Ϸվ

Is gné lárnach de struchtúr slándála inmheánaí an Aontais ina iomláine í Gníomhaireacht AE i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol). Tá comhar agus beartais um fhorfheidhmiú an dlí á bhforbairt i gcónaí, agus cuirtear béim ar leith ar an sceimhlitheoireacht, an chibearchoireacht agus cineálacha eile coireachta tromchúisí agus eagraithe a chomhrac. Is é an príomhchuspóir atá ann ná Eoraip níos sábháilte a bhaint amach chun leasa cách san Aontas, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí, mar a d’iarr an Pharlaimint roinnt uaireanta.

Bunús dlí

Airteagail33 (comhar custaim), 87, 88agus89 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

ܲóí

Tá comhar póilíneachta éifeachtach ina ghné lárnach i ndáil le AE a thiontú ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá bunaithe ar urraim do chearta bunúsacha. Tá sé mar aidhm le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí – lena mbaineann na póilíní, lucht custaim agus seirbhísí forfheidhmithe eile dlí – cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú ar fud AE. I gcleachtas, baineann an comhar sin go príomha leis an gcoireacht thromchúiseach (amhail coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid, brionnú an euro, gáinneáil ar dhaoine, agus an chibearchoireacht) agus leis an sceimhlitheoireacht. Gníomhaireacht forfheidhmithe dlí an Aontais is ea Europol.

A bhfuil bainte amach

A. ú

Cuireadh tús le comhar póilíneachta i measc na mBallstát in1976 trí ‘Ghrúpa Trevi’, mar a thugtaí air, líonra idir-rialtasach ionadaithe ó aireachtaí dlí agus cirt agus gnóthaí baile. As a aithle sin, leagadh amach le Conradh Maastricht ábhair chomhleasa lenar tugadh forais dhlisteanacha le comhar póilíneachta (sceimhlitheoireacht, drugaí agus cineálacha eile coireachta idirnáisiúnta). Bunaíodh leis freisin an prionsabal maidir le ‘hoifig Eorpach póilíní’ (Europol) a chruthú, arbh é a bhí inti ar dtús ná Aonad Drugaí Europol. Rinneadh Coinbhinsiún Europol a shíniú an 26Iúil1995, cé nár thosaigh an oifig ar a chuid oibre go hoifigiúil go dtí an 1Iúil1999, ar bhonn na gcumhachtaí feabhsaithe a deonaíodh le Conradh Amstardam (a síníodh an 2DeireadhFómhair1997). Bhí dul chun cinn déanta ó thaobh comhar póilíneachta de, áfach, sularbh ann do Europol. Le cruthú Limistéar Schengen in1985, nár bhain ach dornán Ballstát leis i dtosach, ba ann do chomhar póilíneachta trasteorann (féach chomh mait4.2.4). Le teacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam, rinneadh acquis Schengen – lena n-áirítear na gnéithe um chomhar póilíneachta a ghabhann leis – a ionchorprú i ndlí AE, siúd is gur tháinig sé faoin ‘tríú colún’ den chomhar idir-rialtasach. Baineadh feidhm as an gcur chuige idir-rialtasach céanna i leith bearta um chomhar póilíneachta a ghlac grúpa beag Ballstát faoi Chonradh Prüm, ina raibh forálacha chun ADN, méarloirg agus mionsonraí maidir le clárú feithiclí a mhalartú. Rinneadh Conradh Prüm a thabhairt isteach ina iomláine ar leibhéal AE le .

B. An creat institiúideach reatha

Tá simpliú nach beag déanta ar an gcreat institiúideach le Conradh Liospóin (CFAE), agus bunáite na mbeart um chomhar póilíneachta á nglacadh feasta faoin ngnáthnós imeachta reachtach (comhchinnteoireacht) agus faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag Cúirt Bhreithiúnais AE. Bíodh sin mar atá, má fhágtar as an áireamh na gnéithe sonracha den limistéar saoirse, slándála agus ceartais (i.e. rogha an diúltaithe ag Éirinn agus ag an Danmhairg (féach Prótacail21 agus22 a ghabhann le CFAE) agus an ról pribhléide do na parlaimintí náisiúnta (Prótacail1 agus2)), níl an comhar póilíneachta, maille leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, fite ina iomláine i gcreat an Chomhphobail agus tá roinnt dá ghnéithe bunaidh ag gabháil leis i gcónaí:

