Ϸվ

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar cheann de sheacht n-institiúid AE. Dhá chúirt dlí atá inti: an féin agus an . Tá sí freagrach as dlínse an Aontais Eorpaigh. Áirithíonn na cúirteanna go léirmhínítear agus go gcuirtear i bhfeidhm i gceart dlí príomha agus tánaisteach AE in AE. Déanann siad athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gníomhartha institiúidí AE agus déanann siad cinneadh an bhfuil a n-oibleagáidí comhlíonta ag Ballstáit faoin dlí príomha agus tánaisteach. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais léirmhínithe chomh maith ar dhlí AE nuair a iarrann breithiúna náisiúnta uirthi amhlaidh a dhéanamh.

An Chúirt Bhreithiúnais

A. Bunús dlí

  • Airteagal19 den (CAE), Airteagail251 go281 den (CFAE), Airteagal136 de Chonradh Euratom, agus
  • ;
  • Buiséad AE (Roinn4).

B. Comhdhéanamh agus Reacht

1. ídz

a. Líon comhaltaí (Airteagal19 CAE agus Airteagal252 CFAE)

Breitheamh amháin in aghaidh an Bhallstáit(27). Faigheann an Chúirt cúnamh ó na11 abhcóide ginearálta. Toghann na breithiúna den Chúirt Bhreithiúnais Uachtarán agus Leas-Uachtarán as a measc féin ar feadh téarma inathnuaite trí bliana.

b. Riachtanais (Airteagal19 CAE agus Airteagal253 CFAE)

  • ní mór na cáilíochtaí is gá a bheith ag breithiúna agus abhcóidí ginearálta chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó iad a bheith ina saineolaithe dlí aitheanta;
  • ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

c. Nós imeachta ceapacháin (Airteagal253 CFAE)

Ag teacht i dtreo deireadh téarma oifige breithiúna agus abhcóidí ginearálta, leanann ionadaithe rialtais na mBallstát ar aghaidh chun breithiúna nó abhcóidí ginearálta a cheapadh don Chúirt Bhreithiúnais de chomhthoil tar éis dóibh dul i gcomhairle le painéal a bhfuil an fhreagracht orthu tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht iarrthóirí ionchasacha (Airteagal255 CFAE).

2. Tréithe na hoifige

a. Ré (Airteagal253 de CFAE agus An Reacht)

Sé bliana. Athsholáthar i bpáirt gach trí bliana, déantar leath de na breithiúna agus de na habhcóidí ginearálta a athrú ar bhonn uainíochta. D’fhéadfaí breithiúna agus abhcóidí ginearálta atá ag dul ar scor a cheapadh arís.

b. Pribhléidí agus díolúintí (An Reacht)

Tá díolúine ag breithiúna agus abhcóidí ginearálta ó imeachtaí dlí. Tar éis scor dá n-oifig dóibh, tá díolúine acu i gcónaí maidir le gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil. Ní féidir iad a chur as oifig ach amháin trí chinneadh d’aon toil na Cúirte.

c. Oibleagáidí (An Reacht)

Déanann breithiúna agus abhcóidí ginearálta na nithe seo a leanas:

  • glacann siad mionn (á mhionnú go mbeidh siad neamhspleách, neamhchlaonta agus go gcloífidh siad le údacht) sula dtugann siad faoina ndualgais;
  • ní cheadaítear dóibh aon oifig pholaitiúil ná riaracháin a bheith acu, ná gabháil le haon ghairm eile;
  • tugann siad gealltanas go n-urramóidh siad na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige.

