor thuathail ag an gcogadh, agus codanna ábhalmhóra dá tionscal agus dá hacmhainní faoi úinéireacht eachtrach, lena n-áirítear corparáidí ilnáisiúnta de chuid an Iarthair, agus go bhfuil muintir na tíre ar an ngannchuid agus á díbirt as an tír; de bhrí go ndearna iarmhairtí eacnamaíocha an chogaidh dochar do Bhallstáit AE freisin, agus gur measa géarchéimeanna fuinnimh, boilsciú agus díthionsclú dá mbarr, chun sochair leasanna eacnamaíocha agus míleata na Stát Aontaithe go príomha;
N.de bhrí go bhfuil tionscnaimh taidhleoireachta chun deireadh a chur leis an gcogadh ar díth, den chuid is mó, i mbeartas eachtrach AE;
O.de bhrí go bhfuil idirphlé déthaobhach ar bun idir rialtas Trump agus Cónaidhm na Rúise d’fhonn deireadh a chur leis an gcoinbhleacht san Úcráin, rud a fhágann gan deis a bheith ag ionadaithe do mhuintir na hÚcráine ar dhul de chaibidlíocht ar a bhfuil i ndán don tír agus ar cheannasacht na tíre; de bhrí gurbh é ba chúis le ceannaireacht AE gan páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht an chomhghuaillíocht iomlán idir í agus SAM agus ECAT;
P.de bhrí gurb amhlaidh, thar na blianta, mar gheall ar an gcomhghuaillíocht idir an Eoraip, ECAT agus na Stáit Aontaithe, a bhí lámh ag an Eoraip sa chinedhíothú atá á dhéanamh ag Rialtas Iosrael ar mhuintir na Palaistíne agus a bhí sí ina finné ar an gcinedhíothú úd;
Q.de bhrí gur chun leasa na hEorpa é síocháin bhuan a dhéanamh agus córas slándála Eorpach a thógáil d’fhonn caidreamh síochánta a chothú leis na tíortha máguaird, agus beartas dí-armála núicléiche frithpháirtí a shaothrú seachas rás arm nua gan chiall agus cogadh fuar nua;
R.de bhrí go bhfuil na Stáit Aontaithe ag cur iallach ar an Úcráin teacht ar chomhaontú maidir le saothrú acmhainní mianracha na hÚcráine mar réamhchoinníoll le leanúint de bheith ag obair i gcomhar léi; de bhrí nár síníodh an comhaontú ar dtús mar gheall ar bhriatharchath poiblí gan réamhshampla san Oifig Oval idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Zelenskyy;
S.de bhrí go bhfuil nasc idir aidhm rialtas Trump deireadh a chur leis an gcoinbhleacht san Úcráin agus leis an Rúis agus cuspóir dearbhaithe Rialtas SAM cromadh ar shrian a choimeád ar an tSín agus díriú ar an limistéar Ind-Chiúin-Aigéanach, a dhearbhaigh iar-Rialtas SAM a bheith ina thosaíocht straitéiseach freisin; de bhrí go bhfuil sé ráite ag an Uachtarán Trump, go neamhbhalbh, nach n-aontóidh an Úcráin do ECAT;
T.de bhrí gur tháinig roinnt ceannairí de chuid ECAT, idir cheannairí Eorpacha agus cheannairí ó thíortha lasmuigh den Aontas, le chéile i Londain an 2 Márta, i láthair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, d’fhonn tacaíocht mhíleata a ghealladh don Úcráin agus breis tacaíocht mhíleata a ghealladh di, fiú; de bhrí gur dhearbhaigh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Starmer, agus Uachtarán na Fraince, Macron, an uair úd, go mbeidís toilteanach a gcuid trúpaí a chur chuig an Úcráin mar chuid de phlean síochána nach fios go fóill cén chuma a bheadh air agus mar chuid de ‘comhghuaillíocht na dtíortha toilteanacha’ nach fios go fóill cén chuma a bheadh uirthise ach chomh beag;
U.de bhrí gur fhógair an tUachtarán Trump go gcuirfí cúnamh míleata agus faisnéise uile na Stát Aontaithe don Úcráin ar fionraí; de bhrí gurb amhlaidh, roinnt uaireanta an chloig tar éis an fhógra, a thug an tUachtarán Zelenskyy le fios go mbeadh sé toilteanach an comhaontú ar mhianraí a shíniú agus dul i mbun cainteanna síochána ‘faoi cheannaireacht an Uachtaráin Trump’;
