An Coimisiún Eorpach
Is é an Coimisiún an institiúid AE a bhfuil monaplacht aige ar reachtaíocht a thionscnamh chomh maith leis na cumhachtaí tábhachtacha feidhmiúcháin i mbeartais amhail iomaíocht agus trádáil sheachtrach. Is é príomhchomhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh é agus is í an fhoirm atá aige ná Coláiste comhaltaí atá comhdhéanta de Choimisinéir amháin in aghaidh an Bhallstáit. Déanann an Coimisiún maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais sna Ballstáit agus féachann sé chuige go bhfuil na Conarthaí á n-urramú acu; déanann sé cathaoirleacht chomh maith ar na coistí atá freagrach as cur chun feidhme dhlí AE. Tá ionstraimí dlíthiúla nua tagtha in ionad an chórais ‘coisteolaíochta’ mar a bhí, is iad sin gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe.
Bunús dlí:
Airteagal17 den (CAE), Airteagail234, 244 go250, 290 agus291 den (CFAE), agus an (‘Conradh Cumaisc’).
Stair
Bhí a chomhlacht feidhmiúcháin féin ag gach Comhphobal ar dtús: an tArd-Údarás don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC)(1951) agus Coimisiún don dá chomhphobal arna mbunú ag Conradh na Róimhe in1957, CEE agus Euratom. Glacadh Conradh Cumaisc an 8Aibreán1965 trína ndearnadh na struchtúir feidhmiúcháin a bhí ag CEGC, CEE agus Euratom, chomh maith le buiséid na n-institiúidí sin (arbh é an Coimisiún an ceann ba thábhachtaí díobh), a chumasc in aon Choimisiún amháin do na Comhphobail Eorpacha (1.1.2). Nuair a chuaigh Conradh CEGC in éag in 2002, 50bliain tar éis a bhunaithe, go ndéanfaí sócmhainní CEGC a fhrithdhílsiú chuig an gCoimisiún agus gurb ar an gCoimisiún a bheadh an cúram as oibríochtaí a bhí fós gan chomhlíonadh a chríochnú suas, as sócmhainní CEGC a bhainistiú agus as maoiniú gníomhaíochtaí taighde in earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a áirithiú.
Comhdhéanamh agus stádas dlí
A. Líon na gcomhaltaí
Ar feadh tréimhse fada, chaithfeadh líon na gCoimisinéirí in aghaidh an Bhallstáit gan a bheith níos lú ná duine amháin agus gan a bheith níos mó ná beirt. Leagadh síos i gConradh Liospóin ag an tús go mbeadh ballraíocht an Choimisiúin, ón 1Samhain2014, coibhéiseach le dhá thrian de líon na mBallstát. Ag an am céanna, thug sé isteach roinnt solúbthachta sa mhéid is gur cheadaigh sé don Chomhairle Eorpach líon na gCoimisinéirí a chinneadh (Airteagal17(5)CAE). Rinne an Chomhairle Eorpach an cinneadh in2009 go leanfadh comhdhéanamh an Choimisiúin le líon comhaltaí atá cothrom le líon na mBallstát.
B. An modh ceapacháin
Sonraítear le Conradh Liospóin nach mór torthaí na dtoghchán Eorpach a chur san áireamh nuair a dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis comhairliúchán iomchuí (arna leagan amach i nDearbhú11 maidir le hAirteagal17(6) agus(7) de CAE, atá i gceangal leis an gConradh) agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe, iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin a mholadh don Pharlaimint. Déanann an Pharlaimint an t-iarrthóir seo a thoghadh le tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í (Airteagal17(7) CAE).
Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear anseo ‘an Chomhairle’), ina bhfuil airí rialtais ó gach ballstát, liosta na ndaoine eile atá á moladh aici le haghaidh a gceapachán mar chomhaltaí den Choimisiún, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí, ar bhunús na moltaí atá déanta ag na Ballstáit.
Chun an tUachtarán agus comhaltaí eile an Choimisiúin, lena n-áirítear Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a cheapadh caithfidh an Pharlaimint a toiliú trí vótáil a thabhairt don chomhlacht ina iomláine agus ceapann an Chomhairle Eorpach ansin iad, ina bhfuil cinn stáit agus rialtas na mBallstát AE, agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe.
Tá téarma oifige Coimisinéara mar a chéile le téarmaí cúig bliana Pharlaimint na hEorpa ó Chonradh Maastricht i leith agus tá sé inathnuaite.