C. Eagar agus feidhmiú (Airteagal253 CFAE agus An Reacht)

1. Leagan amach institiúideach

Ní mór don Reacht a bheith leagtha síos i bPrótacal ar leith, atá i gceangal leis na Conarthaí (Airteagal281 CFAE). Toghann an Chúirt a hUachtarán agus Leas-Uachtarán as measc a comhaltaí féin ar feadh téarma in-athnuaite trí bliana (Airteagal9a de Phrótacal Uimh.3). Treoraíonn an tUachtarán obair na Cúirte agus is é a bhíonn i gceannas ag éisteachtaí agus pléití na Cúirte iomláine nó an Mhór-Dhlísheomra. Ceapann an Chúirt a áaitheoir. Is é an áaitheoir Ardúaí na hinstitiúide agus déanann sé bainistiú ar a ranna faoi údarás Uachtaráin na Cúirte.

2. 𾱻󳾾ú

Bunaíonn an Chúirt a Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil formheas ón gComhairle ag teastáil ina leith agus í ag feidhmiú trí thromlach cáilithe. D’fhéadfadh an Chúirt suí mar Chúirt iomlán le 27mbreitheamh, i Mór-Dhlísheomra le 15bhreitheamh nó i ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear breithiúna iontu. Maoinítear an institiúid ó bhuiséad AE, a bhfuil a hearnáil thiomnaithe féin aici (Roinn4).

D. A bhfuil bainte amach

Tá sé léirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais go bhfuil sí ar thús cadhnaíochta ó thaobh phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa.

1. Cleachtadh ginearálta

Bhí a breithiúnas an 15Iúil1964 i gcás Costa v ENEL ríthábhachtach ó thaobh dlí an Chomhphobail a shainmhíniú mar chóras neamhspleách a bhfuil forlámhas aige ar fhorálacha náisiúnta dlí, lena mbunaítear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais[1]. Ar an gcaoi chéanna, bhunaigh a breithiúnas, an 5Feabhra1963 i gcás Van Gend & Loos an prionsabal go raibh dlí an Chomhphobail infheidhmithe go díreach i gcúirteanna na mBallstát. I measc na mbreithiúnas suntasach eile a bhaineann le cearta an duine a chosaint, áirítear breithiúnas an 14Bealtaine1974 i gcás Nold, inar shonraigh an Chúirt gur cuid lárnach iad cearta bunúsacha an duine de phrionsabail ghinearálta an dlí a seasann sí leo (4.1.2).

2. Maidir le nithe sonracha

  • ceart bunaíochta: breithiúnas an 8Aibreán1976 i gcás Royer, inar sheas an Chúirt le ceart náisiúnach Ballstáit cur faoi in aon Bhallstát eile gan spleáchas ar aon chead cónaithe arna eisiúint ag an tír óstach;
  • saorghluaiseacht earraí: breithiúnas an 20Feabhra1979 i gcás Cassis de Dijon, inar rialaigh an Chúirt nach mór go gceadófaí aon táirge a monaraíodh agus a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil i mBallstát a chur ar mhargadh aon Bhallstáit eile;
  • dlínse seachtrach an Chomhphobail: breithiúnas Chomhaontú Eorpach maidir le hIompar de Bhóthar an 31Márta1971, i gcás Ǿú/dz󲹾, inar aithníodh ceart an Chomhphobail comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimsí ina bhfuil feidhm ag rialacháin an Chomhphobail;
  • breithiúnais a tugadh le gairid inar dearbhaíodh oibleagáid damáistí a ghearradh ar Bhallstáit a mhainnigh treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta nó a mhainnigh déanamh amhlaidh go tráthúil;
  • breithiúnais éagsúla a bhaineann le slándáil shóisialta agus le hiomaíocht;
  • rialuithe maidir le sáruithe ar dhlí AE ag na Ballstáit, ar rialuithe iad atá fíorthábhachtach do reáchtáil rianúil an chómhargaidh;
  • cosaint sonraí: rialuithe maidir leis an gcomhaontú um Chuan Sábháilte in (2015) agus maidir le Sciath Phríobháideachais AE-SAM in (2020), lenar neamhbhailíodh maidir leis na Stáit Aontaithe chun bunphrionsabail an dlí Eorpaigh a chosaint agus tacar láidir ceanglas cosanta sonraí a áirithiú.

