An daonlathas a chur chun cinn agus breathnóireacht toghchán
Is tosaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh an daonlathas a chur chun cinn ar fud na cruinne. Is é an daonlathas an t-aon chóras rialaithe go fóill inar féidir le daoine a gcearta daonna a fheidhmiú ina n-iomláine, agus is gné chinntitheach é ó thaobh na forbartha agus cobhsaíocht fhadtéarmach de. Agus í ar an aon institiúid de chuid AE a thoghtar go díreach, tá tiomantas ar leith ag Parlaimint na hEorpa do chur chun cinn an daonlathais.
Bunús dlí
- Airteagail2 agus21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
- Airteagal205 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
An creat beartais agus uirlisí beartais
Déanann cur chuige AE i leith an daonlathais comhlánú ar an obair a dhéanann sé maidir le cearta an duine (féach bileog eolais5.4.1). Tá sé bunaithe ar Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile maidir le cearta an duine, institiúidí daonlathacha agus toghcháin. Ó2015 i leith, tá AE ag bunú a chuid tacaíochta don daonlathas ar Chlár Oibre2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc16 maidir le hinstitiúidí cuntasacha agus cinnteoireacht chuimsitheach a mbeidh daoine rannpháirteach inti, agus Sprioc10 maidir leis an éagothroime a laghdú.
An 17Samhain2009, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tacaíocht don daonlathas i gcaidreamh seachtrach AE, inar leagadh amach straitéis nua chun tacú leis an daonlathas trí chur chuige tírshonrach, níos mó comhleanúnachais agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí go léir. Ina dhiaidh sin, sa Chlár Oibre don Athrú ón gCoimisiún in2011, tarraingíodh aird ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do chearta an duine, don daonlathas agus don dea-rialú laistigh de bheartas forbartha an Aontais. In2012, tháinig AE ar chomhaontú faoi chreat straitéiseach maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas, agus ó shin i leith ghlac sí 3 phlean gníomhaíochta lena chur chun feidhme. Tar éis Éirí Amach na nArabach in2011, rinne AE nuashonrú ar bheartas comharsanachta na hEorpa chun cur chuige ‘tuilleann breis tuilleadh’ a ghlacadh, ina gceanglaítear tacaíocht leis an aistriú chuig an daonlathas agus leis an ‘daonlathas domhain’. Tairgeadh dreasachtaí – lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch níos doimhne, cúnamh airgeadais níos mó, soghluaisteacht níos fearr do dhaoine agus rochtain ar mhargadh inmheánach AE – do na tíortha a bhí toilteanach athchóirithe polaitiúla a dhéanamh.
I mí Dheireadh Fómhair2019, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an daonlathas ina ndéantar athdhearbhú ar phrionsabail na gconclúidí a tháinig uaithi in2009, agus ina sainaithnítear dúshláin nua nach mór do AE dul i ngleic leo go práinneach agus go cuimsitheach trí ghníomhaíocht sheachtrach. I measc na ndúshlán sin tá an bonn a bheith á bhaint ó phróisis dhaonlathacha agus ó institiúidí daonlathacha; easpa muiníne in institiúidí agus i bpolaiteoirí; an spás daonlathach don tsochaí shibhialta a bheith ag dul i laghad; sáruithe ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha a bheith ag dul i méid; agus cúbláil trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí ar líne.
Athdhearbhaíodh tiomantas AE do dhlús a chur lena iarrachtaí an daonlathas a chur chun cinn i , a ghlac an Chomhairle i mí na Samhna2020. Leis an bplean lena sainítear tosaíochtaí don tréimhse2020-2024, déantar an tacaíocht don daonlathas a phríomhshruthú sna cúig líne ghníomhaíochta ar fad, agus is é an teideal atá ar cheann acu sin ná ‘Sochaithe athléimneacha, cuimsitheacha agus daonlathacha a thógáil’.
