Ϸվ

Is é comhar críochach Eorpach (CCE) is cuspóir don bheartas comhtháthaithe a bhfuil sé mar aidhm leis teacht ar réiteach ar fhadhbanna thar theorainneacha agus forbairt a dhéanamh go comhpháirteach ar an acmhainneacht atá ag críocha atá éagsúil óna chéile. Tacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le gníomhaíochtaí comhair trí thrí phríomhghné: comhar trasteorann, comhar trasnáisiúnta agus comhar idir-réigiúnach.

Bunús dlí

Airteagal178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 an 17Nollaig2013.

Forálacha ginearálta

Tá CCE mar chuid den bheartas comhtháthaithe ó1990 i leith. I gcás chlárthréimhse2014-2020, den chéad uair i stair an bheartais chomhtháthaithe Eorpaigh, glacadh rialachán sonrach lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí CCE a dtacaíonn CFRE leo. Leanadh den chleachtas sin sa tréimhse2021-2027.

Is é atá in CCE ná an cuspóir beartais chomhtháthaithe, atá ceaptha chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna a tharchéimníonn teorainneacha náisiúnta agus a n-éilítear réiteach comhchoiteann ina leith, agus chun forbairt a dhéanamh i gcomhar le chéile ar an acmhainneacht atá ag críocha atá éagsúil óna chéile.

Is forbairt bhreise ar an gcomhar idir-réigiúnach (Interreg) an tréimhse2021-2027, le comhar treisithe le tíortha comhpháirtíochta tríd an ionstraim Interreg um chúnamh réamhaontachais (IPA), agus trí , agus trí chomhtháthú sraithe tiomnaithe le haghaidh comhar idir na agus a dtíortha comharsanachta.

Comhar críochach Eorpach sa tréimhse2021-2027

In2021, chuir an tAontas tús le tréimhse clársceidealaithe ilbhliantúil nua. Bunaíodh na rialacha le haghaidh CCE sa tréimhse2021-2027 le . Is iad na príomhchuspóirí atá le comhar críochach a chothú le linn na tréimhse sin ná rialachas comhoibríoch a fheabhsú agus sábháilteacht agus slándáil na hEorpa a áirithiú. Sa tréimhse2021-2027, beidh ceithre ghné ag baint le CCE (snáitheanna):

  • Tacaíonn comhar trasteorann (Interreg sraith A) le comhar idir réigiúin NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh) 3 ó dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad atá suite go díreach ar na teorainneacha nó cóngarach dóibh. Is é is aidhm dó dul i ngleic le dúshláin choiteanna arna sainaithint go comhpháirteach sna réigiúin teorann agus leas a bhaint as an acmhainneacht fáis neamhshaothraithe i limistéir teorann, agus feabhas á chur ag an am céanna ar an bpróiseas comhair chun an tAontas a fhorbairt go comhchuí agus go foriomlán.
  • Le comhar trasnáisiúnta (Interreg sraith B ), lamháiltear do chomhar a bhunú ar fud críocha trasnáisiúnta níos mó nó timpeall imchuacha farraige agus lena mbaineann comhpháirtithe clár náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, ach i gcláir áirithe freisin, tíortha nach bhfuil san Aontas (amhail an Íoslainn nó Lichtinstéin), tíortha comhpháirtíochta an Mhéadaithe agus tíortha comhpháirtíochta Comharsanachta, agus tíortha agus críocha thar lear (TCLanna), d'fhonn céim níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach. Tagann comhar trasnáisiúnta arna chur chun feidhme ag na réigiúin is forimeallaí faoi shraith leithleach. Tacaíonn Interreg sraith B le raon leathan infheistíochtaí tionscadail a bhaineann leis an nuálaíocht, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
  • Oibríonn an comhar idir-réigiúnach (Interreg sraith C) ar leibhéal uile-Eorpach, lena gcumhdaítear Ballstáit uile an Aontais agus na stáit chomhpháirtíochta uile. Tógann sé líonraí chun dea-chleachtas a fhorbairt agus chun malartú agus aistriú thaithí na réigiún rathúil a éascú. Is uirlis é chun comhtháthú a neartú agus chun na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a shárú.
  • Tá sé mar chuspóir ag Comhar sna Réigiún is Forimeallaí (Interreg sraith D) ligean do na réigiúin is forimeallaí comhoibriú lena dtíortha agus lena gcríocha comharsanachta ar an mbealach is éifeachtúla agus is simplí. Chuige sin, tugtar an deis le Rialachán Interreg cistí seachtracha agus CFRE araon a bhainistiú faoin tacar céanna rialacha. Dá réir sin, faoi shraith D, is féidir glaonna ar thograí a sheoladh le haghaidh cistiú comhcheangailte trí CFRE agus tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, arb é príomhionstraim AE é do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, an t-athrú aeráide, an daonlathas, an rialachas, cearta an duine, an tsíocháin agus an tslándáil i dtíortha comharsanachta an Aontais.