Is é ceann de mhórbhuanna na Cúirte a ráiteas i leith an phrionsabail nár cheart na Conarthaí a léirmhíniú go docht, ach gur cheart breathnú orthu i bhfianaise staid lánpháirtithe agus chuspóirí na gConarthaí féin. Rinne an prionsabal seo éascaíocht do AE reachtaíocht a rith i réimsí nach bhfuil aon fhorálacha sonracha Conartha ann dóibh, amhail an comhrac i gcoinne an truaillithe (i mbreithiúnas an 13Meán Fómhair2005 (CásC-176/03), thug an Chúirt údarás do AE bearta a ghlacadh a bhain leis an dlí coiriúil sa chás go raibh sé ‘riachtanach’ chun an cuspóir maidir le cosaint an chomhshaoil a shaothrú).

In2022, tugadh 806 chás os comhair na Cúirte Breithiúnais, lena mbaineann546 imeacht um réamhrialú, 37ngníomh dhíreacha agus209 n-achomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta. Réitíodh 808gcás, lena n-áirítear564 imeacht um réamhrialú, 36ghníomh dhíreacha agus196 achomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta. As na Ballstáit seo a leanas a raibh formhór na n-iarrataí, an Ghearmáin (98), an Iodáil (63), an Bhulgáir (43) agus an Spáinn (41). An meánfhad a bhí ag imeachtaí ná16.4 mí[2]. Bhí 1111 chás ar feitheamh amhail an 31Nollaig2022.

An Chúirt Ghinearálta

A. Bunús dlí

Airteagail254 go257 CFAE, Airteagal40 de Chonradh Euratom, agus TeidealIV de Phrótacal Uimh.3 atá i gceangal leis na Conarthaí ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

B. Ré agus an Reacht (Airteagal254 CFAE)

1. ídz

a. Líon Comhaltaí (Airteagal19 CAE agus Airteagal254 CFAE)

Foráiltear le hAirteagal254 CFAE gurb é an Reacht a chinnfidh líon na mbreithiúna. Foráiltear le go mbeidh an Chúirt Ghinearálta comhdhéanta de bheirt bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit (54 faoi láthair). Ceaptar breithiúna le comhthoil rialtais na mBallstát tar éis dul i gcomhairle le painéal a bhfuil an fhreagracht air tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht iarrthóra dualgais bhreithimh a chomhlíonadh. Tá téarma oifige sé bliana acu, agus tá an téarma sin inathnuaite. D’fhéadfaí a iarraidh ar na breithiúna cúram an abhcóide ghinearálta a chomhlíonadh, mar, murab ionann agus an Chúirt Bhreithiúnais, níl abhcóidí ginearálta ag an gCúirt Ginearálta.

b. Riachtanais

Mar a chéile leo siúd atá ag an gCúirt Bhreithiúnais (Airteagal19 CAE). Ionas go gceapfar chun na Cúirte Ginearálta iad, ní mór na hábaltachtaí is gá a bheith ag iarrthóirí chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde.

c. Nós imeachta ceapacháin

Mar a chéile leis sin atá ag an gCúirt Bhreithiúnais.

2. Tréithe na hoifige

Mar a chéile leis sin atá ag an gCúirt Bhreithiúnais.

C. Eagar agus feidhmiú

Ceapann na breithiúna a nUachtarán as a líon féin ar feadh tréimhse trí bliana agus a gáaitheoir ar feadh téarma oifige sé bliana, bíodh is go n-úsáideann an Chúirt Ghinearálta seirbhísí na Cúirte Breithiúnais le haghaidh a riachtanas riaracháin agus teanga.

I gcomhaontú leis an gCúirt Bhreithiúnais, bunaíonn an Chúirt Ginearálta a (Airteagal 254(5) CFAE). Suíonn an Chúirt Ghinearálta i ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear breithiúna iontu. Suíonn an Chúirt Ghinearálta mar chúirt iomlán nó mar Mhór-Dhlísheomra nó nuair nach mbíonn ach breitheamh amháin ina shuí sa chúirt. Éistear níos mó ná80% de na cásanna a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta i ndlísheomra a bhfuil triúr breithiúna ann.