V.de bhrí gur tacaíodh, le linn an chruinnithe speisialta den Chomhairle Eorpach a bhí ar siúl an 6 Márta, le plean an Uachtaráin Von der Leyen an ‘Eoraip a Atharmáil’ chun suas le EUR 800 billiún de chaiteachas breise cosanta a scaoileadh sna blianta amach romhainn;
1.á athdhearbhú go ndéanann sí an cáineadh is géire is féidir ar an ionsaí ar iomláine chríochach agus ar cheannasacht na hÚcráine a d’eascair as ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin; ag cáineadh an ionraidh sin mar chogadh foghach arb ionann é agus sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, agus nach bhfuil aon údar maith leis; ag cáineadh rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin;
2.ag cur a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine agus le muintir na n-íospartach uile in iúl;
3.á chur i bhfáth gur theip ar cheannairí an Aontais Eorpaigh réiteach taidhleoireachta dáiríre ar an gcogadh san Úcráin a shaothrú agus á iarraidh go ndéanfaí caibidlíocht síochána láithreach bonn; á chur i bhfáth gur gá, níos mó ná riamh, dianiarrachtaí taidhleoireachta leanúnacha a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin láithreach bonn agus ar dheireadh a chur le fulaingt mhuintir na hÚcráine; á chur in iúl gur oth léi nár thángthas ar réiteach taidhleoireachta agus síochánta ar an gcoinbhleacht go fóill; á chur in iúl gur oth léi go gcloíonn an tAontas Eorpach go hiomlán le beartas na Stát Aontaithe agus ECAT, rud a choisc AE ar aon tionscnamh taidhleoireachta uathrialach a dhéanamh le 3 bliana anuas, agus lena gcuirtear i gcoinne aon chineál idirphlé leis an Rúis; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise ar thús a chur, faoi dheoidh, le próiseas caibidlíochta síochána a mbeadh baint ag na páirtithe uile leis; á iarraidh go dtacódh institiúidí AE agus na Ballstáit le sos cogaidh láithreach agus le socrú caibidlithe;
4.á chur in iúl gur oth léi iompar díomasach rialtas Trump i leith na hÚcráine agus a comhghuaillithe Eorpacha; á chur i bhfáth nach bhféadfar teacht ar chomhaontú síochána in éagmais rannpháirtíocht agus toiliú na bpáirtithe uile agus nach bhféadfaidh comhaontú síochána a bheith ann mar thoradh ar chaibidlíocht idir na mórchumhachtaí amháin;
5.á chur i bhfios go láidir, cé gur thug rialtas Biden tús áite do leasanna na Stát Aontaithe a shaothrú, agus go bhfuil tús áite á thabhairt ag rialtas Trump leasanna na Stát Aontaithe a shaothrú, go bhfuil tús áite tugtha ag ceannaireacht na hEorpa don chaidreamh leis na Stáit Aontaithe agus do bheith ag géilleadh do ECAT in áit an tsíocháin a chosaint san Eoraip agus leasanna na hEorpa a shaothrú; á mheas nach dtiocfar ar aon réiteach míleata ar an gcoinbhleacht reatha sa ghearrthéarma; á chur in iúl gur cúis díomá di nár léirigh AE treallús in aon phróiseas caibidlíochta, nár ghlac sé páirt in aon phróiseas caibidlíochta ná nach ndearna sé comhar i leith aon phróisis caibidlíochta, agus nach bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ar dhálaí nithiúla agus réadúla a leagan síos faoina bhféadfaí dul i mbun caibidlíochta; ag cáineadh fhimíneacht AE, go háirithe a sheasamh ar an gcoinbhleacht seo i gcomórtas leis an dóigh a dtacaíonn sé leis an tacaíocht agus an chosaint a leanann na Stáit Aontaithe agus cumhachtaí eile de chuid ECAT agus de chuid AE de bheith ag tabhairt do bheartais chinedhíothacha Iosrael i gcoinne mhuintir na Palaistíne, mar aon le géarú an chogaidh sa Mheánoirthear;