Leag an Chomhairle béim ar ról na sochaí sibhialta sna conclúidí uaithi in2012 dar teideal ‘Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tsochaí shibhialta i gcaidrimh sheachtracha’. I gconclúidí an 19Meitheamh2017 ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht AE sa tsochaí shibhialta ó thaobh an chaidrimh sheachtraigh de, rinneadh athdhearbhú ar thiomantas AE i leith sochaí shibhialta atá cumhachtaithe agus a bhfuil teacht aniar inti mar bhealach tábhachtach chun tacú leis an dea-rialachas agus an smacht reachta in aon daonlathas.
Tugann roinnt gnéithe de bheartas AE, a bhfuil forbairt déanta air le himeacht ama, aghaidh ar chearta an duine agus ar phrionsabail dhaonlathacha araon. Ina measc tá straitéisí tírshonracha maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas, ina sainítear na tosaíochtaí gníomhaíochta agus na cuspóirí a bheidh ag AE i dtíortha comhpháirtíochta. Áirítear leis freisin na forálacha maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, lenar féidir le AE trádáil nó comhar a chur ar fionraí má dhéanann tír sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar phrionsabail dhaonlathacha. Gné eile is ea ionstraim chistiúcháin shonrach chun tacú le gníomhaithe na sochaí sibhialta i réimse an daonlathais agus chearta an duine (féach thíos).
Is uirlis lárnach de chuid AE í an bhreathnóireacht toghchán chun tacú le forbairtí daonlathacha i dtíortha nach tíortha den Aontas iad, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn, agus rannchuidiú le cothú na síochána agus le coinbhleachtaí a chosc. Déanann misin breathnóireachta toghchán fhadtéarmacha AE (EOManna) measúnú ar imeachtaí a thiteann amach i rith an phróisis toghcháin. Ní mór don tír óstach cuireadh a thabhairt sular féidir leis an AE feidhm a bhaint as an misean breathnóireachta toghchán. Go hiondúil, cuireann breathnóirí fadtéarmacha tús leis an mbreathnóireacht dhá mhí roimh na toghcháin agus leanann siad an próiseas toghcháin ina iomláine go dtí fógairt na dtorthaí oifigiúla agus an nós imeachta achomhairc. Déanann breathnóirí gearrthéarmacha faireachán ar an lá vótála agus ar theailí na vótaí. Is iondúil gur Feisire de Pharlaimint na hEorpa an príomhbhreathnóir. Tar éis an mhisin, foilsíonn an misean breathnóireachta toghchán tuarascáil chríochnaitheach ina bhfuil na conclúidí agus moltaí, a thugann treoir maidir le hathchóiriú toghcháin agus an cúnamh a d’fhéadfadh AE a chur ar fáil san am atá le teacht. Sa bhreis ar bhreathnóireacht toghchán, is féidir le AE cúnamh teicniúil agus ábharach toghcháin a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta, rud a chuireann feabhas ar na dálaí le haghaidh toghcháin dhaonlathacha, a mhéadaíonn acmhainneacht na ngníomhairí stáit agus neamhstáit, agus a thacaíonn leis na hathchóirithe a bhfuil gá leo, agus an timthriall toghcháin ina iomláine á cur san áireamh.
I mí na Samhna2021, sheol an tAontas agus a Bhallstáit tionscnamh . Chun tionchar na tacaíochta don daonlathú ar fud an domhain a mhéadú, tá trí cholún i bhFoireann na hEorpa maidir leis an Daonlathas: taighde ar dhea-chleachtais agus ar bheartais maidir le tacaíocht dhaonlathach; Líonra Fhoireann na hEorpa maidir leis an Daonlathas (ar an leibhéal domhanda); agus saineolas a chur ar fáil maidir le tacaíocht daonlathais ar leibhéal na tíre.
Glacann an tAontas agus a Bhallstáit páirt freisin i bhfóraim iltaobhacha, amhail na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa nó an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), chun an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint. Ghlac Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh páirt sa faoi stiúir na Stát Aontaithe, atá dírithe ar athnuachan dhaonlathach a chur chun cinn agus ceannairí a spreagadh chun freagairt le chéile ar an treocht dhomhanda maidir le cúlú daonlathach.