De réir an leasaithe a rinneadh le déanaí ar Phrótacal Uimh.3 (Airteagal 49a), beidh cúnamh á fháil ag an gCúirt Ghinearálta, mar a fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais, ó abhcóide ginearálta amháin nó níos mó chun déileáil le hiarrataí ar réamhrialú. Dá bhrí sin, toghfaidh breithiúna na Cúirte Ginearálta, ina measc, abhcóide ginearálta amháin nó níos mó le haghaidh téarma trí bliana (d’fhéadfaí iad a atoghadh uair amháin).

Ceadaítear le leasuithe a rinneadh le déanaí ar a Rialacha Nós Imeachta (Aibreán2023) físchomhdhálacha a úsáid le linn éisteachtaí (Airteagal107a Rialacha Nós Imeachta). Tugann na leasuithe isteach freisin coincheap an ‘cháis phíolótaigh’ (Airteagal71a Rialacha Nós Imeachta). Má ardaítear an tsaincheist chéanna dlí le roinnt cásanna agus má chomhlíontar na coinníollacha is gá, féadfar ceann de na cásanna a shainaithint mar chás píolótach agus na cásanna eile a choinneáil.

Féadfar imeachtaí a thabhairt go príomha os comhair na Cúirte Ginearálta, ag an gcéad chéim, i ngníomhaíochtaí díreachaá dtabhairt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nuair a bhaineann sé leo go díreach nó ar bhonn aonair, agus ag na Ballstáit i gcoinne gníomhartha institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE, agus i ngníomhaíochtaí díreacha a bhfuil cúiteamh á lorg acu as damáiste arb iad na hinstitiúidí nó a bhfoireann ba chúis leis. Féadfaidh cinntí na Cúirte Ginearálta a bheith faoi réir achomhairc, teoranta do phointí dlí, os comhair na Cúirte Breithiúnais. Ar an meán, déantar agóid in aghaidh30% de chinntí na Cúirte Ginearálta.

Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun catagóirí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Chun na cúirteanna sin a bhunú, gníomhóidh an Pharlaimint agus an Chomhairle faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

In2022, tugadh 904chás os comhair na Cúirte Ginearálta, agus réitíodh 858 díobh. Bhain792 cheann de na cásanna sin le gníomhaíochtaí díreacha (270maidir le maoin intleachtúil agus thionsclaíoch, 76 maidir le státchabhair agus iomaíocht, 66maidir le seirbhís shibhialta AE, agus380 maidir le gníomhaíochtaí díreacha eile). Féadfaidh páirtí nach bhfuil ar a chumas costais na n-imeachtaí a sheasamh cur isteach ar chúnamh dlí saor in aisce (54chás in2022). An meánfhad a bhí ag imeachtaí ná16.2 mí. Bhí 1474 chás ar feitheamh amhail an 31Nollaig2022[3].

An t-iar-Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

Bhí an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (a bunaíodh in2004) freagrach as rialú a dhéanamh ar dhíospóidí idir institiúidí AE agus a bhfoireann, ar díospóidí iad nach raibh freagracht ag cúirt náisiúnta ina leith. Nuair a méadaíodh líon iomlán na mbreithiúna sa Chúirt Bhreithiúnais, díscaoileadh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an 1Meán Fómhair2016 agus tugadh isteach sa Chúirt Ghinearálta é le . Aistríodh cásanna a bhí ar feitheamh os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an 31Lúnasa2016 chuig an gCúirt Ghinearálta le héifeacht ón 1Meán Fómhair2016. Leanann an Chúirt Ghinearálta de bheith ag déileáil leis na cásanna sin mar a fuair sí iad amhail an dáta sin, agus tá feidhm i gcónaí ag na céimeanna nós imeachta a ghlac an t-iar-Bhinse um Sheirbhís Shibhialta.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Chomh luath le1990, thug rialú ón gCúirt Bhreithiúnais ar chás a thóg an Pharlaimint mar chuid den nós imeachta reachtach maidir le bearta sláinte a bhí le glacadh tar éis tionóisc núicléach Chernobyl an ceart don Pharlaimint caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun dearbhú a fháil go bhfuil cinntí curtha ar neamhní chun críche a sainphribhléidí a chosaint faoin nós imeachta reachtach.