6.á chreidiúint gur cheart mórthionscnamh taidhleoireachta a bheith déanta ag AE trí chomhdháil iltaobhach ar son na síochána agus na slándála a thionól as a stuaim féin; á mheabhrú gurb amhlaidh, de réir Airteagal 21 CAE, ba cheart do AE réitigh iltaobhacha a chur chun cinn agus ‘an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe [agus] le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí’; á áitiú gur gá tús a chur le próiseas caibidlíochta foirmiúil faoi choimirce na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, trína bhféadfaí, ar dhóigh neodrach, idirphlé a dhéanamh agus trína gcuideofaí lena áirithiú go n-urramófaí, le haon chomhaontú ar a dtiocfaí, an dlí idirnáisiúnta agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann; á iarraidh go n-oibreodh AE i gcomhar go díreach leis na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear an Úcráin agus an Rúis agus na náisiúin sin nach bhfuil i gcomhghuaillíocht, chun réiteach taidhleoireachta ar an gcoinbhleacht a éascú; á iarraidh go ndéanfadh AE iarracht, ní hamháin ar leanúint de thacaíocht airgeadais a thabhairt don Úcráin, ach, chomh maith leis sin, ar thionscnamh taidhleoireachta a dhéanamh chun sos comhraic agus réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht a bhaint amach; á iarraidh go dtosódh AE ar thionscnaimh a dhéanamh athuair chun dí-armáil núicléach frithpháirtí a chur chun cinn agus chun spleáchas ar dhíspreagadh núicléach i straitéisí slándála domhanda a laghdú;
7.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an teannas geopholaitiúil idir ECAT agus Cónaidhm na Rúise i gcomharsanacht choiteann an Oirthir, a bhfuil baol ann dá bharr go mbeidh coimhlint dhíreach eatarthu, agus go bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann don Eoraip agus don domhan dá thoradh sin; á mheabhrú go bhfuil eagla ar shaoránaigh AE go mbeidh coimhlint nó cogadh ann leis an Rúis; á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne an Úcráin a bheith ina ball de ECAT, toisc nach é a bheadh de thoradh air sin ach go rachadh an teannas i ngéire agus go mairfeadh an cogadh níos sia;
8.á chur i bhfáth nach mór creat taidhleoireachta comhchoitinne agus cobhsaíochta réigiúnaí a bheith ina bhonn le slándáil na hEorpa seachas leathnaitheacht mhíleata agus achrann idir bhloic; á chreidiúint gur mithid don Aontas Eorpach beartas slándála agus eachtrach a bheith aige a bhfuil an neamh-chomhghuaillíocht ina bonn leis agus a bheith neamhspleách ar ECAT agus ar na Stáit Aontaithe;
9.á chur in iúl go bhfuil sí go mór i gcoinne trúpaí Eorpacha a chur chuig an Úcráin, agus á athdhearbhú nach féidir breithniú a dhéanamh i dtaobh trúpaí síochánaíochta ó thríú tíortha a chur chuici ach mar thoradh ar chomhaontú idir na páirtithe agus ar shainordú ó na Náisiúin Aontaithe;
10.á chur in iúl go bhfuil sí go mór i gcoinne tacaíocht urghnách a bheith á tabhairt ag an gComhairle Eorpach do phlean von der Leyen an ‘Eoraip a Atharmáil’ agus míleatú AE, go háirithe maidir le húsáid cistí comhtháthaithe le haghaidh caiteachas míleata; á athdhearbhú nach mór cistí comhtháthaithe Eorpacha, agus maolú ar an gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis, a úsáid chun go bhféadfar infheistíochtaí a dhéanamh i scoileanna, i gcúram sláinte, i dtithíocht, i nuálaíocht agus i dtaighde, i ndigitiú agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta; á