Ionstraimí airgeadais
Is iad an agus an 2021-2027 na príomhionstraimí maoinithe atá ag an Aontas chun tacú leis an daonlathas. Tacaíonn IPA III le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha de chuid an Aontais na critéir ábhartha bhallraíochta a chomhlíonadh. Maoiníonn NDICI – An Eoraip Dhomhanda cláir gheografacha sna tíortha eile nach gcumhdaítear le IPA III, chomh maith le cláir théamacha a bhfuil clúdach domhanda acu. Áirítear ar a chuspóirí ginearálta an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a chomhdhlúthú, tacú leo agus iad a chur chun cinn. Díríonn an clár téamach maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar an daonlathas agus ar chosantóirí chearta an duine. Le buiséad EUR1.511billiún, feidhmíonn sé go neamhspleách ar thoiliú rialtais na dtíortha comhpháirtíochta. Ina theannta sin, leis an gclár maoinítear EOManna AE agus gníomhaíochtaí comhlántacha maidir le toghcháin, chomh maith le comhar le príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta i réimse an daonlathais agus chearta an duine.
In2013, bunaíodh an . Oibríonn an Dearlaic ar bhonn neamhspleách mar fhondúireacht dlí phríobháidigh agus tá sé mar aidhm leis tacú le gníomhaithe polaitiúla agus gníomhaithe ón tsochaí shibhialta a bhíonn ag féachaint le hathrú daonlathach a bhaint amach trí chúnamh airgeadais saincheaptha a chur ar fáil ar bhealach tapa, solúbtha agus neamh-mhaorlathach, agus é dírithe ar chomharsanachtaí thoir agus theas an Aontais. Ar chomhaltaí a bhoird rialaithe tá ionadaithe ó Bhallstáit agus institiúidí AE, lena n-áirítear suas le naonúr í Eorpacha, agus saineolaithe eile.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Tá Parlaimint na hEorpa, arb í an t-aon institiúid Eorpach í a thoghann saoránaigh AE go díreach, tiomanta go mór do chórais dhaonlathacha inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain. Tá aird tarraingthe aici ar an tiomantas sin i roinnt ú. Gach bliain, glacann an Pharlaimint ú maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas ar domhan agus maidir le beartas AE i leith an ábhair, ina ndéantar anailís ar na príomhdhúshláin agus na rudaí is mó atá bainte amach i dtaca le cur chuige AE i leith na tacaíochta don daonlathas, agus déantar moltaí ann don am atá le teacht. An 9Samhain2023, ghlac an Pharlaimint moladh ar an gceart chun rannpháirtíochta a neartú: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghchánach i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha.
Tá réimse uirlisí forbartha ag an bParlaimint ar mhaithe le páirt éifeachtach a ghlacadh sa . Bíonn an Pharlaimint i mbun gníomhaíochtaí breathnóireachta toghchán go leanúnach, agus í ag obair chun dlisteanacht próiseas toghcháin náisiúnta a neartú agus muinín an phobail i gcosaint toghchán agus chearta an duine a mhéadú. Cuireann sí roinnt toscaireachtaí parlaiminteacha chuig tríú tíortha gach bliain chun breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin nó ar reifrinn i dtíortha nach tíortha den Aontas iad. Féadfaidh an Pharlaimint cinneadh a dhéanamh na toscaireachtaí sin ar a bhfuil í de Pharlaimint na hEorpa a sheoladh ar choinníoll gur toghcháin náisiúnta atá ann, go bhfuil cuireadh faighte ag AE nó ag Parlaimint na hEorpa ó na húdaráis náisiúnta, agus go bhfuil misean fadtéarmach ann. Déantar toscaireachtaí parlaiminteacha a chomhtháthú i gcónaí i misin breathnóireachta toghchán AE nó i misin fhadtéarmacha Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE). Téitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le roghnú agus pleanáil mhisin breathnóireachta toghchán AE agus maidir leis an obair leantach ina ndiaidh.