  • Roinneann an Ǿú a chumhacht tionscnaimh leis na Ballstáit, ar choinníoll gurb ionann iad agus an ceathrú cuid d’Fheisirí na Comhairle (Airteagal76CFAE);
  • Ní dhéantar ach dul i gcomhairle leis an bParlaimint i dtaobh bearta maidir le comhar oibríochtúil, a ndéanann an Chomhairle iad a ghlacadh d’aon toil. In éagmais aontoilíochta sa Chomhairle, is féidir le naoi mBallstát, nó níos mó ná sin, oibriú le chéile ar bhonn comhar feabhsaithe. Sa chás sin, cuireann an Chomhairle Eorpach an próiseas ar fionraí chun teacht ar chomhthoil (sásra ‘an choscáin éigeandála’ faoi Airteagal87(3)CFAE).

C. Na príomhghníomhartha reachtacha maidir le comhar póilíneachta arna nglacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach

  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12Lúnasa2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (ar a dtugtar an ‘Treoir maidir le Cibearshlándáil’). Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoin 4Meán Fómhair2015;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25Samhain2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin, atá infheidhme ón 1Iúil2016;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27Aibreán2016 maidir le húsáid sonraí taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoin 25Bealtaine2018;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6Iúil2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise (NIS) ar fud an Aontais. Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina dlí náisiúnta faoin 9 Bealtaine 2018;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15Márta2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear CinneadhRéime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh2005/671/CGB ón gComhairle. Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta faoin 8 Meán Fómhair 2018;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, atá infheidhme ó bhí an 11 Nollaig 2018 ann;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28Samhain2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán(CE) Uimh.1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh2010/261/AE ón gǾú, a bheidh infheidhme ón 28Nollaig2021 ar a dhéanaí;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Bealtaine2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE)2018/1726, (AE)2018/1862 agus (AE)2019/816.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Meitheamh2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh2000/642/CGB ón gComhairle. Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina dlí náisiúnta faoin 1 Lúnasa 2021.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29Aibreán2021 chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, a tháinig i bhfeidhm an 7Meitheamh2022.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, leis an bpróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus le ról Europol sa taighde agus nuálaíocht, atá infheidhme ón 28 Meitheamh 2022.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS2). Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina dlí náisiúnta faoin 18 Deireadh Fómhair 2024;
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (Treoir CER). Ceanglaíodh ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina dlí náisiúnta faoin 18 Deireadh Fómhair 2024;
  • 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle Ceanglaítear ar na Ballstáit an treoir sin a thrasuí ina dlí náisiúnta faoin 12 Nollaig 2024.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta, atá infheidhme ón 31 Deireadh Fómhair 2023.
  • ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú sonraí le haghaidh comhair póilíneachta (Rialachán Prüm II), is infheidhme ón 25 Aibreán 2024.

D. Gníomhaireachtaí comhair póilíneachta agus comhlachtaí gaolmhara eile

1. Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)

Gníomhaireacht is ea arb í an phríomhsprioc atá aige ná an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte. Tacaíonn sé leis na Ballstáit ina gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta tromchúisí agus eagraithe. Thairis sin, bíonn Europol ag obair le lear stáit chomhpháirtíochta neamh-AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá Europol ina ionad tacaíochta i gcomhair oibríochtaí forfheidhmithe dlí agus ina mhol faisnéise maidir le gníomhaíochtaí coiriúla.

Tá mórlíonraí coiriúla agus sceimhlitheoireachta ina mbagairt shuntasach ar shlándáil inmheánach AE. Is iad an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí, sciúradh airgid, calaois eagraithe, brionnú an euro, agus an gháinneáil ar dhaoine na bagairtí slándála is mó.