chur i bhfáth nach féidir an cuspóir, eadhon comhchosaint Eorpach a chothú, mar aon le huathriail straitéiseach a bhaint amach agus AE a bheith neamhspleách ar na Stáit Aontaithe agus ar ECAT, a chur i gcrích chun aimhleasa an chaiteachais shóisialta; ag cáineadh fhimíneacht na hEorpa nualiobrálaí agus Atlantacaithe seo, a chuireann solúbthacht i bhfeidhm maidir leis na rialacha fioscacha ar an gcaiteachas míleata agus a leanann de chritéir déine agus nualiobrálacha a leagan síos i leith beartais shóisialta agus eacnamaíocha; á chur in iúl gur saoth léi go mór an cinneadh arna dhéanamh Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a úsáid chun an plean atharmála a fhormheas gan vóta agus rialú agus grinnscrúdú daonlathach Pharlaimint na hEorpa;
11.á éileamh go scoirfeadh Cónaidhm na Rúise d’fhorneart a imirt ar an Úcráin agus go staonfadh sí ó aon bhagairt neamhdhleathach a chur ar an stát nó forneart a imirt ar aon stát; á éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise a fórsaí míleata a tharraingt as críoch na hÚcráine; ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta do cheannasacht, do neamhspleáchas, d’aontacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a chuimsíonn a huiscí críochacha;
12.ag tathant go láidir ar an Rúis droim láimhe a thabhairt do chonair an fhoréigin agus an ionsaithe atá roghnaithe aici agus filleadh ar chonair an idirphlé agus na caibidlíochta; ag tathant ar ECAT agus a bhalltíortha gan an choinbhleacht a ghéarú tuilleadh trí leanúint de bheith páirteach i rás arm nua; á chur in iúl gur saoth léi gur fógraíodh go mbeadh diúracáin ghearr-raoin agus mheánraoin de chuid na Stát Aontaithe á n-úsáid sa Ghearmáin; ag cáineadh go láidir an chinnidh a rinne na Stáit Aontaithe le déanaí úsáid arm fadraoin a údarú chun ionsaí a dhéanamh ar an Rúis, agus cinneadh na Rúise athbhreithniú a dhéanamh ar a dúnghaois núicléach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di dúnghaois núicléach athbhreithnithe na Rúise, lena n-íslítear an tairseach chun airm núicléacha a úsáid, agus á iarraidh ar na stáit uile a bhfuil airm núicléacha acu gealltanas a thabhairt i leith comhaontuithe neamhleata; á chur i bhfáth go rachaidh an choinbhleacht in olcas mar gheall ar an dá chinneadh, rud a fhágann go bhfuil gá níos mó fós le hiarrachtaí taidhleoireachta;
13.ag athdhearbhú go bhfuil sí an-bhuartha faoin mbaol atá ann go bhféadfadh an choinbhleacht dul in olcas mar gheall ar airm agus diúracáin de chuid na Stát Aontaithe, de chuid na Ríochta Aontaithe agus de chuid an Iarthair a bheith á n-úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar thargaidí sa Rúis, agus go bhfuil sí go mór i gcoinne iad a bheith á n-úsáid uime sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coimhlint dhíreach idir AE, ECAT agus an Rúis;
14.á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil dúshaothrú eacnamaíoch á dhéanamh ar an Úcráin ag gníomhaithe eachtracha, amhail rialtas Trump agus corparáidí ilnáisiúnta de chuid na Stát Aontaithe agus corparáidí ilnáisiúnta eile de chuid an Iarthair, atá ag teacht i dtír ar an gcogadh chun sócmhainní agus acmhainní straitéiseacha a fháil, rud a bhaineann an bonn ó cheannasacht na hÚcráine agus óna bhfuil i ndán do gheilleagar na hÚcráine; ag tabhairt dá haire go bhfuil ceangal ar an Úcráin íocaíochtaí fiach-sheirbhíse suntasacha agus troma a dhéanamh leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus le hiasachtóirí idirnáisiúnta eile sna blianta atá le teacht; á mheas gurb amhlaidh, i bhfianaise a dhéine atá an staid eacnamaíoch san Úcráin, a fhágfaidh an Úcráin a bheith ag leanúint d’fhiacha réamhchogaidh agus fiacha arna bhfabhrú le linn an chogaidh a íoc go gcuirfear srian mór ar rochtain na hÚcráine ar chistí poiblí chun atógála agus soláthar earraí agus seirbhísí poiblí; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an tAontas fiachas seachtrach na hÚcráine a chur ar ceal;