C. Cuntasacht
1. Cuntasacht phearsanta (Airteagal245 CFAE)
Éilítear ar chomhaltaí an Choimisiúin:
- a bheith go hiomlán neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais; ní ceadmhach dóibh, go háirithe, teagasc a lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht seachtrach eile;
- ní fhéadfaidh siad gabháil le haon ghairm eile, bíodh sé sochrach nó ná bíodh.
Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Coimisinéirí a scor go héigeantach, má iarrann an Chomhairle nó an Coimisiún féin sin, má sháraíonn siad aon cheann de na dualgais thuasluaite nó má tá siad ciontach i mí-iompar tromchúiseach (Airteagal247CFAE).
2. Cuntasacht chomhchoiteann
Tá an Coimisiún cuntasach mar aonad don Pharlaimint de réir Airteagal234CFAE. Má ghlacann an Pharlaimint tairiscint cáinte i gcoinne an Choimisiúin, beidh ar gach duine dá chomhaltaí éirí as, lena n-áirítear Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a mhéid a bhaineann lena chuid nó lena cuid dualgas sa Choimisiún.
Eagar agus feidhmiú
Oibríonn an Coimisiún faoi threoir pholaitiúil a Uachtaráin, arb é a chinneann a eagar inmheánach. Leithdháileann an tUachtarán na hearnálacha gníomhaíochta ar na comhaltaí. Tugann sé sin freagracht do gach Coimisinéir as earnáil beartais shonrach agus údarás ar na ranna riaracháin lena mbaineann. Tar éis dó formheas an Choláiste a fháil, ceapann an tUachtarán na Leas-Uachtaráin as measc chomhaltaí an Choláiste féin. Ceaptar an tArd-Ionadaí go huathoibríoch mar Leas-Uachtarán den Choimisiún. Ní mór do chomhalta den Choimisiún éirí as má iarrann an tUachtarán air nó uirthi déanamh amhlaidh, faoi réir ag formheas an Choláiste.
Tá Ardúaíocht ag an gCoimisiún ina bhfuil33 Ardstiúrthóireacht, a dhéanann beartas, dlí agus cistiú AE a fhorbairt, a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Sa bhreis air sin, tá 20roinn speisialta (seirbhísí agus gníomhaireachtaí) ann a dhéileálann le ceisteanna ad hoc nó cothrománacha. Ina measc sin tá an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, an tSeirbhís Dlí, an Chartlann Stairiúil, Oifig na bhFoilseachán, an Lárionad Eorpach um Straitéis Pholaitiúil agus an Tascfhórsa um Chaibidlíocht Airteagal50 leis an Ríocht Aontaithe. Tá sé ghníomhaireacht feidhmiúcháin ann freisin, amhail an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, a dhéanann cúraimí a tharmligeann an Coimisiún chucu ach a bhfuil a bpearsantacht dhlítheanach féin acu. Gníomhaíonn an Coimisiún trí thromlach dá chomhaltaí, ach amháin i gcás roinnt eisceachtaí (Airteagal250 CFAE).
Bíonn cruinniú ag an gCoimisiún gach seachtain chun saincheisteanna atá íogair ó thaobh na polaitíochta de a phlé agus chun na tograí a ghlacadh nach mór a chomhaontú le nós imeachta ó bhéal agus glactar ábhair nach bhfuil chomh híogair céanna le nós imeachta i scríbhinn. Is féidir bearta a bhaineann le bainistíocht nó riarachán a ghlacadh trí chóras cumhachtaithe, trína dtugann an Coláiste údarás do dhuine dá chuid comhaltaí cinntí a dhéanamh thar a cheann (rud atá ábhartha go háirithe i réimsí ar nós cabhair talmhaíochta nó bearta frithdhumpála), nó trí fho-tharmligean, i gcás ina dtarmligtear cinntí chuig leibhéal riaracháin, chuig Ard-Stiúrthóirí de ghnáth.
ܳٲí
A. Cumhacht tionscnaimh
Mar riail, tá monaplacht ag an gCoimisiún ar an tionscnamh i dtaobh reachtóireacht AE (Airteagal17(2) CAE). Tarraingíonn sé suas gníomhartha beartaithe atá le glacadh ag an dá institiúid chinnteoireachta: An Pharlaimint agus an Chomhairle.
1. Lán-tionscnamh: an chumhacht togra a dhéanamh
a. Tionscnamh reachtach
Is í an chumhacht togra a dhéanamh an leagan iomlán den chumhacht tionscnaimh, mar go mbíonn sé eisiach i gcónaí agus go gcuireann sé srian ar an údarás cinnteoireachta sa mhéid is nach bhféadfaidh sé cinneadh a dhéanamh mura bhfuil togra ann agus go gcaithfidh a chinneadh a bheith bunaithe ar an togra mar a chuirtear i láthair é.