Tá aonaid speisialaithe éagsúla curtha ar bun ag Europol chun freagairt ar na bagairtí sin:

  • Ionad Cibearchoireachta na hEorpa a neartaíonn freagairt lucht forfheidhmithe dlí don chibearchoireacht in AE agus, ar an gcaoi sin, a chabhraíonn le cónaitheoirí, gnóthaí agus rialtais na hEorpa a chosaint ar an gcoireacht ar líne;
  • an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach a thacaíonn leis na Ballstáit i ndáil le líonraí coiriúla casta agus ardghairmiúla a bhfuil lámh acu i smuigleáil imirceach a aimsiú agus a réabadh;
  • Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa, lárionad oibríochtaí agus mol saineolais atá ina léiriú ar an ngá atá ann, anois níos mó ná riamh, go ndéanfadh AE a fhreagairt don sceimhlitheoireacht a neartú;
  • an Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe a chuireann tacaíocht oibríochtúil ar fáil d’imscrúduithe na mBallstát i gcásanna tosaíochta a bhaineann le coireacht thromchúiseach agus eagraithe;
  • an Chomhghuaillíocht Chomhordaithe um an gCoireacht Maoine Intleachtúla a thugann tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus do chomhpháirtithe eile;
  • an Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch, ionad oibríochtúil chun tacú leis na Ballstáit i gcásanna reatha a bhaineann leis an gcoireacht airgeadais agus eacnamaíoch;
  • FIU.net, líonra ríomhaireachta díláraithe agus ardfheidhmíochta trína dtugtar tacaíocht do na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais in AE ina gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;
  • Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais Eorpaigh a bhraitheann agus a imscrúdaíonn inneachar mailíseach ar an idirlíon agus ar líonraí na meán sóisialta.

Bunaíodh Europol faoi Rialachán Europol. Tá sé lonnaithe sa Háig, san Ísiltír. Déanann Europol roinnt tuarascálacha a chur i dtoll a chéile, amhail an Tuarascáil maidir le Staid agus Treochtaí na Sceimhlitheoireachta (), an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (), an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe ar Líne (), agus. D’fhoilsigh Europol is déanaí dá chuid in Aibreán 2021, is déanaí dá chuid i Meitheamh 2023 agus is déanaí dá chuid in Iúil 2023. An 5 Aibreán 2024, thíolaic Europol a chéad ar ‘Decoding the EU’s most threatening criminal networks’ [Líonraí coiriúla an Aontais is bagairtí a dhíchódú].

Chun breis cuntasachta a bhaint amach don ghníomhaireacht, rinneadh Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) maidir le Europol a chur ar bun faoi Rialachán Europol. Le hAirteagal88 CFAE, déantar foráil do ghrinnscrúdú a bheith á dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa, in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta, ar ghníomhaíochtaí Europol. De réir Airteagal51 de Rialachán Europol, ‘déanfaidh GGPC faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus é i mbun a mhisin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha’. Eagraíodh an an 18 agus an 19 Feabhra2024 i nGent.

I mBealtaine 2022, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle nua lenar leasaíodh sainordú Europol, a tháinig i bhfeidhm ar 28 Meitheamh 2022. Cumhdaíonn an Rialachán nua Europol feabhsuithe maidir le taighde agus nuálaíocht, próiseáil tacar sonraí mór, comhar le páirtithe príobháideacha agus le tíortha neamh-AE, comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus conas is féidir le foláirimh nua a bheith curtha isteach i gCóras Faisnéise Schengen ar bhonn faisnéise ó thíortha neamh-AE, toisc gur féidir le Europol a mholadh go gcuirfeadh Ballstáit foláirimh isteach anois. Is féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol moladh a dhéanamh go n-osclófar imscrúdú náisiúnta ar choireanna nach coireanna trasteorann iad a dhéanann difear do leas coiteann atá cumhdaithe ag beartas de chuid an Aontais.

2. Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)

Gníomhaireacht is ea arb é an cúram atá uirthi ná oiliúint d’oifigigh forfheidhmithe dlí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú. Rannchuidíonn CEPOL leis an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte trí éascú a dhéanamh ar chomhroinnt comhair agus eolais i measc oifigigh forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus i measc oifigigh forfheidhmithe dlí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, maidir le saincheisteanna a eascraíonn ó thosaíochtaí AE i réimse na slándála; go háirithe, ó thimthriall beartais an Aontais maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe. Bunaítear an Ghníomhaireacht um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí faoi Rialachán CEPOL. Tá sí lonnaithe i mBúdaipeist, san Ungáir.