15.á iarraidh ar na Ballstáit tacú go práinneach le fórsa síochánaíochta na Náisiún Aontaithe a bheith á imscaradh chun na 15 imoibreoir núicléacha san Úcráin a chosaint, i ndlúthchomhar le misean na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; ag cur i bhfáth go mbíonn fochumhachtaí cinnteoireachta ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le Rún 377 (V) uaidh, nuair nach mbíonn an Chomhairle Slándála in ann cinntí leormhaithe a dhéanamh faoin tsíochánaíocht;
16.á chur in iúl gur saoth léi doimhniú na nasc míleata idir an Rúis agus an Chóiré Thuaidh, lena n-áirítear tuairiscí ar aistrithe arm, lena sáraítear smachtbhannaí idirnáisiúnta agus lena ngéaraítear rioscaí slándála domhanda; ag tathant ar AE agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta bearta a threisiú chun bac a chur ar thrádáil aindleathach arm agus chun tacú le forfheidhmiú smachtbhannaí sin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe atá ann cheana maidir leis an gclár arm núicléach;
17.ag cáineadh go láidir chinneadh na Stát Aontaithe mianaigh fhrithphearsanra a sholáthar don Úcráin, agus á chur i bhfios go láidir go sáraíonn airm den sórt sin prionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta agus go mbionn éifeachtaí tubaisteacha fadtéarmacha acu ar phobail shibhialtacha; ag tathant ar AE a thiomantas do Chonradh Ottawa a athdhearbhú trína áirithiú nach mbeidh aon Bhallstát rannpháirteach, go díreach ná go hindíreach, in úsáid ná aistriú na n-arm sin;
18.á iarraidh ar na tíortha uile, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, an Úcráin agus an Rúis, cloí le prionsabail Chonradh Ottawa agus oibriú chun mianaigh fhrithphearsanra a dhíothú i bhfad is i ngearr;
19.á chur in iúl gur cúis díomá di mórionsaithe gan stad gan staonadh na Rúise ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear saoráidí fuinnimh, limistéir chónaithe, scoileanna agus ospidéil; ag tathant ar an Rúis stop a chur láithreach leis an gcogaíocht, leis an mbuamáil agus leis na hionsaithe uile ar shibhialtaigh; á éileamh go ndéanfadh na páirtithe uile a n-oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán chun an pobal sibhialta agus réada sibhialtacha a shábháil, staonadh ó réada a ionsaí, a scriosadh, a bhaint nó a fhágáil gan mhaith, ar réada iad atá ag teastáil chun go mairfidh an pobal sibhialtach, agus pearsanra daonnúil agus coinsíneachtaí a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí faoisimh dhaonnúil a urramú agus a chosaint; á chur i bhfáth nach mór iad siúd atá freagrach as coireanna cogaidh a thabhairt chun cuntais i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;
20.á chur in iúl gur saoth léi éifeachtaí an chogaidh ar shláinte mheabhrach, fhisiceach, ghnéasach agus atáirgthe na mban; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar an mbonneagar san Úcráin a bheith á scriosadh, atá iarmhairtí tubaisteacha ann do shláinte na mban, ar minic iadsan a bheith ag déanamh na hoibre altranais, leighis agus cúraim;