Agus a cur chuige cuimsitheach i leith na tacaíochta don daonlathas mar threoir aici, nascann an Pharlaimint an bhreathnóireacht toghchán le gníomhaíochtaí comhlántacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí réamhthoghcháin agus obair leantach iarthoghcháin, gníomhaíochtaí ar son chearta an duine, agus tograí chun tacú le hobair pharlaiminteach. Dírítear go speisialta ar na tíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha agus ar Chomharsanacht na hEorpa. Cuidíonn Parlaimint na hEorpa le parlaimintí lasmuigh de theorainneacha AE chun a n-acmhainneacht institiúideach a neartú trí chomhdhálacha agus seimineáir, cláir oiliúna chomhpháirteacha agus cuairteanna staidéir do chomhaltaí agus d’oifigigh, chomh maith le comhaltachtaí do bhaill foirne parlaimintí tíortha nach tíortha den Aontas iad. Tacaíonn sí le parlaimintí comhpháirtíochta chun cearta an duine a phríomhshruthú sa reachtaíocht agus chun nascadh leis an tsochaí shibhialta. Éascaíonn an Pharlaimint an fothú acmhainneachta do ghníomhairí an athraithe dhaonlathaigh, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, agus cuireann sí saoirse na meán agus an iriseoireacht neamhspleách chun cinn. Tá Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta de chuid na Parlaiminte agus gníomhaíochtaí phobal buaiteoirí Dhuais Sakharov comhtháite sa chur chuige sin.
Ceapadh clár Simone Veil go sonrach chun tacú le polaiteoirí agus parlaiminteoirí ar mná iad. Cuireann an Pharlaimint tacaíocht agus saineolas ar fáil chomh maith i réimse na hidirghabhála agus an idirphlé, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe le parlaimintí comhpháirteacha agus imeachtaí idirnáisiúnta atá dírithe ar idirghabháil agus ar choinbhleachtaí a chosc. Is uirlis idirghabhála é Idirphlé Jean Monnet um Shíocháin agus Daonlathas a d’fhorbair an Pharlaimint chun ceannairí polaitiúla a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an gcumarsáid idirpháirtí agus cothú comhdhearcaidh a chur chun cinn. Tá an á do Cheannairí Polaitiúla Óga ar cheann de na tionscnaimh shuaitheanta a ceapadh chun idirphlé agus tuiscint a chur chun cinn i measc na gceannairí a bheidh ann amach anseo lasmuigh den Aontas, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le muinín agus síocháin a chothú. Sa ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hacmhainneacht AE a fhothú maidir le coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh iontu, a glacadh i mí an Mhárta2019, aithnítear a thábhachtaí atá na próisis idirghabhála agus idirphlé agus ról na Parlaiminte iontu.
Tugann an Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán (DEG) treoir pholaitiúil i leith ghníomhaíochtaí éagsúla na Parlaiminte. Tá 16Fheisire de Pharlaimint na hEorpa sa ghrúpa agus tá cathaoirligh na gǾí um Ghnóthaí Eachtracha agus um Fhorbairt sa Pharlaimint ina gcomhchathaoirligh air. Déanann DEG cinneadh faoi mhisin breathnóireachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus glacann sé clár oibre bliantúil le haghaidh na ngníomhaíochtaí eile. Don bhliain2024, rinne DEG athdhearbhú ar na sé thír agus réigiún tosaíochta (an Úcráin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Túinéis, na Balcáin Thiar agus an Pharlaimint Phan-Afracach, agus an Bhealarúis mar thosaíocht pholaitiúil ad hoc) chomh maith le réimsí téamacha (gníomhaíochtaí réamhthoghcháin agus iar-thoghcháin, idirghabháil pharlaiminteach agus idirphlé parlaiminteach, gníomhaíochtaí ar son chearta an duine, lena n-áirítear pobal agus comhlacht Dhuais Sakharov, agus parlaimintí agus nuálaíocht dhaonlathach).
Rasma Kaskina