Déanann an Coimisiún aon togra reachtúil (i gcás rialachán nó treoracha) is gá chun na conarthaí a chur chun feidhme a tharraingt suas agus a thíolacadh don Chomhairle agus don Pharlaimint (1.2.3).
b. Tionscnamh buiséadach
Déanann an Coimisiún an dréachtbhuiséad a tharraingt suas agus cuireann sé faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte é faoi Airteagal314 CFAE (1.2.5). Gach bliain, déanann gach institiúid – seachas an Coimisiún – a cuid meastachán a tharraingt suas ina mbíonn cuntas ar a cuid ioncaim agus caiteachais go léir. Seolann siad na meastacháin sin chuig an gCoimisiún roimh an 1Iúil (Airteagal39(1) den Rialachán Airgeadais). Chomh maith leis sin, déanann gach comhlacht atá curtha ar bun faoi na Conarthaí, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhaigheann ranníocaíocht a chuirtear chun muirir sa bhuiséad, a chuidsan meastachán a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31Eanáir gach bliain. Ansin seolann an Coimisiún ráiteas meastachán na ngníomhaireachtaí AE chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle agus molann sé méid áirithe ranníocaíochta le haghaidh gach ceann de na comhlachtaí AE agus molann sé freisin an líon foirne a mheasann sé atá ag teastáil ó na comhlachtaí sin don bhliain airgeadais dar gcionn.
I ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais, ní mór an Cinneadh bunúsach maidir le hAcmhainní Dílse a ghlacadh d’aon ghuth sa Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún (Airteagal17 CAE) agus tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta. Is féidir catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó aon chatagóir atá cheana ann a dhíothú tráth ar bith (Airteagal311(3) CFAE), ach ní féidir cinntí chuige sin a ghlacadh ach amháin ar bhonn togra ón gCoimisiún (Airteagal17(2) CAE). Is í an Chomhairle freisin, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí, a chinneann na modhanna agus na nósanna imeachta trína ndéantar an t-ioncam buiséid a chur ar fáil le haghaidh bhuiséad an Aontais (Airteagal322(2) CFAE).
c. Caidreamh le tíortha nach ballstáit iad
Sa chás go bhfuil sainordú tugtha ag an gComhairle, tá an Coimisiún freagrach as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú faoi Airteagail207 agus218 CFAE, a dhéantar ansin a chur faoi bhráid na Comhairle d’fhonn iad a thabhairt chun críche. Áirítear leis sin caibidlíochtaí le haghaidh aontachas leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (Airteagal6(2) CAE). Maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála, is é nó í an tArd-Ionadaí a dhéanann caibidlíocht ar chomhaontuithe. Faoi Airteagal50 CAE agus Airteagal218(3) CFAE, tíolacann an Coimisiún moltaí freisin faoi oscailt na gcaibidlíochtaí maidir le tarraingt siar ó AE.
2. Tionscnamh teoranta: an chumhacht moladh a dhéanamh nó tuairim a thabhairt
a. I gcomhthéacs an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (2.6.2)
Tá ról ag an gCoimisiún maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a bhainistiú. Cuireann sé faoi bhráid na Comhairle:
- moltaí maidir le dréacht-treoirlínte leathana do bheartais eacnamaíocha na mBallstát, agus foláirimh má tá an chosúlacht air nach bhfuil na beartais comhoiriúnach leis na treoirlínte (Airteagal121(4) CFAE);
- tograí measúnaithe chun a chur ar chumas na Comhairle a chinneadh cibé an bhfuil easnamh iomarcach ag Ballstát (Airteagal126(6) CFAE);
- moltaí maidir leis na bearta atá le tabhairt fúthu má tá deacrachtaí ag Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro maidir lena chomhardú íocaíochtaí, mar a dhéantar foráil dó in Airteagal143 CFAE;
- moltaí maidir leis an ráta malairte idir an t-airgeadra aonair agus airgeadraí eile agus maidir le treoshuíomhanna ginearálta le haghaidh beartas rátaí malairte, mar a dhéantar foráil dó in Airteagal219 CFAE;
- measúnú ar phleananna beartais náisiúnta agus tíolacadh dréachtmholtaí tír-shonracha a thagann faoin Seimeastar Eorpach.
b. Faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála
Tá go leor inniúlachtaí aistrithe sa réimse seo ón gCoimisiún go dtí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus go dtí an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Féadfaidh an Coimisiún, áfach, tacú leis an Ard-Ionadaí agus é nó í ag cur aon chinneadh faoi bhráid na Comhairle i ndáil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (Airteagal30 CAE). Is Leas-Uachtarán den Choimisiún é nó í an tArd-Ionadaí chomh maith.