21.á chur in iúl gur cúis bhuartha di iarmhairtí eacnamaíocha, comhshaoil, fuinnimh agus sóisialta an chogaidh ní hamháin san Eoraip ach ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil boilsciú, arb é an t-ardú atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh is cúis leis go páirteach, ag cur brú ar dhaoine atá ag obair agus ar na grúpaí is leochailí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar an chogaidh ar an gcomhshaol agus spleáchas fuinnimh méadaitheach AE ar ghás nádúrtha leachtaithe ó na Stáit Aontaithe;
22.á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Treoir um Chosaint Shealadach[1] á léirmhíniú ar bhealach chomh cúng sin nach féidir le go leor ban a theith ó chogadh foghach na Rúise rochtain a fháil ar chúram ginmhillte ná ar chóireálacha sláinte gnéis agus atáirgthe eile, lena n-áirítear cóireálacha tar éis mí-úsáid ghnéasach; á chur in iúl gur cúis uafáis di gurb amhlaidh, dá thoradh sin, a bhí ar go leor ban filleadh ar an Úcráin, ina bhfuil cogadh ar siúl, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí a bhain lena sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo agus ar chúram atáirgthe; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Chosaint Shealadach chun a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile an cúram céanna a d’fhéadfadh mná a fháil san Úcráin murach sin a chur ar fáil;
23.á iarraidh go dtacódh AE le próisis cheartais idirnáisiúnta chun coireanna cogaidh arna ndéanamh le linn an chogaidh a thriail; á chur i bhfáth gur gá cloí le prionsabal an athbhunaithe agus prionsabal an neamh-atarlaithe; ag cáineadh fhimíneacht an Aontais Eorpaigh i leith smachtbhannaí agus i leith an cheartais idirnáisiúnta;
24.á mheabhrú nach mór tús áite a thabhairt d’atógáil na hÚcráine agus nach mór don Rúis ranníocaíocht a dhéanamh i leith na hatógála sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an atógáil bunaithe ar riachtanais mhuintir na hÚcráine, ní ar leasanna ná brabúis chorparáideacha; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis na héilimh go reáchtálfaí comhdháil idirnáisiúnta in am trátha chun cistí a chruinniú faoin gCiste Iontaobhais Dlúthpháirtíochta don Úcráin; á chur i bhfáth gur gá tús áite a thabhairt d’atógáil na saoráidí is gá chun a áirithiú gur féidir leis na hÚcránaigh sin ar mian leo filleadh ar an tír filleadh uirthi go sábháilte;
25.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hathruithe atá á ndéanamh ar dhlí saothair na hÚcráine, mar gheall ar a thábhachtaí atá ceardchumainn láidre, dálaí maithe oibre agus earnáil phoiblí láidir, fheidhmiúil toisc go bhfágann siad sochaí a bheith in inmhe dul i ngleic le dúshláin sheachtracha, amhail cogaí;
26.ag cur béim ar na moltaí ó Mheitheal Ardleibhéil na hÚcráine maidir le hIarmhairtí an Chogaidh don Chomhshaol; á chreidiúint gur cheart aird níos mó a thabhairt ar iarmhairtí comhshaoil cogaí, go háirithe nuair a bhíonn géarchéimeanna éiceolaíocha domhanda ag dul in olcas; ag tathant ar Chomhthionól na Stát is Páirtithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ‘cinedhíothú’ a áireamh mar chroíchoir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe;
27.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig na Náisiúin Aontaithe, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise.
- [1] Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IOL212, 7.8.2001, lch.12, ELI: ).