Bunaítear leis an rialachán freisin comhar lasmuigh den Aontas a chuireann forbairt inbhuanaithe agus dea-chaidreamh comharsanachta chun cinn idir Ballstáit an Aontais agus tíortha an Mhéadaithe agus tíortha Comharsanachta agus idir na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus a gcomharsana. Cumhdaíonn cláir AE um chomhar seachtrach an tAontas agus a thíortha comharsanachta agus cuireann siad le cuspóirí trí bheartas de chuid AE: an beartas comhtháthaithe, an beartas um méadú agus an beartas comharsanachta. Cumhdaítear leis an rialachán freisin comhar leis na Balcáin Thiar agus leis an Tuirc tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, leagtar síos ullmhúcháin do bhallraíocht an Aontais amach anseo agus tacaítear leis an bpróiseas aontachais. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin agus i gcomhréir le bearta sriantacha an Aontais, chuir an Coimisiún comhar leis an Rúis agus leis an mBealarúis ar fionraí faoi chláir um chomhar trasteorann na hIonstraime Eorpaí Comharsanachta agus chuir sé a rannpháirtíocht i gcláir Interreg NEXT2021-2027 ar fionraí.

Le linn chlárthréimhse2021-2027, tá tuairim is EUR8mbilliún (i bpraghsanna2018, is é sin i dtéarmaí luach an airgeadra in2018) á leithdháileadh ar CCE. Tá na hacmhainní sin leithdháilte mar a leanas:

  1. 72.2% (i.e. EUR5812790000 ar an iomlán) le haghaidh comhar trasteorann talún agus muirí;
  2. 18.2% (i.e. EUR1466000000 ar an iomlán) le haghaidh comhar trasnáisiúnta;
  3. 6.1% (i.e. EUR490000000 ar an iomlán) le haghaidh comhar idir-réigiúnach;
  4. 3.5% (i.e. EUR281210000 ar an iomlán) le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Ós rud é go dtagann Rialachán Interreg faoin ngnáthnós reachtach, bhí Parlaimint na hEorpa in ann comhchinneadh a dhéanamh ar comhchéim leis an gComhairle maidir lena inneachar. Agus caibidlíocht ar siúl aici ar an mbeartas comhtháthaithe do chlárthréimhse2021-2027, mhol Parlaimint na hEorpa go mbeadh buiséad níos mó ann do chláir CCE agus go mbeadh na rialacha agus na nósanna imeachta níos simplí. Chuir Parlaimint na hEorpa chun cinn, ar bhealach gníomhach, tacaíocht níos láidre do thionscadail bheaga agus do thionscadail duine le duine, chomh maith le béim níos mó ar shaincheisteanna aeráide agus sóisialta. Thug Parlaimint na hEorpa aird speisialta freisin ar na dúshláin shonracha a mbíonn ar na réigiúin is forimeallaí aghaidh a thabhairt orthu.

In2018, mhol an Coimisiún rialachán maidir le sásra trasteorann Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar chonstaicí dlí agus riaracháin i gcomhthéacsanna trasteorann. Mhol sé sásra deonach do theorainneacha talún comharsanacha AE chun tionscadail chomhpháirteacha a éascú trí lamháil do chur i bhfeidhm dlíthe ó Bhallstáit chomharsanachta nuair is gá. Cé gur ghlac an Pharlaimint an togra ón gCoimisiún, níor ghlac an Chomhairle é. Mar gheall ar ábhair imní a chuir na Ballstáit in iúl faoina chineál deonach, ualach riaracháin, aitheantas do shásraí atá ann cheana, agus impleachtaí an dlí bhunreachtúil, chinn an Chomhairle stop a chur lena cuid oibre ar an togra.

Don chéad 2bhliain eile ina dhiaidh sin, rinne an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach iarrachtaí ar chomhchruinnithe chun plé a dhéanamh leis an gComhairle nó chun an Coimisiún a spreagadh i dtaobh an togra a leasú. Ar deireadh, i mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint rún ina n-iarrtar ar an gCoimisiún togra leasaithe a thíolacadh chun cothromaíocht a bhaint amach idir an dá chomhreachtóir. I bhfianaise na dtreochtaí le déanaí i soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas agus an gá le dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha, shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, creideann an Pharlaimint gur cheart go ndéanfaidh an tAontas iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar chonstaicí trasteorann a threisiú. Iarrtar sa rún ar chreat comhordúcháin cuíchóirithe a bheith ann chun bacainní dlí agus riaracháin, dúbailt oibre agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a bhaint go héifeachtúil.

Ag leanúint as an rún ón bParlaimint, d’fhoilsigh an Coimisiún i mí na Nollag 2023. Leis an togra leasaithe, cuirtear san áireamh ábhair imní agus moltaí an dá chomhreachtóir, agus a fhócas bunaidh á choinneáil aige ar chonstaicí a mbíonn éifeacht acu ar phobail trasteorann a réiteach. Leis an togra, cuirtear nós imeachta nua, feabhsaithe agus simplithe chun cinn agus déantar foráil do shreabhadh oibre níos rianúla – i gcomhréir leis na moltaí a rinne an Pharlaimint sa rún uaithi. Faoin togra, i gcásanna ina dtagann constaicí chun cinn, agus nach mbíonn comhaontú um chomhar déthaobhach ná idirnáisiúnta ann, is féidir leis na Ballstáit an Uirlis um Éascú Trasteorann a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna riaracháin agus dlí i réigiúin trasteorann. Mar sin féin, bheadh freagracht fós ag na húdaráis náisiúnta as constaicí a réiteach.Leis an togra, cuirtear chun cinn freisin líonra de phointí comhordúcháin trasteorann a chruthú chun dea-chleachtais a mhalartú agus eolas a chomhroinnt.Anois déanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle an togra ón gCoimisiún a chaibidliú.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Fhorbairt Réigiúnach.

Kelly Schwarz