B. An chumhacht faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais
Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún faoi na Conarthaí a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go cuí na Conarthaí iad féin, mar aon le haon chinneadh a ghlactar chun iad a chur chun feidhme (reachtaíocht thánaisteach). Is ansin atá a ról mar chaomhnóir na gConarthaí. Feidhmítear an ról sin go príomha tríd an nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le Ballstáit sa chás nár chomhlíon siad oibleagáid faoi na Conarthaí, mar a leagtar amach in Airteagal258 CFAE.
C. ܳٲí cur chun feidhme
1. Arna dtabhairt ag na Conarthaí
Is iad seo a leanas na príomhchumhachtaí atá dílsithe don Choimisiún:
- an buiséad a chur chun feidhme (Airteagal17(1) CAE, Airteagal317 CFAE). A thúisce a bhíonn an buiséad glactha, déanann gach Ballstát, amhail ón 1Eanáir sa bhliain airgeadais dar gcionn na trí ranníocaíochtaí mhíosúla le buiséad AE agus déantar na ranníocaíochtaí sin a thaisceadh i gcuntas bainc in ainm an Choimisiúin Eorpaigh ag an Roinn Airgeadais náisiúnta nó ag an mbanc ceannais;
- na Ballstáit a údarú chun na bearta cosanta atá leagtha síos sna Conarthaí a dhéanamh, go háirithe i rith tréimhsí eatramhacha (e.g. Airteagal201 CFAE);
- rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú, go háirithe trí státchabhair a choinneáil faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal108 CFAE.
Sna pacáistí tarrthála airgeadais a bhí ag déileáil leis na géarchéimeanna fiachais a bhí ag roinnt Ballstát, tá an Coimisiún freagrach as bainistiú a dhéanamh ar na cistí a cruinníodh agus a ráthaíodh le buiséad AE. Tá an chumhacht aige chomh maith an nós imeachta vótála sa Sásra Cobhsaíochta Eorpach a athrú, rud a chuireann ar chumas an Bhoird Gobharnóirí gníomhú trí thromlach cáilithe speisialta (85%) in áit gníomhú d’aon toil, má dhéanann sé an cinneadh (i gcomhaontú leis an mBanc Ceannais Eorpach) go mbeadh inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro i mbaol dá mainneodh sé cinneadh a ghlacadh chun cabhair airgeadais a thabhairt (Airteagal4(4) den Chonradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach) (2.6.8).
2. Arna dtarmligean ag an bParlaimint agus ag an gComhairle
I gcomhréir le hAirteagal291 CFAE, feidhmíonn an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dó chun críche cur chun feidhme na ngníomhartha reachtacha arna leagan síos ag an bParlaimint agus ag an gComhairle.
Le Conradh Liospóin tugadh isteach foráil nua arb é sin ‘na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún’ (Airteagal291(3) CFAE agus Rialachán (AE) Uimh182/2011). Tagann dhá shocrú nua in ionad na sásraí coiste a bhí ann roimhe sin, an nós imeachta comhairleach agus an nós imeachta scrúdúcháin. Áirítear go foirmiúil an ceart grinnscrúdaithe atá deonaithe don Pharlaimint agus don Chomhairle, mar aon le foráil do nós imeachta achomhairc i gcás coimhlinte.
3. Gníomhartha tarmligthe
Tugadh isteach catagóir nua gníomhartha le Conradh Liospóin chomh maith, a rangaítear idir gníomhartha reachtacha agus gníomhartha cur chun feidhme. Is ‘gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach’ (a dtugtar an ‘gníomh bunúsach’ air chomh maith) iad na ‘gníomhartha neamhreachtacha tarmligthe’ sin (Airteagal290 CFAE). Tá na cearta céanna formhaoirseachta, i bprionsabal, ag an bParlaimint agus atá ag an gComhairle.
D. ܳٲí rialála agus comhairleacha
Is annamh a thugann na Conarthaí lánchumhachtaí rialála don Choimisiún. Eisceacht amháin ar an riail sin is ea Airteagal106 CFAE, a thugann de chumhacht don Choimisiún forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha Aontais maidir le gnóthais phoiblí agus gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne agus, i gcás inar gá, treoracha nó cinntí iomchuí a dhíriú chuig na Ballstáit.