De réir Airteagal257 CFAE, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle, agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cúirteanna speisialaithe a bheidh i gceangail leis an gCúirt Ghinearálta a bhunú chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí sonracha a éisteacht agus a chinneadh ar an gcéad chéim. Bíonn ar an bParlaimint agus ar an gComhairle gníomhú trí bhíthin rialachán ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin ag an gCúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

De réir Airteagal281(2) CFAE, leasaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle , agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (i bhfoirm rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle). Sampla de rannpháirtíocht na Parlaiminte is ea an togra ón gCúirt Bhreithiúnais féin an 30Samhain2022 chun a Reacht a leasú.

Tá an Pharlaimint ar cheann amháin de na hinstitiúidí a luaitear in Airteagal263 CFAE a fhéadfaidh caingean a thionscnamh (mar pháirtí) os comhair na Cúirte Breithiúnais.

De réir Airteagal218(11) CFAE, is féidir leis an bParlaimint tuairim a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais i dtaobh an bhfuil comhaontú idirnáisiúnta atá pleanáilte ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairim dhiúltach ón gCúirt Bhreithiúnais, ní fhéadfaidh an comhaontú pleanáilte teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí. Mar shampla, i mí Iúil2019 d’iarr an Pharlaimint tuairim dhlíthiúil i dtaobh an bhfuil na tograí maidir le haontachas AE do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) ag luí leis na Conarthaí ().

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, déanann painéal a bhfuil seachtar air breithmheas ar dtús ar iarrthóirí don phost mar bhreitheamh agus mar abhcóide ginearálta, agus is í an Pharlaimint a mholann duine amháin den seachtar sin (Airteagal255(2) CFAE, an dara mír, agus Riail128 de Nósanna Imeacht na Parlaiminte) trí bhíthin ón suí iomlánach.

I gcomhréir le hAirteagal3(1) de Rialachán(AE, Euratom)2015/2422, an 21Nollaig2020 thíolaic an Chúirt Bhreithiúnais , arna tarraingt suas ag comhairleoir seachtrach. Go háirithe, ceanglaíodh le hAirteagal3(1) de Rialachán(AE, Euratom)2015/2422 go ndíreodh an tuarascáil ar éifeachtúlacht na Cúirte Ginearálta, a riachtanaí agus a éifeachtaí atá an méadú go dtí56 bhreitheamh, úsáid agus éifeachtúlacht acmhainní agus ar dhlísheomraí speisialaithe eile a bhunú agus/nó ar athruithe struchtúracha eile.

An 19Meán Fómhair2023 ghlac Coiste JURI é-ٳܲá maidir le a leasú, a bhfuil sé mar aidhm aige dlínse ar réamhrialuithe i roinnt réimsí sonracha a aistriú ón gCúirt Bhreithiúnais go dtí an Chúirt Ghinearálta agus an ceanglas cead a fháil chun achomharc a dhéanamh i gcás achomharc i gcoinne cinntí áirithe ón gCúirt Ghinearálta a leathnú. An 11Aibreán2024, ghlac an Chomhairle an gníomh, tar éis an chéad léamh ón bParlaimint. Laistigh den téacs a comhaontaíodh tá forálacha maidir le toghadh abhcóidí ginearálta buana le haghaidh téarma trí bliana ón gCúirt Ghinearálta.

[1]Ziller J., La primauté du droit de l’Union européenne [Tosaíocht dhlí an Aontais], Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Parlaimint na hEorpa, Mí Bealtaine2022.
[2].
[3]2022.

Alexandru-George Moș / Udo Bux / Mariusz Maciejewski