3. An Buanchoiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach (COSI)

Faoi Airteagal71CFAE, ‘cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go ndéanfar comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar d’Airteagal240, éascóidh sé an comhordú ar ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh ionadaithe na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann den Aontas a bheith rannpháirteach in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí.’ Bunaíodh COSI le maidir leis an mbuanchoiste um an gcomhar oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach a chur ar bun (2010/131/AE).

4. Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh

Ní hionann Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) agus comhlacht comhair póilíneachta, i ndáiríre, ós rud é gur comhlacht de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí é agus nach mbíonn sé ag plé ach le hanailís straitéiseach. Bíodh sin mar atá, rannchuidíonn sé leis an gcomhar póilíneachta trí mheasúnuithe ar bhagairtí a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag seirbhísí faisnéise, ag an arm, ag taidhleoirí agus ag seirbhísí póilíneachta. Tá INTCEN in ann rannchuidiú fónta a dhéanamh ó thaobh na hoibríochta de freisin trí, mar shampla, faisnéis uile-Aontais maidir le cinn scríbe, tucaidí agus gluaiseachtaí sceimhlitheoirí a sholáthar.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tá a mórchion féin á dhéanamh ag an bParlaimint i ndáil le reachtaíocht AE i réimse an chomhair póilíneachta a mhúnlú trí thosaíocht pholaitiúil a dhéanamh de shlándáil phobail AE. Ina theannta sin, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, tá sí ar a bionda chun feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta ar chomhchéim leis an gComhairle.

Is é Europol, ar gné lárnach é de struchtúr slándála inmheánaí na hEorpa ina iomláine, an phríomhionstraim den chomhar póilíneachta. Mar chuid den athchóiriú ar Europol, bhí an Pharlaimint i bhfách, ar bhonn gníomhach, le grinnscrúdú parlaiminteach níos mó a bheith ann agus le rialacha níos fearr maidir le cosaint sonraí. Bhí (faoin ngnáthnós imeachta reachtach) i neartú shainordú Europol, ag éirí as an . a glacadh an 9Nollaig2020. Ceadaíonn an sainordú nua d’Europol tacair sonraí mhóra a phróiseáil agus teicneolaíochtaí nua a chomhlíonfaidh riachtanais forfheidhmithe dlí a fhorbairt. Déanann sé creat cosanta sonraí agus maoirseacht pharlaiminteach Europol a neartú freisin. Tháinig an Rialachán Europol athbhreithnithe i bhfeidhm i mí an Mheithimh2022.

Le linn díospóireachtaí éagsúla maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, cháin an Pharlaimint ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip agus ar fud an domhain agus d’iarr sí go mbeadh aontacht agus freagairt láidir ann. D’iarr an Pharlaimint freisin go ndéanfaí breis iarrachtaí chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, agus thagair sí don ghá le dul i ngleic go práinneach le gnéithe ar líne den radacú agus den fhuathchaint.

An 17Nollaig2020, ghlac an Pharlaimint ú maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh um aontas slándála don tréimhse2020-2025, a mhol an an 24Iúil2020. Sa straitéis, moltar uirlisí agus bearta a fhorbairt sna cúig bliana amach romhainn chun slándáil inár dtimpeallacht fhisiceach agus dhigiteach a chinntiú, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac, bagairtí hibrideacha a chosc agus a bhrath, athléimneacht ár mbonneagar criticiúil a mhéadú, an chibearshlándáil a chur chun cinn agus taighde agus nuálaíocht a chothú.

An 6Deireadh Fómhair2021, ghlac an Pharlaimint maidir leis an intleacht shaorga (IS) sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla. Tharraing 𾱲í Pharlaimint na hEorpa aird ar an mbaol go mbeadh claonadh algartamach ann i bhfeidhmchláir IS agus leag siad béim ar an ngá atá le maoirseacht dhaonna chun idirdhealú a chosc. D’iarr siad freisin moratóir ar chórais aghaidh-aitheanta a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. An 13 Márta 2024, ghlac an Pharlaimint ú reachtach maidir leis an togra le haghaidh á lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga). Bunaítear leis an á oibleagáidí maidir le córais agus soláthraithe intleachta saorga, bunaithe ar rioscaí agus tionchair fhéideartha na hintleachta saorga, agus sábháilteacht agus comhlíonadh na gceart bunúsach á n-áirithiú ag an am céanna. Tá toirmeasc i bprionsabal ar chórais shainaitheanta bithmhéadraí a úsáid de réir fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin i gcásanna a liostaítear go huileghabhálach agus a shainítear go cúng.