Tugann na Conarthaí an chumhacht don Choimisiún moltaí a dhéanamh nó tuarascálacha agus tuairimí a sheachadadh in go leor cásanna. Déantar foráil leo chomh maith go rachfaí i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le cinntí áirithe, amhail aontachas Ballstát nua leis an Aontas (Airteagal49 CAE). Téitear i gcomhairle leis an gCoimisiún chomh maith maidir le hathruithe i reachtanna institiúidí agus comhlachtaí eile go háirithe, amhail Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, Reacht an Ombudsman Eorpaigh agus Reacht na Cúirte Breithiúnais.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Is é an Coimisiún príomh-chomhchainteoir na Parlaiminte maidir le hábhair reachtúla agus bhuiséadacha. Tá grinnscrúdú parlaiminteach ar chlár oibre an Choimisiúin agus forghníomhú an ghrinnscrúdaithe sin ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile i dtaca le dlisteanacht dhaonlathach níos fearr a chinntiú i rialachas AE. Is é atá sa dréachtbhuiséad bliantúil ná togra ina bhfuil an dréachtbhuiséad atá le tíolacadh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle faoin 1Meán Fómhair sa bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an buiséad le cur chun feidhme (bliainn-1). Déanann an Coimisiún an togra sin a chur ar aghaidh, mar fhaisnéis, freisin chuig na parlaimintí náisiúnta. Sa bhreis air sin, tarraingíonn an Coimisiún suas a ráiteas féin i dtaobh na meastachán agus seolann sé an ráiteas sin chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle le formheas uathu a fháil. I gcomhréir le hAirteagal319 CFAE, tá an ceart ag an bParlaimint urscaoileadh a dheonú don Choimisiún.
Glactar an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta (Airteagal289(2) CFAE), bunaithe ar thogra ón gCoimisiún (Airteagal311(2) CFAE) agus tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint. Fiú agus gur faoin nós imeachta comhairliúcháin seo a ghlactar an Cinneadh bunúsach maidir le hAcmhainní Dílse, déantar na bearta cur chun feidhme comhfhreagracha (i gcomhréir le hAirteagal291(2) CFAE) a ghlacadh sa Chomhairle tar éis toiliú na Parlaiminte a fháil ar bhonn togra ón gCoimisiún (Airteagal311(3) CFAE).
Ba cheart don Choimisiún Eorpach idirphlé leanúnach a choinneáil ar bun le Parlaimint na hEorpa ar feadh a théarma iomláin, ag tosú le héisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe agus ag leanúint ar aghaidh leis na gealltanais shonracha arna dtabhairt le linn na n-éisteachtaí sin, le rianú meántéarma na ngealltanas sin agus le hidirphlé struchtúrtha córasach le coistí parlaiminteacha sonracha.
Faoi Chonradh Maastricht, a chuir Conradh Liospóin leis, tá ceart maidir le tionscnamh reachtach ag Parlaimint na hEorpa lena gceadaítear di iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceanglais tuairiscithe a thabhairt isteach ina reachtaíocht freisin, lena gcuirfí oibleagáid ar an gCoimisiún Eorpach tuarascálacha cur chun feidhme a thíolacadh.
Uaireanta ní chomhlíonann an Coimisiún Eorpach iarrataí Pharlaimint na hEorpa ar thograí (amhail i gcás an mholta ó Pharlaimint na hEorpa an 15Meitheamh2023 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis imscrúdaithe ar líomhaintí maidir le sárú nó drochriarachán i bhfeidhmiú dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla) nó cuireann sé moill ar thuarascálacha tábhachtacha cur chun feidhme a thíolacadh (e.g. an chéad tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí[1]).
Agus é mar thoradh ar chás Schrems II neamhbhailiú a dhéanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE)2016/1250 ón gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na cosanta arna tabhairt leis an gcomhaontú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i ndáil le malartú sonraí, mar gheall ar imní nach raibh saoránaigh an Aontais cosanta i dtaobh malartuithe trasatlantacha sonraí, cháin Parlaimint an fíoras gur chuir an Coimisiún an caidreamh leis na Stáit Aontaithe chun tosaigh ar leas shaoránaigh an Aontais agus, ar an gcaoi sin, gur fhág an Coimisiún an cúram dlí an Aontais a chosaint faoi shaoránaigh aonair[2]. D’ainneoin an cháinte sin, agus ú eile ón bParlaimint inar thángthas ar an gconclúid nach gcruthaíonn Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM coibhéis riachtanach i leibhéal na cosanta, ghlac an Coimisiún an 10Iúil2023 a thríú maidir le leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM.
Is í an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i bParlaimint na hEorpa a d’ullmhaigh an bhileog eolais seo.
Pablo Abril Marti / Mariusz Maciejewski