Tá an Pharlaimint rannpháirteach sa mheastóireacht agus sa ghrinnscrúdú orthu seo a leanas, agus déanann sí athbhreithniú ar na tograí reachtacha ábhartha:

  • an teachtaireacht ón gǾú dar teideal ‘’, a glacadh an 9Nollaig2020;
  • ‘’, an Choimisiúin, a foilsíodh an 16Nollaig2020, inar moladh rialacha nua chun eintitis chriticiúla fhisiciúla agus dhigiteacha a dhéanamh níos athléimní;
  • ‘’, a tíolacadh an 14Aibreán2021;
  • an teachtaireacht ón gǾú maidir le , a glacadh an 18 Deireadh Fómhair2023;
  • an teachtaireacht ón gǾú maidir leis an , a glacadh an 18 Deireadh Fómhair2023.

Chun a chinntiú gur féidir le húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais oibriú le chéile níos fearr faoi leabhar rialacha nua-aimseartha, an 8Nollaig2021 an Ǿú , a chuíchóireoidh an meascán reatha d’uirlisí agus comhaontuithe comhair iltaobhacha AE. Áirítear leis na bearta atá beartaithe moladh maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta, rialacha nua maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí ar fud na mBallstát agus rialacha athbhreithnithe maidir le malartuithe uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta faoin gcreat ‘Prüm’. Bhí an Pharlaimint rannpháirteach i bhformheas na mbeart beartaithe.

Rinne an Pharlaimint tuarascálacha agus rúin a ullmhú le gairid maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh a bhíonn thíos léi a chosaint; foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac Cibearfhoréigean mí-úsáid ghnéasach leanaí; an chibearchoireacht agus an chibearshlándáil; sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta; orduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla; an t-athchóiriú ar r-phríobháideachas agus údacht teachtaireachtaí leictreonacha; athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen; nósanna imeachta eisiúna víosaí a dhigitiú; comhar i bhforfheidhmiú an dlí; bailiú agus aistriú réamhfhaisnéise faoi phaisinéirí an sceimhlitheoireacht agus an radacú foréigneach; earraí spiaireachta ionsáiteacha; trasnaíochtaí eachtracha agus bréagaisnéis; agus malartú faisnéise agus sreafaí sonraí le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá comhar póilíneachta agus beartais slándála inmheánaí fós i mbéal forbartha, agus cuirtear béim ar an gcomhrac chun cur i gcoinne bagairtí uile-Eorpacha ar shlí níos éifeachtaí agus, i gcás Pharlaimint na hEorpa go háirithe, ar an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le rialacha maidir le cearta bunúsacha agus cosaint sonraí. Siúd is go bhfuil athchóiriú ó thalamh déanta ar na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí comhair póilíneachta AE, beidh gá i gcónaí le hiarrachtaí comhbheartaithe chun bearta um chomhar póilíneachta a neartú tuilleadh, go háirithe maidir le malartú sonraí agus fianaise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus idir na húdaráis sin agus gníomhaireachtaí AE. Spreag an Pharlaimint na Ballstáit na feabhsuithe caighdeánaithe teicniúla ba ghá maidir le cáilíocht sonraí a dhéanamh, agus creat dlíthiúil a bhunú i gcomhair cur chuige todhchaíoch buntaithe ar ‘chomhroinnt faisnéise mar réamhshocrú’. Sa chomhthéacs sin, beidh ar AE aghaidh a thabhairt go cúramach ar dhúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, an intleacht shaorga, criptiú agus idir-inoibritheacht córas faisnéise le haghaidh teorainneacha, slándála agus imirce.

De réir mar a rachaidh an líon cúraimí i méid agus de réir mar a bheifear ag dréim le níos mó, is amhlaidh a bheidh gá ann acmhainní airgeadais agus daonna leormhaithe do ghníomhaireachtaí AE a chinntiú.

Is gníomhaí institiúideach lánfheidhme feasta í an Pharlaimint i réimse na mbeartas slándála inmheánaí agus ba cheart go mbeadh ról níos mó aici i ndáil le meastóireacht agus sainiú a dhéanamh ar bheartais comhair póilíneachta.

Alessandro Davoli